Skip to content

Amlíne – An Bhithéagsúlacht

  • 2025

  • 2024

  • 2023

    • 9 Samhain

      an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha nua chun gnáthóga díghrádaithe san Aontas a athchóiriú agus a chaomhnú

      Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach i ndáil leis an rialachán maidir le hathchóiriú an dúlra. Is é is aidhm don togra bearta a chur i bhfeidhm chun 20% ar a laghad de limistéir thalún agus farraige an Aontais a athchóiriú faoi 2030, agus na héiceachórais uile a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu a athchóiriú faoi 2050.

      Is dlúthchuid de straitéis bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 é an rialachán agus beidh sé ina chúnamh le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a bhaint amach, go háirithe creat bithéagsúlachta domhanda Kunming-Montréal a comhaontaíodh ag comhdháil bhithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe in 2022 (COP15).

    • 20 Meitheamh

      An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le dlí um athbhunú an dúlra

      Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (cur chuige ginearálta) maidir le togra le haghaidh dlí um athbhunú an dúlra. Is é is aidhm don togra bearta téarnaimh a chur i bhfeidhm a chlúdóidh 20% ar a laghad de thalamh an Aontais agus 20% de limistéir farraige an Aontais faoi 2030, agus na héiceachórais uile a bhfuil athbhunú de dhíth orthu faoi 2050. Leagtar síos ann spriocanna agus oibleagáidí sonracha atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh athbhunú an dúlra i ngach ceann de na héiceachórais atá liostaithe — ó thalamh talmhaíochta agus foraois go héiceachórais mhuirí, fionnuisce agus uirbeacha.

      Beidh an cur chuige ginearálta mar shainordú don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le glacadh leagan deireanach na reachtaíochta.

      Léirítear sa ghrafaic faisnéise, atá bunaithe ar na tuarascálacha eolaíocha is déanaí, staid an nádúir san Aontas Eorpach.
      Cad é staid an dúlra Aontas? (Grafaic faisnéise)

      Cad é staid an dúlra Aontas? (Grafaic faisnéise)

  • 2022

    • 20 Nollaig

      An dúlra a athchóiriú: spriocanna 2030 pléite ag na hairí

      Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle i mí na Nollag 2022, bhí díospóireacht bheartais ag airí comhshaoil an Aontais i ndáil le togra le haghaidh rialachán maidir le hathchóiriú dúlra.

      Is é is aidhm don togra cabhrú le gnáthóga Eorpacha a athshlánú, 80% díobh a bhfuil drochbhail orthu. Leagfaí síos leis an togra spriocanna agus oibleagáidí sonracha atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh athchóiriú dúlra i ngach ceann de na héiceachórais atá liostaithe — ó fhoraois agus talamh talmhaíochta go héiceachórais mhuirí, fionnuisce agus uirbeacha. Leis na bearta a moladh, chlúdófaí 20% ar a laghad de limistéir talún agus farraige an Aontais faoi 2030, agus gach éiceachóras ar gá a athchóiriú faoi 2050.

      Bheadh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha limistéarbhunaithe um athchóiriú a chur i bhfeidhm chun na spriocanna a bhaineann go sonrach leis an éiceachóras a bhaint amach agus pleanáil chun tosaigh trí phleananna náisiúnta um athchóiriú a fhorbairt, i ndlúthchomhar le heolaithe, le geallsealbhóirí leasmhara agus leis an bpobal. Shaineofaí sa togra freisin táscairí bithéagsúlachta chun dul chun cinn a thomhas.

      Thug na hairí dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn a d’ullmhaigh an Uachtaránacht agus bhí díospóireacht bheartais acu, inar díríodh ar shaincheisteanna na huaillmhéine agus ar phrionsabal an neamh-mheathlaithe.

    • 7-19 Nollaig

      Creat domhanda nua don bhithéagsúlacht arna ghlacadh ag cruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe COP15

      Tháinig ceannairí domhanda ar chomhaontú maidir le cuspóirí agus spriocanna uaillmhianacha nua chun an dúlra a chosaint agus a athbhunú faoi 2030 agus ina dhiaidh sin. Ag comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an mbithéagsúlacht (COP15), glacadh creat domhanda bithéagsúlachta stairiúil Kunming-Montréal ina bhfuil cuspóirí agus spriocanna soiléire intomhaiste, chomh maith le socruithe faireacháin, tuairiscithe agus athbhreithnithe chun an dul chun cinn ina leith a rianú.

      Is iad seo a leanas cuid de na spriocanna:

      • 30% de na héiceachórais dhíghrádaithe ar fud an domhain a athbhunú (ar tír agus ar muir) faoi 2030
      • 30% de na limistéir a chaomhnú agus a bhainistiú (tírdhomhanda, uisce intíre, agus cósta agus muirí) faoi 2030
      • deireadh a chur le díothú speiceas aitheanta, agus faoi 2050 an riosca díothaithe agus ráta gach speicis a laghdú faoi dheich
      • an riosca ó lotnaidicídí a laghdú 50% ar a laghad faoi 2030

      Tháinig na ceannairí ar chomhaontú freisin maidir le maoiniú ghníomhaíochta don bhithéagsúlachtde mhéid nach lú ná $200 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030.

    • 29 Samhain

      Comhaontú uaillmhianach iarrtha ag tíortha an Aontais agus ACC chun an bhithéagsúlacht a chosaint

      Tacaíonn an tAontas agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin le glacadh creata dhomhanda bithéagsúlachta iar-2020, creat a bheidh uaillmhianach, cuimsitheach agus claochlaitheach chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, ag cruinniú Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht, COP15, a bheidh ar siúl in Montréal ón 7 go dtí an 19 Nollaig 2022.

      Bhí ionchais an chruinnithe chinniúnaigh mar ábhar plé ag na hairí ón Aontas Eorpach, ón Afraic, ó Mhuir Chairib agus ón Aigéan Ciúin a tháinig le chéile sa Bhruiséil don Chomhairle Chomhpháirteach Airí idir Eagraíocht na Stát ACC agus an tAontas.

      Tá sé ríthábhachtach stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus í a aisiompú toisc go bhfuil meath scanrúil na bithéagsúlachta ag bagairt ar shlándáil bia, ar shláinte, ar gheilleagair agus ar shlí bheatha na mbilliún daoine. Chun go n-éireoidh leis an gcreat a bheidh ann amach anseo, ní mór spriocanna inchainníochtaithe a áireamh ann, agus beidh gá le creat láidir faireacháin agus athbhreithnithe mar aon le modhanna leordhóthanacha chun tacú lena chur chun feidhme.

    • 24 Deireadh Fómhair

      An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le seasamh an Aontais do chruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an mbithéagsúlacht

      Le linn na Comhairle Comhshaoil i mí Dheireadh Fómhair 2022, d’fhormheas airí an Aontais conclúidí ón gComhairle a bheidh mar sheasamh caibidlíochta ginearálta ag an Aontas don 15ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15).

      Is é is aidhm don chomhdháil creat domhanda bithéagsúlachta iar-2020 a ghlacadh, ina leagfar amach spriocanna chun gníomhaíochtaí domhanda a threorú chun an dúlra a chosaint agus a athbhunú sna 10 mbliana amach romhainn.

      Sna conclúidí uaithi, d’iarr an Chomhairle go nglacfaí creat domhanda bithéagsúlachta iar-2020 a bheidh uaillmhianach, cuimsitheach agus claochlaitheach, agus ina leagfar síos spriocanna fadtéarmacha 2050, torthaí idirmheánacha 2030 agus spriocanna 2030 atá dírithe ar ghníomhaíocht, nithe lena dtugtar aghaidh go héifeachtach agus go comhuaineach ar na cúiseanna díreacha agus indíreacha le cailliúint na bithéagsúlachta.

    • 16 Márta

      Clár LIFE – a seasamh glactha ag an gComhairle ar an gcéad léamh

      Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir le clár LIFE do 2021-2027. Glacadh an seasamh ón gComhairle tar éis comhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa i mí na Nollag 2020. Is é LIFE clár suaitheanta an Aontais chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac. Ó 2021 ar aghaidh, cisteoidh clár LIFE gníomhaíochtaí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh inathnuaite.

  • 2020

    • 17 Nollaig

      Clár LIFE: Uachtaránacht na Comhairle tagtha ar chomhaontú polaitiúil sealadach le Parlaimint na hEorpa

      Tháinig Uachtaránacht na Comhairle ar chomhaontú polaitiúil sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir le clár LIFE a shíneadh thar 2020. Is é LIFE clár suaitheanta an Aontais chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac. Ó 2021 amach, bainfidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh inathnuaite leas as cistiú ó LIFE freisin.

      Leithdháilfear, leis an gcomhaontú sin, imchlúdach airgeadais iomlán dar luach €5 432 bhilliún ar LIFE don tréimhse 2021-2027. Léiriú is ea an méadú buiséid sin ar an gcomhaontú ar thángthas air faoi bhuiséad fadtéarmach an Aontais (CAI) go gcuirfí 30% breise ar mhaithe leis an aeráid le méid iomlán an chaiteachais ó CAI an Aontais agus ón ionstraim téarnaimh Next Generation EU. D'aontaigh na comhreachtóirí freisin go mbeadh clár LIFE ar comhfhad le CAI.

    • 23 Deireadh Fómhair

      Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030

      I mí Dheireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Comhshaoil conclúidí maidir leis an mbithéagsúlacht, lena dtacaítear le cuspóirí straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030. D'aithin na Ballstáit gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí trí aghaidh a thabhairt ar spreagthaí díreacha agus indíreacha chailliúint na bithéagsúlachta agus an dúlra. D'athdhearbhaigh siad an glao chun cuspóirí bithéagsúlachta a chomhtháthú go hiomlán in earnálacha eile amhail an talmhaíocht, an iascach agus an fhoraoiseacht agus chun bearta an Aontais a chur chun feidhme go comhleanúnach sna réimsí sin.

      Is í an bhithéagsúlacht ár n-árachas saoil: soláthraíonn sé aer agus uisce glan, bia, ábhar tógála agus éadaí. Cruthaíonn sí poist agus slite beatha. Nuair a scriostar an dúlra, tá an baol ann freisin go dtarlódh ráigeanna galair agus paindéimí. Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine
    • 21 Meán Fómhair

      Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht: comhartha aontaithe tugtha ag an gComhairle chun dlús a chur leis an uaillmhian dhomhanda maidir leis an mbithéagsúlacht

      D'údaraigh an Chomhairle d'Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ‘Gealltanas na gCeannairí ar son an Dúlra’ a fhormhuiniú, thar ceann an Aontais, i gcomhthéacs Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht.

      Is dearbhú deonach é an gealltanas sin ina gcuirtear i bhfios go láidir go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach agus láithreach ar bhonn domhanda chun cailliúint na bithéagsúlachta agus an díghrádú éiceachórais a chosc agus athdhearbhaíonn sé a thiomanta atá sé an bhithéagsúlacht, an aeráid agus an comhshaol ina iomláine a chur i gcroílár straitéisí téarnaimh COVID-19 agus forbairt agus comhar náisiúnta agus idirnáisiúnta a shaothrú.

    • 8 Meitheamh

      Fáilte curtha ag airí talmhaíochta an Aontais roimh an straitéis bhithéagsúlachta ón gCoimisiún

      Bhí malartú tuairimí ag airí talmhaíochta an Aontais maidir le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais, a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach ar an 20 Bealtaine 2020, mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip. Bhí béim faoi leith sa phlé ar na gnéithe a bhaineann leis an talmhaíocht agus ar na naisc leis an athchóiriú leanúnach ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT).

  • 2019

    • 19 Nollaig

      Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir leis an mbithéagsúlacht

      Ghlac airí talmhaíochta an Aontais conclúidí ina n-athdhearbhaítear gur mian leis an Aontas gona Bhallstáit a bheith ar thús cadhnaíochta agus dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus chun éiceachórais a athbhunú. Cuireadh treoir pholaitiúil ar fáil sna conclúidí don obair ar mhaithe le creat bithéagsúlachta domhanda tar éis 2020.

      Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún straitéis bhithéagsúlachta an Aontais 2030 a fhorbairt gan mhoill, rud a bheidh uaillmhianach, réalaíoch agus comhleanúnach, agus a bheidh ina ghné lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip.

  • 2018

    • 9 Deireadh Fómhair

      An bhithéagsúlacht: conclúidí glactha ag an gComhairle

      Ghlac na hairí comhshaoil conclúidí lena gcuirtear in iúl gur cúis mhór imní dóibh go bhfuil baol mór ann do bhonn na n-acmhainní nádúrtha agus do na seirbhísí éiceachórais ar a bhfuil an cine daonna ag brath. Molann na hairí go nglacfaí plean straitéiseach, uaillmhianach chun an bhithéagsúlacht i ndiaidh 2020 a chosaint.

      Leagtar amach sna conclúidí creat polaitiúil ginearálta sheasamh caibidlíochta an Aontais ag an gceathrú cruinniú déag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht san Éigipt i mí na Samhna 2018.

  • 2016

    • 17 Deireadh Fómhair

      Conclúidí roimh chruinniú na bpáirtithe

      Chomhaontaigh na hairí conclúidí ón gComhairle maidir leis an mbithéagsúlacht, roimh an gcruinniú a bhí ag na páirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus sna prótacail a ghabhann leis, a tionóladh i gCancún, Meicsiceo, ón 4 go 17  Nollaig 2016. Leag siad béim ar an ngá atá le gníomhú ar an leibhéal idirnáisiúnta chun deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus chun an claonadh i dtreo leibhéil bhaolacha, an méid a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, a athrú.

  • 2015

    • 16 Nollaig

      Conclúidí maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais

      Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais. Tharraing na hAirí aird ar na réimsí sin inar gá tuilleadh oibre a dhéanamh chun na spriocanna a bhaint amach.

  • 2010

    • 15 Márta

      Príomhsprioc leagtha síos ag an Aontas maidir le deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta faoi 2020

      Ghlac an Chomhairle conclúidí inar leagadh síos sprioc chun deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus le díghrádú na seirbhísí éiceachórais, agus chun iad a athbhunú, a mhéid is féidir, faoi 2020, agus maidir lena fís chun cosaint níos fearr a thabhairt don bhithéagsúlacht san Aontas faoi 2050. Leag na hairí amach seasamh an Aontais maidir le cosaint na bithéagsúlachta ar an leibhéal domhanda, agus d'iarr siad go ndéanfaí cuspóirí na bithéagsúlachta a phríomhshruthú níos fearr i mbeartais agus i straitéisí trasearnálacha an Aontais.

  • 2009

    • 22 Nollaig

      Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir leis an mbithéagsúlacht idirnáisiúnta i ndiaidh 2020

      Leag airí an Aontais béim ar a thábhachtaí atá sé borradh a chur an athuair faoin dlús polaitiúil d'fhonn na hiarrachtaí a neartú chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus plean straitéiseach athbhreithnithe, uaillmhianach a ghlacadh don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Márta 2025