"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 28 Meán Fómhair 2023
Na príomhthorthaí
Gnóthaí baile
Tearmann agus imirce: an ghné sheachtrach
I bhfianaise an líon ard imirceach agus iarrthóirí tearmainn atá ag teacht isteach go neamhrialta ar fud an Aontais, phléigh an Chomhairle bealaí chun dlúthchomhar buan a fhorbairt le príomhthíortha idirthurais agus tionscnaimh imirce.
Thacaigh na hairí leis an ngá atá ann an ghné sheachtrach de bheartas imirce an Aontais a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá i gcoiteann ag an Aontas agus hilchríocha agus tíortha eile. Leagadh béim ar an ngá atá le meascán comhordaithe de chabhair um fhorbairt chun bunchúiseanna na himirce a chomhrac, smuigleáil imirceach a chomhrac, tuilleadh bealaí dleathacha a fhorbairt mar rogha mhalartach ar an imirce neamhrialta agus beartas inbhuanaithe um athligean isteach agus um fhilleadh.
Leagadh béim ar leith le linn an phlé ar shamhail choisctheacha fhorbairt, bunaithe ar chistiú láidir, a chuirfeadh bac ar imeachta neamhrialta. Bheadh sé fréamhaithe i gcomhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais agus bheadh gnéithe ann, mar shampla patróil chomhpháirteacha, lárionaid chomhpháirteacha oibríochtúla, comhar leanúnach le himeacht ama agus bealaí imirce atá ordúil, rialta agus sábháilte a fhorbairt.
Éilíonn an beartas seachtrach imirce comhpháirtíochtaí cuimsitheacha le cuid dár gcomharsana is gaire dúinn agus idirphlé maidir leis an imirce agus an tsoghluaisteacht le comhpháirtithe níos faide i gcéin. Tá cur chuige níos coiscthí de dhíth ar bheartas seachtrach imirce an Aontais chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin struchtúracha sna tíortha tionscnaimh agus idirthurais.
Fernando Grande-Marlaska Gómez, aire inmheánach gníomhach na Spáinne
An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann
Thug an Uachtaránacht an t-eolas is déanaí do na hairí faoi chomhaid reachtacha éagsúla an Chomhaontaithe maidir le hImirce agus Tearmann. D’athdhearbhaigh an Uachtaránacht a tiomantas an sprioc a leagtar síos sa Treochlár a comhaontaíodh idir na 5 Uachtaránacht rothlacha, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach i mí Mheán Fómhair 2022 a chomhlíonadh, chun teacht ar chomhaontú maidir le comhaid an Chomhshocraithe roimh dheireadh an téarma reachtaigh reatha.
Chuir an Uachtaránacht in iúl freisin go raibh sí sásta leis an tacaíocht fhorleathan a léirigh na toscaireachtaí maidir leis an téacs comhréitigh is déanaí maidir leis an rialachán géarchéimerialachán géarchéime agus chuir sí in iúl go raibh sí muiníneach go bhféadfaí teacht ar shainordú caibidlíochta go luath laistigh den Chomhairle.
Tar éis ghéarchéim imirce 2015, rinne na Ballstáit caibidlíocht ar roinnt dlíthe de chuid an Aontais chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcomhchóras Eorpach tearmainn. A luaithe a ghlacfar na dlíthe éagsúla sin de chuid an Aontais atá á gcaibidil faoi láthair, beidh creat coiteann ann ina ndéileálfar le gach gné den bhainistiú tearmainn agus imirce. Beidh níos mó dlúthpháirtíochta ann do na Ballstáit ina dtagann formhór na n-imirceach, níos mó comhroinnte freagrachta agus beidh rialacha níos soiléire ann chun daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu a bhainistiú. Ag an am céanna, bunófar leis an gComhshocrú nósanna imeachta níos éifeachtúla agus níos cothroime do na daoine sin a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, agus dóibh siúd nach bhfuil an chosaint sin de dhíth orthu.
Ar an iomlán, leag Uachtaránacht na Spáinne béim ar an dul chun cinn suntasach a rinneadh go dtí seo, ach freisin ar an obair thábhachtach atá fós le déanamh sa chaibidlíocht idirinstitiúideach idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir le comhaid éagsúla an Chomhaontaithe maidir le hImirce agus Tearmann.
Comhar le Meiriceá Laidineach maidir leis an tslándáil inmheánach
Thug an Chomhairle aghaidh ar an gcomhar le tíortha Mheiriceá Laidinigh maidir le gnéithe slándála inmheánaí agus go háirithe an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí. Roimh an bpointe sin ar an gclár oibre, bhí lón oibre ag airí an Aontais le hairí Choiste Slándála Inmheánaí Mheiriceá Laidinigh (CLASI) inar phléigh siad ábhair leasa fhrithpháirtigh i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe trasteorann.
Tháinig Aire an Aontais agus agus an tAire ó thíortha CLASI ar chomhaontú maidir le dearbhú comhpháirteach. Cuirtear i bhfios go láidir ann gur gá dul i gcomhar le chéile chun freagairtí a thabhairt ar na bagairtí coiriúla atá os comhair an Aontais agus thíortha Mheiriceá Laidinigh. Leagtar béim sa dearbhú freisin ar an ngá atá ann — i measc nithe eile — acmhainneachtaí éifeachtacha a fhorbairt chun gáinneáil aindleathach ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach a chomhrac agus chun an comhar idir gníomhaireachtaí Eorpacha agus gníomhaireachtaí Mheiriceá Laidinigh a mhéadú.
Is ríthábhachtach an comhar idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh chun an choireacht eagraithe a chomhrac. Tráth tábhachtach é seisiún an lae inniu le hairí Choiste um Shlándáil Inmheánach Mheiriceá Laidinigh chun dlús a chur lenár gcomhpháirtíocht idir-réigiúnach.
Fernando Grande-Marlaska Gómez, Aire Gníomhach Gnóthaí Baile na Spáinne
Chun cinnteacht a chur ar fáil do bhreis agus 4 mhilliún dídeanaí ón Úcráin atá ina gcónaí san Aontas faoi láthair, chomhaontaigh an Chomhairle síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do dhaoine atá ag teitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón 4 Márta 2024 go dtí an 4 Márta 2025. Cuireadh an sásra cosanta sealadach i bhfeidhm an 4 Márta 2022 – cúpla lá tar éis d’fhórsaí armtha na Rúise ionradh ollmhór ar an Úcráin a sheoladh – agus cuireadh síneadh bliana leis go huathoibríoch. Ba ghníomh ollmhór dlúthpháirtíochta é idir na Ballstáit agus na saoránaigh foscadh a chur ar fáil dóibh. Léirigh an tAontas a dhlúthpháirtíocht leis na daoine easáitithe agus leis na Ballstáit trí chóras solúbtha comhroinnte freagrachta.
Cuireann an córas cosaint láithreach agus chomhchoiteann ar fáil (i.e. gan aon ghá le hiarratais aonair a scrúdú) do dhaoine easáitithe ón Úcrain nach bhfuil in ann filleadh ar an Úcráin.
Thug an Uachtaránacht, trí fhaisnéis ó Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais, staid na himeartha maidir leis an idirphlé slándála inmheánaí leis an Úcráin. Cuireadh an t-idirphlé sin i bhfeidhm ó thosaigh cogadh foghach na Rúise chun na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige do shlándáil inmheánach an Aontais a mhaolú. Ar na dúshláin a phléitear tá slándáil teorann agus gáinneáil ar airm thine.
Gnó eile
Chuir Aire na Portaingéile na toscaireachtaí ar an eolas faoin dara comhdháil slándála teorann idir an tAontas agus na hArabaigh a bheidh ar siúl in Porto an 15 agus an 16 Samhain.
Míreanna ‘A’
Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir leis na coinníollacha don Iorua, don Íoslainn agus don Eilvéis a bheith rannpháirteach sa Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (Ciste IBMF-IBTV) don tréimhse 2021 go 2027, rud a neartóidh limistéar Schengen ina iomláine.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.