Skip to content

An t-oideachas ar mhaithe le fás eacnamaíoch agus le cuimsiú sóisialta

The EU wants to equip its citizens with the skills needed in the labour market by reducing early school leave and upholding tertiary level education.

Tá gach tír ar leith freagrach as a córas oideachais agus oiliúna féin. Mar sin féin, tá ról nach beag ag an Aontas maidir le tacú leis na tíortha éagsúla sin. Molann sé do na Ballstáit oibriú i gcomhar agus dea-chleachtais a roinnt lena chéile, agus treisíonn sé leis an obair agus leis na hathchóirithe atá ar bun ar an leibhéal náisiúnta.

Figiúirí tábhachtacha

De réir ECFE:

  • tá fíor-easpa scileanna ag 20% de lucht saothair an Aontais, lena n-áirítear leibhéal íseal litearthachta agus uimhearthachta
  • níl ar chumas 25% de dhaoine fásta san Eoraip leas éifeachtach a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide

Cén fáth a bhfuil gá againn leis?

Má táthar chun feabhas a chur ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an bhfostaíocht san Aontas, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeadh na scileanna is gá ag saoránaigh an Aontais le go n-éireoidh leo i margadh an tsaothair. Chun é sin a bhaint amach, leagtar síos i straitéis fáis an Aontais (Eoraip 2020) dhá sprioc a chaithfidh na Ballstáit a bhaint amach faoi 2020 i réimse an oideachais:

  • luathfhágáil na scoile a thabhairt faoi bhun 10%
  • a áirithiú go mbeidh oideachas tríú leibhéal bainte amach ag 40% ar a laghad de dhaoine idir 30-34 bliain d'aois

A bhuí leis an oideachas agus leis an oiliúint, féadfar cosc a chur ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta, féadfar luachanna daonna agus sibhialta a chothú agus féadfar dul i ngleic le gach cineál idirdhealaithe. Mar fhreagra ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras agus sa Danmhairg, d'aontaigh airí an Aontais go gcaithfear an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a áirithiú go ngnóthóidh leanaí agus daoine óga inniúlachtaí sibhialta agus idirchultúrtha
  • an smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin a fheabhsú
  • oideachas a chur ar leanaí atá faoi mhíbhuntáiste
  • idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn

Sa Chomhairle

Cuspóirí an chomhair Eorpaigh a shainiú

In 2009, ghlac an Chomhairle creat straitéiseach le haghaidh oideachais agus oiliúna (ET 2020). Tá dlúthnasc aige leis na spriocanna a leagtar amach sa straitéis Eoraip 2020, agus sainítear ann cuspóirí an chomhair Eorpaigh i réimse an oideachais agus na hoiliúna go dtí 2020 agus an leagan amach a bheidh air.

I mí na Samhna 2015, ghlac an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na cuspóirí sin. Leagtar amach sa tuarascáil sin freisin clár oibre do na 5 bliana atá le teacht, agus dírítear ar sé cinn de réimsí tosaíochta:

  • scileanna ábhartha ar ardcháilíocht a fhorbairt trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • oideachas cuimsitheach, comhionannas agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn
  • oideachas oscailte nuálach, lena gcuimsítear go hiomlán an ré dhigiteach
  • treisiú leis an tacaíocht a thugtar do mhúinteoirí agus d'oiliúnóirí
  • feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le scileanna agus cáilíochtaí, chun tuilleadh foghlama agus soghluaisteachta a éascú
  • infheistíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras oideachais agus oiliúna

Réimsí gníomhaíochta reatha

1. Scileanna ábhartha ar ardcháilíocht a fhorbairt

I mí na Samhna 2017, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le forbairt scoile agus teagasc den scoth. Leagtar béim sna conclúidí ar roinnt tosaíochtaí, ina measc:

  • oideachas ardcháilíochta, cuimsitheach do chách a áirithiú
  • múinteoirí agus ceannairí scoile a chumhachtú
  • aistriú go rialachas a bheidh níos éifeachtúla, níos cothroime agus níos éifeachtaí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh.

Ina theannta sin, i mí na Samhna 2017, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le clár oibre athnuaite i ndáil leis an ardoideachas. Is é an aidhm fhoriomlán an t-ardoideachas a nuachóiriú ionas go mbeidh sé cab ar chab le dálaí claochlaitheacha an tsaoil.

I mí na Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle moladh maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don Fhoghlaim ar feadh an tSaoil. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar thrédhearcacht, inchomparáideacht agus iniomparthacht cáilíochtaí ar fud na hEorpa trí chreat tagartha comhchoiteann a bhunú do chórais náisiúnta cáilíochtaí. Leis an moladh, féachtar freisin le cabhrú leis na córais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus le hinfhostaitheacht, soghluaisteacht agus lánpháirtiú sóisialta oibrithe agus foghlaimeoirí a mhéadú.

I mí na Samhna 2016, ghlac an Chomhairle rún maidir leis an gclár oibre scileanna nua don Eoraip, ina leagtar béim ar na príomhghnéithe a bheidh mar threoir ag obair na Comhairle sa réimse seo. Is é is aidhm dó infheistíocht fhadsaoil a dhéanamh i ndaoine agus cumhdaítear leis réimsí amhail:

  • forbairt scileanna
  • aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí
  • tacaíocht don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint agus don ardoideachas araon
  • bealaí chun acmhainneacht iomlán an gheilleagair dhigitigh a fhiosrú

I mí na Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt tríd an oideachas agus an oiliúint. Leagtar béim sna conclúidí ar an ról bunúsach atá ag an oideachas agus ag an oiliúint chun cabhrú le daoine óga a bheith liteartha sna meáin agus feidhmiú ar bhealach freagrach amach anseo.

I mí na Samhna 2015, chuir an Coimisiún Eorpach suirbhé bliantúil fáis 2016 faoi bhráid na Comhairle, rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach na bliana 2016. Luaitear sa suirbhé a thábhachtaí atá sé go mbeadh scileanna ábhartha ag daoine chun dlús a chur leis an nuálaíocht agus leis an iomaíochas agus chun an dífhostaíocht a chosc. Iarradh freisin athchóirithe feidhmíocht-dírithe a chur i bhfeidhm ar an gcóras oideachais agus oiliúna.

2. Oideachas cuimsitheach a chur chun cinn

I mí na Samhna 2016, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil freisin maidir le moladh i ndáil le deiseanna nua do dhaoine fásta, faoi chuimsiú na ráthaíochta scileanna atá beartaithe ag an gCoimisiún. Is é an aidhm atá leis sin deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta ar bheagán oiliúna chun scileanna, eolas agus inniúlachtaí a fháil a bheidh ábhartha don mhargadh saothair agus do rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí.

Níos luaithe an bhliain sin, i mí Feabhra 2016, ghlac an Chomhairle rún maidir le forbairt shocheacnamaíoch agus cuimsitheacht a chur chun cinn san Aontas tríd an oideachas. Dírítear sa rún ar an méid seo a leanas:

  • bearta chun a áirithiú go ndéanfar infheistíocht spriocdhírithe san oideachas
  • cé mar is fearr aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i scileanna chun poist a thabhairt ar ais agus chun tacú le fás eacnamaíoch san Eoraip
  • ról an oideachais chun an tsaorántacht agus an cuimsiú sóisialach a chur chun cinn

I mí na Samhna 2015, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le luathfhágáil scoile a laghdú. Chuir sí béim ar an ról atá acu seo a leanas:

  • cásanna míbhuntáiste, lena n-áirítear leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo, leanaí Romacha agus leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu
  • leagan amach an chórais oideachais agus tosca amhail foréigean agus bulaíocht, modhanna teagaisc nó curaclaim

Is mian leis na hairí go mbeidh an rochtain chéanna ag gach ógánach ar oideachas ar ardchaighdeán. D’iarr siad ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leas a bhaint as na deiseanna maoiniúcháin a chuirtear ar fáil le hionstraimí an Aontais chun tacú le bearta atá dírithe ar luathfhágáil na scoile a laghdú.

Chomh maith leis sin, i mí na Samhna 2015, phléigh an Chomhairle straitéisí chun daoine a mbaineann cúlra imirceach leo a lánpháirtiú. Measann na hairí, i gcoitinne, go bhfuil sé ríthábhachtach díriú ar an méid seo a leanas:

  • a áirithiú go bhfoghlaimeofar go héifeachtach teanga na tíre aíochta
  • go ndéanfar measúnú agus bailíochtú pras, éifeachtach ar na cáilíochtaí a baineadh amach roimhe seo
  • go ndéanfar luachanna coiteanna na hEorpa a chur chun cinn ar bhonn córasach
  • go ndéanfar múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí a ullmhú do bhreis éagsúlachta sna scoileanna

Chomh maith leis sin, díreoidh Uachtaránacht na hÍsiltíre ar shaoránacht agus ar luachanna bunúsacha a chur chun cinn tríd an oideachas, ag leanúint ón méid a tháinig as Dearbhú Pháras (Márta 2015).