Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 08-09/10/2015, 8-9 Deireadh Fómhair 2015

Na príomhthorthaí

An Imirce

Phléigh an Chomhairle mar a dhéanfar teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú sa todhchaí, amhail freagracht chomhpháirteach na mBallstát agus FRONTEX a fhorbairt, úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua agus an bealach ina bhféadfaí feabhas a chur ar an leas a bhaintear as an sásra faireacháin agus meastóireachta atá ann cheana le feidhmiú acquis Schengen a fhíorú. Cuireadh ábhar machnaimh ar fáil don ullmhúchán don Chomhairle Eorpach a thionólfar go luath leis an bplé.

Tá tromlach na mBallstát i bhfabhar na freagrachta comhpháirtí i ndáil le rialuithe teorainneacha seachtracha a neartú agus leag siad béim ar an ngá atá ann ról agus acmhainneacht FRONTEX a atreisiú.

Phléigh na hAirí a bhfuil i ndán don bheartas aisdúichithe freisin agus ghlac siad conclúidí.

Measann an Uachtaránacht go gcuirfidh díospóireacht an lae inniu go mór leis an ullmhúchán atá á dhéanamh don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn. Braitheann a bhfuil i ndán do Schengen amach anseo ar rialú inchreidte agus éifeachtach ar theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh. Is tosaíocht fíor-ard é sin ar an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce a dúirt Jean Asselborn, Aire Inimirce agus Tearmainn Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí maidir le hathlonnú 160 000 duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, tar éis na gcinntí a glacadh an 14 agus an 22 Meán Fómhair. Ba dhíol sásaimh do na hAirí na chéad bhabhtaí den phróiseas athlonnaithe, a gcuirfear tús leo an 9 Deireadh Fómhair 2015.

Phléigh an Chomhairle freisin na bealaí inar féidir feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach agus cur leis an gcomhrac in aghaidh na séineafóibe i ngéarchéim seo na dteifeach. Ar na hábhair a luadh, pléadh leas níos fearr a bheith á bhaint ag údaráis bhreithiúnacha na mBallstát as uirlisí Eurojust, comhar níos fearr le húdaráis bhreithiúnacha tríú tíortha, comhar le soláthraithe idirlín chun gníomhú in aghaidh fuathchaint ar líne agus cearta leanaí a chosaint ar bhealach níos fearr.

Mar fhreagairt ar ghéarchéim na dteifeach, d’fhormheas an Chomhairle EUR 576.3 milliún i ngealltanais agus EUR 71.3 milliún in íocaíochtaí freisin mar chúnamh airgeadais breise ó bhuiséad 2015 an Aontais. Leis sin, cuirtear i bhfeidhm na gealltanais a thug an Chomhairle Eorpach an 23 Meán Fómhair 2015.

An Fhrithsceimhlitheoireacht

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le bearta a neartú leis an ngáinneáil ar airm tine a chomhrac.

Cuireadh na hAirí ar an eolas freisin faoi chur chun feidhme beart maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht nuair a thug ceannairí an Aontais ráiteas uathu an 12 Feabhra 2015, agus nuair a chomhaontaigh siad dul chun cinn a dhéanamh ar roinnt tosaíochtaí roimh an gcéad chruinniú eile a bheidh ar siúl i mí na Nollag.

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le Treoir maidir le leas a bhaint as taifead ainmneacha paisinéirí chun cionta sceimhlitheoireachta nó coir thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

"Tá plé polaitiúil ar bun le Parlaimint na hEorpa. Táimid muiníneach go dtiocfar ar chomhaontú polaitiúil roimh dheireadh na bliana lena gcuirfear ar ár gcumas réiteach cothrom a bhaint amach a thabharfaidh fíorchosaint bhreise dár saoránaigh, agus ag an am céanna, a chuirfidh riachtanais oibríochtúla agus cosaint sonraí agus cosaint na gceart bunúsach san áireamh ina n-iomláine", a dúirt Etienne Schneider, Aire Slándála Inmheánaí Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle 

Cosaint sonraí

Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an dréacht-Treoir cosanta sonraí. Leis sin, féadfaidh an Uachtaránacht Lucsamburgach tús a chur leis an bplé le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcuid sin den phacáiste cosanta sonraí. Is an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí an chuid eile den phacáiste agus cuireadh tús leis an bplé le Parlaimint na hEorpa ina leith cheana. Bunaítear rialacha leis an dréacht-Treoir sin chun go gcosnófar sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó chun déileáil le cionta coiriúla nó chun cosaint a thabhairt i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí nó chun na bagairtí sin a chosc.

"Céim ríthábhachtach atá i gcomhaontú an lae inniu chun teacht ar chomhaontú foriomlán maidir le pacáiste cosanta sonraí an Aontais faoi dheireadh na bliana", a dúirt Félix Braz, Aire Dlí agus Cirt Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle.

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas freisin faoin mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais a d'fhógair an 6 Deireadh Fómhair go raibh an cinneadh maidir le "Cuan Sábháilte" neamhbhailí.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach faoi Airteagail áirithe sa dréacht-Rialachán lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Bunaítear rialacha leis na hAirteagail sin lena gcumhdaítear go háirithe na himscrúduithe agus na hionchúisimh choiriúla sna cúirteanna náisiúnta, agus áirítear orthu cearta nósanna imeachta daoine a bhfuil amhras fúthu agus daoine atá cúisithe. Le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, dírítear ar chabhair a thabhairt chun dul i ngleic le coireanna a dhéantar i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais. Leanfar leis an obair d'fhonn teacht ar chomhaontú sa Chomhairle faoi na codanna den Rialachán atá fós le réiteach.

Tacaíocht don Ghréig

Ghlac an Chomhairle Rialachán lena gcabhrófar leis an nGréig an leas is fearr a bhaint as cistí an Aontais agus lena gcuirfear feabhas ar leachtacht chun go spreagfar fás agus go gcruthófar poist. Is é príomhchuspóir an Rialacháin aghaidh a thabhairt ar a laghad cistí poiblí atá ar fáil don infheistíocht a bhfuil géarghá léi sa Ghréig, agus a chinntiú go n-eascróidh tairbhí nithiúla as cistí Eorpacha struchtúracha agus infheistíochta chomh gasta agus is féidir.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025