Amlíne maidir le trédhearcacht pá
The EU wants to strengthen the principle of equal pay for equal work between men and women through new EU rules on pay transparency.
-
2023
-
24 Aibreán Téacs deiridh na treorach glactha ag an gComhairle
Tá rialacha nua glactha ag an gComhairle chun idirdhealú pá a chomhrac agus chun an bhearna phá idir na hinscní san Aontas a dhúnadh.
Faoin treoir maidir le trédhearcacht pá, beidh sé de cheangal ar chuideachtaí an Aontais faisnéis a roinnt faoin méid a íocann siad le mná agus fir as obair ar comhionann a luach, agus gníomhú má tá a mbearna phá idir na hinscní os cionn 5 %.
Cuimsítear sa treoir nua freisin forálacha maidir le cúiteamh d’íospartaigh idirdhealaithe pá agus pionóis, lena n-áirítear fíneálacha d’fhostóirí a sháraíonn na rialacha.
Tiocfaidh an treoir maidir le trédhearcacht pá i bhfeidhm nuair a fhoilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh suas le 3 bliana ag tíortha an Aontais chun an treoir a thrasuí, trína reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú chun na rialacha nua a chur san áireamh.
Why pay transparency can help reduce the EU’s gender pay gap (Grafaic faisnéise)Why pay transparency can help reduce the EU’s gender pay gap (Grafaic faisnéise)
-
2022
-
15 Nollaig Comhaontú bainte amach le Parlaimint na hEorpa
Tháinig Uachtaránacht na Seicia agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le rialacha trédhearcachta pá.
Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhchoiteann i mí an Mheithimh 2022. Thángthas ar an gcomhaontú reatha le linn an chúigiú bhabhta caibidlíochta.
-
2021
-
6 Nollaig Comhsheasamh comhaontaithe ag an gComhairle chun dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní
Cur chuige ginearálta comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil le dréachtrialacha nua de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht pá.
Is éard atá sa dlí atá beartaithe tacar beart ceangailteach maidir le trédhearcacht pá, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- ní mór d'fhostóirí an leibhéal nó an raon pá tosaigh a íocfar leis an oibrí amach anseo a chur in iúl
- ní mór d'fhostóirí rochtain a thabhairt dá bhfostaithe ar na critéir – ar critéir oibiachtúla iad atá neodrach i dtaobh inscne – a úsáidtear chun a bpá agus a ndul chun cinn gairme a shainiú
- Tá sé de cheart ag oibrithe agus a n-ionadaithe eolas a fháil faoina leibhéal pá aonair agus faoi mheánleibhéil phá na n-oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, arna mhiondealú de réir inscne
-
4 Márta Togra curtha isteach ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh rialacha nua de chuid an Aontais chun dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní
Mar fhreagra ar an iarraidh ón gComhairle i mí an Mheithimh 2019 i dtaca le bearta nithiúla a fhorbairt chun trédhearcacht pá a mhéadú, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh treoir maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe.
Is é is aidhm don Treoir:
- na híoscheanglais a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú
- deireadh a chur le hidirdhealú ar fhorais gnéis trí thrédhearcacht na gcóras pá a neartú
- feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí a bhaineann le pá comhionann
-
2019
-
13 Meitheamh Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh
Tá conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le príomhbheartais agus bearta chun an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh. Sna conclúidí, aithnítear gur prionsabal bunúsach de chuid an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear sna conarthaí é an comhionannas idir fir agus mná.
Sna conclúidí, iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na bearta uile atá ann d’fhonn feabhas a chur ar bhearta atá ann cheana nó bearta nua a thabhairt isteach chun:
- forfheidhmiú éifeachtach phrionsabal dlí an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta
- comhionannas a chur chun cinn in oideachas agus i bhfostaíocht d'fhonn aghaidh a thabhairt ar dheighilt sa mhargadh fostaíochta
- comhréiteach idir saol na hoibre, saol an teaghlaigh agus an saol príobháideach a éascú do mhná agus d'fhir araon
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025