Skip to content

Ceadú agus faireachas margaidh le haghaidh gluaisteán

Tá an córas á nuachóiriú ag an Aontas Eorpach, ar córas é lena ndéantar dul isteach sa mhargadh a fhormheas agus lena ndéantar faireachán ar fheidhmíocht gluaisteán atá in úsáid ar fud an Aontais. I bhfianaise na neamhrialtachtaí móra a bhí ann - maidir le hábhair amhail astaíochtaí ó ghluaisteáin - tá an tAontas ag féachaint le feabhas a chur ar na tástálacha rialúcháin agus teicneolaíochtaí nua a ghlacadh.

Leis na hathruithe atá beartaithe, déanfar an méid seo a leanas a neartú:

  • cáilíocht na tástála - trí fheabhas a chur ar na seirbhísí teicniúla a bhaineann leis an bpróiseas chun rochtain ar an margadh a thabhairt do charranna
  • faireachas margaidh - trí chead a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach spotseiceálacha a dhéanamh ar fheithiclí atá ar an margadh cheana féin chun teipeanna a bhrath go luath
  • rialachas ar an gcóras cineálcheadaithe - trí fhóram a chruthú le haghaidh ionadaithe ó na húdaráis ábhartha náisiúnta a dhéanfaidh faisnéis maidir le forfheidhmiú a mhalartú

Cén fáth a bhfuil gá leis?

Le deich mbliana anuas ó glacadh an treoir maidir le cineálcheadú, bhí dhá chás ar a laghad ann, a raibh cúis ann cúrsaí a fheabhsú.

Ar an gcéad dul síos, baineadh de thátal as measúnú a rinne an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2013 gur ghá bearta a thabhairt isteach amhail forálacha comhlánaithe faireachais margaidh, soiléiriú a thabhairt ar an nós imeachta cosanta agus ar an nós imeachta aistarraingthe agus forfheidhmiú an chreata cineálcheadaithe.

Ar an dara dul síos, thug an méid a tháinig chun solais sa bhliain 2015 le fios go raibh monaróirí gluaisteán áirithe ann a bhain úsáid as 'gairis sháraithe' neamhdhleathacha, ar gairis iad a bhraith nuair a bhí feithiclí á dtástáil agus a rinne astaíochtaí a laghdú d'fhonn an mheastóireacht a chur amú. Fuarthas amach freisin de bharr na mbogearraí sin gur tháinig méadú ar na hastaíochtaí a bhí i bhfad níos mó ná na teorainneacha astaíochta dlíthiúla le linn tiomáint rialta sa chaoi go ndearnadh breosla a shábháil.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an athbhreithniú atá beartaithe ós rud é gur féidir cáithníní tocsaineacha as truailliú gluaisteáin a bheith ina gcúis le galar croí agus le galar scamhóg agus le bás a fháil go hóg. Leis na tástálacha feabhsaithe ar ghluaisteáin d’fhéadfaidís an baol sin a laghdú trí thástáil a dhéanamh ar ghluaisteáin faoi fhíordhálaí tiomána in áit saotharlanna.

Na mionsonraí

Líon íosta rialuithe gluaisteáin

Leis na hoibleagáidí nua um fhaireachas margaidh cheanglófaí ar gach tír líon íosta seiceálacha a dhéanamh ar fheithiclí gach bliain. Is éard a bheidh i gceist leis an líon íosta seiceálacha sin seiceáil amháin i gcás gach 40000 mótarfheithicil nua a cláraíodh sa tír i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

Do na tíortha sin le líon íseal clárúchán gluaisteáin beidh 5 cinn ar a laghad de thástálacha le déanamh.

Beidh ar 20% de na tástálacha sin, ar a laghad, a bheith bainteach le hastaíochtaí, le fíorú ar astaíochtaí faoi fhíordhálaí tiomána.

Aimsiú níos géire

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Eorpach measúnuithe a dhéanamh ar na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm ag na húdaráis a bhfuil cineálcheadaithe de chuid an Aontais deonaithe acu laistigh de na cúig bliana roimh an measúnú. Dréachtóidh sé achoimre ar na torthaí agus cuirfidh sé sin ar fáil don phobal.

Ina theannta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún tástálacha agus iniúchtaí a dhéanamh ar fheithiclí chun comhlíonadh a fhíorú agus chun freagairt láithreach do neamhrialtachtaí. Cuirfidh sin le neamhspleáchas agus cáilíocht chóras cineálcheadaithe an Aontais.

Anuas air sin, beidh an Coimisiún in ann fíneálacha riaracháin suas le EUR 30 000 in aghaidh na feithicle a ghearradh ar mhonaróirí agus ar allmhaireoirí.

Sa Chomhairle

Ar an 28 Samhain 2018, d'fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais margadh le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua atá dírithe ar aistriú réidh a áirithiú le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i bhfianaise Brexit.

Ar an 22 Bealtaine 2018, ghlac an Chomhairle an rialachán chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras cineálcheadaithe agus faireachais margaidh le haghaidh mótarfheithiclí san Aontas.

Leis an mór-athchóiriú sin, déanfar an córas reatha a nuachóiriú agus feabhsófar na tástálacha rialúcháin ar astaíochtaí ó ghluaisteáin.

Ar an 20 Nollaig 2017, dhearbhaigh ambasadóirí an Aontais comhaontú ar thángthas air roimhe sin idir uachtaránacht na hEastóine ar an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an athchóiriú ar an gcóras cineálcheadaithe ar ghluaisteáin.

Foilseofar an rialachán in Iris Oifigiúil an Aontais, ach a ndéanfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint é a fhormheas go foirmiúil, sna míonna amach romhainn.

Beidh sin infheidhme ón 1 Meán Fómhair 2020 ar aghaidh.

Ar an 7 Nollaig 2017, tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an rialachán lena ndírítear ar athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras reatha cineálcheadaithe agus faireachais margaidh. Is iad na príomhchuspóirí ardleibhéal sábháilteachta agus caighdeán comhshaoil a bhaint amach mar aon le rialachas a atreisiú.

Thíolaic an Coimisiún an dréachtrialachán a bhaineann leis sin i mí Eanáir 2016. D'fhéach sé an Treoir atá ann ón mbliain 2007 a ionadú.