"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 8-9 Meitheamh 2023
Na príomhthorthaí
Gnóthaí Baile, an 8 Meitheamh
Tearmann agus imirce
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le dhá phríomhchomhad tearmainn agus imirce – an rialachán maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus an rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn. Is clocha coirnéil iad an dá dhlí de bheartas nua Eorpach imirce agus tearmainn atá cothrom, éifeachtúil agus inbhuanaithe san fhadtéarma.
Is dúshlán agus freagracht choiteann Eorpach í an imirce. Is céim mhór chun tosaigh é an comhaontú maidir le beartas Eorpach imirce agus tearmainn atá cothrom agus inbhuanaithe.
Maria Malmer Stenergard, Aire Imirce na Sualainne
Bunaítear leis an rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn (APR) nós imeachta comhchoiteann ar fud an Aontais nach mór do na Ballstáit a leanúint nuair atá cosaint idirnáisiúnta á lorg ag daoine. Tá riail maidir le nós imeachta tearmainn sa Rialachán, lena bhféadfar a mheas go tapa ag teorainneacha seachtracha an Aontais an bhfuil iarratais gan bhunús nó neamh-inghlactha.
Ba cheart go dtiocfadh an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce in ionad Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath. Is é cuspóir an Rialacháin maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce ná cinneadh a dhéanamh cén Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann. Leis an Rialachán, bunaítear sásra nua bainistithe imirce agus dlúthpháirtíochta lena n-áiritheofaí dáileadh níos cothroime imirceach ar fud an Aontais.
Tá creat reachtach an Aontais maidir le himirce agus tearmann agus gné sheachtrach na himirce fite fuaite ina chéile. Thug an Chomhairle dá haire an nuashonrú ón gCoimisiún agus ón Uachtaránacht a bhain le staid na himeartha i dtaca le gné sheachtrach na himirce, inar cuimsíodh saincheisteanna, mar shampla sreabha imirce domhanda agus comhar an Aontais le comhpháirtithe seachtracha chun brú imirce a bhainistiú. Tugadh aird ar leith ar an bplean gníomhaíochta do bhealach na Meánmhara Thiar/an Atlantaigh agus ar an staid sa Túinéis, san Éigipt agus san Iaráic.
Limistéar Schengen
Bhí malartú tuairimí ag Comhairle Schengen maidir le staid fhoriomlán limistéar Schengen, bunaithe ar chur i láthair ón gCoimisiún maidir lena thuarascáil ar Staid Schengen 2023. Tháinig na hairí ar chomhaontú faoi na réimsí ar cheart aird ar leith a thabhairt orthu i gComhairle Schengen sa chéad timthriall eile de Chomhairle Schengen 2023-2024:
deireadh a chur leis na rialuithe teorann atá ann leis an mBulgáir agus leis an Rómáin
na córais um fhilleadh a dhéanamh níos éifeachtaí
borradh a chur faoin gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí chun an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac
an obair a dhéantar i réimse na himirce agus an bhainistithe teorainneacha a neartú
Ina theannta sin, i gComhairle Schengen pléadh an faireachán ar chórais gan víosa. D’iarr na hAirí go mbainfí úsáid níos straitéisí as beartas víosaí an Aontais. Tríd is tríd, ba dhíol sásaimh dóibh, an plean atá ag an gCoimisiún togra reachtach a chur i dtoll a chéile – sa dara seimeastar den bhliain seo – chun an sásra fionraíochta víosaí a dhéanamh níos éifeachtúla. Ba cheart uirlis níos fearr a chur ar fáil don Aontas chun dul i ngleic le cásanna ina mbaintear mí-úsáid as córais gan víosa agus chun laghdú mór a dhéanamh ar an imirce neamhrialta chun an Aontais a tharlaíonn nuair nach mbíonn ailíniú beartais víosaí idir comharsana ag a bhfuil córais gan víosa.
Chuir eu-LISA, an ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá i gceannas ar bhainistiú oibríochtúil chórais TF i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme idir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais. Baineann na Ballstáit úsáid as na córais sin chun an choireacht a chomhrac, teorainneacha a rialú agus sreabha imirce a bhainistiú. Thug an ghníomhaireacht, i measc nithe eile, eolas faoi staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na gcóras sin. Ba cheart amlíne athbhreithnithe le haghaidh ullmhacht theicniúil na gcóras sin a thíolacadh ag an gComhairle CGB i mí Dheireadh Fómhair.
Sa chuid den chruinniú a bhain le Schengen, thug an Rómáin eolas faoi fhóram aireachta do Bhallstáit Schengen a bhí ar siúl an 9 Bealtaine 2023. Chuir an Rómáin agus an Bhulgáir na toscaireachtaí ar an eolas faoi threoirthionscadail i réimse an tearmainn, an fhillte agus an bhainistithe teorainneacha. Ar deireadh, thug an Uachtaránacht faisnéis faoi thograí reachtacha reatha i limistéar Schengen.
An tslándáil inmheánach/ forfheidhmiú an dlí
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi sheoladh an ghrúpa ardleibhéil saineolaithe maidir le rochtain ar shonraí ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach an dlí. Is é an cuspóir a bheidh ag an ngrúpa saineolaithe fís a bhunú faoi conas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí de i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn – úsáid na cumarsáide leictreonaí ina bhfuil criptiú inn ar inn nó intleacht shaorga, cuir i gcás – agus moltaí a mholadh chun beartais agus reachtaíocht an Aontais a cheapadh.
Is minice a bhaineann coirpigh mí-úsáid as seirbhísí digiteacha chun coireanna a dhéanamh. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh na huirlisí is gá ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun an choireacht a chomhrac agus chuige sin, tá rochtain ar shonraí ríthábhachtach. Táim suite de go gcuirfidh an grúpa ardleibhéil saineolaithe go mór le forfheidhmiú dlí níos éifeachtaí.
Gunnar Strömmer, Aire Dlí agus Cirt na Sualainne
Idir thuilte tromchúiseacha, falscaithe agus COVID-19, tá méadú ag teacht ar líon na ngéarchéimeanna casta, fadtéarmacha atá roimh an Eoraip. Mar gheall ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin tá baol níos mó ann anois go dtarlóidh teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha (CBRN). Ós amhlaidh atá, d’fhormheas na hairí conclúidí maidir le hathléimneacht uile-shochaí a neartú i gcomhthéacs na cosanta sibhialta, inar cuireadh an ullmhacht maidir le cosaint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN) san áireamh. Tá an Chomhairle ar aon tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag an gcosaint shibhialta chun borradh a chur faoi athléimneacht an Aontais agus chun an riosca a bhaineann le teagmhais CBRN a mhaolú.
Bhí díospóireacht ag am lóin a bhain le saincheisteanna i dtaobh na frithsceimhlitheoireachta agus an t-antoisceachas foréigneach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Tá impleachtaí fhogha na Rúise faoin Úcráin ar shlándáil inmheánach an Aontais agus ar chosaint shealadach do dhaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh mar chuid den chlár oibre freisin.
Thug an Uachtaránacht eolas freisin faoi staid na himeartha i ndáil le tograí reachtacha eile – ó thograí reachtacha i réimse an tearmainn, na himirce, na dteorainneacha agus na víosaí go rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Faoi aon ghnó eile, thíolaic an tSlóivéin na conclúidí ó Chruinniú Aireachta Phróiseas Brdo, a bhí ar siúl in Portorož, an tSlóivéin an 3 agus an 4 Aibreán 2023. Sa chruinniú aireachta, bhí an plé dírithe ar na dúshláin atá ann faoi láthair i réimse na slándála inmheánaí agus na himirce ina raibh béim faoi leith curtha ar chomhar níos dlúithe a bheith ann sa chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach. Thug an Uachtaránacht eolas faoin gcruinniú aireachta ceartais agus gnóthaí baile idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a bhí ar siúl an 20-21 Meitheamh 2023 i Stócólm. Chuir toscaireacht na Spáinne, an uachtaránacht inteachta, a clár oibre i láthair.
Comhaontú um chomhar iomaíochta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Ghlac an Chomhairle, gan phlé, cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhar agus malartú faisnéise i gcúrsaí iomaíochta.
Sa chomhaontú, forlíonfar an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, agus cumhdófar ann comhar le húdaráis iomaíochta na Ríochta Aontaithe maidir le hábhair a bhaineann le dlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm.
Ghlac an Chomhairle cúig chur chuige ghinearálta – comhsheasaimh maidir le dréachtdlíthe an Aontais, ar réamhriachtanas iad chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa – chun gur fearr a dhéanfar an choireacht eagraithe a chomhrac, an díospóireacht phoiblí a chosaint, foréigean in aghaidh na mban a chomhrac agus sárú ar smachtbhannaí an Aontais a choiriúlú.
Is príomhthosaíocht d’Uachtaránacht na Sualainne é an choireacht eagraithe a chomhrac. Cuirfidh na cinntí tábhachtacha a rinneadh feabhas ar chumas fhorfheidhmiú an dlí an choireacht eagraithe a chomhrac, agus cearta bunúsacha an duine á n-urramú san am céanna. Neartóidh an méid sin saoirse agus slándáil na saoránach uile i mBallstáit an Aontais.
Gunnar Strömmer, Aire Dlí agus Cirt na Sualainne
Tá rialacha á neartú ag an Aontas maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais a eascraíonn as coireacht a aisghabháil agus a choigistiú. I measc nuashonruithe eile, bheadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit aon rachmas neamhmhínithe a choigistiú faoi choinníollacha áirithe. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil le cur chuige ginearálta maidir leis an dréacht-dlí sin.
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le dlí atá beartaithe i gcoinne cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPP). Is é an sprioc atá aige imeachtaí cúirte gan bhunús nó mí-úsáideach i gcoinne iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosc agus rialacha a leagan síos maidir le leigheasanna ar na himeachtaí sin. A bhuí leis an dlí atá beartaithe ag an Aontas, bainfidh daoine a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar chásanna SLAPP leas as roinnt coimircí nós imeachta agus cosaintí.
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh i dtaca le treoir an Aontais maidir le frithgháinneáil a nuashonrú. Beidh an pósadh éigeantais agus an t-uchtú neamhdhleathach, i measc nithe eile, le feiceáil go sainráite mar chineálacha saothraithe a chumhdaítear leis an treoir. Ní mór do thíortha an Aontais a chinntiú freisin go bhforchuirtear smachtbhannaí ar dhaoine a úsáideann seirbhísí, go feasach, a chuireann íospartaigh gáinneála ar fáil.
Foréigean in aghaidh na mban
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le dréachtdlí chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac. Tá sé d’aidhm aige i measc nithe eile, líon áirithe cleachtas a choiriúlú ar fud an Aontais, ina measc an ciorrú ball giniúna ban, an chibearstalcaireacht, nó an cibirchiapadh. Tá baint ag an togra, freisin, leis an bhforéigean in aghaidh na mban a thuairisciú chomh maith le bearta tacaíochta agus cúnaimh dóibh siúd atá thíos leis, mar shampla cúiteamh agus bailiú sonraí.
San Aontas Eorpach, tá bean amháin as gach triúr tar éis foréigean fisiceach nó gnéasach a fhulaingt, déanta, den chuid is mó, ag comhpháirtithe dlúthchaidrimh (sonraí ó 2014). Measadh gur fhulaing bean óg amháin as gach beirt cibearfhoréigean inscnebhunaithe sa bhliain 2020. Dá bhrí sin, céim shuntasach chun cinn a bheidh sa togra seo sa chomhrac i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe.
Tá an Chomhairle ag obair ar reachtaíocht nua chun a chinntiú go ndéantar an sárú ar bhearta sriantacha a choiriúlú. Shocrófaí leis pionóis íosta a ghearrfar má théitear timpeall ar smachtbhannaí an Aontais nó má sháraítear iad. Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an dréachtreachtaíocht sin.
Chomh maith leis na cúig chur chuige ghinearálta sin, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi thograí reachtacha eile atá ar feitheamh i réimse an cheartais: cinn a bhaineann leis an bplé leanúnach leis an bParlaimint maidir le cosaint an chomhshaoil agus digiteáil an cheartais agus maidir le togra i dtaca le himeachtaí coiriúla a aistriú (ó Bhallstát amháin go Ballstát eile).
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Míreanna eile ar chlár oibre na n-airí dlí agus cirt
Ina theannta sin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais i ndáil le fogha na Rúise faoin Úcráin. Roinn na hairí faisnéis maidir leis na bearta a rinne a n-údaráis náisiúnta ina leith sin agus phléigh siad dea-chleachtais agus príomhdhúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann. Léiríodh sa phlé go bhfuil na himscrúduithe agus na hionchúisimh sin dúshlánach agus go bhfuil go leor dúshláin choiteanna roimh na Ballstáit uile. Dhearbhaigh a lán toscaireachtaí an breisluach a bhaineann le leanúint de mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas a chomhroinnt agus go leanfadh Eurojust agus Europol de thacaíocht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta. Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún na hionstraimí forfheidhmithe riachtanacha uile is gá a neartú agus cur chuige lán-chomhordaithe a fhorbairt chuige sin i gcomhar leis na Ballstáit.
Ba é an t-ábhar don díospóireacht ag am lóin ná malartú tuairimí faoi ghnéithe breithiúnacha den chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe – agus faoin gcóimheá atá le haimsiú idir an gá atá le bearta imscrúdaitheacha éifeachtacha agus cosaint na gceart bunúsach.
Tugadh eolas do na hairí faoi staid na himeartha maidir leis na forbairtí is déanaí atá déanta i dtaca le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a chuir tús lena hoibríochtaí i mí an Mheithimh 2021. In 2022, chuir OIPE tús le 865 imscrúdú as ar eascair 1117 n-imscrúdú gníomhach go dtí seo a raibh damáiste measta dar luach €14.1 billiún i gceist leo.
Thug an Uachtaránacht an t-eolas is déanaí faoin dul chun cinn a rinneadh i dtreo aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus ar an méid atá fós le déanamh chun an sprioc sin a bhaint amach.
D’eisigh an Uachtaránacht conclúidí maidir le sábháilteacht daoine LGBTI san Aontas Eorpach.
Aon ghnó eile
Chuir Uachtaránacht na Sualainne na hairí ar an eolas faoin gcruinniú aireachta ceartais agus gnóthaí baile idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a bhí ar siúl i Stócólm an 20-21 Meitheamh 2023. Chuir an Laitvia na toscaireachtaí ar an eolas faoi chomhdháil airí ceartais Chomhairle na hEorpa a bhí i Ríge an 11 Meán Fómhair 2023.
Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú stáit, thug an Coimisiún eolas faoin athbhreithniú ar an gcinneadh leordhóthanachta maidir leis an tSeapáin agus faoin obair leanúnach ar chreat príobháideachais sonraí idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus faoin scórchlár ceartais 2023.
Chuir Aire na Slóivéine na toscaireachtaí ar an eolas faoin gcaibidlíocht agus faoi ghlacadh coinbhinsiúin nua maidir le comhar idirnáisiúnta in imscrúdú agus ionchúiseamh choir an chinedhíothaithe, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus coireanna idirnáisiúnta eile.
Ar deireadh, thug Uachtaránacht inteachta na Spáinne tuairisc ar a clár oibre.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.