Skip to content

Pacáiste i gcoinne seachaint cánach

Céard é féin?

Is tacar tionscnamh reachtach agus neamhreachtach de chuid an Aontais é an ‘pacáiste i gcoinne seachaint cánach’, atá dírithe ar rialacha i gcoinne seachaint cánach corparáidí a neartú agus ar a chinntiú go mbeidh an cánachas corparáideach san Aontas níos córa, níos simplí agus níos éifeachtaí ná mar a bhí.

Cuirtear leis na tionscnaimh sin le moltaí 2015 ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) chun aghaidh a thabhairt ar chreimeadh an bhoinn cánach agus ar aistriú brabúis (BEPS).

Seo a leanas aidhmeanna an phacáiste:

  • cosc a chur ar phleanáil ionsaitheach chánach
  • trédhearcacht a mhéadú
  • timpeallacht níos córa ná mar atá ann a chruthú do ghnólachtaí san Aontas Eorpach

Cad atá sa phacáiste?

Tá na gnéithe seo a leanas sa phacáiste:

Teachtaireacht maidir le pacáiste i gcoinne seachaint cánach

Mínítear, sa teachtaireacht, an réasúnaíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch laistigh de na bearta a mholtar sa phacáiste.

Treoir i gcoinne seachaint cánach

Bunaítear leis an treoir roinnt beart atá ceangailteach ó thaobh dlí de i gcoinne pleanáil ionsaitheach chánach. Go háirithe, féachtar le haghaidh a thabhairt ar chásanna ina mbaineann grúpaí corparáideacha leas as na héagothromaíochtaí atá idir na córais náisiúnta chánach lena ndliteanas cánach a laghdú. Chun na críche sin déantar foráil léi d’fhorálacha dlíthiúla i gcoinne pleanáil ionsaitheach chánach a bhaineann le:

  • teorannú úis
  • rialacha maidir le cánachas scoir
  • rialacha maidir le cuideachtaí coigríche rialaithe
  • riail ghinearálta maidir le frith-mhí-úsáid
  • rialacha maidir le neamhréireanna hibrideacha

Áiritheofar léi freisin go ndéanfar bearta frith-BEPS de chuid OECD a thrasuí ar bhealach comhordaithe, agus go ndéanfaidh na 7 mBallstát de chuid an Aontais nach comhaltaí de OECD iad amhlaidh freisin.

Ghlac an Chomhairle an treoir i gcoinne seachaint cánach ar an 12 Iúil 2016. Ghlac sí an leasú freisin, lena dtugtar isteach rialacha chun aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna hibrideacha le córais chánach lasmuigh den Aontas ar an 29 Bealtaine.

Beidh go dtí an 31 Nollaig 2018 ag na Ballstáit leis an treoir a thrasuí ina ndlíthe agus ina rialacháin náisiúnta féin, cé is moite de na rialacha maidir le cánachas scoir, agus beidh go dtí an 31 Nollaig 2019 acu sa chás sin. Ní mór an treoir leasaithe i gcoinne seachaint cánach lena dtugtar isteach na rialacha lena gcuirtear neamhréireanna hibrideacha le tríú tíortha ó éifeacht a chur chun feidhme faoin 1 Eanáir 2020.

Maidir le Ballstáit a bhfuil rialacha spriocdhírithe acu atá chomh héifeachtach céanna leis na rialacha maidir le teorannú úis de chuid na treorach i gcoinne seachaint cánach, féadfaidh siad iad a chur i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh OECD ar chomhaontú maidir le híoschaighdeán nó go dtí an 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí.

Moladh ar chur chun feidhme beart i gcoinne mí-úsáid conarthaí cánach

Tugtar comhairle sa mholadh do Bhallstáit faoin mbealach a bhféadfaidís a gconarthaí cánach a athneartú i gcoinne mí-úsáid ó phleanálaithe ionsaitheacha cánach, ar bhealach a bheidh i gcomhréir le dlí an Aontais.

Athbhreithniú ar an treoir maidir le comhar riaracháin

Bhí sé mar aidhm leis an leasú ar an treoir atá ann cheana féin cleachtas a thabhairt isteach maidir le tuairisciú de réir tíre idir údaráis chánach i ndáil leis an bpríomhfhaisnéis chánach a bhaineann le cuideachtaí ilnáisiúnta. Leis an leasú, beidh na Ballstáit in ann scéimeanna seachanta cánach a bhrath agus a chosc ar bhealach níos éifeachtúla ná mar a rinneadh roimhe sin.

Ghlac an Chomhairle an dréacht-treoir ar an 25 Bealtaine 2016 tar éis an téacs a chomhaontú i mí an Mhárta 2016.

Teachtaireacht maidir le straitéis sheachtracha le haghaidh cánachas éifeachtach

Moltar sa teachtaireacht go ndéanfaidh Ballstáit an Aontais a ngníomhaíocht in aghaidh rioscaí seachtracha seachanta cánach a chomhordú ar bhealach níos dlúithe ná mar a rinneadh roimhe sin agus go gcuirfidh siad dea-rialachas cánach idirnáisiúnta chun cinn.

Cén fáth a bhfuil gá againn leis?

Cailleann Ballstáit an Aontais cuid mhór ioncaim mar gheall ar chleachtais roinnt corparáidí ilnáisiúnta maidir le pleanáil ionsaitheach chánach. Ciallaíonn sin, i measc nithe eile, go gcaithfidh cáiníocóirí eile glacadh le méadú ar an ualach cánach. Tá an cás fíoríogair nuair a áirítear go bhfuil an tAontas ag teacht as géarchéim eacnamaíoch, agus mar sin, is léir gur gá cosc a chur ar na cleachtais sin agus a áirithiú go ndéanfar an t-ualach cánach a roinnt go cothrom.

Chomh maith leis sin, beidh réiteach aonfhoirmeach uile-Aontais ar an bhfadhb seo níos éifeachtaí ná gníomhaíocht aonair a dhéanfaidh na Ballstáit iad féin. Tá sin fíor go príomha siocair go bhféadfaí níos mó bearnaí a chruthú do phleanálaithe ionsaitheacha cánach mar gheall ar éagsúlachtaí sna rialacha trasna na mBallstát nó go bhféadfaí éifeachtacht rialacha tíortha eile a lagú dá mbarr sin.

Ar deireadh, d’fhéadfaí cur leis an éiginnteacht le réitigh difriúla, agus d’fhéadfaí an t-ualach riaracháin atá ar ghnólachtaí a mhéadú freisin. Is tionscnamh uile-Aontais é an pacáiste i gcoinne seachaint cánach mar sin, atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de chleachtais maidir le seachaint cánach chorparáideach san Aontas.

Sa Chomhairle

Thosaigh an Chomhairle ag obair ar na tograí i mí Eanáir 2016, nuair a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach iad.

Déanann an Chomhairle, ina haonar, cinntí faoi dhlíthe cánachais an Aontais, caitheann sí vóta d'aontoil, agus eisíonn Parlaimint na hEorpa a tuairim.