Athchóirithe struchtúracha agus infheistíocht a spreagadh: solúbthacht rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis
Forléargas
Chun tacú le hiarrachtaí an Aontais na leibhéil infheistíochta a mhéadú agus athchóirithe struchtúracha a spreagadh, chomhaontaigh an Chomhairle i mí an Mheithimh 2014 gur gá féachaint ar an gcaoi ina bhféadfaí rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, ar rialacha iad a bhí ann cheana, a fheidhmiú ar bhealach níos solúbtha gan athrú a dhéanamh orthu.
Tar éis treoir a fháil ón gComhairle Eorpach i mí Eanáir 2015, d'eisigh an Coimisiún Eorpach teachtaireacht maidir leis 'An úsáid is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de na rialacha atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis’.
Mínítear sa Teachtaireacht mar a bheartaíonn an Coimisiún an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a fheidhmiú ar bhealach níos solúbtha agus meastóireacht á déanamh aige ar a mhéid a chomhlíonann na Ballstáit rialacha an Chomhshocraithe.
Tá an tuiscint nua atá ag an gCoimisiún ar rialacha an Chomhshocraithe á feidhmiú aige cheana, mar nach bhfuil aon gá na rialacha atá ann cheana a athrú, agus mar sin, níl aon gá le gníomh reachtach.
D’fhormhuinigh an Chomhairle seasamh a comhaontaíodh go comhpháirteach maidir leis an teachtaireacht i mí Feabhra 2016, a úsáidfear mar bhonn d'uasdátú ar an ‘Cód Iompair’ - léirmhíniú reatha ar an mbealach inar cheart rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a fheidhmiú ('Sonraíochtaí do chur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis’).
- Seasamh comhaontaithe maidir le solúbthacht sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, 30 Samhain 2015
- European Council conclusions, June 2014
- Teachtaireacht ón gCoimisiún: an úsáid is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de na rialacha atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
- Sonraíochtaí chun an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chur chun feidhme
Na Príomhchuspóirí
Ba cheart go gcabhrófaí leis an méid seo a leanas trí rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a fheidhmiú ar bhealach níos solúbtha:
- cur chun feidhme na n-athchóirithe struchtúrachaa spreagadh
- dlús a chur leis an infheistíocht
Sa Chomhairle
Mí Feabhra 2016: d’fhormhuinigh an Chomhairle seasamh a comhaontaíodh go comhpháirteach maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chur i bhfeidhm ar bhealach solúbtha. Beidh an seasamh a comhaontaíodh mar bhonn d’uasdátú ar an gCód Iompair maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis.
Mí na Nollag 2015: dhearbhaigh an Chomhairle seasamh a comhaontaíodh go comhpháirteach maidir le solúbthacht i rialacha reatha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Ba é an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a chomhaontaigh an seasamh sin i gcéaduair.
Mí Dheireadh Fómhair 2015: phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an tsolúbthacht i rialacha reatha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, plé a bhí bunaithe ar chur i láthair a rinne cathaoirleach an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.
Mí Eanáir 2015: Phléigh an Chomhairle feidhmiú solúbtha rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, agus dhírigh sí ar fheidhmiú an chlásail maidir le hathchóiriú struchtúrach agus ar fheidhmiú an chlásail maidir le hinfheistíocht. Chomhaontaigh an Chomhairle freisin go leanfadh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais leis an anailís theicniúil atá á déanamh aige ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún.
- Seasamh comhaontaithe maidir le solúbthacht sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, 30 Samhain 2015
- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12/02/2016
- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 8 Nollaig 2015
- Cruinniú den Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, an 6 Deireadh Fómhair 2015
- Cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 27/01/2015
- Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais
Treoir maidir leis an úsáid a bhaintear as solúbthacht faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis: na príomhphointí
Dírítear sa Teachtaireacht maidir leis an úsáid a bhaintear as solúbthacht faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis ar rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a fheidhmiú ar bhealach níos solúbtha trí na nithe a leanas a chur san áireamh:
- na hathchóirithe struchtúracha atá á ndéanamh ag na Ballstáit
- na gníomhaíochtaí infheistíochta atá ar siúl ag rialtais
- na dálaí timthriallacha i ngach Ballstát
1. 'An clásal maidir le hathchóirithe struchtúracha' a fheidhmiú ar bhealach solúbtha
Cuirfear an clásal maidir le hathchóirithe struchtúracha i bhfeidhm ar bhealach éagsúil i gcás na mBallstát atá faoi ghné choisctheach an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis le hais na mBallstát atá faoi ghné cheartaitheach an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis.
Na Ballstáit atá faoi ghné choisctheach an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis
Na rialacha atá ann cheana:
féadfaidh na Ballstáit atá faoi ghné choisctheach an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis imeacht go sealadachón gcuspóir buiséadach meántéarma(CBM) nó ó chonair an choigeartaithe bhuiséadaigh i dtreo an chuspóra sin, más rud é go bhfuil athchóirithe móra struchtúracha á gcur chun feidhme acu. Leis an riail sin, tugtar deis do na Ballstáit na costais ghearrthéarma a bhaineann le cur chun feidhme na n-athchóirithe a chumhdach, ar athchóirithe iad lena ngabhann sochair fhadtéarma, agus tugtar níos mó ama dóibh lena gcuspóir buiséadach meántéarma a bhaint amach.
Feidhmiú solúbtha:
Féadfar an diall sin a cheadú más rud é go gcomhlíontar roinnt critéar leis na hathchóirithe struchtúracha, i.e. más fíor an méid a leanas ina leith:
- tá siad 'ollmhór'
- beidh éifeachtaí buiséadacha dearfach, infhíoraithe, fadtéarma ag gabháil leo
- beidh siad curtha chun feidhme ina n-iomláine
Chomh maith leis sin, d'fhéadfaí an clásal a fheidhmiú i gcás na mBallstát sin nár thosaigh ag cur a n-athchóirithe chun feidhme go fóill, ach atá in ann pleananna mionsonraithe a chur ar fáil ina bhfuil bearta dea-shonraithe agus spriocdhátaí inchreidte i ndáil lena gcur chun feidhme.
Ní fhéadfar os cionn 0.5% de OTI a shárú leis an diall sealadach a ceadaíodh, agus caithfidh an Ballstát a chuspóir buiséadach meántéarma a bhaint amach laistigh de cheithre bliana.
Thairis sin, caithfidh na Ballstáit a dtugtar an diall dóibh corrlach sábháilte a choimeád lena áirithiú nach n-eascraíonn cás as an diall ina mbeidh easnamh rialtais na tíre níos airde ná 3% de OTI.
Ceadóidh an Chomhairle an diall sealadach nuair a chríochnóidh an Coimisiún an measúnú agus nuair a dhearbhóidh sé gur cuireadh na hathchóirithe a comhaontaíodh chun feidhme ina n-iomláine.
Na Ballstáit atá faoin ngné cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
Na rialacha atá ann cheana:
Caithfidh an Coimisiún na tosca ábhartha meántéarma eacnamaíocha, buiséadacha agus eile i mBallstát a scrúdú sula bhféadfaidh sé nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach a thionscnamh nó síneadh a mholadh ar na spriocdhátaí chun easnaimh iomarcacha a cheartú. Cumhdaítear cur chun feidhme na n-athchóirithe struchtúracha leis na tosca sin.
Feidhmiú solúbtha:
Na pleananna d'athchóirithe móra struchtúracha a chur san áireamh freisin, ní amháin na hathchóirithe móra struchtúracha atá ar siúl faoi láthair. Caithfear bearta soiléire agus amlínte réalaíocha dá gcur chun feidhme a áireamh i bpleananna mar sin.
Ciallaíonn sin go bhféadfaidh an Coimisiún an méid a leanas a dhéanamh i gcás ina mbeidh pleananna inmharthana maidir le hathchóiriú ag tír faoin ngné cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis:
- moladh go gcuirfeadh an Chomhairle síneadh leis an spriocdháta chun an t-easnamh iomarcach a cheartú sna tíortha sin atá faoi réir an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach cheana
- moladh go leagfaidh an Chomhairle sprioc-am níos faide síos leis an easnamh iomarcach a cheartú nuair a bheidh nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach á chur ar bun
Faireachán
Déanfar faireachán ar chur chun feidhme na n-athchóirithe faoi chreat an tSeimeastair Eorpaigh. Caithfidh tír atá faoi réir an nós imeachta maidir míchothromaíochtaí iomarcacha na hathchóirithe struchtúracha atá beartaithe aige a leagan amach sa phlean gníomhaíocht ceartaitheach. Sa chás sin, déanfar faireachán ar chur chun feidhme na n-athchóirithe faoin nós imeachta maidir le míchothromaíochtaí iomarcacha.
- An Seimeastar Eorpach (faisnéis chúlra)
- An nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch
- Gné cheartaitheach an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh)
2. 'An clásal maidir le hinfheistíocht' a fheidhmiú ar bhealach solúbtha
Infheistíochtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)
An feidhmiú solúbtha a bheartaítear:
1. Gan tús a chur leis an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach i gcás na mBallstát sin a bhfuil an luach tagartha 3% de OTI á sárú ag a n-easnamh rialtais, más rud é go bhfuil an sárú sin mar thoradh ar infheistíocht i dtionscadal atá á gcómhaoiniú faoi CEIS. Caithfidh, áfach, an diall ón sprioceasnamh a bheith beag agus sealadach.
2. Gan sáruithe beaga ar luach tagartha an fhiachais a chur san áireamh - 60% de OTI - más rud é go bhfuil an rialtas páirteach in infheistíochtaí a bhaineann le CEIS.
Beidh feidhm ag na rialacha sin i gcás na mBallstát uile, beag beann ar cibé acu an bhfuil siad faoin ngné choisctheach nó faoin ngné cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.
Infheistíochtaí eile
Na rialacha atá ann cheana:
ceadaítear diall sealadach ón gcuspóir buiséadach meántéarma nó ó chonair an choigeartaithe bhuiséadaigh i dtreo an chuspóra sin leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, i gcás na mBallstát sin a bhféadfaí a mheas go bhfuil na hinfheistíochtaí a dhéanann siad comhionann le hathchóirithe móra struchtúracha.
Feidhmiú solúbtha:
Cuirfear 'an clásal infheistíochta' i bhfeidhm ar infheistíochtaí poiblí tríd an gcás sonrach i ngach Ballstát a chur san áireamh.
Ciallaíonn sin go dtabharfar diall sealadach óna gcuspóir buiséadach meántéarma nó ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra sin do na Ballstáit sin a bhféadfar a mheas go bhfuil an infheistíocht a dhéanann siad comhionann le hathchóirithe móra struchtúracha, más fíor an méid a leanas:
- tá an fás OTI atá á dhéanamh acu diúltach nó tá an OTI atá acu faoi bhun a n-acmhainneacht
- ní bheidh easnamh rialtais níos mó ná 3% de OTI mar thoradh ar an diall ón gcuspóir buiséadach meántéarma (CBM) nó ón gconair i dtreo an chuspóra sin agus coimeádtar corrlach iomchuí sábháilteachta chun nach ndéanfar sárú den chineál sin
- méadaítear na leibhéil infheistíochta mar thoradh ar an diall a ceadaíodh
- ceadaítear an diall siocair go bhfuil na tionscadail a chómhaoiníonn Ballstát á maoiniú faoi chláir an Aontais agus faoi CEIS freisin
- tugann Ballstát cúiteamh ar dhiall sealadach laistigh den chreat ama a bhunaítear i gclár an Bhallstáit (an clár cobhsaíochta do Bhallstáit sa limistéar euro agus an clár cóineasaithe do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro)
Bheadh feidhm ag na rialacha sin i gcás na mBallstát a thagann faoin ngné choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.
Athbhreithneoidh an Coimisiún Eorpach cur i bhfeidhm na gclásal athchóirithe struchtúraigh agus infheistíochta faoi dheireadh mhí Mheithimh 2018. I measc nithe eile, scrúdófar san athbhreithniú cibé acu ar chabhraigh an clásal infheistíochta le borradh a chur faoi infheistíochtaí nua agus na himpleachtaí a bhaineann le leanúint leis an gclásal infheistíochta.
3. Dálaí timthriallacha
Tugadh cur chuige níos freagrúla maidir le timthriall eacnamaíoch Ballstáit isteach faoin ngné choisctheach den Chomhshocrú. Bainfidh an Coimisiún leas as modh níos casta (’maitrís’) le conair coigeartaithe fhioscaigh gach tíre a leagan amach ag brath ar cibé acu an bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha ag an tír nó an bhfuil sí ag dul i bhfeabhas ó thaobh na heacnamaíche de.
Agus measúnú á dhéanamh ar an gcás i dtír atá faoi réir an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach (an ghné cheartaitheach den Chomhshocrú), déanfaidh an Coimisiún idirdhealú, a mhéid is féidir, idir forbairtí buiséadacha atá faoi rialú an rialtais agus na cinn a bhaineann le titim gan choinne ó thaobh gníomhaíochta eacnamaíche de.
Meastar go gcuirfidh an Coimisiún Eorpach tuarascáil athbhreithnithe faoi bhráid na Comhairle maidir le héifeachtacht na maitríse roimh an 30 Meitheamh 2018. Go sonrach, scrúdóidh sé ar éirigh leis an maitrís maidir le beartais fhritimthriallacha a bheith á gcur chun cinn ag na Ballstáit agus ar chabhraigh sí leo ó thaobh a gcuspóirí meántéarma a bhaint amach. Scrúdóidh sé freisin cibé acu ar éirigh leis an maitrís laghdú i bhfiachas rialtas a áirithiú ag ‘luas sásúil’.
Cad is brí leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis?
Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, lena bhforáiltear do chosc agus do dhíspreagadh araon, comhdhéanta de rún agus de dhá Rialachán ón gComhairle:
- maidir leis an bhfaireachas a dhéantar ar riochtaí buiséadacha a neartú, agus maidir le faireachas a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha agus na beartais sin a chomhordú
- maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach agus an cur chun feidhme sin a shoiléiriú
- Rún ón gComhairle Eorpach maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (1997)
- Rialachán 1175/2011 lena leasaítear Rialachán Uimh.1466/97 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú
- Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh.1467/97 maidir le soiléiriú agus le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach
Cad is brí le cuspóir buiséadach meántéarma?
Tagraíonn an cuspóir buiséadach meántéarma do sprioc-chomhardú an bhuiséid struchtúraigh i dtaobh OTI, a bhfuiltear ag súil go mbainfidh gach tír amach laistigh de thréimhse áirithe ama. Éilíonn an cuspóir buiséadach meántéarma go mbeidh riochtaí buiséadacha na mBallstát beagnach comhardaithe nó i bhfarasbarr. Thairis sin, leis an gcuspóir buiséadach sin, cabhraítear lena chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit an ceanglas maidir lena bhfiachas poiblí a choimeád faoi 60% de OTI agus maidir lena n-easnamh rialtais a choimeád faoi 3% de OTI, agus lena chinntiú gurb inbhuanaithe an t-airgeadas poiblí foriomlán atá acu.
Leagtar síos an cuspóir buiséadach meántéarma do gach tír ar leith gach trí bliana. Féadfar an cuspóir sin a athbhreithniú níos minice más rud é go bhfuil athchóirithe struchtúracha á gcur chun feidhme ag Ballstát a bhfuil tionchar acu ar an airgeadais poiblí.
Tugtar conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarma ar an dul chun cinn ar cheart do na Ballstáit déanamh gach bliain leis an gcuspóir sin a bhaint amach, agus tá a conair féin ag gach tír. Déantar faireachán ar an dul chun cinn trí nósanna imeachta tuairiscithe ábhartha an tSeimeastair Eorpaigh.