Skip to content

Míniú ar an ionstraim bhuiséadach le haghaidh an limistéir euro

Cad é atá i gceist leis an ionstraim bhuiséadach chóineasaithe agus iomaíochais (BICC)?

Is uirlis bhuiséadach é BICC atá tiomnaithe don limistéar euro. Maoineoidh sé pacáistí d'athchóirithe struchtúracha agus d'infheistíochtaí poiblí chun fás ionchasach gheilleagair an limistéir euro agus athléimneacht an airgeadra aonair i gcoinne suaití eacnamaíocha a neartú.

Cé go bhfuil sé fréamhaithe i mbuiséad an Aontais, tá BICC difriúil ó na hionstraimí Aontais atá ann cheana ar go leor bealaí. Cuireann an Cruinniú Mullaigh Euro agus an Grúpa Euro treoir straitéiseach ar fáil do BICC gach bliain, ach is faoin gCoimisiún atá sé an ionstraim a bhainistiú.

D'éirigh na hargóintí ar son ionstraim atá dírithe ar an limistéar euro níos práinní fós tar éis na géarchéime, bunaithe ar na héagsúlachtaí atá ag teacht chun cinn idir comhaltaí an limistéir euro. Ní raibh uirlisí ag an limistéar euro chun iomaíochas agus cóineasú a chothú i measc a chomhaltaí ná chun comhordú eacnamaíoch a neartú. Agus í calabraithe mar is ceart, is féidir leis an ionstraim seo a bheith ina spreagadh don fhás cuimsitheach inbhuanaithe.

Beidh na Ballstáit sin nach bhfuil sa limistéar euro ach atá rannpháirteach i Sásra Rátaí Malairte II in ann a bheith rannpháirteach, ar bhonn deonach.

Cathain a thosóidh sé?

Meastar go mbeidh sé ag feidhmiú in éineacht le buiséad an Aontais do 2021-2027 (ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil freisin), ar cheart dó teacht i bhfeidhm in 2021.

Cé mhéad airgid a bheidh ar fáil?

Bainfidh BICC leas as buiséad an Aontais. Níl aon chinneadh déanta go fóill maidir leis an méid airgid a bheidh ar fáil do BICC. Déanfaidh na ceannairí é sin i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir le buiséad an Aontais.

Chun méid BICC a shocrú sa chaibidlíocht maidir le buiséad an Aontais do 2021-27, tá sé beartaithe ag Uachtaránacht na Fionlainne ar Chomhairle an Aontais – atá chun tosaigh sa chaibidlíocht sin agus ar iarr na ceannairí stáit uirthi "Bosca Caibidlíochta" mar a thugtar air a chur i láthair – sciar an limistéir euro de líne bhuiséid shonrach a chur san áireamh sa togra ón gCoimisiún maidir le pacáiste buiséadach an Aontais do 2021-27. Is ionann an líne buiséid sin agus an an Uirlis Athchóiriúcháin, a ceapadh i dtús báire chun tacú le tionscnaimh athchóirithe i dtíortha uile an Aontais. Ina thogra, shann an Coimisiún €25 bhilliún, agus as sin dháilfí thart ar €17 mbilliún ar 19 dtír i limistéar an euro. Is méideanna táscacha amháin atá sna méideanna sin faoi láthair.

Cé a bhainisteoidh an ionstraim? Cad é ról an Ghrúpa Euro?

Cuirfidh tíortha limistéar an euro treoir straitéiseach ar fáil don ionstraim, agus déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar a cur chun feidhme agus cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do na Ballstáit.

Leagfaidh rialtais an limistéir euro amach na tosaíochtaí infheistíochta agus athchóirithe don limistéar euro ina iomláine, agus beidh na tosaíochtaí sin mar bhonn do mheasúnú na dtionscadal a chuirfidh gach tír ar aghaidh.

Conas a nascann seo leis an Seimeastar Eorpach?

Beidh próiseas roghnúcháin na dtionscadal athchóirithe agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó IBCC bunaithe ar amlíne an tSeimeastair Eorpaigh.

Ag an gcéad chéim den phróiseas, pléifidh comhaltaí an limistéir euro tosaíochtaí athchóirithe agus infheistíochta. Ansin, leagfar amach moltaí neartaithe maidir leis an limistéar euro, a bheidh ina ndlúthchuid den Seimeastar.

Cuirfidh na Ballstáit tograí isteach ina dhiaidh sin, ar cheart dóibh – i bprionsabal – a bheith ina bpacáistí athchóirithe agus infheistíochta a bheidh nasctha leis na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú. Cuirfidh an Coimisiún moltaí tírshonracha reatha san áireamh agus tionscadail á measúnú aige.

Áireofar sna tograí ó na Ballstáit, ní hamháin costais mheasta na n-infheistíochtaí agus, i gcás inarb iomchuí, costais mheasta athchóirithe struchtúracha, mar aon leis an réasúnú a bhainfidh leis costais mheasta sin, ach an amlíne don chur chun feidhme freisin, ina léireofar na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha.

Cén ról a bheidh ag parlaimintí náisiúnta maidir le BICC?

Beidh an ionstraim bhuiséadach mar chuid de bhuiséad an Aontais, rud a chiallaíonn go mbeidh ról tábhachtach ag Parlaimint na hEorpa agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ann freisin.

Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as an mbuiséad a chur chun feidhme. Beidh úsáid na gcistí faoi réir ghrinnscrúdú ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus urscaoileadh ó Pharlaimint na hEorpa.

Ag an am céanna, beidh deis ag parlaimintí náisiúnta a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na tograí tíre do thionscadail incháilithe.

Cad é an réasúnaíocht laistiar den smaoineamh go mbeadh buiséad ann don limistéar euro?

Is fada an easpa colúin fhioscaigh ina hábhar plé idir lucht ceaptha beartas agus eacnamaithe – colún a d'fhéadfaí a úsáid chun beartas aonair airgeadaíochta a chur i bhfeidhm – agus an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta á chur ar bun.

Sa leagan amach reatha, ní inniúlacht roinnte é an beartas fioscach, ach is iad na húdaráis náisiúnta a chinneann é, agus ní mór dóibh, mar sin féin, rialacha fioscacha a comhaontaíodh go comhchoiteann a urramú.

Bunaítear le BICC uirlis bhuiséadach nua atá tiomnaithe don limistéar euro. Trí chóineasú agus iomaíochas a chur chun cinn, tá sé i gceist leis an ionstraim seo geilleagair an limistéir euro a thabhairt níos gaire dá chéile. Ba cheart go méadódh sé sin éifeachtacht an bheartais airgeadaíochta agus, ar an dóigh sin, go n-éascódh sé an imní faoin ngá a bheadh le buanaistrithe fioscacha.

Conas a dhéanfaidh na tíortha maoiniú ar an ionstraim seo?

Bainfidh an ionstraim leas as buiséad an Aontais. Maoinítear é sin le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, atá coibhéiseach, tríd is tríd, le méid a ngeilleagar faoi seach.

Cuirfear clásal isteach sa rialachán lena bhféadfaidh comhaltaí atá rannpháirteach an ionstraim a mhaoiniú le ranníocaíochtaí náisiúnta thar na hacmhainní cistí dílse, mar a thugtar orthu, atá ag buiséad an Aontais. Chuige sin, bheadh gá le comhaontú idir-rialtasach a thabhairt i gcrích.

Tá obair theicniúil fós á déanamh ar an tsaincheist seo agus glacfar cinneadh críochnaitheach i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir le buiséad an Aontais.

An ndéanfar BICC a íoc amach trí dheontais nó iasachtaí, nó tríd an dá rud?

Is i bhfoirm deontas a thabharfar an tacaíocht – is é sin le rá, ranníocaíochtaí díreacha airgeadais. Is leis an meastachán costais, faoi chuimsiú imchlúdach gach Ballstáit ar bhonn eochair leithdháilte, a chinnfear méid na tacaíochta a gheobhaidh Ballstát do thionscadal ar leith.

Cad é an difríocht idir BICC agus cistí struchtúracha eile?

Seasann BICC amach ó ionstraimí buiséadacha eile de chuid an Aontais, go háirithe ó na cistí struchtúracha, trína rialachas sonrach agus trína sholúbthacht maidir le leithdháileadh agus úsáid cistí.

Is é is aidhm don ionstraim aghaidh a thabhairt ar dhúshláin athraitheacha chomhaltaí an limistéir euro. Chuige sin, déanfaidh comhaltaí an limistéir euro cinneadh comhpháirteach, ar bhonn bliantúil, maidir leis an gcaoi ar cheart an t-airgead a úsáid, rud a ligfidh dóibh stiúradh éifeachtach eacnamaíoch a dhéanamh.

Chun an próiseas sin a neartú, ceadóidh an ionstraim méid áirithe solúbthachta chun na cistí a leithdháileadh idir thíortha, i gcomhréir lena dtosaíochtaí.

Tá sé sin ar fad i gcodarsnacht le buiséad ilbhliantúil an Aontais, a ndéantar sciar mór dá iomlán a leithdháileadh roimh ré.

An mbeidh ar thíortha cómhaoiniú a dhéanamh?

Tá sé d'oibleagáid ar na Ballstáit ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh. Faoi ghnáthchúinsí, clúdóidh na rialtais náisiúnta 25% de chostas na dtionscadal incháilithe. I gcás dianchúinsí eacnamaíocha mar atá sainithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, laghdófar an ráta cómhaoinithe ina leath.

An bhfuil feidhm chobhsaíochta in BICC?

Tá BICC dírithe ar chóineasú agus ar iomaíochas. Nuair a bhíonn géarchéim ann, bíonn acmhainní gann agus is minic a bhíonn an infheistíocht thíos leis. Chun na leibhéil infheistíochta a chosaint, laghdófar rátaí cómhaoinithe náisiúnta i gcás dianchúinsí eacnamaíocha. Cuideoidh sé sin le tacú leis an ngeilleagar.

Rinneadh plé ar an leibhéal teicniúil maidir le hionstraim chobhsaíochta, amhail comhchóras athárachais dífhostaíochta nó ciste cúltaca éigeandála. Ach níl aon chomhdhearcadh ann ina leith go fóill.

Conas a dháilfear airgead BICC?

Bainfidh tíortha uile an limistéir euro tairbhe as BICC.

Is de réir dhá chritéar a leithdháilfear 80% ar a laghad den chiste de réir tíre, eadhon an olltáirgeacht intíre inbhéartaithe (OTI) per capita agus an daonra faoi seach. Ní bhfaighidh aon tír níos lú ná 70% dá sciar féin, rud a chiallaíonn go bhfaighidh gach tír seacht euro as deich euro ar a laghad dá ranníocaíocht leis an gciste sin.

Bainfear úsáid sholúbtha as an gcuid eile den chiste – suas le 20% de BICC – chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith trí thacú le pacáistí an-uaillmhianacha athchóirithe agus infheistíochtaí.

An bhfuil coinníollacht ag gabháil leis na cistí BICC sin?

Níl aon choinníollacht bheartais ann a bhaineann go sonrach le BICC. Beidh feidhm ag na coinníollacha beartais a chuireann srian ar rochtain ar chistí buiséid an Aontais leis an BICC freisin.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh rochtain ar mhaoiniú ag brath ar an gcoinníollacht mhaicreacnamaíoch is infheidhme a leagtar síos faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus maidir le comhlíonadh na rialacha cothrománacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais (e.g. an Rialachán Airgeadais).

Ina theannta sin, is gá do na Ballstáit na gealltanais a bhaineann le cur chun feidhme na bpacáistí atá beartaithe d'athchóirithe struchtúracha agus d'infheistíochtaí a chomhlíonadh.

Cé a chinn BICC a bhunú? Agus cathain?

Nuair a tháinig an euro tríd an ngéarchéim airgeadais, thángthas ar chomhdhearcadh maidir leis an ngá atá ann céimeanna breise a ghlacadh chun go mbeidh sé níos athléimní agus chun geilleagair a sciath a thuilleadh i gcoinne suaití eacnamaíocha.

I bhfianaise an mhéid sin, i mí na Nollaig 2017, d'iarr na ceannairí ar na hairí an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a fhorbairt agus cúlstop do réiteach bainc a bhunú agus an t-aontas baincéireachta a thabhairt i gcrích.

Faoi chathaoirleacht Mário Centeno, bhí plé tosaigh ag an nGrúpa Euro (i bhformáid chuimsitheach) sa chéad seimeastar de 2018 maidir le buiséad don limistéar euro, ar bhonn ionchur ón bhFrainc agus ón nGearmáin.

Ar bhonn an an mhéid sin, scríobh Mário Centeno chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk le liosta cuimsitheach de na míreanna oscailte uile a tháinig chun cinn le linn an phlé agus a d'fhéadfadh a bheith mar chuid de liosta na n-athchóirithe sa limistéar euro. I mí an Mheithimh 2018, d'iarr ceannairí an Aontais ar an nGrúpa Euro obair a dhéanamh ar na míreanna uile.

Faoi mhí na Nollag, bhí scríofa ag Uachtarán an Ghrúpa Euro chuig an Uachtarán Tusk agus dúirt sé go raibh na hairí réidh le hobair a dhéanamh maidir le "dearadh, cur chun feidhme agus uainiú ionstraime buiséadaí maidir le cóineasú agus iomaíochas".

Mar fhreagairt air sin, d'iarr na ceannairí ar an nGrúpa Euro príomhghnéithe BICC a shainiú, gnéithe a thíolaic agus a dhearbhaigh ceannairí an Aontais arís i mí an Mheithimh 2019.