Skip to content

An Gheobhlocáil: an r-thráchtáil a scaoileadh saor san Aontas Eorpach

Is éard is geobhlocáil ann cleachtas idirdhealaitheach lena gcuirtear cosc ar chustaiméirí ar líne rochtain a fháil ar tháirgí nó ar sheirbhísí nó táirgí nó seirbhísí a cheannach ó shuíomh gréasáin atá bunaithe i mBallstát eile. Chun deireadh a chur leis an mbac sin, tá an Chomhairle ag obair le Parlaimint na hEorpa ar rialachán maidir le geobhlocáil.

Ghlac an Chomhairle rialachán inniu, maidir le geobhlocáil nach bhfuil údar léi a thoirmeasc sa mhargadh inmheánach.

"Ar an ábhar deireadh a bheith tagtha leis an ngeobhlocáil fágtar rogha níos leithne agus dá réir margaí níos fearr do thomhaltóirí agus deiseanna níos fearr do ghnólachtaí", a deir Lilyana Pavlova, Aire d'Uachtaránacht na Bulgáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Cuirfidh an Rialachán deireadh leis an idirdhealú a dhéantar bunaithe ar:

  • náisiúntacht custaiméirí
  • áit chónaithe
  • áit bhunaíochta

Is tábhachtach an chuid é an toirmeasc ar gheobhlocáil den straitéis maidir le margadh aonair digiteach .

Nuair a chuirfear i bhfeidhm é, beifear in ann an rialachán maidir le geobhlocáil a chur san áireamh leis an méid ríshuntasach eile a baineadh amach, mar shampla, gur cuireadh deireadh le táillí fánaíochta d'fhóin phóca agus gur tugadh isteach inaistritheacht trasteorann maidir le síntiúis ar líne.

The ban on geo-blocking is an important element of the digital single market
Geo-blocking in the EU (Grafaic faisnéise)

Geo-blocking in the EU (Grafaic faisnéise)

Cén fáth a bhfuil sé uainn?

Faoi láthair, ní cheannaíonn ach 15% de na hEorpaigh táirgí ó shiopaí ar líne atá lonnaithe i dtír eile de chuid an Aontais. Ar cheann de na príomhchúiseanna leis sin, go díreach, atá cleachtas na geobhlocála.

Leis an rialachán maidir le geobhlocáil, cuirfear na bacainní sin as an tslí agus scaoilfear saor r-thráchtáil chun tairbhe na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí araon.

Anuas air sin, déanfar cosc a chur ar idirdhealú ar chustaiméirí agus ar chuideachtaí maidir le rochtain a fháil ar phraghsanna, ar dhíolacháin nó ar choinníollacha íocaíochta nuair atá táirgí agus seirbhísí á gceannach acu i dtír eile de chuid an Aontais.

"Nuair a bheidh deireadh le geobhlocáil éagórach, tiocfaidh méadú suntasach ar an rogha atá ar fáil do shaoránaigh agus iad ag siopadóireacht ar líne, agus cuirfear borradh faoin earnáil r-thráchtála dá réir. Beidh ar chumas tomhaltóirí an margadh is fearr a chuardach laistigh den mhargadh inmheánach. Kadri Simson, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Bonneagair na hEastóine

Na mionsonraí

Rochtain chomhionann ar earraí agus ar sheirbhísí

Faoi na rialacha nua, ní bheidh trádálaithe in ann idirdhealú a dhéanamh idir custaiméirí ó thaobh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ginearálta de - praghsanna san áireamh - i dtrí chás:

  • i gcás earraí a sheachadtar i mBallstát dá dtairgeann an trádálaí seirbhís seachadta nó atá le bailiú ag áit a comhaontaíodh leis an gcustaiméir
  • i gcás seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach amhail néalríomhaireacht, ollstóráil sonraí agus óstáil
  • i gcás seirbhísí amhail cóiríocht óstáin agus carrchíos, ar seirbhísí iad a fhaigheann an custaiméir sa tír ina bhfeidhmíonn an trádálaí

Idirbhearta íocaíochta

Beidh cosc ar idirdhealú gan údar a dhéanamh in aghaidh custaiméirí i ndáil le modhanna íocaíochta.

Mar sin, ní bheidh cead ag trádálaithe coinníollacha éagsúla íocaíochta a chur i bhfeidhm do chustaiméirí ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, le háit chónaithe nó le háit ghnó.

Rochtain ar shuíomh gréasáin r-thráchtála

Ní bheidh cead ag trádálaithe rochtain ar a gcomhéadan ar líne a chosc nó a theorannú do chustaiméirí ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht nó le háit chónaithe.

Beidh míniú soiléir ag teastáil má chuireann trádálaí bac ar rochtain nó má chuirtear teorainn léi nó má atreoraítear custaiméirí chuig leagan éagsúil den chomhéadan ar líne.

Díolacháin éighníomhacha

Is é is gnáiche go mbeidh tosaíocht ag an rialachán nua i gcás coinbhleachta le dlí na hiomaíochta. Mar sin féin, ní bheidh tionchar aige sin ar cheart na soláthraithe srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha.

Déantar idirdhealú i ndlí iomaíochta an Aontais idir díolacháin éighníomhacha (nuair a dhéantar díolacháin mar fhreagra ar orduithe nár iarradh) agus díolacháin ghníomhacha (nuair a dhíríonn miondíoltóirí go gníomhach ar chustaiméirí).

Meastar go ginearálta gur sárú ar dhlí na hiomaíochta é srianta a chur ar dhíolacháin éighníomhacha agus gur gnáthchleachtas ag eascairt as saoirse tráchtála é srianta a chur ar dhíolacháin ghníomhacha.

Eisceachtaí

Déanfar seirbhísí atá nasctha le hábhar atá faoi chosaint cóipchirt nó saothair i bhfoirm dholáimhsithe - amhail seirbhísí sruthaithe ceoil agus ríomhleabhair - a eisiamh ó raon feidhme an rialacháin. Ach beidh sin faoi réir athbhreithniú ag an gCoimisiún Eorpach.

Déantar seirbhísí eile a eisiamh freisin, amhail seirbhísí airgeadais, closamhairc, iompair, agus seirbhísí cúraim sláinte agus seirbhísí sóisialta.

Murab ionann agus idirdhealú praghais, ní chuirfear toirmeasc ar dhifreáil praghais. Mar sin, is féidir le trádálaithe coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana a thairiscint, praghsanna san áireamh, agus díriú ar ghrúpaí áirithe custaiméirí i gcríocha sonracha.

Ina theannta sin, ní chuirfear iallach ar thrádálaithe earraí a sheachadadh do chustaiméirí lasmuigh den Bhallstát dá dtairgeann siad seachadadh cheana.

An cuspóir: fíormhargadh aonair

Cúlra

I mí na Bealtaine 2016, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra maidir le geobhlocáil. Tíolacadh an togra i dteannta le tograí reachtacha forlíontacha maidir le seirbhísí beartseachadta teorann agus athbhreithniú ar rialachán maidir le comhar i gcosaint na dtomhaltóirí. Ba é cuspóir na dtograí sin dul i dtreo comhtháthú fíormhargaidh aonair.

Ar an 22-23 Meitheamh 2017, d'iarr an Chomhairle Eorpach go gcuirfí an straitéis maidir le margadh aonair digiteach, 'gona ghnéithe go léir', chun feidhme. Dúirt ceannairí an Aontais go gcuirfeadh an cur chun feidhme seo ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna a thapú a eascraíonn ón 'gceathrú réabhlóid thionsclaíoch’.

Teacht i bhfeidhm

Ag teacht ón gcomhaontú deiridh i mí na Samhna 2017, ghlac an Chomhairle leis an Rialachán maidir leis an ngeobhlocáil i mí Feabhra 2018. Foilseofar an Rialachán in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé infheidhme naoi mí tar éis foilseacháin.

Clásal athbhreithnithe

Déanfaidh an Coimisiún an chéad mheastóireacht ar thionchar na rialacha nua ar an margadh inmheánach dhá bhliain tar éis a dteacht i bhfeidhm.

Áireofar leis an meastóireacht sin ar cheart na rialacha nua a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí áirithe arna soláthar go leictreonach trína dtairgtear ábhair atá faoi chosaint chóipchirt, amhail ceol in-íoslódála, ríomhleabhair, bogearraí agus cluichí ar líne.