An Coiste Idir-réitigh
Cad é an rud an coiste idir-réitigh?
Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, is féidir coiste idir-réitigh a thionól nuair nach bhformheasann an Chomhairle na leasuithe a dhéanann an Pharlaimint ar thogra reachtach ar an dara léamh. Is í céim an idir-réitigh an deis dheiridh chun teacht ar chomhaontú idir an dá chomhreachtóir.
Mura dtagtar ar chomhaontú sa choiste idir-réitigh, ní ghlacfar an dlí.
Tá ionadaithe ó na 27 mBallstát ar an gcoiste chomh maith leis an líon céanna feisirí ó Pharlaimint na hEorpa. Is iad Uachtarán na Parlaiminte agus uachtaránacht rothlach na Comhairle comhchathaoirligh an choiste. Bíonn an Coimisiún páirteach sna cruinnithe freisin agus déanann sé iarracht réiteach a fháil ar na seasaimh éagsúla.
Déantar foráil maidir leis an gcoiste idir-réitigh le hAirteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Is annamh a tharla sé le blianta beaga anuas
Ó bhí 1999 ann, ní trí idir-réiteach a rinneadh ach 9% den reachtaíocht a glacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach.
Faoi láthair, is ag céim an chéad léamh nó ag céim an dara léamh a ghlactar níos mó ná 90% de na dlíthe faoin ngnáthnós imeachta reachtach.
Níor tionóladh aon choiste idir-réitigh idir 2014 agus 2025.
Tionóladh coiste idir-réitigh den chéad uair le 10 mbliana in 2026 mar gheall ar thogra a bhain le cearta aerphaisinéirí.
Conas a oibríonn an t-idir-réiteach?
Caithfear an coiste idir-réitigh a thionól tráth nach déanaí ná 6 seachtaine (nó 8 seachtaine, má iarrtar síneadh) tar éis dheireadh an dara léamh ar an dlí atá beartaithe. Is é an aidhm a bhíonn ann teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach ar bhonn na seasamh a ghlac an dá institiúid ar an dara léamh.
Bíonn 6 seachtaine ag an gcoiste idir-réitigh le teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach. Féadfar síneadh coicíse ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin má iarrann an Pharlaimint nó an Chomhairle é sin.
Mura dtagtar ar chomhaontú le linn na tréimhse sin, ní ghlacfar an reachtaíocht atá beartaithe.
Má chomhaontaítear téacs comhpháirteach, beidh air dul trí phróiseas an ghlactha sa Pharlaimint agus sa Chomhairle mar is iondúil. Déantar é sin ar an tríú léamh den togra reachtach. Ar an tríú léamh sin, ní féidir foclaíocht an téacs chomhpháirtigh a athrú. Bíonn 6 seachtaine ag an dá institiúid chun vótáil ar an ngníomh. Is féidir síneadh coicíse ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin.
Le go nglacfar é, ní mór an téacs a rith:
- trí thromlach glan sa Pharlaimint
- trí thromlach cáilithe sa Chomhairle
Mura vótálannan Pharlaimint nó an Chomhairle ar an téacs comhpháirteach nó má dhiúltaíonn ceachtar acu é le linn na tréimhse sin, ní ghlacfar an reachtaíocht atá beartaithe.
Sa chás sin, is féidir leis an gCoimisiún togra reachtach nua a thíolacadh ar an ábhar céanna.
Féach freisin
An gnáthnós imeachta reachtach
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais
An tromlach cáilithe
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Meitheamh 2026