An nós imeachta reachtach speisialta
A bhfuil i gceist leis an nós imeachta reachtach speisialta
Tá feidhm ag an nós imeachta reachtach speisialta maidir le cásanna sonracha inarb í an Chomhairle amháin a ghlacann an reachtaíocht. San cásanna seo, cé nach comhreachtóir í an Pharlaimint, ní mór, mar sin féin, dul i gcomhairle léi nó toiliú a fháil uaithi.
Úsáidtear an nós imeachta reachtach speisialta i réimsí sonracha, mar shampla, nuair atá díolúintí ón margadh aonair i gceist, dlí na hiomaíochta agus bearta chun an t-idirdhealú a chomhrac.
Toiliú na Parlaiminte nó dul i gcomhairle léi
Tá dhá chineál nós imeachta reachtaigh speisialta ann: nós imeachta an toilithe agus nós imeachta comhairliúcháin.
Sa dá chás, is gnách gur ón gCoimisiún Eorpach a thagann an togra reachtach, cé is moite de roinnt eisceachtaí. Tá difríocht eatarthu, áfach, agus bainfidh sé sin lena mbeidh de bhaint ag Parlaimint na hEorpa leis an bpróiseas.
Nós imeachta an toilithe
Cé nach bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa togra reachtach a leasú, féadfaidh sí é a fhormheas nó diúltú dó trí thromlach glan de na vótaí a chaitear.
Is ag eascairt as toiliú na Parlaiminte a fhéadfaidh an Chomhairle dlí a ghlacadh. Ní féidir leis an gComhairle cinneadh na Parlaiminte a chur ar neamhní.
Nós imeachta comhairliúcháin
Eisíonn Parlaimint na hEorpa tuairim maidir le togra reachtach. Féadfaidh sí an togra a fhormheas, diúltú dó nó leasuithe a mholadh.
Cé nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ar an gComhairle tuairim na Parlaiminte a ghlacadh, ní mór di – mar sin féin – tuairim na Parlaiminte a fháil sula nglacfaidh sí an dlí.
Cén nós imeachta? Agus cén uair?
Nós imeachta an toilithe
Úsáidtear nós imeachta an toilithe maidir le:
- dlíthe nua de chuid an Aontais chun an t-idirdhealú a chomhrac
- comhaontuithe idirnáisiúnta faoi leith arna gcaibidil ag an Aontas
- cinntí maidir le sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha
- gníomhaíocht ón Aontas i réimsí nach mbíonn sé de chumhacht ag an Aontas gníomhú iontu de ghnáth
Nós imeachta comhairliúcháin
Úsáidtear nós imeachta comhairliúcháin maidir le:
- bearta chun saobhadh iomaíochta sa mhargadh aonair agus díolúintí ón margadh aonair a chosc
- cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh a chomhchuibhiú
- moltaí agus tuairimí arna nglacadh ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún
Bunús dlí
Sainmhínítear an gnáthnós imeachta reachtach in Airteagal 289( 2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Féach freisin
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais
An gnáthnós imeachta reachtach
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Aibreán 2026