Skip to content

Amlíne — Cosaint tomhaltóirí

Áirítear san amlíne seo na príomhfhorbairtí maidir le beartais cosanta tomhaltóirí san Aontas.

  • 2026

    13 Iúil

    Imréiteach deiridh tugtha ag an gComhairle le haghaidh cearta aerphaisinéirí níos láidre

    Thug an Chomhairle cead maidir le dlí nua lena ndírítear ar chearta aerphaisinéirí a shimpliú, a shoiléiriú agus a neartú.

    Leis an gcreat nua, treisítear cosaint paisinéirí agus, ag an am céanna, cinntítear cothromaíocht chóir le réaltachtaí oibríochtúla na n-aerlínte. Cuidíonn sé freisin le nascacht a chaomhnú ar fud an Aontais agus cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun d’aerlínte.

    Paisinéir aerlíne a bhfuil cás rothaí á tharraingt aige, breathnaíonn sé suas ar chláir mhóra na n-eitiltí amach in aerfort.
    Cearta aerphaisinéirí

    Cearta aerphaisinéirí

  • 2026

    25 Meitheamh

    An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú na rialacha maidir le forfheidhmiú ceart paisinéirí a nuashonrú.

    Is é an aidhm atá ann comhsheasmhacht a shimpliú, a chomhchuibhiú agus a fheabhsú ar fud an chreata atá ann cheanado gach modh iompair.

    Tá feidhm aige sin go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    • paisinéirí a chur ar an eolas faoina gcearta roimh a dturas agus lena linn
    • cosaint paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe
    • gearáin a láimhseáil;
    • cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí
    Fear agus bean taobh le chéile, cás agus mála droma an duine acu agus iad faoi réir don taisteal.
    Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil

    Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil

  • 2026

    15 Meitheamh

    An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú suntasach maidir le cearta aerphaisinéirí níos láidre san Aontas

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú na rialacha a nuashonrú. Leis an gcreat nua, neartófar agus soiléireofar cearta paisinéirí.

    Beidh na rudaí a leanas san áireamh leis na rialacha nuashonraithe:

    • treoir níos soiléire maidir le conas cúiteamh a éileamh i gcásanna cealaithe agus moille
    • cúnamh breise le linn suaití
    • cearta nua maidir le paisinéirí nach dtagann agus bagáiste láimhe, agus do dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu
    • cearta feabhsaithe do phaisinéirí a athródaítear
    Fear agus bean taobh le chéile, cás agus mála droma an duine acu agus iad faoi réir don taisteal.
    Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil

    Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil

  • 2026

    30 Márta

    cead tugtha ag an gComhairle do choimircí breise d’úsáideoirí taistil láneagraithe

    Ghlac an Chomhairle treoir arb é is aidhm di cearta taistealaithe a neartú agus seirbhísí éagsúla á gceannach acu, mar shampla eitiltí, aistrithe, cóiríocht, nó turais, in aon phacáiste amháin.

    Leis na rialacha nuashonraithe, déanfar an méid seo a leanas:

    • déanfar an sainmhíniú ar ‘taisteal láneagraithe’ a choigeartú
    • cuirfear feabhas ar an bhfaisnéis nach mór a chur ar fáil do thaistealaithe
    • soiléireofar cearta taistealaithe i gcás cealú pacáiste nó dócmhainneacht soláthraí seirbhíse
    Colláis de shainchomharthaí cáiliúla – Túr Eiffel, muileann gaoithe, agus Túr Claonta Pisa, – mar aon le heitleán atá go hard sa spéir, agus taistealaí le cás ag féachaint ar fhón póca.
    Taisteal láneagraithe

    Taisteal láneagraithe

  • 2026

    26 Feabhra

    Coimircí níos láidre, tomhaltas inbhuanaithe, forfheidhmiú feabhsaithe agus simpliú iarrtha ag an gComhairle

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena dtugtar treoir don Choimisiún maidir le clár oibre 2030 do thomhaltóirí, ar clár oibre 5 bliana é, a chur chun feidhme.

    Iarrtar an méid seo a leanas sna conclúidí:

    • cosaint tomhaltóirí a neartú (go háirithe ar líne)
    • tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn
    • forfheidhmiú feabhsaithe
    • comhar níos láidre idir na gníomhaithe ábhartha uile
  • 2025

    18 Nollaig

    An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le pacáiste chun tomhaltóirí a chumhachtú agus borradh a chur faoi na margaí ag an am céanna

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le creat infheistíochta miondíola nuashonraithe chun tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint agus infheistíocht á déanamh acu. Cuideoidh sé freisin le muinín a chothú agus le hiomaíochas a mhéadú i margaí airgeadais an Aontais.

    An straitéis infheistíochta miondíola

    An straitéis infheistíochta miondíola

  • 2025

    8 Nollaig

    An rialachán maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe formheasta ag an gComhairle

    Thug an Chomhairle a formheas deiridh don rialachán maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe.

    Leis an reachtaíocht nua, beidh sé níos éasca na táirgí sin a dhíol ar fud mhargadh an Aontais agus sláinte an duine agus an comhshaol á gcosaint ag an am céanna. Ina theannta sin, simpleoidh sé faisnéis do thomhaltóirí agus soiléireoidh sé na ceanglais lipéadaithe atá ar chuideachtaí.

    Bailiúchán táirgí ceimiceán, ina measc buidéil agus spraeanna ar mhéideanna éagsúla, ar taispeáint ar chúlra buí. Léaráid.
    Ceimiceáin

    Ceimiceáin

  • 2025

    2 Nollaig

    an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le taisteal láneagraithe

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i ndáil le hathbhreithniú ar an treoir maidir le taisteal láneagraithe arb é is aidhm di cosaint níos éifeachtaí a thabhairt do thaistealaithe.

    Leis an taisteal láneagraithe, comhcheanglaíonn an t-eagraí seirbhísí éagsúla taistil nó turasóireachta, mar shampla, eitiltí, aistrithe, lóistín agus turais. Ceannaítear na pacáistí sin ar líne agus as líne, agus is féidir le tionscnóirí turas, gníomhaireachtaí taistil, iompróirí agus oibreoirí eile iad a thairiscint do chustaiméirí.

    Leis an gcomhaontú neartaítear cearta tomhaltóirí, laghdaítear na hualaí atá ar tionscnóirí agus soiléirítear oibleagáidí na n-eagraithe taistil láneagraithe maidir le saincheisteanna ar nós aisíocaíochtaí, cosaint dócmhainneachta ar úsáid dearbhán.

    Colláis de shainchomharthaí cáiliúla – Túr Eiffel, muileann gaoithe, agus Túr Claonta Pisa, – mar aon le heitleán atá go hard sa spéir, agus taistealaí le cás ag féachaint ar fhón póca.
    Taisteal láneagraithe

    Taisteal láneagraithe

  • 2025

    27 Samhain

    An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le dlús a chur le comhrac na calaoise agus cur leis an trédhearcacht

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach faoina ndéanfar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí íocaíochta a threisiú ionas gur fearr a dhéanfar an chalaois íocaíochta a chomhrac, gur fearr an trédhearcacht a bheidh ann maidir le táillí, agus gur fearr an chosaint a dhéanfar ar thomhaltóirí i réimse na seirbhísí íocaíochta.

    Tá péire déshúileach agus barrachairteacha le feiceáil á léiriú sna lionsaí suite in aice le carn nótaí bainc gorma atá curtha i gceann a chéile go néata.
    Míniú ar aontas na margaí caipitil

    Míniú ar aontas na margaí caipitil

  • 2025

    17 Samhain

    an treoir nuashonraithe maidir le réiteach malartach díospóidí formheasta ag an gComhairle

    Thug an Chomhairle a formheas deiridh don treoir lena ndéantar an creat um réiteach malartach díospóidí (RMD) atá ann cheana a nuashonrú, a shimpliú agus a fheabhsú.

    Tagraíonn RMD do mhodhanna chun díospóidí idir tomhaltóirí agus trádálaithe a réiteach lasmuigh den chúirt, le cúnamh ó thríú páirtí neodrach de ghnáth.

    Leis an téacs, beidh an rogha RMD níos inrochtana agus níos tarraingtí chun díospóidí a eascraíonn as comhaontuithe conarthacha a réiteach, agus beidh an creat RMD oiriúnach don mhargadh digiteach.

    Faoi réir coinníollacha áirithe, beidh RMD ar fáil anois freisin le haghaidh díospóidí idir tomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas agus trádálaithe ó thríú tíortha.

    Bean a bhfuil frustrachas uirthi ina suí ar an urlár le beartán oscailte ina hucht agus í ag caint ar an bhfón, rátáil táirge aon réalta os a cionn, mar léiriú ar ghearáin ó thomhaltóirí faoi sheachadadh díomách.
    Díospóidí tomhaltóirí a réiteach

    Díospóidí tomhaltóirí a réiteach

  • 2025

    13 Deireadh Fómhair

    Council adopts new rules to make children toys safer

    The Council gave its final approval on the toy safety regulation which will reinforce safety rules, increases protection against harmful chemicals and promotes the use of digital product passports to facilitate enforcement.

    The new toy safety regulation bans or restricts the use in toys of several dangerous chemical substances, including endocrine disruptors, skin sensitisers, biocidal products, and per- and polyfluoroalkyl substances (PFAS).

    Buachaill óg ag spraoi le traein adhmaid. Cailín óg ag spraoi le teach adhmaid.
    Sábháilteacht bréagán

    Sábháilteacht bréagán

  • 2025

    5 Meitheamh

    Seasamh leagtha amach ag an gComhairle maidir le rialacha níos soiléire agus níos fearr le haghaidh aerphaisinéirí

    Tháinig airí iompair an Aontais ar chomhaontú polaitiúil i ndáil leis an athbhreithniú ar an rialachán maidir le cearta aerphaisinéirí, agus ar an rialachán maidir le dliteanas aerlínte.

    Freagraíonn an comhsheasamh don ghá atá le rialacha níos simplí agus níos soiléire, agus é mar aidhm ag an am céanna cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do phaisinéirí, agus nascacht agus an cothroime iomaíochta a chaomhnú d’earnáil na heitlíochta i margadh inmheánach an Aontais.

    Fear agus bean taobh le chéile, cás agus mála droma an duine acu agus iad faoi réir don taisteal.
    Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil

    Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil

  • 2024

    19 Samhain

    É iarrtha ag an gComhairle go ndúnfaí an clár ODR agus go gcuirfí uirlis níos fearr ina ionad

    Ghlac an Chomhairle rialachán chun an clár Eorpach um réiteach díospóidí ar líne (an clár ODR) a dhúnadh agus deireadh a chur leis na hoibleagáidí gaolmhara atá ar riaracháin agus ar ghnólachtaí ar líne.

    I gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún, measann an Chomhairle nach dtugann leibhéal feidhmíochta an chláir ODR atá ann cheana údar leis na costais phoiblí agus phríobháideacha atá riachtanach chun é a choimeád.

  • 2024

    25 Meán Fómhair

    Seasamh glactha ag an gComhairle maidir le bearta chun réiteach díospóidí a éascú

    Seasamh glactha ag an gComhairle maidir le pacáiste beart chun an réiteach malartach díospóidí a oiriúnú (RMD).

    Is sásraí iad RMDanna trínar féidir le tomhaltóirí na díospóidí a bhíonn acu le cuideachtaí a réiteach sula dtéann siad chun cúirte.

    Tá sé d’aidhm acu:

    • cineálacha nua cleachtas éagórach a chlúdach (e.g. fógraíocht mhíthreorach nó geobhlocáil nach bhfuil údar léi)
    • na sásraí sin a dhéanamh níos éasca lena n-úsáid, níos tapúla agus níos tarraingtí do thomhaltóirí agus do chuideachtaí araon
  • 2024

    30 Bealtaine

    An geilleagar ciorclach: formheas deiridh tugtha ag an gComhairle don treoir maidir leis an gceart chun deisiúcháin

    Ghlac an Chomhairle treoir lena gcuirtear deisiú earraí briste nó lochtacha chun cinn, ar a dtugtar an treoir maidir leis an gceart chun deisiúcháin.

    Leis an treoir a glacadh, cruthaítear sraith uirlisí agus dreasachtaí chun deisiúcháin a dhéanamh níos tarraingtí do thomhaltóirí. Ina measc tá:

    • ceangal a chur ar mhonaróirí táirgí atá indeisithe go teicniúil faoi dhlí an Aontais a dheisiú
    • foirm dheonach deisiúcháin a bheith ar fáil ina bhfuil eolas soiléir faoin bpróiseas deisiúcháin (spriocdhátaí, praghsanna, etc.)
    • ardán ar líne de chuid an Aontais ar ar féidir le tomhaltóirí seirbhísí deisiúcháin a aimsiú go héasca
    • síneadh 12 mhí a chur leis an mbaránta dlíthiúil i gcás ina roghnaíonn tomhaltóirí deisiú thar athsholáthar
  • 2024

    15 Bealtaine

    Seasamh glactha ag an gComhairle maidir le rialachán chun sábháilteacht bréagán a mhéadú

    Ghlac an Chomhairle a seasamh (sainordú caibidlíochta) i ndáil leis an rialachán maidir le sábháilteacht bréagán.

    Is é is aidhm don rialachán na rialacha a thabhairt cothrom le dáta chun leanaí a chosaint ar rioscaí a bhaineann le húsáid bréagán.

    Leis an seasamh ón gComhairle, tugtar isteach roinnt feabhsuithe, lena ndéantar an méid seo a leanas:

    • oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na margaí ar líne a shoiléiriú
    • ábhar an phas táirge dhigitigh agus rabhaidh a leagan amach
    • líon na substaintí a bhfuil toirmeasc ar a láithreacht i mbréagáin a mhéadú
  • 2024

    20 Feabhra

    Cearta tomhaltóirí: formheas deiridh don treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas

    Ghlac an Chomhairle treoir chun tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas.

    A bhuí leis na bearta nua, déanfaidh tomhaltóirí an Aontais an méid seo a leanas:

    • rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa chun na roghanna glasa cearta a dhéanamh, lena n-áirítear dífheidhmeacht luath
    • cosaint níos fearr a fháil ar mhaímh ghlasa éagóracha
    • a bheith níos eolaí ar indeisitheacht táirgí sula gceannaítear iad

    Tugtar isteach leis an treoir freisin lipéad comhchuibhithe le faisnéis faoin ráthaíocht tráchtála maidir le marthanacht a chuireann táirgeoirí ar fáil.

  • 2024

    18 Márta

    An turasóireacht: Formheas deiridh tugtha ag an gComhairle don rialachán maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach

    Ghlac an Chomhairle rialachán maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

    Leis an ngníomh reachtach seo, déanfar an méid seo a leanas:

    • trédhearcacht a fheabhsú i réimse na cóiríochta ar chíos gearrthéarmach
    • cabhrú le húdaráis phoiblí an chuid sin d’earnáil na turasóireachta atá ag éirí níos tábhachtaí a rialáil
    • iomaíocht chóir a chur ar fáil laistigh den earnáil agus ráthaíonn sé cáilíocht do thomhaltóirí ag an am céanna

    Ar an iomlán, is inbhuaine a bheith an t-éiceachóras turasóireachta de bharr an rialacháin seo agus tacóidh sé leis an aistriú digiteach.

  • 2024

    2 Feabhra

    An geilleagar ciorclach: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach i ndáil leis an treoir maidir leis an gceart chun deisiúcháin

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i ndáil leis an treoir maidir leis an gceart chun deisiúcháin. Is iad seo a leanas na príomhphointí:

    • ceart do thomhaltóirí a iarraidh ar mhonaróirí táirgí atá indeisithe go teicniúil faoi dhlí an Aontais a dheisiú (mar shampla, meaisíní níocháin, folúsghlantóirí nó fóin phóca)
    • foirm shaor in aisce Eorpach um fhaisnéis faoin deisiúchán
    • ardán deisiúcháin ar líne chun tomhaltóirí a nascadh le deisitheoirí
    • síneadh 12 mhí ar thréimhse dhliteanais an díoltóra tar éis táirge a dheisiú

    Trí dhreasachtaí a chruthú do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí fad a chur le saolré táirgí, laghdóidh an reachtaíocht nua dramhaíl agus cuirfidh sí samhlacha gnó níos inbhuanaithe chun cinn freisin.

  • 2023

    14 Nollaig

    An geilleagar ciorclach: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha dliteanais an Aontais don gheilleagar ciorclach

    Is é atá i gceist leis an ngeilleagar ciorclach go ndeartar táirgí le go mbeidh siad níos marthanaí, níos in-athúsáidte, níos indeisithe agus níos in-uasghrádaithe. Nuair a dhéantar modhnú substaintiúil ar tháirge, gan smacht ag an monaróir bunaidh air, agus nuair a chuirtear ar fáil ar an margadh é nó nuair a chuirtear i seirbhís arís é, chinnteofaí leis an dlí nua an méid seo a leanas:

    • gur cheart an chuideachta nó an duine a rinne an modhnú substaintiúil a chur faoi dhliteanas mar mhonaróir an táirge a ndearnadh modhnú air
    • go bhfuil aon duine a ndéantar damáiste dóibh mar gheall ar tháirge lochtach i dteideal cúitimh: i measc na ndamáistí sin tá bás nó díobháil phearsanta, lena n-áirítear damáiste do shláinte shíceolaíoch a aithnítear ó thaobh leighis de, damáiste do mhaoin nó scriosadh maoine, chomh maith le scriosadh nó éilliú do-aisiompaithe sonraí
    • gur féidir allmhaireoir táirge nó comhpháirte lochtach ó mhonaróir nach monaróir de chuid an Aontais é a chur faoi dhliteanas i leith damáistí
    • go bhfuil deis chothrom ag tomhaltóirícúiteamh a fháil i gcásanna casta
  • 2023

    22 Samhain

    An geilleagar ciorclach: Seasamh glactha ag an gComhairle maidir le treoir lena gcumhdaítear ceart chun deisiúcháin tomhaltóirí

    Ghlac an Chomhairle a seasamh i ndáil leis an treoir atá beartaithe maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn, ar a dtugtar freisin an treoir maidir leis an gceart chun deisiúcháin.

    Is é is aidhm don téacs atá beartaithe deireadh a chur le bacainní a dhíspreagann tomhaltóirí deisiúchán a dhéanamh mar gheall ar mhíchaoithiúlacht, easpa trédhearcachta nó deacrachtaí rochtain a fháil ar sheirbhísí deisiúcháin.

    Déanann sainordú na Comhairle an méid seo a leanas:

    • an oibleagáid atá ar mhonaróir maidir le deisiú a shoiléiriú
    • teorainn a chur leis an gceanglas atá ann foirm dheisiúcháin a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu táirgí lochtacha a dheisiú
    • ardán deisiúcháin Eorpach ar líne a chur chun cinn
    • saoirse rogha na dtomhaltóirí idir deisiúchán agus athsholáthar a chosaint
  • 2023

    16 Samhain

    An turasóireacht: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun tuilleadh trédhearcachta a thabhairt isteach maidir le cóiríocht ar chíos gearrthéarmach

    Mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun éiceachóras cothrom turasóireachta a chur chun cinn san Aontas, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra le haghaidh rialachán a bhaineann le bailiú agus comhroinnt sonraí le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarma.

    Leis na rialacha nua déanfar an méid a leanas:

    • déanfar na ceanglais chlárúcháin na n-óstach a chomhchuibhiú, trí chláruimhir uathúil a thabhairt dóibh, mar shampla
    • cuideofar leis na húdaráis phoiblí beartais a bhfuil bonn eolais fúthu a cheapadh
    • cuirfear feabhas ar an trédhearcacht san earnáil
  • 2023

    9 Deireadh Fómhair

    Beidh sé níos sábháilte san Aontas iarraidh ar iasacht tar éis don Chomhairle a formheas deiridh a thabhairt don treoir maidir le creidmheas tomhaltóirí

    Ghlac an Chomhairle an treoir maidir le creidmheas tomhaltóirí, lena ndírítear ar chosaint a fheabhsú do thomhaltóirí Eorpacha agus iad ag cur isteach ar chreidmheas.

    Leis na rialacha nua, déantar an méid seo a leanas:

    • cinntítear go gcuirtear faisnéis chreidmheasa i láthair, costas iomlán an chreidmheasa cuir i gcás, ar bhealach soiléir intuigthe
    • bunaítear rialacha fógraíochta níos déine chun creidmheas aimhleasach do thomhaltóirí a bhfuil rófhéichiúnas orthu a laghdú agus bearta éifeachtacha i gcoinne táille ró-ard
    • cuirtear oibleagáid ar iasachtóirí a mheas an féidir le tomhaltóirí a gcreidmheas a aisíoc
    • méadaítear raon feidhme na treorach chun iasachtaí faoi bhun €200 agus táirgí ‘ceannaigh anois, íoc-níos déanaí’ a chumhdach
    • tugtar an ceart do thomhaltóirí comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh laistigh de 14 lá, agus tugtar an ceart do dhaoine a tháinig slán ón ailse go ndéanfar ligean i ndearmad orthu
  • 2023

    19 Meán Fómhair

    An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach chun tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas

    Is é is aidhm don treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais dul i ngleic le cleachtais tráchtála éagóracha lena gcuirtear cosc ar thomhaltóirí na roghanna cearta a dhéanamh le haghaidh táirgí agus seirbhísí atá níos glaise nó níos ciorclaí.

    Leis an gcomhaontú sealadach, tugtar isteach roinnt feabhsuithe:

    • cuirtear san áireamh leis éilimh éagóracha atá bunaithe ar fhritháireamh astaíochtaí ceaptha teasa ar an liosta de chleachtais a bhfuil toirmeasc orthu
    • faisnéis níos fearr maidir le dífheidhmeacht luath
    • formáid chomhchuibhithe a thabhairt isteach chun infheictheacht na ráthaíochta deonaí tráchtála marthanachta a mhéadú
  • 2023

    6 Meitheamh

    An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugadh i gcrích go cianda

    Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil sealadach i ndáil leis an treoir a bhaineann le conarthaí seirbhísí airgeadais a tugadh i gcrích go cianda.

    I measc na rialacha nua, tá:

    • faisnéis níos soiléire maidir le réamhshíniú
    • an ceart chun idirghabháil dhaonna a iarraidh nuair a úsáideann an trádálaí uirlisí ar líne, mar shampla bota comhrá
    • feidhm tarraingthe siar éasca le fáil
    • an chosaint ó theicnící patrún dorcha atá ceaptha chun tionchar a imirt ar roghanna tomhaltóirí
  • 2023

    22 Bealtaine

    formheas deiridh tugtha ag an gComhairle i dtaobh rialacha nua maidir le hinnealra

    Ghlac an Chomhairle an rialachán nua maidir le hinnealra.

    Leis an téacs nua:

    • déantar na ceanglais riachtanacha sláinteagussábháilteachta maidir le hinnealra san Aontas a chomhchuibhiú
    • dath: mar a bhí roimhe; déantar saorghluaiseacht innealra a chur chun cinn
    • dath: mar a bhí roimhe; déantar ardleibhéal sábháilteachta d’oibrithe agus do shaoránaigh a áirithiú
  • 2023

    16 Bealtaine

    Rialacha nua glactha ag an gComhairle maidir le margaí cripteashócmhainní

    Ghlac an Chomhairle go foirmiúil an rialachán maidir le margaí cripteashócmhainní (MiCA) lena dtugtar cripteashócmhainní agus seirbhísí cripteashócmhainní faoi chreat rialála ag leibhéal an Aontais don gcéad uair.

    Tá sé d’aidhm ag an rialachán nua:

    • trédhearcacht a fheabhsú
    • cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú
    • cur le cosaint na dtomhaltóirí
    • nuálaíocht a chothú
  • 2023

    3 Bealtaine

    A seasamh glactha ag an gComhairle maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais

    Ghlac an Chomhairle a sainordú caibidlíochta maidir leis an treoir atá beartaithe chun tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais.

    An seasamh ón gComhairle:

    • ceart na dtomhaltóirí chun faisnéise a neartú
    • cosc a chur ar mhaímh chomhshaoil chineálacha
    • formáid ghrafach chomhchuibhithe an Aontais Eorpaigh a thabhairt isteach, chun cabhrú le tomhaltóirí ráthaíochtaí tráchtála maidir le marthanacht a aithint

    Is ceann de na tionscnaimh a leagadh amach i gclár oibre nua an Choimisiúin do thomhaltóirí le haghaidh 2020 an togra seo.

  • 2023

    2 Márta

    A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt i ndáil le chóiríocht ar chíos gearrthéarmach

    D’fhormheas na hairí seasamh caibidlíochta na Comhairle i ndáil le togra le haghaidh rialachán maidir le bailiú agus comhroinntsonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

    Rachaidh na rialacha nua seo chun tairbhe do chách:

    • beidh nós imeachta clárúcháin éasca ag na hóstaigh
    • beidh sraith amháin rialacha ag na hardáin maidir leis an bhfaisnéis nach mór dóibh a chur ar fáil
    • tabharfar cosaint níos fearr do na taistealaithe i gcoinne calaoise
    • beidh na húdaráis in ann rialáil a dhéanamh bunaithe ar shonraí cruinne iontaofa
  • 2023

    25 Aibreán

    Cead deiridh tugtha ag an gComhairle don reachtaíocht lena ndéanfar táirgí níos sábháilte do thomhaltóirí

    Ghlac an Chomhairle an rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí lena dtreisítear na rialacha sábháilteachta do tháirgí a dhíoltar as líne agus ar líne araon.

    Beidh ar mhargaí ar líne an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • comhoibriú le húdaráis um fhaireachas margaidh a bheidh in ann ordú a thabhairt dóibh táirgí contúirteacha a bhaint dá n-ardáin
    • pointe teagmhála aonair a bhunú a bheidh i gceannas ar shábháilteacht táirgí

    Leis an Rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí tá sé níos fusa do thomhaltóirí táirgí nach bhfuil sábháilte a dheisiú, a thabhairt ar ais nó a athsholáthar:

    • más léir nach bhfuil táirge sábháilte, caithfidh oibreoirí eacnamaíocha bearta ceartaitheacha a ghlacadh láithreach agus na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas
    • má dhéantar táirge a aisghairm, beidh tomhaltóirí i dteideal a dheisithe, a athsholáthair nó beidh siad i dteideal aisíoc a fháil
  • 2022

    2 Nollaig

    An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú chun an chosaint a fheabhsú do thomhaltóirí atá ag cur isteach ar chreidmheas

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an treoir um chreidmheas tomhaltóirí, cuid den chár oibre nua do thomhaltóirí a seoladh in 2020.

    Is é is aidhm don treoir an chosaint a nuachóiriú agus a fheabhsú ar an leibhéal Eorpach do thomhaltóirí atá ag cur isteach ar chreidmheas, mar shampla ag cinntiú go gcuirfear faisnéis chreidmheasa i láthair ar bhealach soiléir agus intuigthe, agus go gcuirfear in oiriúint do ghléasanna digiteacha í.

    Cinnteoidh an treoir um chreidmheas tomhaltóirí go mbeidh tomhaltóirí in ann rogha eolasach a dhéanamh agus iad ag cur isteach ar chreidmheas agus go mbeidh siad cosanta ar chleachtais iasachtaithe mhífhreagracha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le rófhéichiúnas.

    Chun coinneáil suas le treocht na digiteála, beidh feidhm ag na rialacha nua creidmheasa freisin maidir le hiasachtaí rioscúla áirithe a eisiatar ó raon feidhme na treorach atá i bhfeidhm faoi láthair.

  • 2022

    24 Deireadh Fómhair

    Formheas deiridh tugtha ag airí an Aontais do phort luchtaithe a oireann do chách

    Thug an Chomhairle a formheas deiridh don treoir maidir le luchtaire uilíoch

    Leis an treoir seo, beidh port luchtaithe USB-C éigeantach le haghaidh réimse iomlán gléasanna leictreonacha. Leis an luchtaire uilíoch, cuirfear feabhas ar áisiúlacht tomhaltóirí trí chomhéadain luchtaithe agus teicneolaíocht luchtaithethapa a chomhchuibhiú.

    Leis an treoir, déantar an rogha a fhágáil faoin tomhaltóir gléas nua a cheannach a bhfuil nó nach bhfuil luchtaire san áireamh leis. Ar an gcaoi sin, laghdófar an dramhaíl leictreonach a bhaineann le luchtairí a tháirgeadh, a iompar agus a dhiúscairt.

    Caithfear na rialacha nua a chur chun feidhme laistigh de 24 mhí ó theacht i bhfeidhm na treorach.

    Grafaic faisnéise mar gheall ar na hathruithe agus na buntáistí a bhaineann le luchtaire uilíoch a thabhairt isteach le haghaidh feistí den uile chineál
    Luchtaire uilíoch le haghaidh do ghléasanna leictreonacha (Grafaic faisnéise)

    Luchtaire uilíoch le haghaidh do ghléasanna leictreonacha (Grafaic faisnéise)

  • 2022

    4 Deireadh Fómhair

    An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: formheas deiridh tugtha ag an gComhairle maidir le cearta úsáideoirí a chosaint ar líne

    A formheas deiridh tugtha ag an gComhairle maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Tá sé mar aidhm leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha timpeallacht níos sábháilte a cruthú ar líne.

    Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha déantar:

    • an spás digiteach a chosaint arscaipeadh ábhair neamhdhleathaigh
    • cosaint chearta bunúsacha na n-úsáideoirí a chinntiú
    • freagrachtaí soiléire agus cuntasacht do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha (mar shampla na meáin shóisialta, margaí ar líne) a shainaithint
    Bolgáin aonair a léiríonn na Ballstáit éagsúla agus a sonraí r-thráchtála
    An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

    An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

  • 2022

    20 Iúil

    A seasamh glactha ag an gComhairle i ndáil leis an rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí

    Tá na Ballstáit tagtha ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa don togra le haghaidh rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí.

    Ós rud é go bhfuil líon na dtomhaltóirí a cheannaíonn earraí agus táirgí ar líne ag dul i méid, leis an togra maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, déantar nuachóiriú ar na rialacha maidir le margaí ar líne agus nuashonraítear iad do ghnólachtaí ar líne.

    Is é is aidhm do na rialacha athbhreithnithe maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí a chinntiú go gcomhlíonann táirgí na ré digití caighdeáin sábháilteachta na hEorpa.

  • 2022

    18 Iúil

    An Gníomh um Margaí Digiteacha: Formheas deiridh tugtha ag an gComhairle i dtaca le rialacha nua maidir le hiomaíocht chóir ar líne

    Thug an Chomhairle an formheas deiridh uaithi i dtaca le rialacha nua le haghaidh earnáil dhigiteach atá iomaíoch cothrom tríd an nGníomh um Margaí Digiteacha (DMA).

    Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, cruthaítear cothrom iomaíochta san earnáil dhigiteach lena ngabhann cearta agus rialacha soiléire d’ardáin mhóra ar líne (‘geatóirí’) chun a chinntiú nach mbainfidh aon cheann acu mí-úsáid as a stádas.

    Trí rialáil a dhéanamh ar an margadh digiteach ar leibhéal an Aontais, áiritheofar go mbeidh earnáil dhigiteach chothrom iomaíoch ann, ionas go mbainfidh cuideachtaí agus tomhaltóirí go léir tairbhe as deiseanna digiteacha.

    Íomhá de ghníomh de chuid an Aontais a bhfuil poncanna buí agus gorma le feiceáil taobh thiar di, poncanna a sheasann d’ardáin FBManna ar líne
    An Gníomh um Margaí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

    An Gníomh um Margaí Digiteacha (Grafaic faisnéise)

  • 2022

    9 Meitheamh

    A seasamh glactha ag an gComhairle i ndáil le rialacha nua maidir le creidmheas tomhaltóirí

    Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil leis an athbhreithniú ar an treoir maidir le creidmheas tomhaltóirí.

    Cinnteofar sa treoir go mbeidh cleachtais fhreagracha thrédhearcacha á gcur chun cinn ag na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu le creidmheas tomhaltóirí, cuir i gcás trína chinntiú go gcuirfear faisnéis maidir le creidmheas ar fáil ar bhealach soiléir sothuigthe, a bheidh oiriúnach do ghléasanna digiteacha.

    Seo a leanas a mholtar i sainordú na Comhairle:

    • táirgí áirithe a eisiamh ón raon feidhme (e.g. an sluachistiú díreach)
    • maolú páirteach roghnach ar fhorálacha áirithe le haghaidh roinnt de na táirgí creidmheasa a mheastar a bhfuil níos lú riosca ag baint leo
    • na foirmeacha faisnéise réamhchonarthacha nach mór a chur faoi bhráid na dtomhaltóirí a chumasc
  • 2022

    4 Aibreán

    Síneadh le cur leis an bhfánaíocht gan táillí breise san Aontas Eorpach

    D’fhormheas an Chomhairle síneadh a chur leis an scéim fánaíocht ar tháillí baile go dtí 2032; beidh daoine in ann agus iad ag taisteal i dtíortha eile san Aontas glaonna a dhéanamh, téacsanna a sheoladh agus brabhsáil ar líne gan aon chostas breise a tharraingt orthu féin.

    Cuireann na rialacha nua le trédhearcacht na seirbhísí a d'fhéadfadh a bheith faoi réir breischostas, agus tabharfar cosaint do thomhaltóirí ar bhillí an-ard gan choinne mar thoradh ar fhánaíocht neamhaireach ar líonraí soghluaiste neamhthalún agus iad ar bord bád farantóireachta nó eitleán.

  • 2021

    28 Meitheamh

    Comhaontú sealadach formhuinithe ag Coreper i ndáil leis an treoir maidir le mótarárachas

    Thacaigh Coiste Buanionadaithe na Comhairle (Coreper) leis an gcomhaontú polaitiúil ar thángthas air idir an Chomhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa i ndáil leis na leasuithe ar an treoir maidir le mótarárachas

    Leis na rialacha nua, neartófar an chosaint a thugtar do dhaoine díobhálaithe i dtimpistí mótarfheithiclí agus cuirfear feabhas ar chearta sealbhóirí polasaí.

  • 2021

    13 Aibreán

    Seasamh glactha ag an gComhairle maidir le clár an Mhargaidh Aonair dar luach €4.2 billiún don tréimhse 2021-2027

    Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear clár mhargadh aonair an Aontais do na blianta 2021 go 2027.

    Is é is príomhchuspóir don chlár a chur ar chumas na saoránach, na dtomhaltóirí, na ngnólachtaí agus na n-údarás poiblí ar fud an Aontais lántairbhe a bhaint as comhtháthú an mhargaidh.

    Chuige sin, cuireann sé gníomhaíochtaí chun cinn arb é is aidhm dóibh:

    • rialachas agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú
    • iomaíochas fhiontair an Aontais a neartú, go háirithe micrifhiontair, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide
    • forbairt caighdeán Eorpach ardcháilíochta a chumasú
    • cur le cosaint na dtomhaltóirí
    • sláinte an duine, ainmhithe agus plandaí, chomh maith le leas ainmhithe a fheabhsú
  • 2021

    22 Feabhra

    An Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí: conclúidí glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle conclúidí mar fhreagairt ar an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí: Athléimneacht tomhaltóirí a neartú ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe', ina bhfuil fís iomlánaíoch do bheartas tomhaltóirí an Aontais ó 2020 go 2025.

    Leis na conclúidí, déantar an méid seo a leanas:

    • soláthair treoir pholaitiúil a bhaint amach mar aidhm
    • béim a leagan ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na dtomhaltóirí agus beartais earnála de chuid an Aontais á gceapadh, ar nós na mbeartas a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach
    • tagairt a dhéanamh don tábhacht a bhaineann le muinín na dtomhaltóirí as téarnamh eacnamaíoch a spreagadh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19

    Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna, mar shampla:

    • an ‘ceart chun deisiúcháin’
    • cosaint tomhaltóirí ar líne agus as líne
    • sábháilteacht táirgí
    • cosc a chur ar rófhéichiúnas
  • 2020

    21 Deireadh Fómhair

    Cearta feabhsaithe do phaisinéirí iarnróid glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle athchóiriú ar chearta do phaisinéirí iarnróid lena neartófar cearta na bpaisinéirí uile, agus go háirithe na paisinéirí sin faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

    Daingneofar na rialacha maidir le hathródú agus is fusa a bheidh sé rothair a iompar ar bord traenacha a bhuí leis na rialacha nuashonraithe.

    Ina theannta sin, cuirfear úsáid tréthicéad chun cinn, rud a chuirfidh cosaint níos fearr ar fáil i gcás nascthraenacha a chailleadh.

  • 2020

    30 Meitheamh

    Rochtain ar chomhshásamh faighte ag tomhaltóirí an Aontais

    Tar éis an chomhaontaithe ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2020, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh i ndáil le dréacht-treoir maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint.

    Leis an treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit córas de chaingne ionadaíocha a chur i bhfeidhm chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint i gcoinne sáruithe ar dhlí an Aontais.

    Cumhdaítear léi caingne i gcomhair urghairí agus bearta sásaimh araon.

    Mhol an Coimisiún an treoir i mí Aibreáin 2018 mar chuid den phacáiste ón gCoimisiún dar teideal ‘Margadh Nua do Thomhaltóirí’, a dhírigh ar rialacha córa trédhearcacha a chinntiú do thomhaltóirí an Aontais.

  • 2020

    25 Feabhra

    Rialacha nua glactha ag an gComhairle maidir le lipéadú bonn

    Ghlac an Chomhairle rialachán ina bhfuil rialacha nua maidir le lipéadú bonni ndáil le paraiméadair mar shampla éifeachtúlacht breosla, fliuchghreim agus torann.

    Is é is aidhm don rialachán lipéid a dhéanamh níos infheicthe agus tuilleadh faisnéise a thabhairt do thomhaltóirí ionas go mbeidh siad in ann boinn atá níos sábháilte, níos éifeachtúla ó thaobh breosla de agus níos ciúine a roghnú.

    Tá an rialachán fós le glacadh go foirmiúil ag Parlaimint na hEorpa.

  • 2019

    8 Samhain

    Carranna níos sábháilte san Aontas Eorpach

    Tar éis di teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa i mí an Mhárta 2019, ghlac an Chomhairle rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithicil agus úsáideoirí soghonta bóithre d'fhonn líon na dtaismeach ar na bóithre a laghdú go suntasach.

    Faoi na rialacha nua, beidh ar gach mótarfheithicil (trucailí, busanna, veaineanna agus SUVanna san áireamh) na gnéithe sábháilteachta seo a leanas a bheith ann:

    • cúnamh cliste luais
    • éascú suiteála comhghlasála i gcás meisce
    • córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí
    • ardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí
    • comharthaí stop éigeandála
    • córais braite cúlaithe
    • taifeadáin sonraí teagmhais
    • faireachán cruinn bhrú na mbonn
  • 2019

    8 Samhain

    Cosaint tomhaltóirí an Aontais le treisiú

    Tar éis teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa i mí an Mhárta 2019, ghlac an Chomhairle treoir lena ndéantar dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a nuachóiriú agus forfheidhmiú chearta na dtomhaltóirí a éascú.

    Leis an treoir, ráthaítear caighdeáin níos airde cosanta do thomhaltóirí an Aontais agus táirgí nó seirbhísí ar líne á gceannach acu.

    Cuireann sí ar fáil freisin bearta níos láidre ar fud an Aontais i gcoinne modhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach.

    Tá an treoir seo ina cuid den Margadh Nua do Thomhaltóirí’, a sheol an Coimisiún in 2017.

  • 2019

    14 Meitheamh

    Rialachán glactha ag an Aontas Eorpach chun táirgí contúirteacha a choinneáil den mhargadh

    Ghlac an Chomhairle rialachán a neartóidh an faireachas margaidh ionas go gcinnteofar go mbeidh táirgí a chuirfear ar mhargadh an Aontais sábháilte agus i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.

    Maidir leis an Rialachán:

    • comhdhlúthaítear ann creat reatha na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh
    • tugtar aghaidh ann ar na dúshláin maidir leis an r-thráchtáil idirnáisiúnta agus leis an trádáil ar líne
    • moltar ann go ndéanfadh na húdaráis um fhaireachas margaidh, as tacar de na Ballstáit, gníomhaíochtaí i bpáirt le chéile
    • tugtar isteach sreabhadh lándigiteach oibre d'fhonn malartú eolais idir na húdaráis agus an Coimisiún a fheabhsú
    • cruthaítear ann creat treisithe maidir le rialuithe ar tháirgí a thagann isteach sa mhargadh aonair agus maidir le comhar feabhsaithe idir na húdaráis um fhaireachas margaidh agus na húdaráis chustaim
  • 2019

    15 Aibreán

    Rialacha nua maidir le conarthaí díolachán d'earraí agus ábhar digiteach glactha ag an Aontas Eorpach

    Ghlac an Chomhairle rialacha nua chun go mbeidh sé níos fusa agus níos sábháilte ag tomhaltóirí earraí agus ábhar digiteach araon a cheannach ar bhonn trasteorann agus ag gnólachtaí iad a dhíol ar an mbonn céanna.

    Foráiltear an méid seo a leanas leis an treoir maidir le hábhar digiteach:

    • mura féidir fabhtanna a cheartú laistigh de thréimhse réasúnta ama, tá an tomhaltóir i dteideal laghdú ar an bpraghas nó aisíoc iomlán
    • ní féidir an tréimhse ráthaíochta a bheith níos giorra ná 2 bhliain

    Foráiltear an méid seo a leanas leis an treoir maidir le hearraí a dhíol:

    • íostréimhse ráthaíochta 2 bhliain
    • tréimhse bliana don dualgas cruthúnais aisiompaithe i bhfabhar an tomhaltóra

    Is é an cuspóir atá ann leibhéal ard cosanta agus deimhneachta dlíthiúla a chur ar fáil do thomhaltóirí na hEorpa, go háirithe nuair a cheannaítear thar theorainneacha, chomh maith le díol ar fud an Aontais a éascú tuilleadh do ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Iúil 2026