Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha
Tá sé d'aidhm ag an Aontas a áirithiú go mbeidh oibrithe ar an eolas maidir lena ndálaí oibre ó thús an chaidrimh fostaíochta, agus go gcomhlíonfar coinníollacha íosta oibre, go háirithe ina gcás siúd a bhfuil post forbhásach acu.
Tá beartaithe ag colún Eorpach na gceart sóisialta go mbeidh Eoraip shóisialta do shaoránaigh uile na hEorpa ann, go háirithe i gcomhthéacs na n-athruithe atá ag teacht ar an saol oibre. Is iomaí sin buntáiste atá le baint as na bealaí nua oibre d'oibrithe agus don gheilleagar araon.
Féachann an togra nua le bunleibhéal cosanta uilíche a áirithiú i ngach cineál caidrimh fostaíochta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Sa togra nua ba cheart go leagfaí amach an creat dlíthiúil lena áirithiú nach mbeidh oibrithe gan chosaint i gcineálacha nua fostaíochta agus go mbeidh cearta íosta áirithe acu. Is é mórsprioc an togra seo an méid a leanas:
- rachaidh an tsoiléireacht maidir le dálaí oibre agus caighdeáin íosta nua chun sochair do gach oibrí, lena n-áirítear na hoibrithe sin a bhfuil caidreamh fostaíochta gearrthéarmach nó caidreamh corrfhostaíochta acu
- bainfidh fostóirí sochar as tuilleadh iomaíocht inbhuanaithe, lena mbaineann deimhneacht dhlíthiúil bhreise, agus as fórsa saothair níos spreagtha agus níos táirgiúla, lena mbaineann cobhsaíocht chonarthach agus ráta coinneála níos airde
- bainfidh an tsochaí i gcoitinne sochar as feabhas foriomlán ar thrédhearcacht sna margaí saothair
Na figiúirí:
- is i gcineálacha nua fostaíochta atá 20% den 5 mhilliún post a cruthaíodh ó 2014 i leith
- in 2016 is do chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta a bhí an ceathrú cuid de na conarthaí fostaíochta
- tá thart ar 2-3 mhilliúin oibrí neamhchaighdeánach san Aontas
Cad chuige é?
Ní chumhdaítear gach oibreoir san Aontas faoin treoir atá ann faoi láthair, rud a fhágann gurb easnamhach an chosaint a thugtar d'oibrithe áirithe. Tá a lán oibrithe ann nach bhfaigheann deimhniú i scríbhinn faoina ndálaí oibre nó nach bhfuil a fhios acu in am trátha cén uair a bheidh siad ag obair. D'fhéadfadh an treoir athbhreithnithe seo dul chun tairbhe do 2-3 mhilliún oibrí neamhchaighdeánach, ar a laghad, lena bhfaighidís tuiscint níos fearr ar a ndálaí oibre agus ar a gcearta ag an obair.
Bhainfeadh fostóirí tairbhe as, a bhuí leis an iomaíocht níos inbhuanaithe a bheadh ann, i ngeall ar an méadú ar an deimhneacht dhlíthiúil agus an feabhas foriomlán ar thrédhearcacht sna margaí saothair.
Tá athrú tagtha ar thírdhreach na hoibre i ngeall ar:
- solúbthacht mhéadaitheach an mhargaidh saothair
- athruithe déimeagrafacha sa phobal oibre
- an digitiú
Cé gur chabhraigh cineálacha nua fostaíochta le cruthú post agus le fás i margadh an tsaothair, d'fhág na treochtaí sin go bhfuil éagobhsaíocht ann agus chuir siad leis an easpa tuarthachta. I ngeall ar neamh-intuarthacht agus éiginnteacht oibre, bíonn ioncam éagobhsaí íseal ann, chomh maith le heaspa cosanta, drochshláinte agus droch-chothromaíocht oibre is saoil.
Fágann sé freisin go mbíonn ilroinnt ar mhargadh an tsaothair ar fud an Aontais, leibhéal trédhearcachta níos ísle agus bacainní níos lú ar shaorghluaiseacht oibrithe san Aontas.
D'fhonn an creat dlíthiúil reatha a nuachóiriú, mhol an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an treoir maidir leis an dearbhú i scríbhinn atá ann faoi láthair. Tiocfaidh an treoir nua maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha in ionad na treorach sin ó 1991.
- Treoir 91/533/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Téarma tábhachtach
Cineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta: scáth-théarma ar shocruithe éagsúla fostaíochta a chlaonann ón ngnáthfhostaíocht. Áirítear leo an fhostaíocht shealadach, obair pháirtaimseartha agus obair ar ghlao-dhualgas, obair shealadach ghníomhaireachta agus caidrimh fostaíochta ilpháirtí eile.
Na mionsonraí
Is é cuspóir ginearálta an togra dálaí oibre a fheabhsú agus a chomhchuibhiú. Baineann cuspóirí sonracha le cearta oibrithe a chosaint agus le tuilleadh trédhearcachta a chruthú i margadh an tsaothair.
Tá raon feidhme leathan ag an togra ón gCoimisiún, chun a áirithiú go rachaidh na cearta seo chun tairbhe d'oibrithe i ngach cineál oibre, lena n-áirítear iad siúd sna cineálacha neamhchaighdeánacha oibre is solúbtha agus i gcineálacha nua oibre amhail:
- obair tí nó obair dhearbhánbhunaithe
- conarthaí uaireanta-nialasacha – níl ceangal ar an bhfostóir uaireanta íosta oibre a chur ar fáil
- obair ar ghlao-dhualgas/obair ar éileamh – ní bhíonn líon seasta uaireanta oibre intuartha ann
- fostaíocht ilpháirtí – ní fhostaítear oibrithe go díreach ag an gcomhlacht dá dtugann siad a seirbhísí
- obair ar ardán – obair ar a ndéantar eadráin, ar obair í a dhéantar, nó a sheachadtar, ar a laghad, ar líne
Áirítear sa togra le haghaidh na treorach oibleagáidí athbhreithnithe chun oibrithe a chur ar an eolas i scríbhinn maidir le gnéithe ríthábhachtacha a gcuid oibre, gnéithe amhail:
- an áit oibre
- an saghas oibre
- na huaireanta oibre
- luach saothair
I measc na ráthaíochtaí eile tá uasfhad na tréimhse promhaidh, an fhéidearthacht le fostaíocht chomhthreomhar a dhéanamh agus oibleagáid an fhostóra oibrithe a bhfuil sceidil oibre an-athraitheach acu a chur ar an eolas in am trátha roimh ré faoina n-uaireanta oibre.
Sainmhíniú dlíthiúil
'dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú agus a chomhchuibhiú'
Airteagal 151 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Sa Chomhairle
Ar an 21 Nollaig 2017, thíolaic an Coimisiún a thogra, mar obair leantach ar fhógairt Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i mí na Samhna 2017. Ar an 21 Meitheamh 2018, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh caibidlíochta – cur chuige ginearálta.
Áirítear i seasamh na Comhairle go bhféadfaidh na Ballstáit na hoibrithe seo a leanas a eisiamh ó chosaint na treorach:
- oibrithe nach n-oibríonn níos mó ná cúig uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar an meán le linn tréimhse tagartha ceithre seachtaine
- oibrithe áirithe sa státseirbhís, rud a bhfuil údar leis ar fhorais oibiachtúla i bhfianaise chineál sonrach na ndualgas atá le déanamh acu
Ar na gnéithe eile de sheasamh na Comhairle tá:
- tréimhse ama chun an fhaisnéis a chur ar fáil – moltar seachtain féilire amháin a bheith mar chéad sprioc ama don fhaisnéis is riachtanaí, agus mí amháin a bheith mar an dara sprioc ama don chuid eile den fhaisnéis
- sainmhíniú ar neamh-intuarthacht na hoibre, as a dtagann an ceart chun a bheith curtha ar an eolas in am trátha faoi shannacháin oibre trí thagairt a dhéanamh do 'phatrún oibre nach féidir a thuar ar chor ar bith nó is deacair a thuar' in áit sceideal oibre an oibreora a bheith 'go hiomlán athraitheach nó athraitheach den chuid is mó'
I measc na bpointí eile nach raibh an Chomhairle ar aon tuairim le togra an Choimisiúin bhí:
- sainmhíniú ar oibrí – níor aontaigh an Chomhairle leis go mbeadh sainmhíniú ar 'oibrí' ar leibhéal an Aontais
- rinneadh maraithe agus iascairí mara a eisiamh ó chur i bhfeidhm codanna áirithe den treoir ós rud é gur mheas an Chomhairle nach raibh siad in oiriúint do chineál sonrach na hearnála arna rialú ag an reachtaíocht earnálach
Tar éis roinnt cruinnithe tríthaobhacha, tháinig uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach ar an 7 Feabhra 2019.
Ar an 15 Feabhra, d'fhormhuinigh Ionadaithe na mBallstát den Aontas Eorpach i gComhairle an Aontais an comhaontú sealadach maidir leis an treoir.
Leis an treoir atá beartaithe, beidh sé de cheangal ar fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas maidir le gnéithe riachtanacha den chaidreamh fostaíochta. De réir an chomhaontaithe, beidh gach oibrí a oibríonn níos mó ná 3 uair an chloig in aghaidh na seachtaine thar thréimhse 4 seachtaine cumhdaithe leis an treoir seo. Féadfar grúpaí áirithe oibrithe a eisiamh ó chuid d'fhorálacha na treorach.
Is ar an 13 Meitheamh 2019 a ghlac an Chomhairle an treoir. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 20ú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh trí bliana ag na Ballstáit na bearta reachtaíochta is gá a ghlacadh chun an Treoir seo a chomhlíonadh.