Rialacha nua maidir le táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas
Leis an ngníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla, tugtar aghaidh ar ghanntanais na gcógas is tábhachtaí chun freastal ar riachtanais na n-othar ar bhealach níos fearr agus chun athléimneacht an Aontais i leith géarchéimeanna sláinte a fheabhsú.
Cad é an gníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla?
Is togra é an gníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla le haghaidh rialachán nua de chuid an Aontais, togra darb aidhm feabhas a chur ar infhaighteachtagus ar shlándáilsholáthairtáirgí íocshláinte criticiúla san Aontas, mar atá antaibheathaigh, inslin agus pianmhúcháin.
Is é is aidhm don togra córas cúraim sláinte na hEorpa a dhéanamh níos athléimní agus níos spleáiche chun dul i ngleic le dúshláin sláinte dhomhanda, cuir i gcás paindéimí, tubaistí nádúrtha agus suaitheadh sa slabhra soláthair, a chuireann as don rochtain ar chógais riachtanacha.
Bheadh na rialacha nua i gcomhréir leis na tograí darb aidhm athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht chógaisíocht an Aontais (an ‘pacáiste cógaisíochta’), ina bhfuil forálacha maidir le ganntanais agus soláthair táirgí íocshláinte a bhainistiú.
An pacáiste cógaisíochta: rialacha nua an Aontais maidir le cógais leighis
Cad is táirge íocshláinte criticiúil ann?
De réir na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, sainítear leigheas criticiúil de réir thromchúis an ghalair a chóireáiltear leis agus de réir infhaighteacht cóireálacha malartacha. Cuirtear critéir bhreise san áireamh freisin, cur i gcás líon na mBallstát a mheasann go bhfuil sé ríthábhachtach.
Tá cógais leighis chriticiúla ríthábhachtach d’fheidhmiú cuí na gcóras cúraim sláinte, go háirithe le linn géarchéimeanna sláinte. Dá mbeadh na cógais leighis criticiúil gann, is baol go gcuirfí isteach ar chóireáil leighis nó go bhfaighidh daoine bás.
Samplaí de na cógais leighis chriticiúla is iad:
- antaibheathaigh
- inslin
- pianmhúcháin
- vacsaíní
- cógais le haghaidh galair ainsealacha agus géarghalair (e.g. ailse, riochtaí croí, diaibéiteas)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Cad a d’athródh faoin nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla
Tá dúshláin mhóra roimh an Aontas le blianta beaga anuas de dheasca cógas ríthábhachtacha a bheith gann. Bhí tionchar ag na ganntanais sin ar an gcúraim sláinte, is mó ná riamh an spleáchas ar sholáthróirí seachtracha dá dheasca, agus chuir siad isteach ar chórais sláinte le linn tréimhsí criticiúla, go háirithe tar éis phaindéim COVID-19.
Is é is aidhm don ghníomh feabhas a chur ar infhaighteacht, slándáil agus athléimneacht an tslabhra soláthair le haghaidh cógais bhunriachtanacha tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
an slabhra soláthair a éagsúlú i gcaoi is gur lú an spleáchas ar líon teoranta soláthróirí
dreasachtaí a chur ar fáil don soláthar comhoibríoch chun cabhrú leis na Ballstáit cógais leighis a cheannach ar bhealach níos éifeachtaí agus costais a laghdú
borradh a chur faoi mhonarú cógaisíochta an Aontais chun a chinntiú go dtáirgtear cógais leighis chriticiúla san Aontas sa chaoi is gur lú ár spleáchas ar thríú tíortha
Ról na gcomhábhar gníomhach cógaisíochta
Dhíreodh na rialacha nua freisin ar chomhábhair ghníomhacha chógaisíochta, arb iad na príomh-chomhpháirteanna iad a úsáidtear chun cógais leighis chriticiúla a tháirgeadh. Féachann an gníomh le táirgeadh agus le soláthar na gcógas sin a fheabhsú san Aontas, chun gur lú an spleáchas ar sholáthróirí seachtracha dá réir, go háirithe orthu sin nach bhfuil lonnaithe i réigiúin san Eoraip.
Is mór an tábhacht a bhaineann leis sin i gcás cógais áirithe, mar atá antaibheathaigh, ar mó ná riamh an t-éileamh orthu de dheasca dúshláin sláinte dhomhanda atá ag dul i méid. Mar shampla, i mí Eanáir 2023 thug an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach rabhadh faoi ghanntanas amocsaicilline i roinnt Ballstát.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Tugadh chun solais i staidéar a rinne an Coimisiún Eorpach in 2021 go bhfuil an tAontas spleách ar allmhairí comhábhair gníomhacha cógaisíochta, agus tugadh le fios go bhfuil comhchruinniú mór réigiúnach i dtáirgeadh comhábhar gníomhach cógaisíochta cineálach. Tugadh le fios freisin gur ó chúig thír a thagann 80 % de na comhábhair chógaisíochta allmhairithe ó chúig thír (is iad sin an tSín, na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Indinéis agus an India), agus gur ón tSín a thagann 45 % den iomlán.
Seasamh ón gComhairle maidir leis an ngníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla
An 2 Nollaig 2025, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir leis an ngníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla; is céim shuntasach í sin i dtreo feabhas a chur ar ullmhacht na hEorpa do ghéarchéimeanna sláinte. I measc phríomhphointí an tseasaimh ón gComhairle tá an méid seo a leanas:
- comhroinnt faisnéise maidir le cúlstoc teagmhasachta táirgí íocshláinte, rud a fheabhsaíonn trédhearcacht
- próisis soláthair chuíchóirithe: athraíodh líon íosta na mBallstát is gá chun iarratas comhpháirteacha dhéanamh ar sholáthar comhoibríoch: sé seachas a naoi an líon íosta feasta, agus is fusa, dá bhrí sin, ar thíortha obair a dhéanamh i gcomhar le chéile chun táirgí íocshláinte criticiúla a fháil
- athléimneacht seachas praghas: thug an Chomhairle isteach, i gcás ina ndéantar meastóireacht ar sholáthar, oibleagáid maidir le tús áite a thabhairt do na critéir athléimneachtaseachas don phraghas agus táirgí íocshláinte criticiúla á gceannach. Is ag slándáil an tsoláthair seachas ag costas a thugtar tús áite agus cinntí soláthair á ndéanamh
Na chéad chéimeanna eile
An 12 Bealtaine, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa. Is faoin gComhairle agus faoin bParlaimint atá sé anois an comhaontú sealadach a fhormhuiniú. Ansin glacfaidh an dá institiúid go foirmiúil é tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a dhéanamh air.
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Bealtaine 2026