Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 8-9 Nollaig 2022

Ceartas (Dé hAoine, an 9 Nollaig)

An tsaoirse ó phionós san Úcráin a chomhrac

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tsaoirse ó phionós a chomhrac i ndáil le coireanna cogaidh arna ndéanamh i ndáil le cogadh foghach na Rúise faoin Úcráin.

Pavel Blažek, Aire Dlí agus Cirt na Seicia
9 mí ó thús na cogaíochta, tá an Rúis fós ag déanamh ionsaithe uafásacha neamh-idirdhealaitheacha ar shaoránaigh agus ar bhonneagar sibhialtach na hÚcráine. Táthar ag teacht gach lá ar choireanna cogaidh a rinneadh san Úcráin. Seasann an tAontas leis an Úcráin agus lena muintir agus leanfaidh sé de bheith ag tacú le húdaráis na hÚcráine agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta chun a chinntiú go dtabharfar na daoine atá freagrach as na coireanna sin os comhair na cúirte.
Pavel Blažek, Aire Dlí agus Cirt na Seicia
Pavel Blažek, Aire Dlí agus Cirt na Seicia

Iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit agus ar chomhlachtaí ábhartha an Aontais leanúint de bheith ag tacú le hOifig Ionchúisitheoir Ginearálta na hÚcráine agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC). Iarrann sí freisin ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun an sainmhíniú ar chroíchoireanna idirnáisiúnta agus ar mhodhanna dliteanais a chur chun feidhme go hiomlán agus chun go bhféadfar dlínse uilíoch nó cineálacha eile dlínse baile a fheidhmiú maidir leis na coireanna sin. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus cosaint íospartach croíchoireanna idirnáisiúnta in imeachtaí coiriúla a neartú freisin.

Aisghabháil agus coigistiú sócmhainní

Phléigh na hairí an dréacht-treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní. Dhírigh siad go háirithe ar chearta nós imeachta na ndaoine nach bhfuil amhras fúthu. Mheas siad an dtugann na cearta chun triail chóir a fháil agus leigheas éifeachtach mar atá sa togra cosaint leordhóthanach do gach duine a ndéanann na bearta difear dóibh. D'fhéach siad freisin ar cheart na cosanta a leathnú chuig daoine nach bhfuiltear á gcúiseamh sa chion coiriúil ach a ndéanann na bearta difear dóibh.

Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad go ginearálta le cosaint nós imeachta a chur ar fáil do gach duine a ndéanann na bearta difear dóibh, lena n-áirítear daoine nach bhfuil cúisithe nó atá faoi amhras coire, ar a laghad a mhéid dá bhforáiltear sa togra. Ar bhonn an phlé sin, leanfar anois den obair ar an leibhéal teicniúil .

Coireacht chomhshaoil

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena sainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an treoir maidir le coireacht chomhshaoil. Is é is aidhm don togra seo imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coireachta comhshaoil a fheabhsú. Sainmhínítear an choireacht chomhshaoil ar bhealach níos beaichte agus cuireann sé cineálacha nua cionta coiriúla comhshaoil leis. Comhchuibhítear freisin leibhéal na bpionós do dhaoine nádúrtha agus den chéad uair do dhaoine dlítheanacha chomh maith.

Digiteáil an cheartais

Ghlac an Chomhairle a sainordú le haghaidh caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an rialachán atá beartaithe maidir le digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh agus na rochtana ar cheartas agus maidir leis an treoir a ghabhann leis. Leis na tograí seo, cuirfear feabhas ar éifeachtacht agus ar luas na nósanna imeachta breithiúnacha agus éascófar rochtain na saoránach ar an gceartas.

Cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail (SLAPP)

Phléigh na hairí an dréacht-treoir i gcoinne cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail (an treoir i gcoinne SLAPP). Dhírigh siad go háirithe ar an ngá atá le coimircí leordhóthanacha i gcoinne mí-úsáid imeachtaí sibhialta agus, ag an am céanna, a chinntiú go gcoimeádfar an ceart chun rochtain éifeachtach a fháil ar an gceartas.

Leis an togra seo, féachtar le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar dhlíthíocht mhí-úsáideach arb é is aidhm dó iad a chur ina dtost. Tríd is tríd, thacaigh na Ballstáit le sprioc na treorach an ceart chun tuairimí a nochtadh agus chun faisnéise a chosaint. Luaigh siad freisin gur gá a chinntiú nach mbainfear mí-úsáid as na coimircí nós imeachta dá bhforáiltear sa togra agus go ráthófar rochtain an éilitheora ar an gceartas, ar ceart bunúsach é freisin, i gcónaí. Ba cheart na bearta sin a spriocdhíriú go cúramach agus i gcomhréir leis an gceart chun triail chóir a fháil.

An frithsheimíteachas a chomhrac

Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le comhrac an fhrithsheimíteachais. Rinne siad machnamh ar conas an oiread iarrachtaí agus is féidir a dhéanamh chun an frithsheimíteachas a chomhrac ar gach leibhéal agus ar fud na sochaí, conas an plé a chuíchóiriú go héifeachtach, cé na hionstraimí is tábhachtaí chun an frithsheimíteachas ar líne a chomhrac, cad atá ar siúl ag na Ballstáit chun feabhas a chur ar thaifeadadh agus ar thuairisciú teagmhas frithsheimíteach agus cad iad na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh chun acmhainní leordhóthanacha airgeadais a chinntiú agus a leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Cearta bunúsacha

Phléigh na hairí aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, go háirithe na gnéithe deiridh den chaibidlíocht sin atá fós gan réiteach. Rinneadh an chaibidlíocht le Comhairle na hEorpa a athsheoladh go foirmiúil i mí an Mheithimh 2020 agus tá dul chun cinn maith déanta ó shin, agus thángthas ar chomhaontuithe sealadacha maidir le roinnt príomhghnéithe.

Faoi mhíreanna eile, thíolaic an Coimisiún a thuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm chairt um chearta bunúsacha an Aontais. Dírítear i dtuarascáil na bliana seo ar chumhachtú eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cosantóirí ceart agus cleachtóirí ceartais mar phríomhghníomhaithe inár ndaonlathais.

r-fhianaise

Thug an Uachtaránacht tuairisc ar an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis na tograí maidir le r-fhianaise. Chuir sí na hairí ar an eolas faoin gcomhaontú polaitiúil sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa an 29 Samhain. Tá obair theicniúil ar siúl anois chun bailchríoch a chur ar na téacsanna dlíthiúla ionas gur féidir iad a chur faoi bhráid na mBallstát lena bhformhuiniú.

Is é is aidhm do na tograí reachtacha r-fhianaise dlús a chur le rochtain ar fhianaise leictreonach trí chreat dlíthiúil a chruthú d’orduithe breithiúnacha atá dírithe ar sholáthraí seirbhíse nó ar a ionadaí dlíthiúil i mBallstát eile.

An chibearchoireacht a chomhrac

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le feabhas a chur ar acmhainneachtaí an GhréasáinBhreithiúnaigh Eorpaigh
um Chibearchoireacht (EJCN), agus ar an gcaoi sin, tacaítear le bunú Rúnaíocht fhoirmiúil EJCN ar cheart di feidhmiú mar struchtúr tacaíochta riachtanach do EJCN chun go mbeidh EJCN in ann riachtanais agus ionchais na gcleachtóirí a bhfuil baint acu leis an gcibearchoireacht a chomhlíonadh.

Gnó eile

Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí maidir leis na tograí reachtacha reatha.

Thug an Uachtaránacht tuairisc freisin ar na hullmhúcháin agus ar an gclár oibre don chéad chruinniú aireachta eile idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i réimse an cheartais agus gnóthaí baile, agus ar an toradh a bhí ar fhóram aireachta an Aontais agus na mBalcán Thiar maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcomhdháil maidir le sceithireacht a bhí ar siúl i bPrág an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair. Ag an gcruinniú sin, breathnaíodh ar na forbairtí chun an treoir a thrasuí maidir le sceithireacht agus ar chosaint sceithirí ar bhonn níos ginearálta.

Chomh maith leis sin, chuir an Uachtaránacht torthaí na ceardlainne maidir le digiteáil an cheartais a bhí ar siúl an 24 Deireadh Fómhair sa Bhruiséil i láthair.

Thíolaic an Coimisiún moladh maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe atá faoi réir coinneála roimh an triail agus maidir le coinníollacha coinneála ábhartha.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Sualainne ar an gComhairle a clár oibre agus a tosaíochtaí i láthair don 6 mhí atá amach romhainn.

Gnóthaí baile – (Déardaoin, an 8 Nollaig)

Limistéar Schengen

Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine sa Chróit.

Vít Rakušan, Aire Gnóthaí Baile na Seicia
Is cúis mhór áthais dom go raibh an Chróit in ann, le linn Uachtaránacht na Seicia, dhá chéim thábhachtacha a ghlacadh i ndáil lena lánpháirtiú Eorpach trí dhul isteach sa limistéar euro agus i limistéar Schengen araon. Tá muinín agam go réiteoidh sé sin an bealach chun go mbeidh Ballstáit eile a bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh acu in ann an chéad chéim eile ina n-aistir Eorpacha a ghlacadh, agus leanfaidh mé féin agus mo chomhghleacaithe de bheith ag obair go dian dícheallach chun a chinntiú gur féidir linn fáilte a chur roimh an mBulgáir agus an Rómáin agus go mbeidh siad mar chuid de theaghlach Schengen go luath amach anseo.
Vít Rakušan, Aire Gnóthaí Baile na Seicia
Vít Rakušan, Aire Gnóthaí Baile na Seicia

Bhreathnaigh na hairí freisin ar staid fhoriomlán limistéar Schengen, ag díriú ar bhearta slándála inmheánaí, lena gcuirtear san áireamh idir-inoibritheacht na gcóras TF agus cur i gcoinne smuigleáil imirceach. D’fhormhuinigh siad sraith gníomhaíochtaí chun smuigleáil imirceach a chomhrac, lena gcumhdaítear trí réimse: feasacht staide stóinsithe a choinneáil, tacú le gníomhaíocht oibríochtúil trasteorann níos láidre i gcoinne líonraí coiriúla agus ról na ngníomhaireachtaí CGB agus an chomhair idirghníomhaireachta. D’fhormhuinigh na hairí freisin an amlíne athbhreithnithe maidir le teacht i bhfeidhm Chóras uasghrádaithe Faisnéise Schengen, a bhfuiltear ag súil leis anois faoin 7 Márta 2023.

Tearmann agus Imirce

Thug an uachtaránacht forléargas ar staid na himeartha maidir leis na comhaid tearmainn agus imirce. Le roinnt míonna anuas, dhírigh an dianobair den chuid is mó ar bhealach chun cinn a aimsiú maidir le dlúthpháirtíocht, freagracht agus freagairt ar ghéarchéimeanna imirce ó thaobh an Aontais de. Leanfar den obair chun na prionsabail sin a chomhtháthú sna téacsanna reachtacha faoi Uachtaránacht inteachta na Sualainne. Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil freisin faoi na forbairtí dearfacha is déanaí a bhaineann leis an gcomhar idirinstitiúideach idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, lenar féidir obair a atosú ar chúig thogra reachtacha faoin gComhshocrú maidir le himirce agus tearmann.

Rinne na hairí measúnú ar an dul chun cinn maidir leis an obair leanúnach ar rialachán chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn. Cheadódh an rialachán sin do na Ballstáit, atá ag tabhairt aghaidh ar chás ionstraimithe, maolú go heisceachtúil ar roinnt de na comhrialacha Eorpacha maidir le tearmann, i gcás inar gá agus inar comhréireach. D'fhorálfaí freisin do rialacha sonracha i ndáil le bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a fhéadfar a dhéanamh i gás mar sin.

Mhalartaigh na hairí tuairimí freisin maidir le gné sheachtrach na himirce agus maidir leis an staid feadh na bpríomhbhealaí imirce. Leag siad béim ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar ghné sheachtrach na himirce ar bhealach cuimsitheach, agus na bealaí uile á gcur san áireamh agus iarrachtaí comhpháirteacha nó comhlántacha a dhéanamh nuair is féidir. Faoin bpointe sin, thíolaic an Coimisiún Eorpach a phlean gníomhaíochta a eisíodh le déanaí maidir le bealach na mBalcán Thiar, a leanann a phlean gníomhaíochta maidir leis an Meánmhuir Láir, a eisíodh an 21 Samhain. Iarradh ar an gCoimisiún pleananna gníomhaíochta a mholadh maidir leis an bealaí eile.

Le linn an lóin, phléigh na hairí conas is féidir feabhas a chur ar éifeachtacht bheartas an Aontais um fhilleadh. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá giaráil víosaí agus d’fhormhuinigh siad amlíne a mhol an Uachtaránacht agus leag siad béim ar an ngá atá le giaráil a úsáid i réimsí éagsúla chun feabhas a chur ar chomhar tríú tíortha maidir le hathligean isteach.

Chomh maith leis sin ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme, mar mhír gan phlé, lena méadaítear an táille víosa a ghearrtar ar náisiúnaigh na Gaimbia go EUR 120, lena bhféachtar le feabhas a chur ar chomhar na Gaimbia maidir le filleadh agus athligean isteach a náisiúnach féin.

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le staid na ndídeanaithe ón Úcráin san Aontas, go háirithe maidir
le cóiríocht agus saoráidí glactha agus maidir le pleanáil theagmhasach le linn an gheimhridh. De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá beagnach 4 mhilliún dídeanaí ón Úcráin á n-óstáil ag Ballstáit an Aontais agus tá 700 000 leanbh ar a laghad cláraithe sna córais oideachais.

Rinne na hairí a marana freisin faoin idirphlé leis an Úcráin maidir leis an tslándáil inmheánach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála chomhroinnte
atá ag eascairt as cogadh foghach na Rúise, slándáil teorann nó riosca
na gáinneála ar airm thine aindleathacha agus na coireachta tromchúisí eile san áireamh.

Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir leis an bhfreagairt a tugadh i gcomhthéacs an sásra Aontais um chosaint shibhialta ar dhúshláin a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin, dúshláin a bhí ann le déanaí i réimse an fhuinnimh san áireamh.

Ghlac an Chomhairle freisin gan phlé a chinneadh gan glacadh le doiciméid de chuid na Rúise a eisítear san Úcráin agus sa tSeoirsia. Maidir le doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin atá faoi fhorghabháil Rúiseach san Úcráin nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia, nó chuig daoine atá ina gcónaí iontu, ní ghlacfar leo mar dhoiciméid taistil bhailí chun víosa a fháil nó chun teorainneacha limistéar Schengen a thrasnú.

Athléimneacht an bhonneagair chriticiúil

Ghlac an Chomhairle treoir agus moladh darb aidhm leochaileachtaí na n-eintiteas criticiúil a laghdú agus athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a neartú. Soláthraíonn na heintitis sin seirbhísí bunriachtanacha atá fíorthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, sláinte agus sábháilteacht phoiblí agus an comhshaol a choinneáil ar bun. Ní mór dóibh a bheith in ann ionsaithe hibrideacha, tubaistí nádúrtha, bagairtí sceimhlitheoireachta agus éigeandálaí sláinte poiblí a chosc, cosaint a thabhairt ina gcoinne, freagairt dóibh, déileáil leo agus téarnamh uathu.

Mí-úsáid ghnéasach leanaí

Rinne na hairí measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an dréachtrialachán chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac. Rinneadh plé sa Chomhairle ar an leibhéal teicniúil, inar críochnaíodh an chéad scrúdú ar an téacs iomlán. Ina dhiaidh sin, thíolaic an Uachtaránacht roinnt tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an téacs, go háirithe maidir le hábhar agus raon feidhme, sainmhínithe, oibleagáidí soláthraithe seirbhíse ar líne agus maoirseacht, forfheidhmiú agus comhar. Leanfar den obair ar an rialachán le linn Uachtaránacht inteachta na Sualainne ar an gComhairle.

Gnó eile

Cuireadh na hairí ar an eolas faoin gcomhar idir na húdaráis inniúla a bhíonn ag plé leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, agus an grúpa frithsceimhlitheoireachta (CTG) i láthair.

Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí maidir leis na tograí reachtacha reatha.

Thug an Uachtaránacht tuairisc freisin ar na hullmhúcháin agus ar an gclár oibre don chéad chruinniú aireachta eile idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i réimse an cheartais agus gnóthaí baile, agus ar an toradh a bhí ar fhóram aireachta an Aontais agus na mBalcán Thiar maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile.

Chuir an Uachtaránacht toradh chomhdháil aireachta phróiseas Phrág in iúl, inar glacadh dearbhú comhpháirteach agus plean gníomhaíochta do 2023-2027.

Chuir an Phortaingéil pointe i láthair maidir le hainmniú Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce (IOM).

Thíolaic an Coimisiún pointe maidir le hullmhacht i ndáil le falscaithe i gcomhthéacs shásra an Aontais um chosaint shibhialta, tar éis an dianséasúir dóiteáin an samhradh seo san Aontas.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Sualainne ar an gComhairle a clár oibre agus a tosaíochtaí don 6 mhí atá amach romhainn i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025