Skip to content

Amlíne - An Comhbheartas Talmhaíochta 2023-2027

Amlíne faoi obair na Comhairle a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta athchóirithe do 2023-2027.

  • 2025

    • 26 Bealtaine

      Iomaíochas agus inbhuanaitheacht: príomhspriocanna le haghaidh thodhchaí na talmhaíochta

      Ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí na Bealtaine 2025, bhí díospóireacht ag na hairí faoin teachtaireacht i ndáil le fís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia, a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí Feabhra 2025.

      D’aontaigh siad gur spriocanna ríthábhachtacha iad iomaíochas agus inbhuanaitheacht na talmhaíochta a fheabhsú agus beartais talmhaíochta a shimpliú.

    • 24 Márta

      Todhchaí na talmhaíochta agus an bhia pléite ag an gComhairle

      Ag eascairt as an gcur i láthair ón gCoimisiún Eorpach, bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle i ndáil leis an bhfís maidir leis an talmhaíocht agus an bia.

      Ar an iomlán, ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an fhís sin, go háirithe an bhéim a chuirtear ar an talmhaíocht mar earnáil straitéiseach agus an tábhacht a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht a chur chun cinn mar rogha ghairme don ghlúin atá le teacht. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin go ndírítear ar an iomaíochas agus ar ioncaim chuibhiúla chothroma a chinntiú d’fheirmeoirí.

  • 2024

    • 9 Nollaig

      Earnáil feirmeoireachta iomaíoch san Aontas atá bunaithe ar chomhbheartas talmhaíochta atá dírithe ar fheirmeoirí: conclúidí formheasta ag an gComhairle

      D’fhormheas an Chomhairle d’aontoil tacar conclúidí maidir le Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a bheidh dírithe ar fheirmeoirí tar éis 2027. Ba cheart go mbeadh an beartas talmhaíochta a bheidh ann amach anseo:

      • iomaíoch
      • athléimneach i gcás géarchéime
      • inbhuanaithe
      • fabhrach d’fheirmeoirí
      • bunaithe ar eolas
    • 24 Meitheamh

      Conclúidí maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach glactha ag an Uachtaránacht

      D’fhormheas Uachtaránacht na Beilge ar an gComhairle tacar conclúidí ón Uachtaránacht lena leagtar amach fís do thodhchaí na talmhaíochta san Aontas le linn na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí an Mheithimh 2024.

      Leagtar béim sna conclúidí ón Uachtaránacht ar ról lárnach earnáil na feirmeoireachta maidir leis an tslándáil bia agus an neamhspleáchas straitéiseach a chinntiú agus aithnítear iontu na dúshláin iomadúla atá roimpi, cuir i gcás an t-athrú aeráide, an teannas geopholaitiúil, an bhrabúsacht, agus an t-ualach riarachán.

    • 13 Bealtaine

      Cead deiridh tugtha ag an gComhairle d’athbhreithniú spriocdhírithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta

      Tá athbhreithniú spriocdhírithe ar bhunghníomhartha áirithe den chomhbheartas talmhaíochta (CBT) glactha go foirmiúil ag an gComhairle.

      Tugtar aghaidh san athbhreithniú ar ghnéithe áirithe de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT agus den Rialachán maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air (an ‘Rialachán Cothrománach’).

      Leis na rialacha nuashonraithe, soláthraítear simpliú, laghdaítear an t-ualach riaracháin, agus tugtar níos mó solúbthachta chun coinníollachtaí comhshaoil áirithe a chomhlíonadh, agus creat intuartha d’fheirmeoirí á chinntiú ag an am céanna.

    • 26 Márta

      Tacaíocht d'fheirmeoirí: athbhreithniú spriocdhírithe ar an gcomhbheartas talmhaíochta formhuinithe ag an gComhairle

      An 26 Márta 2024, sa Choiste Speisialta um Thalmhaíocht, d’fhormhuinigh ionadaithe de chuid Bhallstáit an Aontais athbhreithniú spriocdhírithe ar gníomhartha bunúsacha áirithe den chomhbheartas talmhaíochta,rud a mhol an Coimisiún Eorpach mar fhreagairt ar na hábhair imní a chuir feirmeoirí in iúl.

      Thug an t-athbhreithniú seo aghaidh ar shaincheisteanna a tháinig chun cinn, mar shampla, i dtaobh phleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta a chur chun feidhme agus dhírigh sé ar shimpliú a chur ar fáil, an t-ualach riaracháin a laghdú, agussolúbthacht níos fearr a chur ar fáil chun coinníollachtaí áirithe comhshaoil a chomhlíonadh.

    • 21 Márta

      Iarrtha ag ceannairí an Aontais go leanfaí den obair chun tacú le feirmeoirí

      Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta 2024, d’iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle leanúint den obair chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a chuir feirmeoirí in iúl maidir leis an méid seo a leanas:

      • gach beart agus réiteach nuálach a d’fhéadfaí a dhéanamh, lena n-áirítear iad siúd chun an t-ualach riaracháin a laghdú d’fheirmeoirí
      • seasamh na bhfeirmeoirí sa bhiashlabhra a neartú
      • brú airgeadais feirmeoirí a mhaolú
      • ioncam cóir a chinntiú d’fheirmeoirí agus iomaíocht riailbhunaithe chóir
      • aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis na bearta uathrialacha trádála don Úcráin ar bhealach cóir cothrom
    • 26 Feabhra

      Bearta gearrthéarmacha formheasta ag na hairí chun freagairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí

      I bhfianaise agóidí na bhfeirmeoirí, dhearbhaigh airí an Aontais go bhfuil siad toilteanach freagairt go héifeachtach ar ábhair imní na bhfeirmeoirí. Mar chéad chéim, tháinig siad ar chomhaontú maidir le tosaíochtaí do shraith beart nithiúil gearrthéarmach agus thug siad treoir pholaitiúil do chur chuige struchtúrach sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

      Sna gníomhaíochtaí gearrthéarmacha a mhol an Coimisiún agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle, díríodh ar an ualach riaracháin agus an rómhaorlathas a laghdú d’fheirmeoirí agus do riaracháin náisiúnta araon.

  • 2023

    • 11 Nollaig

      Bliain níos déanaí: machnamh á dhéanamh ag na hairí ar phleananna straitéiseacha CBT

      Agus deireadh na chéad bhliana de chur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) nua ag druidim linn, rinne na hairí a machnamh ar phleananna straitéiseacha CBT le linn Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh mhí na Nollag.

      Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na pleananna agus phléigh siad na dúshláin a bhaineann lena gcur chun feidhme. Dhírigh siad go háirithe ar an ngá atá leis an gcobhsaíocht agus an intuarthacht d’fheirmeoirí, agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé simpliú a dhéanamh agus an próiseas a éascú chun leasuithe a dhéanamh ar na pleananna straitéiseacha.

    • 25 Aibreán

      Staid na himeartha maidir le pleananna straitéiseacha CBT pléite ag an gComhairle Talmhaíochta

      Bunaithe ar eolas ón gCoimisiún, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le staid na himeartha i ndáil le pleananna straitéiseacha na mBallstát faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) do 2023-2027.

      Díríodh sa phlé ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó thabhairt isteach na bpleananna straitéiseacha sna Ballstáit, agus ar an méid ba cheart a dhéanamh chun cur chun feidhme na bpleananna straitéiseacha a éascú agus a fheabhsú a thuilleadh sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Leag na hairí béim ar roinnt gnéithe, mar shampla an gá atá le cumarsáid shoiléir le feirmeoirí maidir leis na rialacha nuashonraithe agus cur chuige solúbtha maidir le haon leasuithe ar na pleananna.

    • 1 Eanáir

      Beidh feidhm ag CBT nua ón 1 Eanáir 2023

      Tháinig CBT athchóirithe don tréimhse ó 2023 go dtí 2027 i bhfeidhm go hiomlán an 1 Eanáir 2023. Tháinig sé sin i ndiaidh don Choimisiún na pleananna straitéiseacha a chuir na Ballstáit i láthair a fhormheas.

      Tá sé d’aidhm ag CBT nua an méid seo a leanas a dhéanamh:

      • tacaíocht níos spriocdhírithe a chur ar fáil d’fheirmeacha beaga
      • rannchuidiú na talmhaíochta le spriocanna comhshaoil agus aeráide an Aontais a fheabhsú
      • níos mó solúbthachta a cheadú do na Ballstáit agus na bearta á gcur in oiriúint acu do choinníollacha áitiúla
      Léaráid ina léirítear trucail ag iompar táirgí talmhaíochta
      Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe (Grafaic faisnéise)

      Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe (Grafaic faisnéise)

  • 2022

    • 11-12 Nollaig

      Cur chun feidhme phleananna straitéiseacha CBT pléite ag airí an Aontais

      Le linn na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí na Nollag 2022, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na pleananna straitéiseacha atá san áireamh sa chomhbheartas talmhaíochta (CBT), go háirithe i gcomhthéacs chogadh na Rúise san Úcráin agus na ndúshlán a bhaineann leis sin d’earnáil na feirmeoireachta.

      Chuir na hairí in iúl go bhfuil siad réidh faoi seach chun pleananna náisiúnta a chur chun feidhme i mí Eanáir 2023, agus gur dócha go mbeidh an chéad bhliain an-dúshlánach, go háirithe maidir le córais rialaithe a bhunú agus cur chun feidhme cuí a chinntiú.

    • 18 Iúil

      Formheas phleananna straitéiseacha CBT pléite ag na hairí

      Phléigh na hairí cur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta nua (CBT) agus formheas pleananna straitéiseacha.

      Bhí malartú tuairimí acu maidir leis an bpróiseas ullmhúcháin ar an leibhéal náisiúnta agus chuir siad i bhfios go láidir an gá atá leis na pleananna straitéiseacha a fhormheas a luaithe is féidir

    • 21 Márta

      A dtuairimí malartaithe ag an gComhairle maidir le pleananna straitéiseacha CBT

      Ag cruinniú na Comhairle i mí an Mhárta 2022, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta aige sa mheastóireacht ar na pleananna straitéiseacha don Chomhbheartas Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo. Rinneadh malartú tuairimí ina dhiaidh sin, inar díríodh go háirithe ar an méid seo a leanas:

      • an gá atá leis na pleananna a fhormheas go tapa chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil feirmeoirí ar an eolas faoi na rialacha nua
      • an gá atá le solúbthacht chun na pleananna a oiriúnú d’fhonn slándáil bia a chinntiú agus cogadh ar siúl san Úcráin
      • na critéir a úsáideann an Coimisiún chun na pleananna a fhormheas
      • trédhearcacht an phróisis
  • 2021

    • 2 Nollaig

      CBT athchóirithe don tréimhse 2023-2027 glactha go foirmiúil ag an gComhairle

      An 2 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh go foirmiúil na trí rialachán atá sa phacáiste maidir le hathchóiriú CBT mar mhír neamhphlé. Níos déanaí an lá sin, shínigh Uachtaránacht na Slóivéine, agus an tAire Bonneagair Jernej Vrtovec ag déanamh ionadaíocht uirthi, na trí rialachán a glacadh thar ceann na Comhairle, agus glacadh CBT nua go foirmiúil ar an gcaoi sin.

      Tar éis níos mó ná trí bliana d’obair chrua, d’éirigh linn an ceann scríbe a bhaint amach ar deireadh. Cloch mhíle i mbeartas feirmeoireachta an Aontais is ea an CBT nua a glacadh agus tá an bealach réitithe aige do thodhchaí níos cothroime agus níos inbhuanaithe d’fheirmeoirí na hEorpa. Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine

      Beidh feidhm ag an mbeartas nua ó 2023 ar aghaidh.

    • 12 Deireadh Fómhair

      Ministers discuss progress on CAP strategic plans

    • 28 Meitheamh

      Comhaontú sealadach maidir le hathchóiriú CBT daingnithe ag an gComhairle

      Le linn chruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí an Mheithimh 2021, dhaingnigh airí talmhaíochta an Aontais an comhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa maidir leis an athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta. Leis an mbeartas nua, déanfar an méid seo a leanas:

      • ceangal a chur ar na Ballstáit cearta sóisialta agus saothair a thabhairt d’oibrithe talmhaíochta
      • feirmeoirí a spreagadh chun cleachtais feirmeoireachta níos glaise a úsáid
      • tacaíocht a thabhairt d’fheirmeacha beaga agus feirmeoirí óga
      • tacaíocht a nascadh ar bhealach níos fearr le torthaí agus feidhmíocht na bhfeirmeacha

      Mar chéad chéim eile, táthar le teacht ar chomhaontú ar an leibhéal idirinstitiúideach maidir leis na sonraí teicniúla nár réitíodh fós den athchóiriú beartaithe, agus ina dhiaidh sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an t-athchóiriú a fhormheas go foirmiúil.

      Léaráid ina léirítear trucail ag iompar táirgí talmhaíochta
      Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe (Grafaic faisnéise)

      Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe (Grafaic faisnéise)

    • 25 Meitheamh

      An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le todhchaí CBT

      Tháinig uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir le hathchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) do 2023-2027.

      Leis an gcomhaontú sin, réitítear an bealach do CBT a bheidh níos simplí, níos cothroime agus níos glaise agus a sholáthróidh todhchaí inbhuanaithe d’fheirmeoirí na hEorpa. Cuireann CBT nua borradh faoi bhearta comhshaoil. Ina theannta sin, tá forálacha ann lena áirithiú go bhfaighidh feirmeacha beaga tacaíocht níos spriocdhírithe agus a chuideoidh le feirmeoirí óga an ghairm sin a roghnú.

      Beidh an comhaontú ina chomhaontú sealadach nó go bhformheasfaidh airí talmhaíochta an Aontais é ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh a bheidh ar siúl ar an 28-29 Meitheamh.

    • 26-27 Bealtaine

      Cúrsaí talmhaíochta an Aontais amach anseo á bplé ag na hairí

      Phléigh na hairí todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta le linn an chruinnithe a bhí ar siúl sa Bhruiséil. Ba é an aidhm fhoriomlán teacht ar chomhaontú maidir le trí rialachán an phacáiste um athchóiriú CBT. Tionóladh an cruinniú i gcomhthreo le caibidlíochtaí idirinstitiúideacha idir an Chomhairle agus an Pharlaimint. Ar na príomhphointí a pléadh bhí:

      • an choinníollacht shóisialta
      • íocaíochtaí a spriocdhíriú
      • an ailtireacht ghlas

      Cé go ndearnadh dul chun cinn i roinnt réimsí, tá roinnt saincheisteanna tábhachtacha fós gan réiteach. Dá bhrí sin, cinneadh an plé a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile a bheidh ag na hairí talmhaíochta agus iascaigh i mí an Mheithimh.

    • 26 Aibreán

      Athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta: tugann airí treoir chun an chaibidlíocht a chur ar aghaidh

      Le linn na físchomhdhála neamhfhoirmiúla an 26 Aibreán 2021, thug an Uachtaránacht na hairí cothrom le dáta maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach (idirphlé tríthaobhach) maidir leis an bpacáiste um athchóiriú CBT agus d’iarr sí treoir uathu i ndáil leis an togra comhréitigh maidir le hailtireacht ghlas. Ba ghné lárnach de thogra comhréitigh na huachtaránachta é an méadú ar na méideanna imfhálaithe d’éiciscéimeanna i gcomparáid le cur chuige ginearálta na Comhairle (méadú forchéimnitheach, ag tosú le 22 % in 2023 agus 25 % á bhaint amach in 2025) agus caomhnú na solúbthachta airgeadais (e.g. tréimhse thosaigh foghlama do na Ballstáit).

      Chuir formhór mór na n-airí in iúl go dtacaíonn siad go láidir le plean na huachtaránachta chun an chaibidlíocht a thabhairt chun críche le linn Uachtaránacht na Portaingéile; Chuir roinnt airí chun suntais gur gá comhaontú a bhaint amach lena n-áirítear gach ceann de na trí rialachán atá mar bhunús don phacáiste um athchóiriú CBT.

      Thángamar ar chomhdhearcadh maidir leis an ailtireacht ghlas, lena léirítear go ríshoiléir tiomantas na Comhairle chun an t-athchóiriú sin a chur i gcrích, comhréiteach atá déanta againn d’fheirmeoirí agus do shaoránaigh na hEorpa. Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile
    • 22-23 Márta

      An Chomhairle Talmhaíochta: nuashonrú agus malartú tuairimí faoi athchóiriú CBT

      Le linn na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, chuir Uachtaránacht na Portaingéile na hairí ar an eolas faoin gcaibidlíocht idirinstitiúideach leanúnach maidir leis na trí rialachán atá sa phacáiste maidir le hathchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) (don tréimhse 2023-2027). Thug an uachtaránacht dá haire na tuairimí éagsúla a chuir na hairí in iúl faoi ghnéithe éagsúla den phacáiste athchóirithe, go háirithe:

      • pleananna straitéiseacha
      • samhail seachadta nua
      • íocaíochtaí a spriocdhíriú
      • bainistiú an mhargaidh agus bearta eisceachtúla
    • 25 Eanáir

      Na hairí curtha ar an eolas ag an uachtaránacht faoi staid na himeartha sa chaibidlíocht maidir le hathchóiriú CBT

      Ag an bhfíschomhdháil neamhfhoirmiúil a bhí ag na hairí talmhaíochta agus iascaigh, chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid reatha na himeartha sa chaibidlíocht maidir le pacáiste athchóirithe CBT tar éis 2020, agus mhínigh sí go raibh roinnt cruinnithe polaitiúla agus teicniúla ar na bacáin d’fhonn teacht ar chomhaontú san earrach. Is ar na pointí seo a leanas a díríodh an plé: an tsamhail seachadta nua, an t-ollstruchtúr glas agus na caighdeáin chomhshaoil, an trádáil le tríú tíortha, bearta margaidh eisceachtúla agus nithe nach iad.

      Mhol formhór na n-airí don Uachtaránacht cloí le cur chuige ginearálta na Comhairle (mar a comhaontaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020) le linn na caibidlíochta idirinstitiúidí, i gcomhthéacs ollstruchtúr glas an athchóirithe freisin, ach bhí roinnt acu ann a chuir tacaíocht do leasuithe áirithe de chuid Pharlaimint na hEorpa in iúl. Luaigh na hairí arís gur gá na rialacha a shimpliú, éifeachtaí comhshaoil agus socheacnamaíocha a chomhardú, agus teacht ar chomhaontú chomh luath agus is féidir ar bhonn córas feidhmíocht-dírithe.

  • 2020

    • 27 Samhain

      Rialachán idirthréimhseach CBT: comhaontú neamhfhoirmiúil maidir le conas feirmeoirí a chistiú

      Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú neamhfhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa maidir le conas na rialacha CBT atá ann faoi láthair a shíneadh go dtí deireadh 2022 agus conas an €8.07 billiún breise ón ionstraim théarnaimh Eorpach d’fheirmeoirí na hEorpa a scaipeadh. Eascraíonn an comhaontú neamhfhoirmiúil seo as comhaontú tosaigh ó mhí an Mheithimh.

      Leagtar amach sa chomhaontú neamhfhoirmiúil go scoiltfear an t-airgead aisghabhála laistigh den dá bhliain atá romhainn: Beidh 30 % den €8.07 billiún ar fáil in 2021 agus 70 % in 2022. Cuireann an comhaontú de chúram ar na Ballstáit tuairim is aon trian den bhuiséad iomlán (37 %) a chinntiú le haghaidh bearta glasa agus bearta leasa ainmhithe agus níos mó ná leath den bhuiséad iomlán (55 %) do bhearta a bhaineann leis an gclaochlú sóisialta agus digiteach. Tá na hidirbheartaithe ag súil go gcuideodh na bearta sin dlús a chur leis an aistriú chuig cleachtais amhail an fheirmeoireacht bheacht agus chliste, rochtain ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide ar ardchaighdeán i gceantair thuaithe a fheabhsú agus margaí áitiúla a neartú.

    • 20 Deireadh Fómhair

      Tháinig airí an Aontais ar chomhaontú maidir leis an athchóiriú CBT tar éis 2020

      Tar éis seisiúin caibidlíochta dhá lá, chomhaontaigh na hairí cur chuige ginearálta i ndáil leis an bpacáiste um athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020. Leagtar béim sa chomhaontú ar ghealltanais láidre ó na Ballstáit maidir le huaillmhian níos airde i ndáil leis an gcomhshaol trí ionstraimí amhail éiciscéimeanna éigeantacha (úrnuacht i gcomparáid leis an mbeartas reatha) agus coinníollacht fheabhsaithe a thabhairt isteach. Leis an seasamh a comhaontaíodh, féadfaidh na Ballstáit an tsolúbthacht is gá a bheith acu maidir leis an gcaoi a bhainfí na spriocanna comhshaoil amach.

      Tá an sainordú polaitiúil ag an gComhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, (a luaithe a aontaíonn an comhreachtóir a sheasamh inmheánach freisin) d’fhonn teacht ar chomhaontú foriomlán maidir leis an athchóiriú.

      Cloch mhíle do bheartas talmhaíochta na hEorpa atá sa chomhaontú reatha seo. Léirigh na Ballstáit a n-uaillmhian maidir le caighdeáin chomhshaoil níos airde san fheirmeoireacht agus, ag an am ceanna, thacaigh siad leis an tsolúbthacht is gá chun iomaíochas na bhfeirmeoirí a chinntiú. Comhlíontar leis an gcomhaontú seo, an mhian do CBT atá níos glaise, níos cothroime agus níos simplí a bhaint amach. Julia Klöckner, Aire Cónaidhme Bia agus Talmhaíochta na Gearmáine
    • 21 Meán Fómhair

      Dul chun cinn déanta ag airí an Aontais leis an bplé faoi athchóiriú CBT tar éis 2020

      Rinne na hairí dul chun cinn leis an bplé faoi phacáiste um athchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) tar éis 2020, d’fhonn cur chuige ginearálta na Comhairle a ghlacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020.

      Bhí malartú tuairimí acu maidir le trí ghné den athchóiriú CBT:

      • ollstruchtúr glas
      • na conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le CAI a ionchorprú sa chóras íocaíochtaí díreacha a bheidh ann amach anseo
      • samhail nua seachadta

      I measc na saincheisteanna a pléadh bhí tabhairt isteach sciar íosta aonfhoirmeach de réimsí neamhtháirgiúla ar fud an Aontais, cur chuige níos solúbtha agus níos deonaí maidir le híocaíochtaí díreacha a uasteorannú, agus éiciscéimeanna éigeantacha le céim phíolótach dhá bhliain.

    • 20 Iúil

      Ollstruchtúr glas nua CBT pléite ag airí an Aontais

      Sa chéad chruinniú fisiciúil a bhí acu ó thosaigh ráig COVID-19, chuir airí talmhaíochta an Aontais leis an gcaibidlíocht maidir leis an athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) i ndiaidh 2020. Phléigh siad an t-ollstruchtúr glas dá bhforáiltear sa phacáiste athchóirithe agus go háirithe an fhéidearthacht go mbeadh buiséad íosta ann d’éiciscéimeanna. Gné nua d’athchóiriú CBT is ea na héiciscéimeanna a mbeidh sé mar aidhm acu feirmeoirí a spreagadh chun cleachtais atá neamhdhíobhálach don aeráid agus don chomhshaol a ghlacadh trí íocaíochtaí díreacha.

    • 29 Meitheamh

      CBT tar éis 2020: tuarascáil ar dhul chun cinn ó Uachtaránacht na Cróite

      Chuir Uachtaránacht na Cróite airí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh maidir le gníomhartha reachtacha le haghaidh athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Rinneadh achoimre ar an obair ar na comhaid sin i dtuarascáil ar dhul chun cinn ina sainaithníonn an uachtaránacht réimsí freisin ina measann sí go bhfuil gá le tuilleadh oibre.

      Is suntasach an dul chun cinn a rinneadh ar athchóiriú CBT. Is fíre sin arís mar gheall ar na cúinsí thar a bheith deacair faoina raibh ar Uachtaránacht na Cróite agus ar na Ballstáit oibriú chun a áirithiú nach gcuirfear aon am luachmhar amú. Anuas air sin, bhíomar in ann freagairt go tapa ar na dúshláin a bhain le COVID-19 agus bearta a ghlacadh chun a chinntiú go mbeadh bia ar fáil ar fud an Aontais agus chun tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí, d'iascairí agus do tháirgeoirí dobharshaothraithe is mó a d'fhulaing i ngeall ar an ngéarchéim. Marija Vučković, Aire Talmhaíochta na Cróite
  • 2019

    • 16-17 Nollaig

      An pacáiste um athchóiriú CBT tar éis 2020: tuarascáil ar dhul chun cinn ón uachtaránacht

      Ag an seisiún poiblí, phléigh na hairí an tuarascáil ar dhul chun cinn ón uachtaránacht maidir leis an obair a rinneadh sa Chomhairle ar na tograí go léir ón gCoimisiún faoin bpacáiste um athchóiriú CBT, ina bhfuil rialacháin maidir le pleananna straitéiseacha CBT, maoiniú, bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar CBT, agus comheagrú táirgí talmhaíochta.

      Ba é an cruinniú sin an ceann deireanach a raibh Uachtaránacht na Fionlainne ina cathaoirleach air.

    • 14-15 Deireadh Fómhair

      CBT tar éis 2020: tuarascáil ar dhul chun cinn

      Phléigh an Chomhairle tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an obair a rinneadh i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle ar na tograí ón gCoimisiún le haghaidh athchóiriú a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020.

      Dhírigh na hairí go háirithe ar na gnéithe sin a mheas siad a bheith ríthábhachtach sa phacáiste athchóirithe, go háirithe:

      • samhail nua seachadta
      • "ailtireacht ghlas"
    • 15 Iúil

      CBT tar éis 2020: malartú tuairimí

      Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle faoi na gnéithe den phacáiste um athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta tar éis 2020 a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, agus cuireadh béim faoi leith ar na gnéithe seo a leanas:

      • na gnéithe sin atá riachtanach chun leibhéal níos airde uaillmhéine a bhaint amach i dtaca leis an gcomhshaol agus leis an aeráid
      • cé mar is féidir feabhas a chur ar na rialacha atá beartaithe chun an cuspóir sin a ghnóthú

      Le linn an idirphlé a rinneadh, chuir roinnt airí in iúl a thábhachtaí atá sé a chinntiú go bhfuil go leor solúbthachta ann chun gur fearr a dhéanfar na riachtanais a oiriúnú chun freastal ar riachtanais na mBallstát uaillmhian níos airde i dtaca leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach, agus na rialacha a shimpliú ar mhaithe le feirmeoirí agus údaráis náisiúnta araon.

    • 18 Meitheamh

      An pacáiste um athchóiriú CBT i ndiaidh 2020: tuarascáil ar dhul chun cinn ón uachtaránacht

      Phléigh an Chomhairle tuarascáil ón uachtaránacht ar an dul chun cinn maidir leis an obair a rinneadh sa Chomhairle i dtaca leis na tograí uile ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste um athchóiriú CBT, lena n-áirítear:

      • rialachán maidir leis na pleananna straitéiseacha faoi CBT
      • rialachán maidir le comheagrú aonair na margaí (CEM aonair)
      • rialachán cothrománach maidir le CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air
    • 14 Bealtaine

      CBT tar éis 2020: malartú tuairimí

      Ar bhonn páipéar ón Uachtarán, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle le linn seisiún poiblí maidir le samhail nua seachadta don phacáiste um athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta tar éis 2020.

      Dhírigh na hairí a gcuid cainte ar an méid seo a leanas:

      • garspriocanna a thuairisciú agus an t-athbhreithniú feidhmíochta,
      • an fhéidearthacht aonadmhéideanna a bhunú d’idirghabhálacha nach bhfuil limistéarbhunaithe/ainmhí-bhunaithe
    • 15 Aibreán

      CBT tar éis 2020: tuarascáil ón Uachtaránacht maidir le staid na himeartha

      Ar bhonn páipéar ón Uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le hollstruchtúr glas nua phacáiste um athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020.

      Dhírigh na hairí a gcuid cainte ar an méid seo a leanas:

      • coinníollacht fheabhsaithe agus caighdeáin ghaolmhara
      • éiciscéimeanna agus an méadú atá tagtha ar an uaillmhian chomhshaoil atá in CBT
    • 18 Márta

      CBT tar éis 2020: tuarascáil ón Uachtaránacht maidir le staid na himeartha

      Bhí malartú poiblí tuairimí ag an gComhairle maidir le pacáiste athchóirithe iomlán CBT i bhfianaise tuarascáil ón Uachtaránacht maidir le staid na himeartha agus moladh athruithe ar théacs na dtrí rialachán:

      • rialachán maidir le pleananna straitéiseacha faoi CBT
      • rialachán maidir le comheagrú aonair na margaí (CEM aonair)
      • rialachán cothrománach maidir le CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air
    • 28 Eanáir

      CBT tar éis 2020: pleananna straitéiseacha agus comheagrú na margaí talmhaíochta

      Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an tsamhail nua seachadta, ag díriú go háirithe ar ghnéithe amhail na cinn seo a leanas:

      • sprioc-am bliantúil
      • cur chuige forásach i leith spriocanna agus diallais a d’fhéadfadh a bheith ann

      Maidir le comheagrú na margaí talmhaíochta, bhí díospóireacht ag an gComhairle i dtaca leis na forálacha a bhaineann le hearnáil an fhíona agus go háirithe an bhféadfaí an margadh a oscailt do chineálacha nua fíonchaor.

      Ar deireadh, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin ollstruchtúr glas.

  • 2018

    • 17-18 Nollaig

      CBT tar éis 2020: tuarascáil ar dhul chun cinn

      Phléigh an Chomhairle tuarascáil ón uachtaránacht ar dhul chun cinn maidir leis an obair a rinneadh sa Chomhairle i dtaca leis na tograí uile ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste um athchóiriú CBT, lena n-áirítear:

      • rialachán maidir le pleananna straitéiseacha CBT
      • rialachán maidir le comheagrú na margaí aonair (CEM)
      • rialachán cothrománach maidir le CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air
    • 19 Samhain

      CBT tar éis 2020: tuarascáil ar dhul chun cinn

      Phléigh an Chomhairle dhá thuarascáil maidir leis an dul chun cinn ar an obair a rinneadh i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle ar na tograí seo:

      • rialachán maidir le comheagrú na margaí aonair (CEM)
      • rialachán cothrománach maidir le CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air

      Dhírigh na hairí ina gcuid cainte ar an bhfreagracht mhéadaithe atá ar na comhlachtaí náisiúnta maidir le cur chun feidhme CBT agus faireachán a dhéanamh air agus dúirt siad, mar a dúirt siad roimhe seo, nach mór CBT a bheith simplí, éifeachtach agus nach mbeadh ualach iomarcach riaracháin ag gabháil leis.

      Ina theannta sin, mheas siad, i gcoitinne, gur mhaith a chruthaigh na hionstraimí tacaíochta margaidh a bhí againn go dtí seo, mar chosaint ar shuaití sa mhargadh.

    • 15 Deireadh Fómhair

      CBT tar éis 2020: pleananna straitéiseacha

      Phléigh na hairí an tuarascáil is déanaí ón uachtaránacht ar dhul chun cinn maidir le pleananna straitéiseacha CBT tar éis 2020. Ina theannta sin, mhalartaigh na hairí tuairimí faoi shaincheisteanna amhail an méid seo a leanas:

      • simpliú agus solúbthacht do na Ballstáit
      • an t-ollstruchtúr nua i ndáil le glasú
    • 16 Iúil

      CBT tar éis 2020: simpliú agus coimhdeacht

      Phléigh na hairí an pacáiste um athchóiriú CBT tar éis 2020, agus aird faoi leith á tabhairt acu ar an simpliú agus ar an gcoimhdeacht. Chomhroinn na hairí smaointe nithiúla le linn na caibidlíochta maidir le conas an saol a éascú d'fheirmeoirí agus do na húdaráis náisiúnta.

    • 18 Meitheamh

      CBT tar éis 2020: malartú tuairimí

      Bhí an chéad mhalartú tuairimí foirmiúil ag an gComhairle i ndáil leis na tograí ón gCoimisiún. Ba dhíol sásaimh do na hairí gnéithe áirithe de na tograí ach ba chúis imní dóibh na ciorruithear bhuiséad CBT i gcoitinne agus ar fhorbairt na tuaithe go háirithe. Bhí amhras orthu maidir le cumas CBT nua fíorshimpliú a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus d'fheirmeoirí.

    • 19 Márta

      Todhchaí CBT

      Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le todhchaí an chomhbheartais talmhaíochta (CBT). Le linn na caibidlíochta, léirigh líon mór Ballstát gur thacaigh siad leis na conclúidí ón uachtaránacht maidir leis an teachtaireacht.

    • 19 Feabhra

      CBT tar éis 2020: Todhchaí an bhia agus na feirmeoireachta

      Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin teachtaireacht dar teideal The Future of Food and Farming [Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta], ina ndírítear ar na gnéithe seo a leanas:

      • tacaíocht dhíreach
      • gnéithe comhshaoil
      • forbairt tuaithe
    • 29 Eanáir

      CBT tar éis 2020: Todhchaí an bhia agus na feirmeoireachta

      Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin teachtaireacht dar teideal The Future of Food and Farming [Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta]. Le linn seisiún poiblí, dhírigh an Chomhairle ar na nithe seo a leanas go háirithe:

      • breisluach CBT
      • príomhchuspóirí an Aontais atá le coinneáil ar bun
      • an leibhéal iomchuí coimhdeachta
  • 2017

    • 11-12 Nollaig

      CBT tar éis 2020: Todhchaí an bhia agus na feirmeoireachta

      Chuir an Coimisiúnfaoi bhráid na Comhairle an teachtaireacht dar teideal The Future of Food and Farming [Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta] ina leagtar amach treoirlínte i ndáil le fís an Choimisiúin maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) a bheidh ann tar éis 2020.

      Leag na hairí béim ar na saincheisteanna straitéiseachaa mheasann siad atá i gceist maidir le CBT amach anseo. Nocht siad a dtuairimí ar na gnéithe nua a leagadh amach, go háirithe ar na hábhair seo a leanas:

      • coimhdeacht fheabhsaithe
      • ollchóiriú rialacha an ghlasaithe

      Chuir cuid mhór de na hairí i dtreis go raibh gá le buiséad leordhóthanach amach anseo ina léireofaí an méid mór lena bhfuiltear ag súil ón earnáil agraibhia.

An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Bealtaine 2025