Skip to content

Comhlacht Eitice an Aontais

Comhlacht neamhspleách a leagann síos na caighdeáin eiticiúla chomhchoiteanna agus a mhéadaíonn an trédhearcacht ar fud institiúidí an Aontais.

Cén fáth a bhfuil comhlacht eitice de dhíth?

caighdeáin láidre eiticiúla agus trédhearcachta fíor-riachtanach chun an dea-rialachas a choinneáil agus chun rannchuidiú le cosc a chur ar an éilliú agus cur isteach míchuí ar an bpróiseas daonlathach.

Chomh maith leis sin, cuirtear leo bonn taca faoi chonarthaí bunaidh an Aontais, conarthaí ina sainítear cumhachtaí, freagrachtaí agus nósanna imeachta institiúidí an Aontais. Mar thoradh, i bpáirt, ar róil agus sainorduithe éagsúla na n-institiúidí, tá a rialacha nós imeachta nó a gcóid iompair féin ag a bhformhór, rud a fhágann go bhfuil a creat eitice féin ag gach institiúid.

Is comhlacht neamhspleách é comhlacht eitice an Aontais, a bunaíodh an 15 Bealtaine 2024, lena dtugtar isteach an méid seo a leanas:

  • caighdeáin eiticiúla chomhchoiteanna d’institiúidí an Aontais
  • sásra trínar féidir leis na hinstitiúidí plé ar ábhair eiticiúla a chomhordú agus a mhalartú

Cuideoidh sé sin le sláine na n-institiúidí poiblí agus na bpróiseas daonlathach, agus muinín na saoránach iontu, a chothú, agus borradh a chur faoin gcomhar idir na hinstitiúidí.

Raon feidhme

Beidh na hinstitiúidí faoi réir caighdeán comhcoiteann i roinnt cásanna, ina measc:

  • glacadh le bronntanais, dámhachtainí, fáilteachas agus deiseanna taistil a chuireann tríú páirtithe ar fáil
  • bearta coinníollachta agus trédhearcachta, go háirithe le haghaidh cruinnithe le hionadaithe leasa
  • dearbhuithe leasanna agus sócmhainní
  • gníomhaíochtaí coimhdeacha nó seachtracha
  • gníomhaíochtaí iarchomhaltaí ag deireadh a sainordaithe

Tá institiúidí uile an Aontais freagrach as na caighdeáin sin a chur chun feidhme agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus ar obair leantach, lena gcuirtear san áireamh maidir le cásanna ciaptha agus smachtbhannaí féideartha, i gcás ina mbeadh sáruithe ar na rialacha i gceist. Is faoi na hinstitiúidí atá sé freisin an pobal a chur ar an eolas faoin mbealach a gcuirfidh siad na caighdeáin i bhfeidhm.

Níl tionchar ag raon feidhme an chomhlachta eitice ar chumhachtaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) ná ar chumhachtaí an Ombudsman Eorpaigh.

Cé a chumhdaítear leis?

Is comhlacht neamhspleách é an comhlacht eitice atá i gcoiteann ag institiúidí an Aontais agus a chomhaltaí, is iad sin na ceapaithe polaitiúla sna hinstitiúidí.

Institiúidí rannpháirteacha

Is iad seo a leanas na hinstitiúidí rannpháirteacha, dá ngairtear ‘na páirtithe’ freisin:

  • Parlaimint na hEorpa
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • an Coimisiún Eorpach
  • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – mar bhreathnóir
  • an Banc Ceannais Eorpach
  • Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
  • Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
  • Coiste Eorpach na Réigiún

An 7 Nollaig 2024, d’fhógair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, go n-iarrfaidh sé ar an gComhairle Eorpach a bheith rannpháirteach sa chomhlacht agus go ndeanfaidh iar-Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy, ionadaíocht uirthi ann.

Arna iarraidh sin, is féidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheith rannpháirteach sa chomhlacht freisin, agus is féidir le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais cinneadh a dhéanamh caighdeáin eiticiúla an chomhlachta a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach ag céim níos déanaí.

Comhaltaí na bpáirtithe

Is iad comhaltaí na bpáirtithe a chumhdaítear faoi chomhlacht eitice an Aontais ceapaithe polaitiúla institiúidí an Aontais. Is iad seo a leanas iad:

  • feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEanna)
  • Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ina fheidhm mar Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha san áireamh
  • comhaltaí den Choimisiún Eorpach
  • comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh chomh maith le comhaltaí den Chomhairle Rialaithe agus den Bhord Maoirseachta
  • comhaltaí de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
  • comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le feidhmiú a sainordaithe de chuid an Aontais Eorpaigh
  • comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste Eorpach na Réigiún, ach amháin maidir le feidhmiú a sainordaithe áitiúil nó réigiúnaigh

Le linn uachtaránacht na Comhairle a bheith acu, nó le linn na 6 mhí roimhe agus ina diaidh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh eolas a chur ar fáil go poiblí do chomhaltaí a rialtais maidir lena rialacha, a gcaighdeáin nó a gcleachtais náisiúnta maidir le hiompar eiticiúil, ar eolas é atá ábhartha maidir le feidhmiú a róil in uachtaránacht na Comhairle.

Cúraimí

Beidh trí phríomhchúram ar an gcomhlacht eitice:

  1. íoschaighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt trí chomhthoil, caighdeáin is infheidhme maidir leis na páirtithe uile agus a gcomhaltaí
  2. seisiúin tuairimíochta a reáchtáil maidir le rialacha inmheánacha a ailíniú le caighdeáin chomhchoiteanna
  3. comhar a chur chun cinn maidir le saincheisteanna a bhaineann le hiompar a chomhaltaí

Má théitear i gcomhairle leo, is féidir leis na saineolaithe neamhspleácha a chuidíonn leis an gcomhlacht eitice tuairimí rúnda a thabhairt maidir le comhlíonadh na ndearbhuithe leasanna i gcomhréir leis na híoschaighdeáin chomhchoiteanna.

An Rialachas

Beidh an comhlacht eitice comhdhéanta de chomhaltaí ó na hinstitiúidí rannpháirteacha: ionadaí ainmnithe amháin agus ionadaí malartach amháin, ar feadh 5 bliana ar a mhéad. Déanfaidh gach comhalta cathaoirleacht air ar bhonn uainíochta ar feadh téarma bliana.

Gheobhaidh sé cúnamh ó chúigear saineolaithe neamhspleácha, agus ó chomhrúnaíocht ina mbeidh oifigigh ó gach institiúid rannpháirteach.

Ba cheart a chinntiú le comhdhéanamh an chomhlachta go mbeidh cothromaíocht inscne agus éagsúlacht gheografach i measc a chomhaltaí.

Rochtain ar eolas

Beidh gach eolas a bhaineann leis an gcomhlacht eitice ar fáil ar a shuíomh gréasáin.

Ina measc:

  • comhdhéanamh an chomhlachta eitice
  • féilirí agus cláir oibre cruinnithe
  • forbairtí agus nuashonruithe ar na chaighdeáin eiticiúla chomhcoiteanna
  • na rialacha uile is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí rannpháirteacha uile a chumhdaítear leis na caighdeáin
  • tuarascálacha bliantúla an chomhlachta eitice
  • féinmheasúnuithe na n-institiúidí rannpháirteacha

An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025