Skip to content

Leasuithe ar rialacha an aontais baincéireachta

Ar an 9 Nollaig 2016, chuir an Chomhairle tús leis an obair ar shraith tograí arb é is aidhm dóibh rialacha reatha an aontais baincéireachta a leasú. Sna conclúidí a d'eisigh an Chomhairle ar an 17 Meitheamh 2016, d'iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach obair a dhéanamh maidir leis na tograí sin ("an Treochlár chun an t-aontas baincéireachta a chomhlánú").

D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach na tograí ar an 23 Samhain 2016 agus is é is aidhm dóibh athléimneacht na mbanc a neartú a thuilleadh agus feabhas a chur ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas Eorpach. Tá mar aidhm acu freisin rialacha an Aontais i ndáil leis an aontas baincéireachta a chur ar aon dul le roinnt eilimintí arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe na caighdeáin a comhaontaíodh i gCoiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht agus sa Bhord um Chobhsaíocht Airgeadais.

Ceapadh na leasuithe sin chun nuashonrú a dhéanamh ar na ceanglais chaipitil do na bainc agus chun na rialacha sin a dhéanamh níos simplí agus níos éadroime do bhainc bheaga, agus chun feabhas a chur ar chumas na n-institiúidí creidmheasa tacú leis an ngeilleagar.

Leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar le tacú leis an obair leanúnach atá á déanamh chun rioscaí a laghdú in earnáil baincéireachta an Aontais Eorpaigh.

Leis na tograí nua, foráiltear d'athruithe maidir leis na nithe seo a leanas:

  • ceanglais chaipitil d'earnáil na baincéireachta trí leasú a dhéanamh ar Threoir 2013/36/AE agus ar Rialachán Uimh. 575/2013
  • rialacha maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc, trí leasú a dhéanamh ar Threoir 2014/59/AE
  • rialacha a bhaineann le sásra réitigh aonair an Aontais, trí leasú a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 806/2014

Beidh ar an gComhairle, in éineacht le Parlaimint na hEorpa, na leasuithe a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Beidh uirthi dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le Coiste na Réigiún, chomh maith le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le gnéithe éagsúla de na tograí.

Sa Chomhairle

  • 2019

    15 Feabhra

    pacáiste iomlán de bhearta laghdaithe riosca formhuinithe ag ambasadóirí an Aontais

    D'fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais comhaontú ar an 15 Feabhra, a baineadh amach idir uachtaránacht na Comhairle agus an Pharlaimint maidir le sraith rialacha athbhreithnithe arb é is aidhm dóibh rioscaí in earnáil baincéireachta an Aontais a laghdú.

    Cuimsítear dhá rialachán agus dhá threoir leis an bpacáiste a chomhaontaigh an Chomhairle agus an Pharlaimint, a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    • ceanglais chaipitil do na bainc (leasuithe ar Rialachán 575/2013 agus ar Threoir 2013/36/AE);
    • téarnamh agus réiteach na mbanc atá i ngátar (leasuithe ar Threoir 2014/59/AE agus ar Rialachán 806/2014).

    Leis an gcinneadh, tugtar próiseas idirbheartaithe a thosaigh i mí na Samhna 2016 chun críche. Thángthas ar an gcéad chomhaontú maidir le príomheilimintí an phacáiste baincéireachta agus dhaingnigh an Chomhairle é ar an 4 Nollaig 2018. Tá an margadh maidir leis na bearta laghdaithe riosca uile formhuinithe ag ambasadóirí an Aontais.

    Is é is rún don phacáiste laghdaithe riosca athchóirithe, arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta tar éis na géarchéime airgeadais in 2007-2008, a chur chun feidhme chun an earnáil baincéireachta a neartú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais atá fós gan réiteach. Cuireadh na tograí i láthair i mí na Samhna 2016 agus áirítear orthu gnéithe a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais.

    Ar na croíbhearta a comhaontaíodh chun an riosca a laghdú sa chóras baincéireachta, cuireann an pacáiste leis an gcreat um réiteach banc. Ceanglaíonn sé ar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIIanna) acmhainn ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe níos fearr a bheith acu trí na ceanglais i ndáil le méid agus cáilíocht na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a shocrú chun próiseas tarrthála inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus ordúil a áirithiú. Cuireann sí coimircí sealadacha agus gníomhaíochtaí breise féideartha ar fáil do na húdaráis réitigh freisin.

    Leis an bpacáiste déanfar ceanglais chaipitil na mbanc a threisiú chun gur lú na dreasachtaí rioscaí iomarcacha a thógáil, trí chóimheas giarála ceangailteach agus cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí ceangailteach a thabhairt isteach agus rialacha atá íogair ó thaobh riosca de a shocrú chun urrúis agus díorthaigh a thrádáil.

    Ina theannta sin, tá bearta sa phacáiste baincéireachta chun acmhainn iasachtaithe na mbanc a fheabhsú agus chun gur fusa ról níos mó a bheith ag na bainc sna margaí caipitil, mar shampla:

    • an t-ualach riaracháin atá ar bhainc bheaga nach bhfuil a oiread castachta ag baint leo a laghdú, go háirithe an t-ualach riaracháin sin a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus nochta;
    • cur le cumas na mbanc iasachtaí a thabhairt do FBManna agus tionscadail bhonneagair a chistiú;

    Tá creat sa phacáiste baincéireachta freisin maidir le comhar agus comhroinnt faisnéise idir na húdaráis éagsúla a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar ghrúpaí baincéireachta trasteorann agus na grúpaí baincéireachta sin a réiteach. Leis na bearta a comhaontaíodh, coinneofar an chothromaíocht, a baineadh amach a bhuí leis an seasamh ón gComhairle, idir cumhachtaí na maoirseoirí baile agus na maoirseoirí óstacha chun sreabha trasteorann caipitil agus leachtachta a éascú agus, san am céanna, cosaint leordhóthanach do thaisceoirí agus creidiúnaithe agus cobhsaíocht airgeadais i ngach Ballstát a áirithiú. Leis an gcomhaontú, tabharfar isteach freisin leasuithe chun comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla maidir le hábhair a bhaineann le maoirseacht ar ghníomhaíochtaí frithsciúrtha airgid.

  • 2018

    4 Nollaig

    Pacáiste beart formhuinithe ag an gComhairle chun rioscaí a laghdú

    D'fhormhuinigh airí airgeadais an comhaontú a baineadh amach idir Uachtaránacht na hOstaire ar an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa i leith príomhbhearta maidir le pacáiste cuimsitheach reachtaíochta arb é is aidhm dóibh rioscaí a laghdú in earnáil baincéireachta an Aontais.

    Leis na tograí, tá sé beartaithe athchóirithe, arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta tar éis na géarchéime airgeadais in 2007-2008, a chur chun feidhme chun earnáil na baincéireachta a neartú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin roimh an gcobhsaíocht airgeadais atá fós gan réiteach. Cuireadh i láthair iad i mí na Samhna 2016 agus áirítear orthu eilimintí arna gcomhaontú ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht agus ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.

    An Treochlár chun an t-aontas baincéireachta a chomhlánú

    A bhuí leis na bearta a comhaontaíodh, baintear amach trí cinn de na príomhchuspóirí a leagadh amach i dtreochlár na Comhairle chun an t-aontas baincéireachta a chomhlánú, treochlár a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2016:

    • feabhas a chur ar an gcreat um réiteach bainc, go háirithe leibhéal agus cáilíocht an fho-ordaithe dliteanas is gá (íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe) chun próiseas éifeachtach ordúil fortharrthála a áirithiú.
    • an deis a thabhairt isteach d'údaráis réitigh chun íocaíochtaí bainc agus/nó oibleagáidí conarthacha a chur ar fionraí nuair atá an banc faoi réiteach, ar a dtugtar uirlis an mhoratóra, chun cabhrú le staid an bhainc a chobhsú.
    • ceanglais chaipitil na mbanc a mhéadú chun gur lú na dreasachtaí a bheadh ann rioscaí iomarcacha a thógáil, trí chóimheas giarála ceangailteach agus cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a thabhairt isteach agus rialacha atá íogair ó thaobh riosca de a shocrú chun urrúis agus díorthaigh a thrádáil.

    Ina theannta sin, tá bearta sa phacáiste baincéireachta chun acmhainn iasachtaithe na mbanc a fheabhsú agus chun gur fusa ról níos mó a bheith ag na bainc sna margaí caipitil, mar shampla:

    • an t-ualach riaracháin atá ar bhainc bheaga nach bhfuil a oiread castachta ag baint leo a laghdú, go háirithe an t-ualach riaracháin sin a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus nochta;
    • cur le cumas na mbanc iasachtaí a thabhairt do FBManna agus tionscadail bhonneagair a chistiú;
    • na costais a bhaineann le hionstraimí áirithe a eisiúint/a choinneáil a laghdú, amhail ionstraimí urrúsúcháin d'ardcháilíocht nó bannaí faoi chumhdach;

    Tá creat sa phacáiste baincéireachta freisin maidir le comhar agus comhroinnt faisnéise idir na húdaráis éagsúla a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar ghrúpaí baincéireachta trasteorann agus na grúpaí baincéireachta sin a réiteach.

    Leis na bearta a comhaontaíodh, coinneofar an chothromaíocht, a baineadh amach a bhuí leis an seasamh ón gComhairle, idir cumhachtaí na maoirseoirí baile agus na maoirseoirí óstacha chun sreabha trasteorann caipitil agus leachtachta a éascú agus, san am céanna, cosaint leordhóthanach do thaisceoirí agus creidiúnaithe agus cobhsaíocht airgeadais i ngach Ballstát a áirithiú.

    Leis an gcomhaontú, tabharfar isteach freisin leasuithe chun comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla maidir le hábhair a bhaineann le maoirseacht ar ghníomhaíochtaí frithsciúrtha airgid.

  • 2018

    25 Bealtaine

    An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le bearta chun riosca a laghdú i dtionscal na baincéireachta

    Chomhaontaigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais a seasamh maidir le tograí chun riosca i dtionscal na baincéireachta a laghdú, agus rialacha maidir le ceanglais chaipitil agus maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc á neartú aici. D'iarr na hairí ar an Uachtaránacht tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh an Pharlaimint réidh chun dul i mbun caibidlíochta. Bunaithe ar an dul chun cinn a baineadh amach maidir le laghdú riosca, d'athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad tiomanta dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na codanna uile, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le comhroinnt riosca, a luaitear i dtreochlár na Comhairle i ndáil leis an aontas baincéireachta ó mhí an Mheithimh 2016.

  • 2017

    5 Nollaig

    Athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar an obair atá déanta i ndáil leis an bpacáiste baincéireachta

    D'fhéach na hairí ar an dul chun cinn a rinneadh ar an bpacáiste baincéireachta.

  • 2017

    16 Meitheamh

    A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil le togra maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 9

    Ar an 16 Meitheamh 2017, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta i ndáil le dréacht-togra lena leasaítear an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil do na bainc san Aontas Eorpach. Leis an leasú sin, tugtar isteach bearta idirthréimhseacha chun maolú a dhéanamh ar an tionchar diúltach ar chaipitil rialála na mbanc a d'fhéadfadh a bheith de bharr thabhairt isteach IFRS 9.

    Leis an gcomhaontú, cuirtear ar chumas Uachtaránacht na Comhairle dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra a luaithe a bheidh an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú faoina seasamh caibidlíochta.

    Is feabhas é IFRS 9 ar an gcaoi a ndéantar cuntasaíocht ar ionstraimí airgeadais mar go mbeidh de cheangal feasta soláthar a dhéanamh maidir le luathchaillteanas iasachta. In IFRS 9, tugtar aghaidh ar na laigí atá sa chreat cuntasaíochta a sainaithníodh le linn na géarchéime airgeadais. Mar sin féin, de bhíthin forálacha níos mó, is dócha go dtiocfaidh laghdú ar chaipiteal rialála na mbanc.

    Ach a nglacfar an togra, cuirfear ar chumas na mbanc cuid de na soláthairtí méadaithe le haghaidh caillteanas ar iasachtaí a chur lena gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 mar chaipiteal breise le linn idirthréimhse dar fad cúig bliana. Gach bliain le linn na hidirthréimhse, laghdófar de réir a chéile an méid breise sin go dtí nach bhfágfar ar deireadh ach nialas.

    Sa togra déantar foráil freisin maidir le deireadh a chur, in imeacht trí bliana, leis an díolúine ón teorainn ar neamhchosaint mhór i gcás neamhchosaintí banc ar fhiachas earnála poiblí de chuid Ballstát a ainmnítear in airgeadra aon Bhallstáit eile.

    Ó tharla gur ar an 1 Eanáir 2018 a thiocfaidh IFRS 9 i bhfeidhm, chinn an Chomhairle na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le IFRS 9 a scoilteadh agus a thabhairt chun tosaigh go mear le go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta sin, ar forálacha iad atá sa togra a thíolaic an Coimisiún i mí na Samhna 2016 lenar leasaítear Rialachán Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais chaipitil do na bainc.

  • 2017

    16 Meitheamh

    A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle i leith ordlathas creidiúnaithe bainc le linn imeachtaí dócmhainneachta

    Ar an 16 Meitheamh 2017, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir le dréacht-treoir lena leasaítear an creat maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc trí rialacha a thabhairt isteach maidir le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú le linn imeachtaí dócmhainneachta (i.e. ordlathas creidiúnaithe bainc). Leis an gcomhaontú sin, cuirtear ar cumas Uachtaránacht na Comhairle dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh caibidlíochta féin formheasta ag an bParlaimint.

    Leis an togra seo, leasaítear agus feabhsaítear Airteagal 108 den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, ar treoir í a bhain roimhe seo le rangú taiscí in ordlathas dócmhainneachta.

    Leis an togra sin, tugtar isteach ceanglas ar na Ballstáit nach mór dóibh fo-ordú soiléir ar thaiscí neamhurraithe a bhunú a gcaithfí iad a fhortharrtháil dá dteipfeadh ar bhanc nó dá mba dhócha go dteipfeadh air.

    Baineann na rialacha seo, i measc nithe eile, le taiscí móra nach bhfuil cumhdaithe ag scéim ráthaíochta, i.e. an sciar sin is airde ná an teorainn EUR 100 000 atá faoi ráthaíocht ag an scéim ráthaithe taiscí.

    Bheadh ceanglas ar na Ballstáit aicme fiachais shinsearaigh "neamhthosaíochta" a chur ar bun, de bharr nach gcruthaítear leis an treoir atá ann faoi láthair ach tosaíocht do dhaoine nádúrtha agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ní shoiléirítear sa treoir sin céard is cóir fhabhrach ann.

  • 2016

    9 Nollaig

    Tosaíonn an Chomhairle ag obair ar na tograí chun rialacha an aontais baincéireachta a leasú

    Sa Chomhairle, thosaigh an Mheitheal um Sheirbhísí Airgeadais, ar saineolaithe náisiúnta ó Bhallstáit an Aontais iad na baill, ag obair ar na tograí reachtacha chun rialacha an aontais baincéireachta a leasú.

  • 2016

    6 Nollaig

    Na tograí chun nuashonrú a dhéanamh ar rialacha an aontais baincéireachta curtha faoi bhráid na Comhairle

    Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais tar éis cur i láthair ón gCoimisiún Eorpach faoina phacáiste de thograí reachtacha arb é is aidhm dó tuilleadh feabhais a chur ar athléimneacht earnáil baincéireachta an Aontais agus ar chumas na hearnála sin tacú leis an bhfíorgheilleagar.

    Leis na leasuithe sin, a foilsíodh ar an 23 Samhain 2016, cumhdaítear an leabhar rialacha aonair, eadhon na ceanglais chaipitil d'earnáil na baincéireachta agus na rialacha maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc agus na rialacha a bhaineann leis an sásra réitigh aonair.

  • 2016

    17 Meitheamh

    An Treochlár chun an t-aontas baincéireachta a chomhlánú

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis "an Treochlár chun an t-aontas baincéireachta a chomhlánú" ag an gcruinniú a bhí aici ar an 17 Meitheamh. Tugtar forléargas sa doiciméad ar na chéad chéimeanna eile maidir leis an aontas baincéireachta agus iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach obair a dhéanamh maidir le tograí chun rialacha an aontais baincéireachta a leasú.