Skip to content

Cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí

Tá sé i gceist le rialacha nua an Aontais maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí deiseanna níos cothroime a chur ar fáil do mhná agus fir san ionad oibre agus sa bhaile.

Rialacha nua an Aontais

Tháinig rialacha nua an Aontais maidir le cothromaíocht oibre is saoil i bhfeidhm i mí Lúnasa 2022. Bhí rialacha nua glactha ag an gComhairle roimhe seo ar an 13 Meitheamh 2019.



Féachann an togra le dea-chothromaíocht idir dualgais teaghlaigh agus dualgais ghairmiúla a chur chun cinn, chomh maith le deiseanna níos cothroime a chur ar fáil do mhná agus fir san ionad oibre agus sa bhaile. Le reachtaíocht agus beartais an Aontais agus na rialtas náisiúnta, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas:

  • cabhrú le fostaithe comhréiteach a dhéanamh idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh
  • cabhrú le cuideachtaí fostaithe tréitheacha a choinneáil
  • solúbthacht a chur chun cinn d'fhostóirí agus d'oibrithe araon
  • comhdheiseanna a chur chun cinn
  • fás eacnamaíoch a chruthú, agus ba cheart dóibh bheith chun leas na sochaí i gcoitinne, páistí agus daoine a bhfuil cúram teaghlaigh de dhíth orthu san áireamh



Cén fáth a bhfuil sé de dhíth orainn?

Is é cuspóir ginearálta na treorach seo:

  • cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir san obair a chinntiú
  • ligean do thuismitheoirí agus do dhaoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu réiteach níos fearr a dhéanamh idir a ndualgais oibre agus chúraim

Is prionsabal bunúsach de chuid an Aontais é comhionannas idir fir agus mná. Ach ar fud an Aontais Eorpaigh, tá i bhfad níos lú ban i measc an lucht saothair agus i measc lucht bainistíochta i gcomparáid le fir go fóill. Féachann an tionscnamh seo go háirithe le roinnt fheabhsaithe freagrachtaí cúraim a spreagadh idir mná agus fir.

€370 billiún in aghaidh na bliana an caillteanas eacnamaíoch a bhíonn ann mar gheall ar an mbearna fostaíochta idir na hinscní san Aontas. Ba cheart go gcabhródh an pacáiste cothromaíochta oibre is saoil le tuismitheoirí agus cúramóirí a bhíonn ag obair de bhrí nach gcuirfear de cheangal orthu roghnú idir saol a dteaghlaigh agus a ngairmréimeanna oibre.

Na mionsonraí

Bearta reachtacha

Socraíonn an togra le haghaidh treoir ón gCoimisiún maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí íoschaighdeáin nua nó níos airde d'fhonn cóineasú sa bhreis a chruthú idir Ballstáit an Aontais, agus déantar na cearta atá ann cheana a chaomhnú agus a shíneadh mar seo a leanas:

  • saoire atharthachta – ceart nua ar leibhéal an Aontais
  • saoire tuismitheora – beartaítear go n-íocfar í
  • saoire cúramóra – ceart nua ar leibhéal an Aontais
  • socruithe solúbtha oibre – chun cúramóirí a chur san áireamh agus an leibhéal cosanta a nuashonrú

Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i dtaca le roinnt príomhghnéithe den togra le haghaidh treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí an 24 Eanáir 2019.

Saoire atharthachta

Beidh sé de cheart ag an athair nó ag an dara tuismitheoir 10 lá oibre, ar a laghad, a ghlacadh thart ar thráth beirthe an linbh agus luach saothair dlite dóibh ar ionann é agus an ráta reatha a leagtar amach ar leibhéal an Aontais don tsaoire mháithreachais. Beidh sé de cheart ag na Ballstáit sin le córais saoire tuismitheora níos gnaíúla na socruithe náisiúnta mar atá acu faoi láthair a choinneáil.

Saoire tuismitheora

Ceart aonair ar cheithre mhí, agus dhá mhí díobh neamh-inaistrithe idir na tuismitheoirí agus íoctha. Fágfar faoi na Ballstáit féin leibhéal na híocaíochta a shocrú.

Saoire cúramóirí

Coincheap nua ar leibhéal an Aontais – go bhfaigheadh na hoibrithe sin a bhfuil gaol dá gcuid a dteastaíonn cúram nó tacaíocht uathu de bharr cúis leighis thromchúiseach – cúig lá oibre in aghaidh na bliana. Ní hionann é seo ó Bhallstát go Ballstát – fágfar fúthu an tsaoire a leithdháileadh de réir an cháis agus cead acu dálaí breise a thabhairt isteach chun an ceart seo a chur i gcrích.

Socruithe solúbtha oibre

Ina theannta sin, beidh sé de cheart ag tuismitheoirí uile, mar aon leis na cúramóirí atá ag obair, socruithe solúbtha oibre a iarraidh.

Bearta neamhreachtacha

Chun cur leis an togra reachtach, tá sraith beart neamhreachtach i dtogra an Choimisiúin le tacú leis na Ballstáit na spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach. Orthu sin, tá:

  • cosaint ar idirdhealú agus dífhostú a chinntiú do chúramóirí agus tuismitheoirí, mná torracha agus oibrithe atá ag teacht ar ais ó shaoire ina measc
  • úsáid tréimhsí saoire teaghlaigh atá cothrom ó thaobh inscne de agus socruithe solúbtha oibre a spreagadh
  • úsáid níos fearr a bhaint as cistí Eorpacha chun seirbhísí fadtéarmacha agus cúram leanaí a fheabhsú
  • dídhreasachtaí eacnamaíocha do na dara saothraithe a bhaint, rudaí a chuireann bac ar mhná go háirithe teacht a bheith acu ar an margadh saothair nó ar obair lánaimseartha

Airteagal 33 – Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil

Beidh ag an teaghlach cosaint dhlítheanach, eacnamaíoch agus shóisialta.

Chun gur féidir comhréiteach a dhéanamh idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, beidh ag gach duine an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire mháithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtú linbh.



Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airt. 33

Sa Chomhairle

Chuir an Coimisiún a thogra nua le haghaidh treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus cúramóirí faoi bhráid na Comhairle i mí na Nollag 2016. Is iad an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an dá reachtóir a dhéanfaidh cinneadh faoin ábhar deiridh agus faoi fhoclaíocht na Treorach. Déanann an Chomhairle ionadaíocht do na Ballstáit.

Scrúdaigh an Mheitheal um Cheisteanna Sóisialta, ar Meitheal den Chomhairle í, an togra.

Chuir an Chomhairle díospóireacht ar siúl le hairí na mBallstát ar an togra nua i mí na Nollag 2017. An 21 Meitheamh 2018, d'aontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí. Ar bhonn an tsainordaithe sin, chuir Uachtaránacht na Comhairle tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.

Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i dtaca le roinnt príomhghnéithe den togra le haghaidh treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí an 24 Eanáir 2019.

An 6 Feabhra 2019, d'fhormhuinigh ionadaithe Bhallstáit an Aontais i gComhairle an Aontais an comhaontú sealadach maidir leis an treoir.

An 13 Meitheamh 2019 ghlac an Chomhairle an treoir. Tiocfaidh sí i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh trí bliana (go dtí an 2 Lúnasa 2022) ag na Ballstáit chun dlíthe, rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh chun an treoir a chomhlíonadh.

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Márta 2026