Amlíne — Pacáistí omnibus a shimpliú
-
2026
-
29 Meitheamh cead tugtha ag an gComhairle na rialacha a shimpliú agus a chuíchóiriú
Rialachán nua lena ndírítear ar rialacha áirithe maidir leis an intleacht shaorga a chuíchóiriú agus a shimpliú ceadaithe ag an gComhairle.
Seo príomhghnéithe an rialacháin nua:
- amlíne sheasta maidir le cur i bhfeidhm moillithe rialacha ardriosca: an 2 Nollaig 2027 i gcás córais intleachta saorga ardriosca neamhspleácha agus an 2 Lúnasa 2028 i gcás córais intleachta saorga ardriosca atá leabaithe i dtáirgí
- foráil nua curtha leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, lena gcuirtear toirmeasc ar chleachtais intleachta saorga maidir le hábhar gnéasach agus dlúthphearsanta neamhthoiliúil nó ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a ghiniúint
- cur siar an spriocdháta maidir le boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú ag údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta go dtí an 2 Nollaig 2027 agus tréimhse chairde laghdaithe do sholáthraithe chun réitigh trédhearcachta a chur chun feidhme maidir le hábhar a ghintear go saorga ó 6 mhí go 3 mhí, agus an spriocdháta nua socraithe an 2 Nollaig 2026
- soiléiriú ar inniúlachtaí na hOifige um Intleacht Shaorga maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chórais intleachta saorga bunaithe ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha i gcás ina bhforbraíonn an soláthraí céanna an tsamhail agus an córas sin
Maidir le hidirghníomhú rialacha intleachta saorga le reachtaíocht earnála in earnálacha mar atá feistí leighis, bréagáin, ardaitheoirí, innealra agus árthaí uisce, foráiltear leis an dlí nua do shásra lenar féidir cásanna a réiteach ina bhfuil ceanglais earnáilsonracha ag an dlí earnálach atá cosúil leis an ngníomh um an intleacht shaorga, trí chur i bhfeidhm an ghnímh um an intleacht shaorga a theorannú sna cásanna sonracha sin trí ghníomhartha cur chun feidhme.
Is príomhsprioc insoláthartha é glacadh an Omnibus um an Intleacht Shaorga faoin treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’.
An Gníomh um an Intleacht ShaorgaAn Gníomh um an Intleacht Shaorga
-
23 Meitheamh Seasamh caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle chun rialacha comhshaoil a shimpliú agus a chuíchóiriú
Tá a seasamh caibidilíochta comhaontaithe ag an gComhairle maidir le togra chun rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú a bhaineann le hastaíochtaí tionsclaíocha, leis an ngeilleagar ciorclach agus le sonraí geospásúla. Is cuid den phacáiste simplithe ar a dtugtar ‘Omnibus VIII’ an togra.
Is é is aidhm don phacáiste costais agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú, agus ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil á gcoinneáil.
-
17 Meitheamh An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun na ceanglais maidir le táirgí ceimiceacha a shimpliú
An 17 Meitheamh 2026, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le rialacha a shimpliú a bhaineann lehaicmiú, pacáistiú agus lipéadú ceimiceán, táirgí cosmaideacha agus táirgí leasacháin.
Is iad na forálacha sin an chuid eile den phacáiste ar a dtugtar ‘Omnibus VI’, lena simplítear rialacha i réimse nadtáirgí ceimiceacha, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol á choinneáil ag an am céanna.
CeimiceáinCeimiceáin
-
10 Meitheamh An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun borradh a chur faoi thionscal cosanta an Aontais
Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú chun rialacha maidir le reachtaíocht nua darb aidhm soláthar slándálaagus cosanta a shimpliú, infheistíochtaí cosanta a éascú, agus tacú leis an tionscal cosanta.
Is é is aidhm don reachtaíocht shimplithe deireadh a chur le moilleanna riaracháin ar sholáthar, dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna, aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas a éascú agus comhar laistigh den Aontas a neartú.
Leis an gcomhaontú sin, beidh bealach níos soiléire ag na Ballstáit agus ag an tionscal gníomhú go tapa agus treiseofar cumas cosanta na hEorpa.
-
9 Meitheamh An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú a chuideoidh le borradh a chur faoi ghnólachtaí agus faoin digitiú
Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le roinnt dlíthe nua a thagann faoin bpacáiste reachtach ‘Omnibus IV’, mar a thugtar air.
Tá sé i gceist leis na rialacha nua maidir leis an digiteáil agus sonraíochtaí coiteanna na ceanglais fhisiceacha atá ann cheana a dhigitiú tríd an bprionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ a chur chun feidhme agus nós imeachta a thabhairt isteach don Choimisiún chun sonraíochtaí coiteanna a tharraingt suas i roinnt gníomhartha dlí.
Tá sé i gceist le treoir agus rialachán eile bearta áirithe maolaithe agus tacaíochta atá ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a leathnú chuig na cuideachtaí sin nach FBManna iad a thuilleadh, is iad sin na fiontair mheánchaipitlithe bheaga (FMCBanna). Sainaithnítear sa chomhaontú sealadach an chatagóir nua cuideachtaí sin mar fhiontair a bhfuil níos lú ná 1000 fostaí acu agus suas le €200 milliún i láimhdeachas nó suas le €172 mhilliún in iomlán bliantúil an chláir chomhardaithe.
-
27 Bealtaine A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le ceanglais sábháilteachta bia agus beatha a shimpliú agus a neartú
Leag an Chomhairle amach a seasamh mar chuid den phacáiste reachtach ‘omnibus X’ i gclár oibre an Aontais maidir le simpliú.
An sainordú atá ag an gComhairle don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, baineann sé leis an méid seo a leanas:
- úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí
- taifid a bhaineann le hainmhithe feirmeoireachta
- úsáid plaisteach i dtionscal an bhia
Leanfaidh an Uachtaránacht uirthi ag obair ar an togra deireanach den phacáiste atá fágtha.
-
11 Bealtaine Dlí nua glactha ag an gComhairle chun rialacha maidir le bithicídí a chuíchóiriú
Cheadaigh an Chomhairle rialacha nua maidir le bithicídí lena gcuirtear síneadh le tréimhsí áirithe cosanta sonraí.
Chun moilleanna ar an athbhreithniú leanúnach ar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha a chur san áireamh, cuireadh síneadh leis an tréimhse chosanta le haghaidh sonraí áirithe a bhaineann le substaintí gníomhacha atá fós faoi athbhreithniú chun go mbeidh sí i gcomhthráth le deireadh nua an chláir athbhreithnithe, i.e. an 31 Nollaig 2030. Leis sin, déanfar leasanna na bpáirtithe leasmhara a chothromú agus cinnteofar cothroime rialála. Déanfar meastóireacht iomlán ar an rialachán in 2026-2027.
Is cuid é an rialachán nua den phacáiste reachtach 'Omnibus X', mar a thugtar air, pacáiste atá mar chuid de chlár oibre an Aontais maidir le simpliú. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh na dtáirgí bithicídeacha san Aontas, agus ardleibhéal cosanta do dhaoine agus don chomhshaol á chinntiú ag an am céanna.
-
7 Bealtaine An intleacht shaorga: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha a shimpliú agus a chuíchóiriú
Tháinig idirbheartaithe Uachtaránacht na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le togra chun rialacha áirithe maidir leis an intleacht shaorga (IS) a chuíchóiriú, ar cuid de phacáiste reachtach Omnibus VII é.
Rinne na comhreachtóirí an méid seo a leanas:
- foráil nua a chur leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, lena gcuirtear toirmeasc ar chleachtais intleachta saorga maidir le hábhar gnéasach agus dlúthphearsanta neamhthoiliúil nó ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a ghiniúint
- amlíne sheasta a thabhairt isteach maidir le cur i bhfeidhm moillithe rialacha ardriosca: an 2 Nollaig 2027 i gcás córais intleachta saorga ardriosca neamhspleácha agus an 2 Lúnasa 2028 i gcás córais intleachta saorga ardriosca atá leabaithe i dtáirgí
- oibleagáid a athbhunú atá ar sholáthraithe córais IS a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais le haghaidh córais ardriosca, i gcás ina measann siad nach bhfuil aicmiú mar chórais ardriosca i gceist lena gcóras.
- caighdeán dianriachtanais a athbhunú maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun a dhéanamh cinnte de go mbraithfear agus go gceartófar aon chlaontacht.
- cuireadh siar an spriocdháta a chur siar chun boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú ag údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta go dtí an 2 Nollaig 2027 agus laghdaítear an tréimhse chairde do sholáthraithe chun réitigh trédhearcachta a chur chun feidhme maidir le hábhar a ghintear go saorga ó 6 mhí go 3 mhí, agus is é an 2 Nollaig 2026 an spriocdháta nua a socraíodh.
- soiléiríodhinniúlachtaí na hOifige um Intleacht Shaorga maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chórais intleachta saorga bunaithe ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha i gcás ina bhforbraíonn an soláthraí céanna an tsamhail agus an córas sin
Maidir le rialacha an ghnímh um an intleacht shaorga thionsclaíoch agus a n-idirghníomhú le reachtaíocht earnála in earnálacha, tháinig na comhreachtóirí ar chomhréiteach maidir le sásra lenar féidir cásanna a réiteach ina bhfuil ceanglais earnáilsonracha ag an dlí earnálach atá cosúil leis an ngníomh um an intleacht shaorga, trí chur i bhfeidhm an ghnímh um an intleacht shaorga a theorannú sna cásanna sonracha sin trí ghníomhartha cur chun feidhme.
An intleacht shaorgaAn intleacht shaorga
-
13 Márta A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle chun na rialacha maidir leis an Intleacht Shaorga
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir leis an togra chun rialacha áirithe maidir leis an intleacht shaorga (IS) a chuíchóiriú.
Leis an togra, atá mar chuid de phacáiste reachtach Omnibus VII, déantar coigeartú ar an amlíne chun na rialacha maidir le córaisintleachta saorga ardriosca a chur i bhfeidhm agus tugtar isteach leasuithe spriocdhírithe ar an ngníomh um an intleacht shaorga lena ndéanfaí an méid seo a leanas:
- díolúintí rialála áirithe a dheonaítear do FBManna a leathnú chuig cuideachtaí meánchaipitlithe beaga
- ceanglais a laghdú i líon an-teoranta cásanna
- síneadh a chur leis an bhféidearthacht sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil chun claontacht a bhrath agus a mhaolú
- cumhachtaí oifig na hintleachta saorga a threisiú
- ilroinnt rialachais a laghdú
Choimeád na Ballstáit éirim an togra ón gCoimisiún, ach rinne siad an méid seo a leanas freisin:
- chuir siad foráil nua leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga lena gcuirtear toirmeasc ar chleachtais intleachta saorga a ghineann ábhar gnéasach agus dlúthphearsanta neamhthoiliúil nó ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí
- thug siad amlíne sheasta isteach maidir le cur i bhfeidhm moillithe rialacha ardriosca: ba é an 2 Nollaig 2027 an dáta cur i bhfeidhm nua le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca neamhspleácha agus ba é an 2 Lúnasa 2028 an dáta cur i bhfeidhm nua le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca atá leabaithe i dtáirgí
- d’athbhunaigh siad an oibleagáid atá ar sholáthraithe córais intleachta saorga a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais le haghaidh córais ardriosca
- rinne siad an sprioc-am faoina mbunóidh údaráis inniúla náisiúnta boscaí rialála intleachta saorga a chur siar go dtí an 2 Nollaig 2027
- shoiléirigh siad inniúlachtaí oifig na hintleachta saorga
An Gníomh um an Intleacht ShaorgaAn Gníomh um an Intleacht Shaorga
-
4 Márta A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle chun na rialacha maidir le bithicídí a chuíchóiriú
Chomhaontaigh an Chomhairle sainordú caibidlíochta maidir le togra, ar cuid den phacáiste reachtach “Omnibus X” é, arb é is aidhm dó forálacha áirithe maidir le bithicídí a chuíchóiriú, eadhon síneadh a chur le tréimhsí áirithe cosanta sonraí.
Úsáidtear táirgí bithicídeacha chun daoine, ainmhithe, ábhair nó earraí a chosaint ar orgánaigh dhíobhálacha amhail lotnaidí nó baictéir, trí ghníomhaíocht na substaintí gníomhacha atá sa táirge bithicídeach.
-
24 Feabhra Comhaontú formheasta ag an gComhairle chun ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta agus díchill chuí a shimpliú
Thug an Chomhairle cead simpliú a dhéanamh ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus ar cheanglais díchill chuí do chuideachtaí.
Tá an reachtaíocht mar chuid de phacáiste Omnibus I arb é is aidhm dó na treoracha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (CSRD) agus dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta (CS3D) a shimpliú.
Leis na rialacha nuashonraithe, laghdófar an t-ualach tuairiscithe agus cuirfear teorainn le héifeacht síothlaithe na n-oibleagáidí ar chuideachtaí beaga.
Faoi na rialacha nuashonraithe, ní gá ach do chuideachtaí a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí agus níos mó ná €450 milliún de ghlanláimhdeachas bliantúil acu ceanglais na Treorach maidir le Tuairisciú Corparáideach Inbhuanaitheachta a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, ní gá ach do chuideachtaí a bhfuil níos mó ná 5000 fostaí agus os cionn €1.5 billiún de ghlanláimhdeachas acu ceanglais CS3D a chomhlíonadh.
Ina dhiaidh sin, foilseofar an reachtaíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sí i bhfeidhm an 20ú lá tar éis a foilsithe. Beidh bliain amháin ag na Ballstáit ansin chun na forálacha a thrasuí sa dlí náisiúnta, seachas Airteagal 4 maidir le leibhéal an chomhchuibhithe, a bheidh orthu a chomhlíonadh faoin 26 Iúil 2028 ar a dhéanaí.
Inbhuanaitheacht chorparáideachInbhuanaitheacht chorparáideach
-
2025
-
18 Nollaig Simpliú an chomhbheartais talmhaíochta formheasta ag an gComhairle
Thug an Chomhairle cead deiridh maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) a shimpliú. Is é an aidhm atá ann borradh a chur faoi iomaíochas thalmhaíocht an Aontais tríd an rómhaorlathas a laghdú, tacú le feirmeoirí, feirmeoirí beaga agus gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, nuálaíocht a spreagadh agus táirgiúlacht a mhéadú.
Is é is aidhm do na bearta simpliúcháin:
- an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí agus ar riaracháin a mhaolú
- na híocaíochtaí le feirmeoirí ar mhionscála a mhéadú agus na rialacha maidir le coinníollacht a shimpliú, go háirithe i gcás feirmeacha orgánacha
- seiceálacha ar an láthair a laghdú
D’fhéadfadh coigilteas bliantúil suas le €1.6 billiún d’fheirmeoirí agus níos mó ná €200 milliún do riaracháin náisiúnta na mBallstát a bheith mar thoradh ar na bearta sin.
An Comhbheartas Talmhaíochta mínitheAn Comhbheartas Talmhaíochta mínithe
-
11 Nollaig Cead deiridh tugtha ag an gComhairle chun go ndéanfaí an clár InvestEU a shimpliú
Thug an Chomhairle cead deiridh do rialachán athbhreithnithe lena simpleofaí an clár InvestEU, mar chuid den phacáiste‘Omnibus II’.
Leis na rialacha nua, neartófar iomaíochas an Aontais trína dhéanamh níos éasca infheistíocht bhreise phoiblí agus phríobháideach a shlógadh agus trí cheanglais riaracháin a shimpliú.
Tacóidh sé sin le beartais áirithe de chuid an Aontais, cuir i gcás:
- an compás iomaíochais
- an comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan
- beartas tionsclaíoch cosanta agus soghluaisteacht mhíleata
Leis na rialacha nua, déanfar an clár InvestEU atá ann cheana a fheabhsú agus a threisiú trí mhéid ráthaíochtaí an Aontais a mhéadú go €29.1 billiún agus trína dhéanamh níos éasca úsáid a bhaint as ráthaíocht InvestEU mar aon leis an acmhainneacht atá ann cheana i dtrí chlár leagáide – an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, ionstraim fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus saoráid fiachais InnovFin.
-
9 Nollaig Margadh déanta ag an gComhairle agus an Pharlaimint chun ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta agus díchill chuí a shimpliú
Leis an gcomhaontú ar tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa air, simplítear na treoracha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (CSRD) agus dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta (CS3D) tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an t-ualach riaracháin a laghdú
- teorainn a chur le héifeacht síothlaithe na n-oibleagáidí ar chuideachtaí beaga
Inbhuanaitheacht chorparáideachInbhuanaitheacht chorparáideach
-
26 Samhain A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an tionscal cosanta
D’fhormheas ambasadóirí an Aontais seasamh na Comhairle maidir le sraith tograí arb é is aidhm dóibh na rialacha cosanta a shimpliú a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- soláthar
- infheistíochtaí
- dálaí an mhargaidh
Is cuid iad na tograí sin den phacáiste reachtach ‘Omnibus V’, mar a thugtar air, agus cuideoidh siad le Ballstáit an Aontais agus le lucht tionscail sna Ballstáit acmhainneacht chosanta na hEorpa a threisiú.
Cuirfidh an Chomhairle tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa sa chéad chéim eile.
Ullmhacht cosanta na hEorpaUllmhacht cosanta na hEorpa
-
17 Samhain Cead deiridh tugtha ag an gComhairle na rialacha maidir le ceimiceáin a chur siar
An 17 Samhain 2025, thug an Chomhairle cead deiridh na rialacha maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú ceimiceán a chur siar agus tuilleadh ama agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do ghnólachtaí.
Leis an sásra ‘stad-an-clog, atá mar chuid de phacáiste Omnibus VI, cuirtear siar go dtí an 1 Eanáir 2028 dáta cur i bhfeidhm gach forála maidir le hathlipéadú, ceanglais éigeantacha formáidithe, fógraí, díolacháin ar líne agus ciandíolacháin, agus lipéadú caidéal breosla.
-
10 Samhain Margadh chun an comhbheartas talmhaíochta a shimpliú
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach chun comhbheartas talmhaíochta an Aontais (CBT) a shimpliú.
Cuideoidh an margadh le borradh a chur faoi iomaíochas earnáil feirmeoireachta an Aontais tríd an rómhaorlathas a laghdú agus trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí. Is cuid de phacáiste Omnibus III iad na bearta sin agus d’fhéadfadh laghduithe suntasacha ar chostais riaracháin d’fheirmeoirí agus do riaracháin náisiúnta araon a bheith mar thoradh orthu. Léirítear i measúnuithe a rinne an Coimisiún go bhféadfadh feirmeoirí suas le €1.6 billiún a shábháil in aghaidh na bliana agus go bhféadfadh riaracháin náisiúnta níos mó ná €200 milliún a shábháil in aghaidh na bliana.
Ar phríomhghnéithe an mhargaidh, tá:
- an t-ualach riaracháin a laghdú
- íocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga a mhéadú agus na rialacha maidir le coinníollacht a shimpliú
- na seiceálacha ar an láthair a laghdú agus an t-imréiteach feidhmíochta bliantúil a scriosadh
Ina dhiaidh sin, ní mór don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa an comhaontú a dhearbhú sula nglacfaidh an dá cheann acu go foirmiúil é.
An Comhbheartas Talmhaíochta mínitheAn Comhbheartas Talmhaíochta mínithe
-
5 Samhain A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle chun rialacha maidir le ceimiceáin a shimpliú
Leag an Chomhairle amach a seasamh maidir leis na codanna eile den séú pacáiste omnibus: togra chun rialacha maidir le táirgí ceimiceacha a shimpliú.
Tar éis teacht ar chomhaontú roimh ré le Parlaimint na hEorpa maidir leis an sásra ‘stad-an-clog’ le haghaidh an rialacháin maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú ceimiceán, dírítear sa seasamh ón gComhairle ar an méid seo a leanas:
- an cur chuige ‘digiteach mar réamhshocrú’ a choinneáil
- deireadh a chur le dúbláil na gceanglas
Thug an Chomhairle cosaintí níos láidre isteach freisin maidir le húsáid nana-ábhar agus substaintí guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith i dtáirgí cosmaideacha do thomhaltóirí.
Ina dhiaidh sin, rachaidh an Chomhairle i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú críochnaitheach.
CeimiceáinCeimiceáin
-
29 Meán Fómhair SCCT: simpliú ar ionstraim sceite carbóin an Aontais formheasta ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle rialachán lena simplítear agus lena neartaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) an Aontais, mar chuid den phacáiste reachtach ‘Omnibus I’, mar a thugtar air.
In ionad na tairsí atá ann faoi láthair (lena ndíolmhaítear earraí SCCT ar diomaibhseach a luach), leagtar síos tairseach mhaise ‘de minimis’ nua sna leasaithe a chiallaíonn nach gcuirfear suas le 50 tona d'allmhairí in aghaidh an allmhaireora in aghaidh na bliana faoi réir rialacha SCCT. Meastar go ndíolmhófar ó SCCT na heintitis sin ar FBManna agus daoine aonair iad den chuid is mó a allmhairíonn cainníochtaí beaga nó diomaibhseacha earraí a chumhdaítear le rialachán SCCT.
Cinnteofar leis an rialachán leasaithe freisin nach gcuirfear isteach ar allmhaireoirí ag tús 2026, agus iad ag fanacht le clárú SCCT, agus tá roinnt beart simpliúcháin eile ann d’allmhaireoirí uile na n-earraí SCCT maidir leis an méid seo a leanas, mar shampla:
- an nós imeachta údarúcháin
- na próisis bailithe sonraí
- ríomh na n-astaíochtaí, rialacha fíorúcháin
- ríomh an dliteanais airgeadais i gcás dhearbhóirí SCCT údaraithe
Ar deireadh, tá coigeartuithe sa rialachán leasaithe ar fhorálacha maidir le pionóis agus maidir leis na rialacha a bhaineann le hionadaithe indíreacha custaim.
Oiriúnach do 55: conas atá sé i gceist ag an Aontas aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí lasmuigh den Aontas? (Grafaic faisnéise)Oiriúnach do 55: conas atá sé i gceist ag an Aontas aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí lasmuigh den Aontas? (Grafaic faisnéise)
-
24 Meán Fómhair A seasaimh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus an digiteáil
D’fhormheas ambasadóirí an Aontais na seasaimh ón gComhairle atá mar chuid den cheathrú pacáiste omnibus, is iad sin:
- digiteáil agus sonraíochtaí comhchoiteanna
- fiontair mheánchaipitlithe bheaga
Cuideoidh na hathbhreithnithe atá beartaithe le tús áite a thabhairt d’fhormáidí digiteacha ar fud an Aontais, lena n-áirítear le haghaidh dhearbhú comhréireachta an Aontais, agus le tacaíocht níos fearr a thabhairt do chuideachtaí a d'éirigh rómhór don sainmhíniú ar FBM.
Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Chomhairle agus an Pharlaimint tús leis an gcaibidlíocht chun teacht ar chomhaontú.
-
24 Meán Fómhair An sásra ‘stad an chlog’ maidir le ceimiceáin formheasta ag an gComhairle
D’fhormheas ambasadóirí an Aontais an seasamh ón gComhairle maidir le rialacha an Aontais a shimpliú i ndáil le táirgí ceimiceacha. Sa togra, cuirtear siar go dtí an 1 Eanáir 2028 dáta theacht i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú ceimiceán. Tabharfaidh na hamlínte athbhreithnithe atá beartaithe níos mó deimhneacht dhlíthiúil do chuideachtaí an Aontais maidir lena gcuid oibleagáidí.
Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Chomhairle agus an Pharlaimint tús leis an gcaibidlíocht d’fhonn teacht ar chomhaontú.
-
23 Meán Fómhair Comhaontú maidir le clár infheistíochta an Aontais
Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach chun an clár InvestEU a shimpliú. Cuideoidh sé sin le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais agus le cistiú breise a shlógadh.
Treisíonn an comhaontú an clár infheistíochta trí €2.9 billiún breise a chur ar fáil, €29.1 billiún atá ar fáil san iomlán. Cuideoidh an cistiú breise sin le beartais an Aontais atá nasctha leis an gCompás Iomaíochais, leis an tionscal glan, leis an gcosaint agus leis an tsoghluaisteacht mhíleata.
-
3 Meán Fómhair A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a shimpliú
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir leis na ceanglais a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta a shimpliú. Is é an aidhm atá ann borradh a chur faoi iomaíochas thalmhaíocht na hEorpa tríd an rómhaorlathas a laghdú, tacú le feirmeoirí agus nuálaíocht agus táirgiúlacht a spreagadh.
Tá an togra mar chuid den tríú pacáiste omnibus, a ghlac an Coimisiún an 14 Bealtaine 2025. Ina dhiaidh sin, rachaidh an Chomhairle i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú críochnaitheach.
-
18 Iúil Dlí nua glactha ag an gComhairle chun ‘an clog a stopadh’ maidir le rialacha díchill chuí do cheallraí
Ghlac an Chomhairle dlí nua lena bhformhuinítear an togra ón gCoimisiún maidir le rialacha an Aontais i réimse na gceallraí a shimpliú.
Is é an phríomhsprioc dáta chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí díchill chuí ábhartha, mar a leagtar amach i rialachán an Aontais maidir le ceallraí a glacadh in 2023, a chur siar 2 bhliain, chun níos mó ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar mhargadh an Aontais ullmhú.
Cuirfear síneadh leis an sprioc-am ón 18 Lúnasa 2025 go dtí an 18 Lúnasa 2027.
I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach (Grafaic faisnéise)I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach (Grafaic faisnéise)
-
26 Meitheamh D’iarr ceannairí an Aontais go ndéanfaí dul chun cinn maidir leis na tograí omnibus i réimse na cosanta
Ag an gcruinniú a bhí ar siúl i mí Mheithimh ag an gComhairle Eorpach, d’iarr ceannairí an Aontais go gcuirfí dlús le gach gné den obair chun cur le hullmhacht cosanta na hEorpa faoi 2030.
Sa chomhthéacs sin, mhol siad don Chomhairle agus don Pharlaimint dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir leis na tograí omnibus um ullmhacht cosanta, ar cuid den chúigiú pacáiste omnibus iad a thíolaic an Coimisiún an 17 Meitheamh 2025.
-
23 Meitheamh A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil le ceanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus dícheall cuí
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus ceanglais díchill chuí a shimpliú chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais.
Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún, atá mar chuid den chéad phacáiste omnibus a cuireadh i láthair an 26 Feabhra 2025, na treoracha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí a shimpliú tríd an ualach tuairiscithe a laghdú agus trí theorainn a chur le héifeacht síothlaithe na n-oibleagáidí ar chuideachtaí beaga.
-
18 Meitheamh An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a shimpliú
Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir le rialachán lena simplítear agus lena neartaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCAT)an Aontais.
Is iad seo a leanas na príomhphointí:
- díolúine ó oibleagáidí SCCT d’allmhaireoirí, FBManna agus daoine aonair den chuid is mó, nach sáraíonn tairseach aonair mhaisbhunaithe a socraíodh ar leibhéal 50 tona d’earraí allmhairithe in aghaidh an allmhaireora in aghaidh na bliana
- bearta simplithe le haghaidh na hallmhaireoirí ar fad d’earraí SCCT atá os cionn na tairsí, mar shampla, maidir leis an nós imeachta um údarú, na próisis bailithe sonraí, ríomh na n-astaíochtaí leabaithe agus na rialacha maidir le fíorú astaíochtaí
- sonraíochtaí breise maidir leis an socrú i ndáil le maoiniú na gcostas mar toradh ar an ardán comhchoiteann lárnach SCCT a bhunú, a oibriú agus a bhainistiú
Feictear leis an togra seo, atá mar chuid den chéad phacáiste omnibus a tíolacadh an 26 Feabhra 2025, an t-ualach riaracháin a laghdú, chomh maith leis na costais chomhlíontachta ar chuideachtaí an Aontais, gan a spriocanna aeráide a chur i mbaol.
Oiriúnach do 55: conas atá sé i gceist ag an Aontas aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí lasmuigh den Aontas? (Grafaic faisnéise)Oiriúnach do 55: conas atá sé i gceist ag an Aontas aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí lasmuigh den Aontas? (Grafaic faisnéise)
-
16 Meitheamh A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an rialachán ‘Invest EU’
D’fhormheas ionadaithe na mBallstát an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra ón gCoimisiún chun na leasuithe seo a leanas a dhéanamh i rialachán ‘InvestEU’:
- méid ráthaíocht AE a mhéadú agus comhúsáid na ráthaíochta ‘Invest EU’ agus an acmhainneacht atá ann cheana atá ar fáil faoi thrí chlár leagáide (an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, ionstraim fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus saoráid fiachais InnovFin an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI)) a éascú
- é a dhéanamh níos éasca do na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár ‘Invest EU’
- ceanglais riaracháin a shimpliú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus d’fhiontair an gheilleagair shóisialta
Is é is aidhm don togra seo,atá mar chuid den dara pacáiste omnibus a tíocaladh an 26 Feabhra 2025, cuidiú le thart ar €50 billiún d’infheistíochtaí a shlógadh chun tacú le beartais an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gCompás Iomaíochais, an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, an beartas tionsclaíoch cosanta agus an tsoghluaisteacht mhíleata.
-
27 Bealtaine Seasamh caibidlíochta glactha ag na hairí maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an Aontais a shimpliú.
Ghlac na hairí an seasamh caibidlíochta ón gComhairle (cur chuige ginearálta) maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) an Aontais a shimpliú.
Tá sé mar aidhm leis an togra seo, atá mar chuid den phacáiste um shimpliú ón gCoimisiún, ‘omnibus I’ mar a thugtar air, an rialachán maidir le SCCT a shimpliú agus cost‑éifeachtúlacht a chomhlíontachta a fheabhsú, gan a spriocanna aeráide a chur i mbaol, ós rud é go mbeadh thart ar 99% d’astaíochtaí leabaithe in earraí SCCT allmhairithe fós cumhdaithe.
-
14 Aibreán Cead deiridh tugtha ag an gComhairle i ndáil leis an sásra ‘stad an chlog’
Thug an Chomhairle cead deiridh don togra ón gCoimisiún an méid seo a leanas a chur ar athló:
- teacht i bhfeidhm cheanglais na treorach maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideachdo chuideachtaí móra nár thosaigh ag tuairisciú go fóill, chomh maith le FBManna liostaithe, faoi 2 bhliain
- an spriocdháta trasuí agus an chéad chéim de chur i bhfeidhmna Treorach maidir le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta (lena gcumhdaítear na cuideachtaí is mó), faoi bhliain amháin
Is é is aidhm don togra sin, ar cuid den chéad pacáiste omnibus arna chur i láthair an 26 Feabhra 2025 é, castacht cheanglais an Aontais do ghnólachtaí a laghdú agus borradh a chur faoin iomaíochas, agus cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna.
Inbhuanaitheacht chorparáideachInbhuanaitheacht chorparáideach
-
20 Márta Ceannairí an Aontais tagtha ar chomhaontú maidir le tús áite a thabhairt do shimpliúchán
Ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta, leag ceannairí an Aontais béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfí dlús in 2025 leis an obair chun feabhas a chur ar an iomaíochas, an margadh aonair a neartú, poist ar ardchaighdeáin a chur chun cinn agus lena chinntiú go n‑éireoidh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
I ndáil leis an méid sin, d'aontaigh siad tosaíocht a thabhairt do shimpliúchán agus do laghdú na n-ualaí rialála agus riaracháin agus d’iarr siad ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar an bParlaimint an méid seo a leanas a dhéanamh:- díriú ar laghdú 25% ar a laghad a dhéanamh na hualaí riaracháin i gcás gach gnólacht agus laghdú 35% a dhéanamh i gcás na ngnólachtaí beaga agus meánmhéide
- obair a thabhairt chun cinn maidir leis na pacáistí um shimpliúchán a cuireadh i láthair an 26 Feabhra 2025
- an sásra ‘stadta an chloig’ do thuairisciú na hinbhuanaitheachta agus an díchill chuí a ghlacadh faoi mhí an Mheithimh 2025
- cloí le prionsabail na rialála níos fearr i gcaitheamh an phróisis reachtaigh
D’iarr siad ar an gCoimisiún freisin pacáistí breise um shimpliúchán a thíolacadh, lena n‑áirítear maidir le dícharbónú na tionsclaíochta agus maidir le slándáil agus cosaint, agus leanúint d’athbhreithniú a dhéanamh ar chorpas dlí an Aontais féachaint le bealaí a aimsiú chun na dlíthe atá ann cheana a shimpliú agus a chomhdhlúthú.
-
12 Márta Na chéad phacáistí omnibus um shimpliúchán pléite ag na hairí
Phléigh na hairí na bearta um shimpliúchán a mhol an Coimisiún an 26 Feabhra (pacáistí omnibus mar a thugtar orthu), rinne siad an ‘modh omnibus’ a mheas maidir lena chumas simpliú tapa a dhéanamh ar an láthair, agus phléigh siad conas a chinntiú go dtabharfar tosaíocht do bhearta um shimpliúchán ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta freisin.
-
11 Márta Seisiún tuairimíochta maidir leis an iomaíochas agus simpliú
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais maidir leis an iomaíochas, simpliú agus feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó san Eoraip.
Thíolaic an Coimisiún an chéad dá‘phacáiste omnibus’, a glacadh an 26 Feabhra 2025, maidir leis an inbhuanaitheacht agus an simpliú infheistíochta.
-
6 Márta Omnibus Simpliúcháin Cosanta iarrtha ag ceannairí an Aontais
Ag an gCruinniú Urghnách den Chomhairle Eorpach darb ábhar an Úcráin agus cosaint na hEorpa, d’iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa dul ar aghaidh leis an obairmaidir leis an gcreat dlíthiúil agus riaracháin don ullmhacht cosanta a shimpliú, agus d’iarr siad ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do omnibus simpliúcháin cosaint-sonrach.
-
2024
-
8 Samhain Comhaontú nua iomaíochais iarrtha ag ceannairí an Aontais
I ndearbhú Bhúdaipeist, leag ceannairí an Aontais béim ar a phráinní atá sé comhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa a chur chun feidhme chun leanúint den Aontas a dhéanamh níos ceannasaí, níos táirgiúla, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe.
Chuir siad in iúl nach mór rialacháin an Aontais a bheith níos soiléire, níos simplí agus níos cliste chun freastal níos fearr ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna.
Sa chomhthéacs sin, d’iarr na ceannairí ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tograí nithiúla a thíolacadh maidir leis an gcaoi le ceanglais tuairiscithe a laghdú 25% ar a laghad sa chéad leath de 2025
- measúnuithe tionchair ó thaobh rómhaorlathais agus iomaíochais a chur san áireamh i dtograí
An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Meitheamh 2026