Beartas maidir leis an iompar d’iarnród
Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le chéile chun gréasán iarnróid níos nasctha, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt.
Tá gréasán iarnróid an Aontais ar cheann de na gréasáin is dlúithe ar domhan; tá an-éagsúlacht ann idir na córais náisiúnta iarnróid san Aontas, áfach.
Sna 1990í a cuireadh tús leis an bpróiseas le feabhas a chur ar chomhoiriúnacht na gcóras náisiúnta iarnróid sna Ballstáit agus is é an sprioc dheiridh a bhain leis gréasán iarnróid éifeachtach iomaíoch a fhorbairt ar fud an Aontais – an limistéar Eorpach aonair iarnróid.
Is cuid de bheartas iompair an Aontais é an beartas iarnróid, agus is é is aidhm leis soghluaisteacht nasctha, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán a bhaint amach san Aontas.
Roinnt figiúirí faoin iompar iarnróid san Aontas
Is iad na hiarnróid a sholáthraíonn 5.1 % de shoghluaisteacht paisinéirí san Aontas (2020, an Coimisiún Eorpach)
Is modh iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol é an t-iompar d’iarnród de bharr nach ngintear ach 0.4 % d'astaíochtaí gás ceaptha teasa iompair san Aontais uaidh
Ní ghintear ach 1.9 % d’ídiú fuinnimh iompar san Aontas leis an iompar d’iarnród
Míniú ar an mbeartas iarnróid
Bhí roinnt dúshlán roimh phróiseas lánpháirtithe agus comhchuibhithe earnáil iarnróid an Aontais i gcaitheamh na mblianta, rud a chuir moill ar phróiseas comhtháthaithe an Aontais san earnáil. Is é is cúis leis sin ná:
- ilroinnt thraidisiúnta na n-iarnród Eorpach mar gheall ar chórais náisiúnta chasta neamhspleácha
- éifeachtúlacht, solúbthacht agus iontaofacht íseal na seirbhíse, go háirithe i gcás lasta
Tá na dúshláin sin tar éis tuilleadh moille a chur ar fhás na hearnála iarnróid i réimse na soghluaisteachta san Eoraip, in ainneoin an éilimh ó thomhaltóirí agus an phoitéinsil a bhaineann leis an iompair iarnróid a bheith ina réiteach neamhdhíobhálach don aeráid.
Ghlac an tAontas ceithre phacáiste iarnróid i gcaitheamh na mblianta chun beartas iarnróid an Aontais a neartú, darb aidhm:
- an margadh iarnróid a oscailt don iomaíocht
- idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta iarnróid a mhéadú
- creat a shainiú do limistéar Eorpach aonair iarnróid
Ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa na ceithre phacáiste reachtacha idir 2001 agus 2016. Áirítear orthu sin forálacha coiteanna maidir leis an méid seo a leanas:
- an margadh iarnróid a léirscaoileadh
- ceadúnú gnóthas iarnróid agus deimhniú tiománaithe traenach
- ceanglais sábháilteachta
- gníomhaireacht Eorpach iarnróid agus comhlachtaí rialála iarnróid i ngach Ballstát a chruthú
- cearta paisinéirí iarnróid
Tháinig an ceathrú pacáiste, arb é an pacáiste deireanach é, i bhfeidhm in 2021. Baineann sé ghníomh reachtacha leis, agus dírítear ar na gnéithe deiridh a bhaineann leis an margadh iarnróid a oscailt agus a iomaíochas a mhéadú.
Limistéar Eorpach aonair iarnróid
Is córas gréasán iarnróid ar fud an Aontais é an limistéar Eorpach aonair iarnróid lena bhféadfar an earnáil iarnróid a leathnú ar bhonn na hiomaíochta agus an chomhchuibhithe theicniúil, agus ar bhonn fhorbairt chomhpháirteach na nasc trasteorann, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- margadh an iarnróid a oscailt agus a athstruchtúrú
- an t-iomaíochas a mhéadú agus cothrom na Féinne a chinntiú do chuideachtaí iarnróid
- bonneagar a fhorbairt chun idir-inoibritheacht a chinntiú
- an tsábháilteacht agus éifeachtúlacht úsáide bonneagair a fheabhsú
- praghsanna córa a chinntiú do thomhaltóirí
Gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T)
Tá sé mar aidhm ag an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T), i gcomhthéacs níos leithne bheartas iompair an Aontais, lena n-áirítear iompar d’iarnród, gréasán naoi mórchonaire a chruthú lena nascfar línte iarnróid le bóithre, le huiscebhealaí intíre, le bealaí muirí, le calafoirt agus le haerfoirt ar fud an Aontais. Is iad seo a leanas na spriocanna atá ann:
- tíortha an Aontais a nascadh le chéile chun iompar trasteorann daoine agus soláthairtí a éascú
- rannchuidiú leis an gcomhtháthú críochach
- an idirnascacht idir modhanna iompair a áirithiú
- tacú leis an aistriú chuig iompar inbhuanaithe
Tá athbhreithniú ar rialacha TEN-T ar siúl faoi láthair. Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir leis an rialachán athbhreithnithe TEN-T i mí na Nollag 2023.
- Gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T): an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun nascacht inbhuanaithe a chinntiú san Eoraip (preaseisiúint, an 18 Nollaig 2023)
- Gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T): A seasamh glactha ag an gComhairle chun nascacht inbhuanaithe a chinntiú san Eoraip (preaseisiúint, an 5 Nollaig 2022)
- Gréasán tras-Eorpach iompair: cead tugtha ag an gComhairle do nósanna imeachta um dheonú ceadanna níos tapúla (preaseisiúint, an 14 Meitheamh 2021)
Soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste
Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, thíolaic an Coimisiún Eorpach an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste i mí na Nollaig 2020. Leagtar amach sa straitéis spriocanna an Aontais don earnáil iompair do na blianta amach romhainn: an tsoghluaisteacht a dhéanamh glas, cliste agus athléimneach. Maidir leis an earnáil iarnróid, iarrtar sa straitéis go ndéanfaí an t-iarnród ardluais a dhúbailt faoi 2030 san Aontas.
I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ábhar seo. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle straitéis an Choimisiúin agus ghlac sí leis an bhfís uaillmhianach atá aige don earnáil iompair agus lena rannchuidiú leis an inbhuanaitheacht sna blianta atá le teacht.
I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an iompar d’iarnród. Chuir airí an Aontais i dtreis gur gá an t-iompar d’iarnród a fhorbairt a thuilleadh do phaisinéirí agus d’earraí araon san Aontas. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé athléimneacht na n-iarnród a neartú i bhfianaise géarchéime agus leanúint d’infheistíocht a dhéanamh in idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta agus i nascacht níos fearr.
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
Tacaíonn roinnt cláir mhaoiniúcháin le beartas iarnróid an Aontais, ar a bhfuil an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a mhaoiníonn tionscadail straitéiseacha infheistíochta i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha.
Tá feidhm chúlghabhálach ag an rialachán, ón 1 Eanáir 2021. Gheobhaidh an earnáil iompair formhór an chistiúcháin (thart ar €25 bhilliún as €33 bhilliún), agus den mhéid sin is don iarnród a thiomnófar an sciar is mó.
Bliain Eorpach an Iarnróid
D'fhógair an tAontas gurbh é 2021 Bliain Eorpach an Iarnróid – tionscnamh a bhí ann chun an iompar d’iarnród a chur chun cinn mar réiteach inbhuanaithe, nuálach agus sábháilte ar shoghluaisteacht mhuintir na hEorpa.
I gcomhthéacs Bhliain Eorpach an Iarnróid, d’eagraigh Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle agus Ardrúnaíocht na Comhairle comhdháil ar líne maidir le hiompar lastas iarnróid.
I mí Iúil 2023, thíolaic an Coimisiún togra maidir le bearta nua chun trácht iarnróid na hEorpa a bhainistiú agus a chomhordú ar bhealach níos fearr. Tá an togra sin á phlé faoi láthair sa Chomhairle.