- An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle um Oideachas, An Óige, Cultúr agus Spórt, 30-31/05/2016, 30-31 Bealtaine 2016
Na príomhthorthaí
Leis na conclúidí, tugtar treoir pholaitiúil neartaithe don tionscadal Eorpach seo, ar cuireadh tús leis in 2008: Agus é ocht mbliana ar an bhfód anois, tá Europeana ina nasc idir 3,700 institiúid chultúrtha atá ag roinnt breis agus 50 milliún seoid chultúrtha ar líne. Ach tá dúshláin thromchúiseacha amach romhainn. Agus chun dul i ngleic leo, caithfear cur le chéile arís.” Jet Bussemaker, Aire Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle
Cultúr agus Closamharc
Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag na hairí i ndáil leis an togra a tháinig ón gCoimisiún le déanaí do Threoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc (AVMS). Is leis an treoir sin a rialaítear saorchúrsaíocht an tsaothair chlosamhairc tri mheascán de dhlínse a bheith sa tír tionscnaimh agus (íosmhéid) de chosaint ar leasanna ginearálta a bheith ann ar fud an Aontais. Tá sé mar aidhm ag an togra an creat rialála atá ann faoi láthair a nuachóiriú d’fhonn é a chur in oiriúint do mhargadh digiteach atá ag athrú go tapa agus do na nua-nósanna úsáide i ndáil le hinneachar closamhairc.
D’aontaigh na hairí gur den tábhacht é go ndéanfaí an treoir a thabhairt cothrom le dáta, mar chuid den straitéis don mhargadh aonair digiteach, agus gur cheart freisin urraim a thabhairt d’éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa, saoirse agus iolrachas na meán, oscailteacht an idirlín agus cosaint tomhaltóirí agus go háirithe mionaoisigh.
Dhírigh na hairí freisin ar cheann ar leith de ghnéithe na treorach, an chaoi ar féidir leis an mbeartas poiblí tacú le saorchúrsaíocht trasteorann inneachar Eorpach chlosamhairc. Bhreathnaigh na hairí ar roinnt saincheisteanna, amhail cruthú inneachair versus sciar lucht féachana, comhléiriúcháin, dreasachtaí náisiúnta airgeadais agus cuótaí.
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le ról Europeana le haghaidh oidhreacht chultúrtha na hEorpa a dhéanamh inrochtana, infheicthe agus inúsáidte ar bhonn digiteach. Moltar sna conclúidí feabhas a chur ar theicneolaíocht ardán Europeana agus iarrtar freisin go mbeadh samhail chistithe níos inbhuanaithe ann dó laistigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha.
Dúirt Aire Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta na hÍsiltíre Jet BUSSEMAKER go dtabharfadh na conclúidí treoir neartaithe don tionscadal Eorpach seo, ar cuireadh tús leis in 2008: Agus é ocht mbliana ar an bhfód anois, tá Europeana ina nasc idir 3,700 institiúid chultúrtha atá ag roinnt breis agus 50 milliún seoid chultúrtha ar líne. Ach tá dúshláin thromchúiseacha amach romhainn. Agus chun dul i ngleic leo, caithfear cur le chéile arís.”
Is mór an spórt an spórt, ach cothrom na Féinne a thabhairt do chách, ní hamháin ar an bpáirc imeartha ach i seomraí cruinnithe bhoird stiúrthóireachta na n-eagraíochtaí agus na n-údarás spóirt freisin. Sin é an fáth go bhfuil an tsláine, an trédhearcacht agus an dea-rialachas sa spórt ar cheann de thosaíochtaí uachtaránacht na hÍsiltíre.” Edith Schippers, Aire Sláinte, Leasa agus Spóirt na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle
An spórt
Phléigh na hairí an bealach is féidir le rialtais feabhas a chur ar an rialachas sa spórt i bhfianaise na gcásanna caimiléireachta, sciúrtha airgid agus dópála a bhí ann le deireanas agus an drochthionchar a bhí aige sin ar an muinín agus ar an gcreidiúnacht a bhíonn ag an bpobal as dea-luachanna an spóirt.
Dúirt na hairí nach féidir le hearnáil an spóirt leanúint den neamhspleáchas dár thairbhigh sí le fada an lá ach amháin má bhíonn ardchaighdeáin dea-rialachais ann, ach lenar tharla le déanaí is léir nach féidir le heagraíochtaí spóirt cur i gcoinne na mbagairtí leanúnacha ar shláine na hearnála astu féin.
D’aontaigh na hairí go dteastaíonn tacaíocht agus comhar ó na heagraíochtaí spóirt agus, i gcásanna áirithe, go gcaithfidh rialtais náisiúnta cuidiú leo, agus dúirt go gcaithfidh eagraíochtaí spóirt cloí le bunphrionsabail an dea-rialachais, amhail bainistiú oilte, maoiniú inbhuanaithe, cuntasacht agus trédhearcacht. Caithfear labhairt d’aon ghuth chun feabhas a chur ar shláine an spóirt.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le feabhas a chur ar shláine, ar thrédhearcacht agus ar dhea-rialachas mórimeachtaí spóirt. Moltar roinnt beart sa téacs chun na prionsabail sin a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach ag gach céim d’imeachtaí den sórt sin (céim an staidéir indéantachta, na dtairiscintí, an ullmhúcháin, an eagraithe, na meastóireachta, agus an leagáid), agus tar éis dóibh tarlú freisin.
Tar éis chruinniú Chomhairle Spóirt an Aontais Eorpaigh, bhí idirphlé struchtúraithe ann idir airí spóirt an Aontais agus ionadaithe IOC, EOC, FIFA agus UEFA. Phléigh na rannpháirtithe an trédhearcacht agus an dea-rialachas sa spórt agus d’aontaigh go ndéanfadh siad idirphlé rialta a bhunú.
Dúirt Aire Sláinte, Leasa agus Spóirt na hÍsiltíre, Edith Schippers: “Is mór an spórt an spórt, ach cothrom na Féinne a thabhairt do chách, ní hamháin ar an bpáirc imeartha ach i seomraí cruinnithe bhoird stiúrthóireachta na n-eagraíochtaí agus na n-údarás spóirt freisin. Sin é an fáth go bhfuil an tsláine, an trédhearcacht agus an dea-rialachas sa spórt ar cheann de thosaíochtaí uachtaránacht na hÍsiltíre.”
An Óige
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le ról earnáil na hóige chun radacú foréigneach daoine óga a chosc agus a chomhrac. Leagtar béim sna conclúidí sin ar a luachmhaire atá obair don óige, spórt agus gníomhaíochtaí deonacha agus cultúrtha chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga a d’fhéadfadh a bheith i mbaol a radacaithe murach sin.
Leagadh béim freisin ar a riachtanaí atá sé go mbainfí an bonn d’idé-eolaíochtaí foréigneacha radacacha agus roghanna malartacha atá mealltach, neamhfhoréigneach a chur ann ina n-ionad agus tacú le tuismitheoirí, siblíní, piaraí agus daoine eile a bhíonn i dteagmháil le daoine óga atá i mbaol a radacaithe, agus eolas a thabhairt dóibh maidir le córais tacaíochta agus comhairleoireachta atá ar fáil.
Phléigh na hairí an bealach is fearr a bhféadfadh an beartas maidir leis an óige tacú le féiniúlacht na n-óg a fhorbairt. D'aontaigh na hairí gur gá, anois níos mó ná riamh, go mbeadh féiniúlacht láidir, dhearfach ag daoine óga le go mbeidís in ann páirt a ghlacadh i gcúrsaí oideachais, i margadh an tsaothair agus sa tsochaí i gcoitinne, agus go bhféadfaí é sin a fhorbairt trí líonraí comhtháite oideachais. Cabhróidh na líonraí sin leo chun cur i gcoinne tionchair agus fórsaí neamhdhaonlathacha.
Dúirt Státrúnaí M. van Rijn "Tá Airí Oideachais agus Óige na hEorpa ag cur le chéile inniu. Dhíríomar ar ról na múinteoirí, na n-oibrithe don ógra agus gairmithe sóisialta eile. Bíonn an obair a dhéanann siadsan an-luachmhar ó thaobh daoine óga a chumhachtú, á chur ar a gcumas cleasa lucht an fhoréigin radacaigh a aithint agus diúltú dóibh”
An t-oideachas
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt tríd an oideachas agus an oiliúint, lena n-aithnítear gnéithe dearfacha an idirlín agus na meán sóisialta, ach lena leagtar béim freisin ar na bagairtí agus na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo. Leagtar béim sna conclúidí ar an ról bunúsach atá ag an oideachas agus an oiliúint chun cabhrú le daoine óga a bheith liteartha sna meáin agus feidhmiú ar bhealach freagrach amach anseo.
Leanann na conclúidí freisin as an méid a leagadh amach i nDearbhú Pháras i mí Márta 2015, inar leagadh béim ar an ról tábhachtach atá ag an oideachas ó thaobh an tsaoránacht agus luachanna bunúsacha an Aontais a chur chun cinn. D’aontaigh na hairí gur ceann de na réimsí is gá a láidriú é cumas daoine óga chun smaoineamh go criticiúil agus breithiúnas a fheidhmiú ionas go dtuigfidh siad a bhfuil ag tarlú, go mbeidh siad in ann an fhírinne a idirdhealú ón mbréag, an fhíric ón tuairim, agus seasamh siar ó gach cineál síolteagaisc agus fuathchainte.
Phléigh na hairí freisin todhchaí an ardoideachais san Eoraip, agus súil acu ar thogra a bheidh ag teacht go luath ón gCoimisiún.
Dúirt an tAire Bussemaker "Tá ról comhpháirteach ag an mbeartas don óige agus an beartas oideachais ó thaobh an radacú a chosc i measc daoine óga. Is léir go gcaithfidh gach earnáil den tsochaí a bheith páirteach chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb phráinneach seo: tuismitheoirí agus teaghlaigh, múinteoirí agus oibrithe don óige, oibrithe sóisialta agus ionadaithe eile de chuid na sochaí sibhialta. Phléamar an bealach is féidir tacú leo agus na chéad bhearta eile a theastaíonn ar leibhéal an Aontais.”
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Ar tháinig as cruinniú na Comhairle
- List of A items, legislative activities, Education, Youth, Culture and Sports Council, 30 May 2016
- List of A items, non-legislative activities, Education, Youth, Culture and Sports Council, 30 May 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 30 Bealtaine 2015
- Cúlra faisnéise
- List of participants
Preaseisiúintí
- Conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar shláine, trédhearcacht agus dea-rialachas i mórimeachtaí spóirt
- 31/05/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le ról Europeana le haghaidh oidhreacht chultúrtha na hEorpa a dhéanamh inrochtana infheicthe agus inúsáidte ar bhonn digiteach
- 31/05/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt tríd an oideachas agus an oiliúint
- 30/05/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le ról earnáil na hóige i gcur chuige comhtháite trasearnála chun radacú foréigneach daoine óga a chosc agus a chomhrac
- 30/05/2016
- Commodity dealers: exposure exemption extended
- 30/05/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EYCS
Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025