Skip to content

Míniú ar phróiseas smachtbhannaí an Aontais

Ábhar sa chartlann.

Ar chliceáil an naisc thíos duit tiocfaidh tú ar an eolas is déanaí faoin gcaoi a nglacann an tAontas smachtbhannaí agus faoin gcaoi a ndéanann sé iad a athbhreithniú.

 Míniú ar phróiseas smachtbhannaí an Aontais

Míniú ar phróiseas smachtbhannaí an Aontais

Cad iad smachtbhannaí an Aontais?

Bearta coisctheacha, ar a dtugtar smachtbhannaí freisin, lena gceadaítear don Aontas Eorpach freagairt ar dhúshláin pholaitiúla agus ar fhorbairtí polaitiúla a théann i gcoinne a chuspóirí agus a luachanna.

Cé a chinneann smachtbhannaí a fhorchuireadh?

Smachtbhannaí uathrialacha an Aontais: féadfaidh an Chomhairle a chinneadh smachtbhannaí a fhorchur as a stuaim féin, arb iad Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó na Ballstáit a chuireann ar aghaidh iad. Go hiondúil bíonn feidhm ag na rialacha go ceann 12 mhí.



Leagtar bearta sriantacha síos i gcinntí ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).



Cén dóigh a n-oibríonn siad?

  • Cosc ar thaisteal: faoin gcosc ar thaisteal ní ceadmhach dóibh siúd atá ar an liosta cos a leagan ar chríocha an Aontais Eorpaigh ná a mbealach a dhéanamh tríothu
  • reo sócmhainní: dírithe ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha na ndaoine liostaithe
  • Cistí: Níl cead ag saoránaigh ná ag cuideachtaí den Aontas cistí a chur ar fáil do na daoine agus do na heintitis atá liostaithe



Cén dóigh a nglactar cinneadh ón gComhairle maidir le smachtbhannaí?

Céim 1: Déanann an tArdionadaí moladh (bearta atá beartaithe)

Céim 2: Scrúdaíonn & pléann comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle na bearta atá beartaithe

Céim 3: Tagann Coreper II ar chomhaontú maidir leis an ngníomh dlí

Céim 4: Is ansin a ghlacann an Chomhairle an cinneadh

Céim 5: Foilsítear an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

As lucht na Comhairle, cé go díreach atá páirteach?

  • Meitheal na Comhairle atá freagrach as an limistéar geografach ina bhfuil an spriocthír, nó meitheal lena mbaineann an téama (e.g. cearta an duine, cibearchúrsaí)
  • an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) más gá
  • Coiste na mBuanionadaithe (Coreper II)

Má tá na nithe seo a leanas san áireamh sa chinneadh ón gComhairle:

  • reo sócmhainní
  • agus/nó cineálacha eile beart eacnamaíoch
  • agus/nó smachtbhanna airgeadais

Ní mór rialachán ón gComhairle a ghlacadh.

Cén dóigh a nglactar rialachán ón gComhairle maidir le smachtbhannaí?

Céim 1: Tíolacann an tArdionadaí agus an Coimisiún togra comhpháirteach le haghaidh rialachán ón gComhairle.

Céim 2: Scrúdaíonn & pléann comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle na bearta atá beartaithe

Céim 3: Tagann Coreper II ar chomhaontú maidir leis an ngníomh dlí

Céim 4: Is ansin a ghlacann an Chomhairle an rialachán

Céim 5: Foilsítear an rialachán in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Céim 6: Ina dhiaidh sin, cuireann an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi.

Go hiondúil, glactar an cinneadh ón gComhairle agus an rialachán ón gComhairle le chéile agus tagann siad i bhfeidhm an lá a nglactar iad. Leis sin, is féidir éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag an dá ghníomh i gcomhthráth (reo sócmhainní).

Cé a chuireann chun feidhme iad?

Is iad na Ballstáit a chuireann chun feidhme iad.

Fíoróidh an Coimisiún go bhfuil na rialacháin curtha chun feidhme ag na Ballstáit ar bhealach cuí tráthúil. Agus ní mór do shaoránaigh agus d’oibreoirí iad a fhorfheidhmiú laistigh den Aontas. Déantar athbhreithniú rialta orthu.

Ag brath ar an dóigh a bhfuil cúrsaí ag titim amach, is féidir leis an gComhairle a chinneadh tráth ar bith

  • iad a leasú
  • síneadh a chur leo
  • iad a bhaint

Cé a ailíníonn leo?

Is éifeachtaí na smachtbhannaí nuair atá an tAontas agus na comhpháirtithe atá ar aon intinn ag teacht le chéile, comhpháirtithe ar nós:

  • tíortha is iarrthóirí
  • Tíortha CFTE/LEE
  • comhaltaí de Chomhpháirtíocht an Oirthir

Cé dóigh a gcuirtear iad siúd a ndírítear orthu ar an eolas faoi na smachtbhannaí?

Is mar seo a leanas a thugtar fógra do dhaoine nádúrtha agus dlíthiúla atá faoi réir reo sócmhainní:

  • go pearsanta i litir (más eol an seoladh)
  • trí fhógra a fhoilsíonn an Chomhairle i sraith ‘C’ d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh



Cén dóigh a n-iarrtar bearta sriantacha a bhaint?

Féadfaidh daoine agus eintitis liostaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • iarratas a chur faoi bhráid na Comhairle, le doiciméid tacaíochta, ina n-iarrtar go mbreathnófar arís ar an gcinneadh iad a liostú
  • cur i gcoinne chinneadh na Comhairle os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh: Airteagail 275 agus 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh