Skip to content

An Seimeastar Eorpach in 2014

Mí na Samhna 2014

Suirbhé Bliantúil Fáis do 2015 ón gCoimisiún Eorpach 

Sa Suirbhé Bliantúil Fáis do 2015, molann an Coimisiún Eorpach go ndíreofaí i mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais do 2015 ar thrí phríomhthosaíocht:

  • infheistíocht
  • athchóirithe struchtúracha
  • freagracht fhioscach

Tá gá le hinfheistíocht san Aontas Eorpach chun córais leasa a nuachóiriú, chun oideachas a mhaoiniú chomh maith le taighde agus nuáil, chun go mbeidh an fuinneamh níos glaise agus níos éifeachtúla, chun bonneagar iompair a nuachóiriú agus chun leathanbhanda atá forleathan agus níos tapúla a sholáthar go céimneach. Rinne an Coimisiún plean infheistíochta Eur 315 billiún do 2015-17 a thíolacadh an 26 Samhain chun cabhrú leis an infheistíocht a spreagadh. Pléifidh an Chomhairle an plean, chomh maith le togra le haghaidh cinneadh chun ciste Eorpach a bhunú d'infheistíochtaí straitéiseacha, sula gcuirfear faoi bhráid na Comhairle Eorpaí é lena fhormhuiniú. 

Athchóirithe struchtúracha. Ar leibhéal an Aontais, molann an Coimisiún go ndéanfar an margadh aonair a dhoimhniú, trí dhíriú ar na bacainní rialála agus neamhrialála atá fós ann a bhaint trasna earnálacha amhail fuinneamh, teileachumarsáid, iompar agus an margadh aonair le haghaidh earraí agus seirbhísí. 

Freagracht fhioscach. Molann an Coimisiún beartais fhioscacha a shaothrú a bheidh freagrach agus lena gcuirfear leis an bhfás, i gcomhréir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus lena gcuirtear san áireamh an staid i ngach Ballstát.

Togra le haghaidh na tuarascála comhpháirtí fostaíochta ón gCoimisiún Eorpach 

Tá an tuarascáil ag gabháil leis an Suirbhé Bliantúil Fáis. Déantar athbhreithniú ann ar staid na fostaíochta san Aontas agus ar na hathchóirithe atá déanta ag na Ballstáit in 2014 chun poist a chruthú agus chun córais cosanta sóisialta a fheabhsú. 

Tá scórchlár táscairí sa tuarascáil freisin ina dtomhaistear éagsúlachtaí socheacnamaíocha ar fud an Aontais. 

Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil an dífhostaíocht san Aontas ag titim go mall ach go bhfuil sí ard i gcónaí, le 24.6 mhilliún duine (10.1%) gan obair. Is ard i gcónaí é an dífhostaíocht i measc na n-óg, ach tá comharthaí ann go bhfuil sin ag feabhsú go mall.  

Déanfaidh an Chomhairle an tuarascáil a fhormhuiniú agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin ansin í.

Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh 2015 ón gCoimisiún Eorpach 

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil cúis mhór imní ann i gcónaí maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus a móriarmhairtí sóisialta san Aontas. Sainítear an téarnamh mall eacnamaíoch agus boilsciú fíoríseal mar bhacainní ar laghdú níos suntasaí ar na míchothromaíochtaí agus ar na rioscaí gaolmhara maicreacnamaíocha. 

Déanfaidh an Coimisiún grinn-athbhreithnithe breise i 16 Bhallstát: sa Bheilg, sa Bhulgáir sa Ghearmáin, in Éirinn, sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Chróit, san Iodáil, san Ungáir, san Ísiltír, sa Phortaingéil, sa Rómáin, sa tSlóivéin, san Fhionlainn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe.

Meitheamh 2014

Tacaíonn an Chomhairle Eorpach leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith

Thacaigh an Chomhairle Eorpach leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith agus leis sin cuireadh an Seimeastar Eorpach 2014 i gcrích. Táthar ag súil leis go leanfaidh Ballstáit an Aontais na moltaí sin atá spriocdhírithe agus a mbuiséad á ndréachtú agus athchóirithe struchtúracha á ndearadh acu agus i mbeartais fostaíochta agus shóisialta, bunaithe ar phrionsabal na húinéireachta náisiúnta agus an idirphlé shóisialta. I dtuairim na Comhairle Eorpaí, tá sé ríthábhachtach na moltaí a chur chun feidhme chun luas a chur leis an bhfás eacnamaíoch. 

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar athchóirithe struchtúracha lena bhfeabhsaítear fás agus inbhuanaitheacht bhuiséadach. Chuir na ceannairí i dtreis roinnt céimeanna lena gcruthófaí tuilleadh fáis agus post. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:

  • an ding chánach ar shaothar a laghdú (an difríocht idir na costais tuarastal don fhostóir agus an tuarastal glan a fhaigheann fostaí)
  • margadh na n-earraí agus na seirbhísí a athchóiriú
  • riaracháin phoiblí a athchóiriú
  • an timpeallacht ghnó agus timpeallacht na nuála a fheabhsú
  • an rochtain ar mhaoiniú a éascú
  • feidhmiú na dtionscal líonraí (amhail fuinneamh agus teileachumarsáid) a fheabhsú
  • athchóiriú a dhéanamh ar an oideachas

Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach faireachán ar an gcur chun feidhme agus déanfaidh siad beart, de réir mar is gá.

Moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith do 2014

Tá an Chipir agus an Ghréig faoi réir clár coigeartaithe maicreacnamaíoch, dá bhrí sin, chun dúbláil a sheachaint, níl aon mholtaí a bhaineann go sonrach leis an 2 thír sin.

Eisíonn an Coimisiún moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith do 2014-2015

Sna moltaí a rinne an Coimisiún do 2014, a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, dírítear ar ghníomhaíochtaí chun borradh a chur faoin bhfás agus faoi phoist, agus airgeadas poiblí fónta á gcoimeád, ag an am céanna, i ngeilleagar iar-ghéarchéime. Déantar athbhreithniú iontu ar an dul chun cinn a rinneadh le linn 2013 agus tugtar treoir iontu maidir le beartais náisiúnta a chur chun feidhme in 2014-2015.

Tá moltaí 2014 dírithe ar 26 thír ar leith (gach tír san Aontas, seachas an Ghréig agus an Chipir, a bhfuil cláir don choigeartú eacnamaíoch á gcur chun feidhme acu) agus don limistéar euro ina iomláine. 

Mheas an Coimisiún go bhfuil an fás eacnamaíoch ag filleadh ar an Aontas de réir a chéile, ach gur fás neamhchothrom agus leochaileach go fóill atá ann. Dá bhrí sin, spreagann sé na Ballstáit leanúint d'athchóirithe a chur chun feidhme. 

Feabhsuithe ó 2013 i leith:

  • tá an fás eacnamaíoch ann arís
  • tá feabhas ag teacht ar an airgeadas poiblí ar fud an Aontais
  • tá tionchar á imirt ag na hathchóirithe a cuireadh chun feidhme sna tíortha is mó atá buailte
  • tá laghdú ag teacht ar na heasnaimh bhuiséid i roinnt tíortha agus is é an toradh atá air sin go bhfuil staid mhaicreacnamaíoch níos cothroime i réim ar fud an Aontais
  • Meastar go mbeidh méadú ar an ráta fostaíochta an bhliain seo chugainn 

Dar leis an gCoimisiún, is iad seo a leanas na dúshláin is mó do 2014:

  • dul i ngleic leis an leibhéal ard dífhostaíochta
  • cánachas a aistriú ó shaothar chuig an tomhaltas agus chuig cánacha comhshaoil
  • borradh a chur faoin infheistíocht phríobháideach
  • cur le hiomaíochas an gheilleagair trí athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme
  • leanúint de laghdú a dhéanamh ar an bhfiachas poiblí

Mhol an Coimisiún do Chomhairle an Aontais Eorpaigh freisin an nós imeachta um easnamh iomarcach a aisghairm (de réir an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis) sna 6 thír seo a leanas: an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ísiltír agus an tSlóvaic. Ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na moltaí sin an 20 Iúil 2014. 

Mí an Mhárta 2014

Comhairle Eorpach an Earraigh

An 20-21 Márta, ghlac an Chomhairle Eorpach Conclúidí ina bhfuil treoracha straitéiseacha beartais do na Ballstáit i ndáil leis an Seimeastar Eorpach. Mheas na ceannairí gur cheart, i gcláir náisiúnta athchóirithe agus i gcláir chobhsaíochta agus chóineasaithe na mBallstát, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a sainaithníodh sna moltaí do 2013 a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, agus a sainaithníodh freisin san anailís a rinne an Coimisiún le déanaí ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear na grinn-athbhreithnithe a rinne sé.

Críochnaíonn an Coimisiún grinn-athbhreithnithe ar 17 mBallstát i leith míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithnithe sa Bheilg, sa Bhulgáir, sa Chróit, sa Danmhairg, san Fhionlainn, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ungáir, in Éirinn, san Iodáil, i Lucsamburg, i Málta, san Ísiltír, sa tSlóivéin, sa Spáinn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe..

D’aithin sé míchothromaíochtaí i ngach ceann de na tíortha sin, agus mheas sé go bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha sa Chróit, san Iodáil agus sa tSlóivéin. D'éirigh leis an Spáinn coigeartú suntasach a dhéanamh le linn na bliana, agus féadfaidh an Coimisiún an tátal a bhaint dá bharr nach iomarcach iad na míchothromaíochtaí atá sa tír sin a thuilleadh, cé go bhfuil rioscaí móra fós ann.

Na príomhthorthaí trastíre

Léirítear san anailís go bhfuil na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, a bhí ag teacht chun cinn thar na mblianta, ag cúlú de réir a chéile. Tá an téarnamh geilleagrach ag dul i dtreise, cé go bhfuil dúshláin fós ann.

I measc na ndúshlán agus na leochaileachtaí is coiteann do roinnt Ballstát, cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir tionchar na díghiarála ar an bhfás sa mheántéarma; inbhuanaitheacht an fhiachais phríobháidigh agus phoiblí agus na ndliteanas seachtrach i gcomhthéacs an bhoilscithe fhíorísil; an gá atá le sreabh leordhóthanach creidmheasa chuig gníomhaíochtaí inmharthana a áirithiú i ngeilleagair leochaileacha i gcóras ilroinnte airgeadais; agus an leibhéal fíorard dífhostaíochta atá i roinnt tíortha.

Táthar ag súil go ndéanfaidh na Ballstáit torthaí na ngrinn-athbhreithnithe agus na réamhaisnéisí buiséadacha a chur san áireamh ina gCláir Náisiúnta um Athchóiriú agus ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú.

Táthar ag súil go ndéanfaidh na Ballstáit sin a sainaithíodh go bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha iontu freagairt chuimsitheach, mhionsonraithe beartais a leagan amach. Déanfar measúnú ar na cláir i mí an Mheithimh 2014 chun a chinneadh an bhfuil siad leordhóthanach mar fhreagairt ar na dúshláin a sainaithníodh.

Mí Feabhra 2014

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Suirbhé Bliantúil Fáis don bhliain 2014

Sna Conclúidí uaithi, aontaíonn an Chomhairle i gcoitinne leis an anailís a rinne an Coimisiún ar an staid eacnamaíoch agus ar na dúshláin beartais san Aontas. Meabhraíonn sí na Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2013 maidir leis na príomhréimsí chun comhordú a dhéanamh ar na beartais eacnamaíocha agus ar an athchóiriú.

I Suirbhé Bliantúil Fáis an Choimisiúin do 2014 cuirtear san áireamh an staid eacnamaíoch agus shóisialta san Eoraip agus leagtar amach tosaíochtaí leathana beartais don Aontas agus do na Ballstáit. Is pointe tosaigh é an suirbhé do Sheimeastar Eorpach 2014.

Sa Suirbhé Bliantúil Fáis, sainaithnítear na cúig thosaíocht leathana beartais seo a leanas do 2014:

  • an comhdhlúthú difreáilte fioscach lena gcothófaí fás a shaothrú agus inbhuanaitheacht fhadtéarma an airgeadais phoiblí a áirithiú
  • iasachtú a chur i bhfeidhm sa gheilleagar arís
  • fás inbhuanaithe, cuimsitheach a chur chun cinn mar aon le hiomaíochas agus poist
  • dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus le hiarmhairtí sóisialta na géarchéime
  • nuachóiriú a dhéanamh ar an riarachán poiblí

Conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh 2014

Is díol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn a rinne na Ballstáit chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha seachtracha agus inmheánacha araon a cheartú, go háirithe i ndáil le heasnaimh sna cuntais reatha, iomaíochas, easnaimh fhioscacha agus i ndáil leis an earnáil airgeadais, lenar cuidíodh, ar an gcaoi sin, le hathchothromú laistigh den Aontas Eorpach agus sa limistéar euro araon.

Tá gá le dul chun cinn breise, áfach, chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí atá ina n-ábhair imní maidir le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear an féichiúnas ard poiblí agus príobháideach mar aon le leibhéil arda an fhiachais sheachtraigh.

Sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an Sásra Foláirimh do 2014, iarrtar go ndéanfar grinn-athbhreithnithe ar an staid mhaicreacnamaíoch sna tíortha seo a leanas: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ungáir, Málta, Lucsamburg, an Ísiltír, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe.

Mí na Samhna 2013

Suirbhé Bliantúil Fáis 2014 ón gCoimisiún Eorpach

Sa Suirbhé Bliantúil Fáis (SBF) do 2014, molann an Coimisiún Eorpach go ndíreoidh an tAontas ar na 5 réimse tosaíochta a leanas in 2014:

  • an comhdhlúthú fioscach, difreálaithe a shaothrú lena gcothaítear fás
  • iasachtú a chur i bhfeidhm sa gheilleagar arís
  • an fás agus an t-iomaíochas a chur chun cinn don lá atá inniu ann agus don todhchaí
  • dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus le hiarmhairtí sóisialta na géarchéime
  • nuachóiriú a dhéanamh ar an riarachán poiblí

Is ionann na tosaíochtaí meántéarmacha sin agus cinn na bliana seo caite, ach moltar sa suirbhé go ndéanfar a gcur chun feidhme a oiriúnú do na himthosca athraitheacha eacnamaíocha agus sóisialta. Moltar gníomhaíochtaí nithiúla sa suirbhé freisin do gach réimse tosaíochta.

Meastar gurb é an phríomhthosaíocht atá ann cur leis an iomaíochas agus leis an bhfás, agus is é an príomhdhúshlán atá ann téarnamh seasta a chothú.

athbhreithniú sa suirbhé freisin ar an dul chun cinn a rinne an tAontas in 2013 maidir leis na 5 thosaíocht.

Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún forléargas ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit aonair maidir le cur chun feidhme moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith (an ‘doiciméad inmheánach oibre’).

An Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an Sásra Foláirimh do 2014

Sa tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh 2014, tugtar forléargas ar fhorbairtí maicreacnamaíocha san Aontas agus sainaithnítear na tíortha sin a d'fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochta maicreacnamaíche. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún 'grinn-athbhreithniú' chun a shainaithint an ann do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch agus chun anailís a dhéanamh ar na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis sin. Bainfear leas as na torthaí agus moltaí á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí sin.

In 2014, déanfar grinn-athbhreithnithe sna tíortha a leanas: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ungáir, Málta, Lucsamburg, an Ísiltír, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe.

Na tíortha sin a mbeidh cúnamh oifigiúil airgeadais á fháil acu, ní bheidh siad faoi réir an chleachtaidh seo. Do nós imeachta 2014, is iad na tíortha sin an Chipir, an Ghréig, an Phortaingéil agus an Rómáin atá i gceist.