- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh G20, an Róimh, an Iodáil, 30-31 Deireadh Fómhair 2021
Na príomhthorthaí
Tháinig ceannairí G20 le chéile an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair 2021 le haghaidh cruinniú mullaigh dhá lá a rinne Uachtaránacht G20 na hIodáile a óstáil sa Róimh.
Is iad Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a rinne ionadaíocht don Aontas.
Ag deireadh an chruinnithe, ghlac ceannairí G20 Dearbhú Cheannairí G20.
Ag an gcruinniú mullaigh, chomhaontaigh ceannairí G20 an méid seo a leanas a dhéanamh:
- oibriú le gurb indéanta an sprioc maidir leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 céim i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha a bhaint amach
- dlús a chur lena gcuid gníomhaíochtaí chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda nó neodracht carbóin a bhaint amach faoi lár an chéid nó timpeall air
- an gealltanas a thug na tíortha forbartha i ndáil le maoiniú don aeráid a athdhearbhú - is é sin le rá $100 billiún a shlógadh go comhpháirteach in aghaidh na bliana, agus a sásamh a léiriú i leith gealltanais nua ó roinnt comhaltaí G20
- na rialacha nua i gcomhair córas cánach idirnáisiúnta atá níos cothroime agus níos cobhsaí a chur chun feidhme faoi 2023, íoscháin chorparáide dhomhanda 15% san áireamh
- iarrachtaí a chur chun cinn chun rochtain níos fearr agus níos tráthúla ar vacsaíní COVID-19 a chinntiú i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim
- Tascfhórsa Comhpháirteach Airgeadais-Sláinte G20 a bhunú chun maoiniú leordhóthanach a chinntiú maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí
An téarnamh eacnamaíoch
Thug na ceannairí dá n-aire go bhfuil téarnamh láidir tagtha ar an ngeilleagar domhanda in 2021, a bhuí le leathadh amach vacsaíní agus tacaíocht leanúnach beartais. Mar sin féin, tá an-éagsúlacht sa téarnamh ó thír go tír agus laistigh de thíortha aonair.
Mar gheall air sin, tá G20 meáite i gcónaí na huirlisí uile atá ar fáil a úsáid a fhad is gá chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí díobhálacha na paindéime, go háirithe orthu siúd is mó atá thíos leo, mar shampla mná, daoine óga agus oibrithe neamhfhoirmiúla agus oibrithe ar bheagán oiliúna, agus ar neamhionannas.
‘Leanfaimid den téarnamh a chothú, gan aon bhearta tacaíochta a tharraingt siar roimh am, agus cobhsaíocht airgeadais agus inbhuaine fhadtéarmach fhioscach á gcaomhnú ag an am céanna, agus tabharfaimid cosaint in aghaidh rioscaí ar an taobh thíos agus iarmhairtí diúltacha.’ Dearbhú cheannairí G20
Beidh G20 ar an airdeall i gcónaí freisin maidir le dúshláin eacnamaíocha dhomhanda amhail cur isteach ar shlabhraí soláthair.
COVID-19
Chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí vacsaínithe leanúnacha gheall ceannairí G20 go méadófaí go mór an soláthar vacsaíní, teiripice agus diagnóisice agus rochtain orthu, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais tíortha ísealioncaim agus meánioncaim.
Leis sin, ba cheart a bheith in ann dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na sprice 40% ar a laghad den daonra i ngach tír a vacsaíniú faoi dheireadh 2021 agus 70% faoi lár 2022, mar a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).
Chun dáileadh tapa cothrom vacsaíní a chinntiú ar fud an domhain, déanfar slabhraí soláthair a neartú, an acmhainneacht monaraíochta a leathnú agus a éagsúlú, glacadh vacsaíní agus muinín iontu a chur chun cinn, agus an bhréagaisnéis a chomhrac.
D’athdhearbhaigh ceannairí G20 a dtiomantas do Dhearbhú na Róimhe, a glacadh ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda Sláinte i mí na Bealtaine, mar ‘chompás le haghaidh gníomhaíocht chomhchoiteann’.
Cosc, ullmhacht agus freagairt (PPR) i ndáil le paindéimí
Ag díriú ar mhaoiniú leordhóthanach, inbhuanaithe a bheidh comhordaithe níos fearr a chur ar fáil do PPR paindéime, bhunaigh ceannairí G20 Tascfhórsa Comhpháirteach Airgeadais-Sláinte de chuid G20.
Faoi thús 2022, déanfaidh an tascfhórsa socruithe chun saoráid airgeadais a bhunú, a bheidh le comhordú ag EDS, chun feabhas a chur ar mhaoiniú domhanda do PPR paindéime.
Mhol airí sláinte agus airgeadais G20 an tascfhórsa a chruthú an oíche roimh an gcruinniú mullaigh.
10 ndreasacht agus sochar maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí (Grafaic faisnéise)
Thug na ceannairí dá n-aire freisin go bhféadfadh ionstraim nó comhaontú idirnáisiúnta i gcomhthéacs EDS a bheith i gceist le PPR paindéime a neartú.
Roimh an gcruinniú mullaigh, chuir an tUachtarán Michel béim ar na buntáistí a bhaineann le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí.
‘Beidh prionsabal an chonartha idirnáisiúnta ar phaindéimí, conradh a bheadh fréamhaithe i mbunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte, ina ábhar don Chomhthionól speisialta Domhanda Sláinte i mí na Samhna. Creidimid gurb é conradh den sórt sin an ionstraim is fearr a bheidh ann chun ullmhacht agus freagairt an domhain i ndáil le paindéimí a fheabhsú.’ Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
An aeráid agus fuinneamh
Gheall ceannairí G20 go n-oibreoidís i dteannta a chéile chun a chinntiú go n-éireoidh le Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26), ar cuireadh tús léi i nGlaschú na Ríochta Aontaithe, díreach tar éis chruinniú mullaigh G20.
D’athdhearbhaigh siad go bhfuil siad tiomanta do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus Comhaontú Pháras a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach.
Thug ceannairí G20 dá n-aire go mbeidh gá le gníomhaíocht agus tiomantas fóinteach éifeachtach ó gach tír le gurb indéanta an sprioc maidir leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 céim i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha a bhaint amach, agus cineálacha éagsúla cur chuige á gcur san áireamh.
Cuirfidh G20 dlús lena gcuid gníomhaíochtaí i réimsí an mhaolaithe, an oiriúnaithe agus an airgeadais, agus aithneofar go bhfuil sé thar a bheith ábhartha glanastaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda nó neodracht charbóin a bhaint amach faoi lár an chéid nó timpeall air.
Gheall na ceannairí freisin gníomhú a thuilleadh sna deich mbliana atá amach romhainn agus a ranníocaíochtaí arna gcinneadh go náisiúnta do 2030 a fhoirmliú, a chur chun feidhme, a nuashonrú agus, i gcás inar gá, a fheabhsú.
- Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide (eolas cúlra)
- Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26), Cruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda, Glaschú, an Ríocht Aontaithe, an 1 Samhain 2021
- Cruinniú mullaigh COP26 maidir leis an athrú aeráide: an fáth a bhfuil tábhacht ag baint leis (eolas cúlra)
Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta (Grafaic faisnéise)
Meabhraíodh do na ceannairí agus d’athdhearbhaigh siad an gealltanas maoinithe aeráide a thug na tíortha forbartha $100 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh go comhpháirteach faoi 2020 agus go dtí 2025, chun tacú le tíortha atá i mbéal forbartha ina n-iarrachtaí a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus drochthionchair an athraithe aeráide a mhaolú agus dul in oiriúint dóibh.
Ba dhíol sásaimh dóibh freisin na gealltanais nua a thug roinnt de chomhaltaí G20 maidir le gach méadú agus feabhas a chur ar a ranníocaíochtaí poiblí idirnáisiúnta foriomlána don troid i gcoinne an athraithe aeráide go 2025; tá siad ag tnúth le gealltanais nua ó thíortha eile freisin.
- Figiúr 2020 maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráid formheasta ag an gComhairle (preaseisiúint, an 29 Deireadh Fómhair 2021)
- Conclúidí ón gComhairle maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, an 5 Deireadh Fómhair 2021
- Aguisín a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide
D’athdhearbhaigh na ceannairí a dtiomantas ó 2009 deireadh a chur de réir a chéile agus réasúnú a dhéanamh, sa mheántéarma, ar fhóirdheontais neamhéifeachtúla do bhreoslaí iontaise lena spreagtar tomhaltas diomailteach.
Gheall siad deireadh a chur le maoiniú poiblí idirnáisiúnta do ghiniúint nua gan staonadh ó chumhacht guail thar lear faoi dheireadh 2021.
Leag ceannairí G20 béim ar a dtiomantas slándáil fuinnimh a choinneáil, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar an athrú aeráide, agus aistrithe córais fuinnimh a ráthú lena gcoinneofar an fuinneamh inacmhainne do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí.
Leag siad béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le sreafaí fuinnimh nach gcuirtear isteach orthu ó fhoinsí, ó sholáthróirí agus ó bhealaí éagsúla a choimeád, agus margaí idirnáisiúnta fuinnimh atá oscailte, iomaíoch agus saor a chur chun cinn.
An bhithéagsúlacht agus an comhshaol
Gheall ceannairí G20 gníomhaíochtaí a neartú chun stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta agus é a aisiompú faoi 2030.
Féachfaidh siad lena chinntiú go ndéanfar 30% ar a laghad den talamh dhomhanda agus 30% ar a laghad den aigéan agus de na farraigí domhanda a chaomhnú nó a chosaint faoi 2030, agus cabhróidh siad leis na comhaltaí dul chun cinn a dhéanamh chun an cuspóir sin a bhaint amach i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta.
D’áitigh na ceannairí ar thíortha eile teacht le chéile le G20 chun an sprioc mhianaidhme a bhaint amach, is é sin 1 trilliún crann a chur faoi 2030, le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí agus na sochaí sibhialta.
Forbairt inbhuanaithe
Chuir ceannairí G20 in iúl gur cúis mhór imní dóibh tionchar ghéarchéim COVID-19, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha. D’athdhearbhaigh siad a dtiomantas do fhreagairt dhomhanda chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun tacú le téarnamh inbhuanaithe, cuimsitheach agus athléimneach ar fud an domhain.
Gheall na ceannairí a gcuid gníomhaíochtaí a neartú chun Plean Gníomhaíochta G20 maidir le Clár Oibre 2030 agus Tacaíocht G20 do Fhreagairt ar, agus Téarnamh as, COVID-19 i dtíortha i mbéal forbartha. D’athdhearbhaigh siad a dtacaíocht leanúnach do thíortha na hAfraice trí réimse tionscnamh, amhail Comhshocrú G20 leis an Afraic.
- A ndúirt an tUachtarán Charles Michel ag Comhdháil Chomhshocrú G20 leis an Afraic (preaseisiúint, an 27 Lúnasa 2021)
- Suíomh gréasáin Chomhshocrú G20 leis an Afraic
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an leithdháileadh nua ginearálta de Chearta Tarraingthe Speisialta, a chuir coibhéis $650 billiún de chúlchistí breise ar fáil ar fud an domhain. Beidh G20 ag obair ar bhealaí chun a thionchar a mhéadú trí chuid de na Cearta Tarraingthe Speisialta leithdháilte a dhíriú go deonach ar chabhair a thabhairt do thíortha leochaileacha.
D’iarr ceannairí G20 ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta Iontaobhas Athléimneachta agus Inbhuaine a bhunú chun maoiniú fadtéarmach inacmhainne a chur ar fáil do thíortha ar bheagán ioncaim, mór-roinn na hAfraice san áireamh, do stáit oileánacha bheaga atá i mbéal forbartha agus do thíortha leochaileacha meánioncaim.
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an dul chun cinn a baineadh amach faoi Thionscnamh G20 chun Seirbhísiú Fiachais a chur ar Fionraí, a meastar go raibh sé in ann $12.7 billiún ar a laghad de sheirbhís fiachais iomlán a chur siar idir Bealtaine 2020 agus Nollaig 2021, rud a chuaigh chun tairbhe 50 tír.
Clár oibre an chruinnithe mullaigh
Eagraíodh an plé ag an gcruinniú mullaigh i dtrí phríomhsheisiún oibre agus in dhá imeacht ar an imeall ag na ceannairí.
Seisiúin oibre
- Seisiún I: ʻAn geilleagar domhanda agus an tsláinte dhomhandaʼ
- Seisiún II: ʻAn t-athrú aeráide agus an comhshaolʼ
- Seisiún III: ʻForbairt inbhuanaitheʼ
Imeachtaí ar an imeall ag na ceannairí
- ʻTacú le FBManna agus le gnólachtaí ar le mná iad chun teacht aniar ar bhealach níos fearrʼ
- ʻRól na hearnála príobháidí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráideʼ
Cruinnithe déthaobhacha a thionóil an tUachtarán Michel
Ar imeall an chruinnithe mullaigh, thionóil an tUachtarán Michel roinnt cruinnithe déthaobhacha le ceannairí eile de thíortha an domhain:
- Narendra Modi, Príomh-Aire na hIndia
- Lee Hsien Loong, Príomh-Aire Shingeapór
- Paul Kagame, Uachtarán Ruanda agus Cathaoirleach NEPAD
- Tedros Adhanom Ghebreyesus, Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte
- Alberto Fernández, Uachtarán na hAirgintíne
- Scott Morrison, Príomh-Aire na hAstráile
- Angela Merkel, Seansailéir na Gearmáine
- Joko Widodo, Príomh-Aire na hIndinéise
- Recep Tayyip Erdoğan, Uachtarán na Tuirce
Ghlac an tUachtarán Michel agus an tUachtarán von der Leyen páirt freisin i gcruinniú neamhfhoirmiúil de cheannairí an Aontais agus an Aontais Afracaigh a bhí i láthair ag an gcruinniú mullaigh, a bhí á óstáil ag Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron.
Cúlra
Maidir le hUachtaránacht G20 na hIodáile
Is iad ʻna daoine, an pláinéad, an rathúnasʼ na trí cholún a cuimsíodh i dtéama uileghabhálach Uachtaránacht na hIodáile. Léiríodh an téama sin sna trí sheisiún oibre ag cruinniú mullaigh na Róimhe.
Maidir leis an G20
Seo a leanas Comhaltaí G20: an Airgintín, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, an Fhrainc, an Ghearmáin, an India, an Indinéis, an Iodáil, an tSeapáin, Meicsiceo, Poblacht na Cóiré, an Rúis, an Araib Shádach, an Afraic Theas, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, agus an tAontas Eorpach.
Is aoi buan í an Spáinn. Thug Uachtaránacht G20 na hIodáile cuireadh do sheachtar ceannairí breise a bheith mar aíonna ag an gcruinniú mullaigh, lena n-áirítear Príomh-Aire na hÍsiltíre.
Cruinnithe mullaigh roimhe seo
Tionóladh cruinniú mullaigh deireanach G20, in 2020, trí fhíschomhdháil mar gheall ar phaindéim COVID-19.
Tionóladh cruinniú mullaigh fisiciúil deireanach G20 in Osaka, an tSeapáin, in 2019.
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025