Rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta
Cinntíonn comhordú idir na Ballstáit gur féidir le saoránaigh an Aontais a gcearta slándála sóisialta a aistriú agus iad ag gluaiseacht agus ag obair laistigh den Eoraip.
Tosaíochtaí agus prionsabail
Féachann na rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta a áirithiú nach mbeidh na saoránaigh faoi mhíbhuntáiste ó tharla iad i mbun oibre nó ina gcónaí i mBallstát eile.
Baineann rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta le:
- sochair bhreoiteachta, sochair mháithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta
- pinsin seanaoise, sochair luathscoir agus sochair easláine
- sochair mharthanóirí agus íocaíocht i gcás éaga
- sochair dhífhostaíochta
- sochair theaghlaigh
- sochair i leith tionóiscí ag an obair agus galair cheirde
Tá rialacha i bhfeidhm ag an Aontas chun comhordú a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht idir na córais náisiúnta slándála sóisialta. Tá de cheart ag gach tír a chinneadh cé a bheidh faoi réir árachas éigeantach de réir reachtaíocht na tíre sin, cén sochar a bhronnfar agus na coinníollacha a ghabhann leis sin.
A bhuí leis na rialacha comhordaithe slándála sóisialta, ní fhágfar aon duine gan chosaint, ná ní fhágfar sa chás iad go mbeidh cumhdach dúbailte trasteorann acu.
Ar na príomhthosaíochtaí, áirítear an méid a leanas:
- cuidítear le cothroime shóisialta agus le margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime
- is den ríthábhacht go mbeadh na rialacha soiléir, cothrom agus infhorfheidhmithe le dlí ar mhaithe le soghluaisteacht an lucht saothair a éascú
- éascaítear saorghluaiseacht oibrithe atá mar cheann de phríomhcholúin an mhargaidh inmheánaigh agus ag an am céanna neartaítear acmhainní na n-údarás náisiúnta chun an mhí-úsáid agus an chalaois a chomhrac
Is bunaithe ar cheithre phrionsabal atá rialacha slándála sóisialta an Aontais:
- in aon tír amháin: cumhdaítear an saoránach faoin reachtaíocht in aon tír amháin ag an am rud a fhágann go ndéantar na ranníocaíochtaí in aon tír amháin
- an chóir chomhionann: tá na cearta agus na hoibleagáidí céanna ar an saoránach agus atá ar náisiúnaigh na tíre ina gcumhdaítear iad
- comhiomlánú: i gcás agus go ndéanann an saoránach éileamh ar shochar, cuirfear san áireamh más gá, na tréimhsí árachais, oibre nó cónaithe i dtíortha eile a cuireadh isteach go dtí seo
- in-onnmhairitheacht: féadfaidh saoránaigh atá i dteideal sochar airgid ó thír amháin, an t-airgead sin a fháil fiú agus cónaí orthu i dtír eile
Na príomhchoigeartuithe atá beartaithe
Tá rialacha reatha an Aontais maidir leis an gcomhordú ar shlándáil shóisialta i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2010. Ach, tá margadh an tsaothair agus an tsochaí ag síorathrú, mar atá córais slándála sóisialta náisiúnta agus cásdlí na Cúirte.
Fágann sin go bhfuil gá le coigeartuithe spriocdhírithe chun a chinntiú go bhfuil na rialacha cothrom, níos simplí agus níos fusa a chur i bhfeidhm.
D'fhonn na rialacha atá ann cheana féin a nuachóiriú agus a shimpliú, chomh maith leis an ualach a bhaineann leis na costais slándála sóisialta a roinnt go cothrom idir na Ballstáit a áirithiú, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an togra uaidh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha um chomhordú i mí na Nollag 2016.
Leanúint den nuachóiriú i ndáil le rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta príomhchuspóir an athbhreithnithe. Déanfar sin tríd an méid seo a leanas:
- feidhmiú chearta na saoránach a éascú tuilleadh
- soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú
- dáileadh cóir cothromasach den ualach airgeadais a áirithiú
- simplíocht riaracháin agus in-fhorfheidhmitheacht na rialacha
Sa rialachán, dírítear ar roinnt réimsí tábhachtacha ina dtabharfaí isteach na rialacha seo a leanas:
Sochair dhífhostaíochta
Bheadh saoránaigh an Aontais in ann a sochair dhífhostaíochta a onnmhairiú chuig tíortha seachas a dtír chónaithe go ceann íostréimhse 6 mhí.
Tugtar isteach riail shonrach d'oibrithe imeallchríche a bheidh in ann a sochair dhífhostaíochta a onnmhairiú go ceann tréimhse suas le 15 mhí, ach amháin má tá tréimhse na teidlíochta níos giorra.
Don chatagóir sin oibrithe, feidhmeoidh stát na gníomhaíochta gairmiúla mar an stát inniúil i réimse na slándála sóisialta, tar éis 6 mhí fostaíochta, féinfhostaíochta nó árachais.
Reachtaíocht infheidhme d'oibrithe arna seoladh
Bheadh oibrithe fostaithe agus féinfhostaithe cleamhnaithe le córas slándála sóisialta a mBallstát tionscnaimh ar feadh 3 mhí sular féidir iad a sheoladh chun bheith ag obair i mBallstát eile.
Coinnítear ag 24 mhí an uastréimhse chleamhnaithe le córas slándála sóisialta an Bhallstáit seolta. Tá íostréimhse idirbhriste de 2 mhí beartaithe do dhaoine fostaithe agus féinfhostaithe araon idir aon dá thréimhse de 24 mhí.
Sochair theaghlaigh
Leis an togra códaítear breithiúnas Wiering (C-347/12) agus mar sin soiléirítear an difear idir sochair theaghlaigh in airgid tirim, a bheartaítear go príomha in áit ioncaim nach dtuilltear de bharr tógáil clainne, agus na sochair theaghlaigh eile ar fad.
Rochtain ag saoránaigh shoghluaiste atá neamhghníomhach go heacnamaíoch ar shochair shóisialta áirithe
Chun tuilleadh soiléireachta dlíthiúla a chinntiú, is éard atá sa togra liosta de chásdlí ábhartha ón gCúirt Bhreithiúnais agus soláthraítear leis, i gcomhréir leis na dlíthe nó na cleachtais náisiúnta, nár cheart cosc a chur ar shaoránaigh shoghluaiste ranníocaíocht a dhéanamh le scéimeanna cumhdaigh bhreoiteachta.
Sochair cúraim fhadtéarmaigh
Thabharfaí isteach leis an rialachán sainmhíniú ar shochair cúraim fhadtéarmaigh agus soiléirítear gnéithe an phróisis ábhartha tuilleadh sa chaibidil faoi bhreoiteacht.
Athbhreithniú ar na rialacha atá ann faoi láthair
An 22 Aibreán 2026. tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa i ndáil le rialacha nuashonraithe maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta náisiúnta. Is é is aidhm don athbhreithniúna rialacha a nuachóiriú, rud a fhágfaidh go mbeidh siad níos soiléire, níos cothroime agus níos simplí lena bhforfheidhmiú.
D’fhormhuinigh ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas an comhaontú sealadach an 29 Aibreán 2026.
Tá an comhaontú sealadach fós le formhuiniú ag Parlaimint na hEorpa. Ansin glacfaidh an dá institiúid go foirmiúil é tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a dhéanamh air.
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le comhordú na slándála sóisialta (preaseisiúint, an 22 Aibreán 2026)
- Comhordú na slándála sóisialta: Comhaontú sealadach dearbhaithe ag ionadaithe Bhallstáit an Aontais (an 29 Aibreán 2026, preaseisiúint)
Caibidlíocht roimhe seo
Is é Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí molta, ina gceanglaítear go ngníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
Is í an Chomhairle a dhéanann comhordú ar thuairimí na mBallstát maidir leis an togra nua. Thosaigh an Chomhairle ag scrúdú an togra i mí Eanáir 2017 agus roinnt uaireanta thionóil na hairí díospóireachtaí maidir leis an togra.
Tháinig an Chomhairle ar dhá sheasamh caibidlíochta pháirteacha (‘cur chuige ginearálta’) i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag 2017 maidir leis na caibidlí seo a leanas sa togra:
- rochtain ag saoránach soghluaiste atá neamhghníomhach go heacnamaíoch ar shochair shóisialta áirithe agus
- an reachtaíocht is infheidhme maidir le hoibrithe arna bpostú agus arna seoladh agus le daoine a bhíonn i mbun oibre in dhá Bhallstát nó níos mó
- sochair cúraim fhadtéarmaigh
- sochair theaghlaigh
An 21 Meitheamh 2018, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta iomlán. Ar bhonn an tsainordaithe sin, chuir Uachtaránacht na Comhairle tús le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bhí a seasamh glactha ag an bParlaimint.
- Comhordú na gcóras slándála sóisialta: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta (preaseisiúint, 21/06/2018)
- An gnáthnós imeachta reachtach (eolas cúlra)
Cúlra
Le blianta fada anuas, bhí creat ag an Aontas Eorpach maidir le comhordú chóras slándála sóisialta na mBallstát d'fhonn soghluaisteacht an lucht saothair a éascú. Féachann comhordú chórais slándála sóisialta san Aontas a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ar scéimeanna slándála sóisialta, gan beann ar an tír ina bhfuil cónaí ar an saoránach ann, ag gach saoránach de chuid an Aontais agus náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí orthu san Aontas.
Ó shin i leith, agus ó tháinig méadú ar an Aontas, tá forás tagtha ar an dlí maidir le comhordú na slándála sóisialta i gcomhréir le neartú an lánpháirtithe Eorpaigh.
Faoi láthair, tá rialacha maidir leis an gcomhordú leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus i Rialachán cur chun feidhme (CE) Uimh. 987/2009.
Leis an dréachtreachtaíocht sin, leasaítear rialachán 883/2004 agus rialachán 987/2009 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta. Is é is aidhm don athbhreithniú an méid seo a leanas a dhéanamh:
- soiléiriú a dhéanamh ar na cúinsí inar féidir leis na Ballstáit teorainn a chur leis an rochtain ar shochair shóisialta a éilíonn saoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais atá neamhghníomhach go heacnamaíoch
- córas comhleanúnach a bhunú chun sochair chúraim fhadtéarmaigh a chomhordú
- socruithe nua a mholadh chun sochair dhífhostaíochta a chomhordú i gcásanna trasteorann
- forálacha nua a thabhairt isteach maidir le comhordú sochar teaghlaigh
- soiléiriú a dhéanamh ar rialacha maidir le hoibrithe ar postú
Doiciméid ghaolmhara agus foilseacháin ghaolmhara
An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Aibreán 2026
Cearta slándála sóisialta thar theorainneacha
Is mian leis an Aontas Eorpach gur fusa do shaoránaigh teacht agus imeacht san Aontas agus dul i mbun a gcuid oibre i dtír eile de chuid an Aontais; agus is mian leis freisin cearta slándála sóisialta na saoránach a chosaint agus sin ar bun acu.
Tá sé de cheart bunúsach ag saoránaigh uile an Aontais teacht agus imeacht agus dul i mbun a gcuid oibre i dtír eile de chuid an Aontais, ar cloch choirnéil de chuid an mhargaidh aonair é. Ach ní ann don tsaorghluaiseacht gan rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta.
Ní hé go gcuirtear leis na rialacha seo de chuid an Aontais, maidir le comhordú cearta slándáil shóisialta riail Eorpach amháin in áit rialacha na gcóras náisiúnta; féachann na rialacha seo comhordú a dhéanamh ar a bhfuil ann cheana féin. Fágtar faoi gach aon Bhallstát cúram a dhéanamh dá gcóras slándála sóisialta féin ó tharla gan comhchuibhiú i bhfeidhm san Aontas.
Cá bhfuil feidhm ag rialacha maidir le comhordú slándála sóisialta?
Cinntíonn na rialacha seo cosaint slándála sóisialta agus saoránaigh ag teacht agus ag imeacht san Eoraip i mbun a gcuid oibre (AE27, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis).
Tá sé de cheart ag saoránaigh de chuid an Aontais:
Comhordú an Aontais maidir le cearta slándála sóisialta leis an Ríocht Aontaithe
Tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas, tá rialacha sonracha comhordúcháin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021. Tá cearta na ndaoine a chumhdaítear leis an gcomhaontú um tharraingt siar a tugadh i gcrích idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe fós á gcosaint.
I gcás daoine nach gcumhdaítear leis an gcomhaontú um tharraingt siar, rialaítear comhordú na slándála sóisialta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis an bprótacal ábhartha a ghabhann leis an gcomhaontú trádála agus comhair. Cé go bhfuil sé cosúil le rialacha an Aontais agus raon feidhme cuimsitheach, ní fhoráiltear sa phrótacal do leibhéal cosanta atá comhionann le rialacháin an Aontais.