Amlíne – beartas imirce agus tearmainn an Aontais Eorpaigh
-
1 Eanáir
Tugtar forléargas san amlíne thíos ar na príomhfhorbairtí in obair na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí i ndáil le freagairt an Aontais ar an mbrú imirceach a fhothú.
-
2025
18 NollaigAsylum policy: Council and European Parliament agree on EU list of safe countries of origin
-
2025
18 NollaigSafe third country: Council and European Parliament agree on new EU law restricting admissibility of asylum claims
-
2025
8 NollaigCouncil clinches deal on EU law about returns of illegally staying third-country nationals
-
2025
8 NollaigMigration and asylum: Member states agree on solidarity pool
-
2025
8 NollaigAsylum policy: Council pushes ahead with EU laws on safe countries of origin and safe third countries
-
2024
14 BealtaineComhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle sraith gníomhartha reachtacha chun athchóiriú a dhéanamh ar chreat dlíthiúil an Aontais maidir le bainistiú imirce agus tearmainn.
Leis sin, bunaítear sraith rialacha a chuideoidh:
- leis na daoine a thagann isteach a bhainistiú ar bhealach ordúil
- le nósanna imeachta éifeachtúla aonfhoirmeacha a chruthú
- lena chinntiú go ndéanfar an t-ualach a roinnt go cothrom idir na Ballstáit
-
2024
24 AibreánAn imirce dhleathach: Cead tugtha ag an gComhairle do chead oibre agus fanachta aonair do náisiúnaigh tríú tír (preaseisiúint, an 12 Aibreán 2024)
Glacann an Chomhairle an cead aonair arb é is aidhm dó an méid seo a leanas a bhunú:
- nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh comhoibre agus cead cónaithe
- tacar coiteann de chearta a ráthú do náisiúnaigh incháilithe tríú tírbunaithe ar chóir chomhionann le náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaíonn an cead aonair
- próiseáil níos tapaar iarratas
- an fhéidearthacht do shealbhóirí ceada aonairfostóir a athrú
- treoracha soiléire má bhíonn sealbhóir ceada aonairdífhostaithe
-
2024
8 FeabhraAthchóiriú ar thearmann agus imirce: comhaontú le Parlaimint na hEorpa formheasta ag ionadaithe Bhallstáit an Aontais
D’fhormheas ionadaithe Bhallstáit an Aontais (Coreper) an comhaontú sealadach ar tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa air an 20 Nollaig 2023 maidir le cúig phríomhdhlí (arb iad a bhí sa chomhshocrú maidir le tearmann agus imirce) lena ndéanfar athchóiriú ar chóras tearmainn agus imirce an Aontais.
Thairis sin, d’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe trí dhlí tearmainn agus imirce ar tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú ina leith cheana féin in 2022. Is éard atá sna trí dhlí sin:
- athbhreithniú ar an treoir maidir le dálaí glactha
- nuashonrú ar an rialachán cáilitheachta
- rialachán lena mbunaítear creat athlonnaithe an Aontais
-
2023
20 NollaigAn Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le córas imirce agus tearmainn an Aontais
Baineann na cúig dhlí de chuid an Aontais atá comhaontaithe ag Uachtaránacht na Spáinne agus an Pharlaimint le gach céim de bhainistiú tearmainn agus imirce, lena gcuirtear san áireamh:
- imircigh neamhrialta a scagadh agus iad ag teacht isteach san Aontas
- sonraí bithmhéadracha a thógáil
- nósanna imeachta maidir le hiarratais ar thearmann a dhéanamh agus a láimhseáil
- na rialacha maidir lena chinneadh cén Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a láimhseáil
- comhar agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus conas déileáil le géarchéimeanna, cásanna ina ndéantar imircigh a ionstraimiú san áireamh
-
2023
4 Deireadh FómhairSainordú comhaontaithe ag an gComhairle maidir le dlí an Aontais a bhaineann le géarchéimeanna
Tháinig ionadaithe Bhallstáit an Aontais ar chomhaontú maidir leis an ngné dheireanach de chomhbheartas Eorpach tearmainn agus imirce.
Thug na Ballstáit a sainordú caibidlíochta i gcrích maidir le rialachán a bhaineann le géarchéimeanna, ionstraimiú na himirce agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn san áireamh. Beidh an seasamh sin mar bhonn don chaibidlíocht idir Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa.
-
2023
5 NollaigCuntas ar an tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an gcomhshocrú maidir le himirce agus tearmann tugtha ag uachtaránacht na Spáinne
Chuir an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn ar fáil do na hairí maidir le comhaid reachtacha uile an chomhshocraithe maidir le himirce agus tearmann.
Tá an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i mbun caibidlíocht thríthaobhach faoi láthair maidir le cúig chomhad reachtacha, mar a thugtar orthu. Déanfar athchóiriú leo ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus beidh creat coiteann de chuid an Aontais mar thoradh air lena ndéileálfar le gach gné maidir le bainistiú tearmainn agus imirce. Is mian leis an dá institiúid deireadh a chur leis an gcaibidlíocht agus na tograí reachtacha éagsúla a ghlacadh go foirmiúil roimh dheireadh na tréimhse reachtaí seo.
Ina theanna sin cuireadh na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha a bhaineann le gné sheachtrach na himirce. Baineann sé sin le beartais an Aontais lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin atá le sárú ag an Aontas agus ag ilchríocha agus tíortha eile i dtaca le cúrsaí imirce. Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhar le tríú tíortha comhpháirtíochta.
-
2023
30 MeitheamhConclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí maidir le gné sheachtrach na himirce
Thug an tUachtarán dá aire go gcuireann an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an-bhrón uirthi faoi na daoine a cailleadh sa tragóid a tharla le déanaí sa Mheánmhuir.
Rinneadh athbhreithniú cuimsitheach ar staid na himirce ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus laistigh den Aontas féin, agus tugadh faoi deara an obair a rinneadh go dtí seo faoi chuimsiú freagairt Eorpach.
Chuir Uachtaránacht na Comhairle agus an Coimisiún an Chomhairle Eorpach ar an eolas faoin dul chun cinn seasta atá déanta i gcur chun feidhme na gconclúidí uaithi an 9 Feabhra 2023, le béim ar ghnéithe seachtracha na himirce agus a sásraí maoinithe.
Déanfaidh an Chomhairle Eorpach athbhreithniú leanúnach ar an obair sin.
-
2023
8 Meitheamhan Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le príomhdhlíthe tearmainn agus imirce
An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le dhá phríomhrialachán maidir le tearmann agus imirce:
An Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn
Bunaítear leis an rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn (APR) nós imeachta comhchoiteann ar fud an Aontais nach mór do na Ballstáit a leanúint nuair atá cosaint idirnáisiúnta á lorg ag daoine.
An Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce
Ba cheart go dtiocfadh an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, a luaithe a chomhaontaítear é, in ionad Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath. Le Rialachán Bhaile Átha Cliath leagtar amach rialacha lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann. Leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, déanfar na rialacha sin a chuíchóiriú agus déanfar na teorainneacha ama a ghiorrú.
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an córas atá ann faoi láthair ina bhfuil roinnt Ballstát freagrach as formhór mór na n-iarratas ar thearmann, tá sásra dlúthpháirtíochta nua á mholadh atá simplí, intuartha agus inoibrithe. Leis na rialacha nua, ceanglaítear dá chéile dlúthpháirtíocht éigeantach agus solúbthacht do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le rannchuidithe aonair a roghnú.
-
2023
8 MeitheamhLegal migration: Council settles on negotiating position for review of single permit directive
The Council has agreed its position on an update of an EU law that deals with legal migration to the EU labour market. The updated rules streamline the application procedure and make it more effective.
Thanks to this international recruitment of talent should get a boost, more rights for third-country workers and their equal treatment compared to EU workers should reduce labour exploitation.
-
2023
23 MártaCuirtear an Chomhairle Eorpach ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le saincheist na himirce
Chuir Uachtaránacht na Comhairle agus an Coimisiún an Chomhairle Eorpach ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le cur chun feidhme chonclúidí mhí Feabhra uaithi maidir leis an imirce.
D’iarr na ceannairí go gcuirfí na conclúidí sin chun feidhme go pras agus déanfaidh siad athbhreithniú orthu arís i mí an Mheithimh.
-
2023
9 FeabhraStaid na himirce pléite ag an gComhairle Eorpach
Phléigh cinn stáit agus rialtais an Aontais an imirce ag cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a tionóladh sa Bhruiséil. Rinne siad measúnú ar chur chun feidhme na gconclúidí a ghlac siad roimhe seo maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na himirce i gcomhréir le prionsabail agus luachanna an Aontais agus le cearta bunúsacha, ag díriú ar an méid seo a leanas:
- gníomhaíocht sheachtrach mhéadaithe
- an filleadh agus an t-athligean isteach
- teorainneacha seachtracha an Aontais a rialú
- ionstraimiú, gáinneáil agus smuigleáil a chomhrac
- sonraí maidir le sreabha imirce
- an comhshocrú maidir le himirce agus tearmann
-
2022
22 MeitheamhSainordú don chaibidlíocht ar rialachán Eurodac agus an rialachán maidir le Scagadh glactha ag an gComhairle
Bunaithe ar na tograí a thíolaic an Coimisiún faoi chuimsiú an Comhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann, d’fhormheas an Chomhairle sainorduithe don chaibidlíocht ar an dá phíosa reachtaíochta seo a leanas:
- rialachán Eurodac, atá beartaithe a chabhrú leis na Ballstáit faireachán níos fearr a dhéanamh ar chonair na n-iarrthóirí tearmainn agus na ndaoine atá i staid neamhrialta laistigh den Aontas
- rialachán maidir le scagadh, a chuidíonn leis na rialuithe ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha a neartú
Ina theannta sin, dhearbhaigh 21 Ballstát nó stát comhlachaithe gur glacadh dearbhú maidir le dlúthpháirtíocht, lena bhforáiltear do shásra deonach de ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta, i bhfoirm athshuímh nó cineálacha eile ranníocaíochtaí, go háirithe ranníocaíochtaí airgeadais
- Sainorduithe don chaibidlíocht ar Rialachán Eurodac agus an Rialachán maidir le Scagadh formheasta ag an gComhairle agus dearbhú maidir le dlúthpháirtíocht glactha ag 21 stát (preaseisiúint, an 22 Meitheamh 2022)
- Córais TF chun an choireacht a chomhrac agus teorainneacha an Aontais a dhaingniú (eolas cúlra)
-
2022
4 Aibreán€17 mbilliún de chistí an Aontais chun cabhrú le dídeanaithe ón Úcráin
Ghlac an Chomhairle rialachán maidir le Gníomhaíocht chomhtháthaithe do dhídeanaithe san Eoraip (CARE) lena bhféadfar cistiú an bheartais comhtháthaithe a scaoileadh agus a ath-leithdháileadh go pras. Cinnteofar leis sin go mbeidh dóthain acmhainní ag na Ballstáit a bhfuil dídeanaithe á n-óstáil acu chun freastal ar riachtanais maidir le tithíocht, oideachas agus cúram sláinte, riachtanais atá ag dul i méid.
Thairis sin, beidh na Ballstáit in ann Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) a úsáid, atá ar cheann de na cláir infheistíochta poiblí iarphaindéime is mó de chuid an Aontais Eorpaigh.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle togra chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- suas le €420 milliún de chistí atá fágtha ó chiste gnóthaí baile 2014-2020 a sholáthar
- cead a thabhairt do na Ballstáit agus deontóirí poiblí nó príobháideacha eile ranníocaíochtaí breise a dhéanamh faoi chiste tearmainn, imirce agus lánpháirtíochta 2021-2027
Leis sin, cuirfear acmhainní breise ar fáil chun fáiltiú roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.
-
2022
4 MártaScéim cosanta sealadaí glactha ag an Aontas do dhaoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin
Chinn an tAontas an scéim cosanta sealadaí a thabhairt isteach. Is é an cuspóir atá ann an brú ar chórais náisiúnta tearmainn a laghdú agus go mbeidh cearta comhchuibhithe ag daoine easáitithe ar fud an Aontais. Áirítear ar na cearta sin:
- cónaí
- rochtain ar an margadh saothair agus ar thithíocht
- cúnamh leighis
- rochtain ar oideachas do leanaí
Sásra éigeandála is ea cosaint shealadach agus is féidir é a chur i bhfeidhm i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus arb aidhm dó cosaint láithreach chomhchoiteann a thabhairt do dhaoine easáitithe nach bhfuil ar a gcumas filleadh ar a dtír thionscnaimh.
©AFP -
2022
19 EanáirTús curtha ag gníomhaireacht nua tearmainn de chuid an Aontais lena cuid oibre
Ón 19 Eanáir 2022, tiocfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann in ionad na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (EASO).
Tá an ghníomhaireacht nua freagrach as feidhmiú an chomhchórais Eorpaigh tearmainn a fheabhsú trí chúnamh oibríochtúil agus teicniúil feabhsaithe a chur ar fáil do na Ballstáit agus trí chur le comhsheasmhacht maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a mheasúnú.
-
2021
9 NollaigRialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Is é is aidhm don rialachán sin feabhas a chur ar chur i bhfeidhm an bheartais tearmainn laistigh den Aontas, trí ghníomhaireacht lánfheidhme a dhéanamh den Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) atá ann faoi láthair.
Beidh an ghníomhaireacht sin freagrach as feidhmiú an chomhchórais Eorpaigh tearmainn a fheabhsú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh
- cúnamh feabhsaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit
- rannchuidiú le níos mó cóineasaithe maidir le measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta
-
2021
22 Deireadh FómhairAn imirce pléite ag an gComhairle Eorpach
D’iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála na hocht bplean gníomhaíochta do na tíortha tosaíochta tionscnaimh agus idirthurais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme gan mhoill.
Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go soiléir nach mbeidh glacadh aici le haon iarracht dá ndéanfaidh tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad teacht i dtír ar imircigh chun críoch polaitiúil. D’athdhearbhaigh sí go bhfuil rún daingean aici rialú éifeachtach ar theorainneacha seachtracha an Aontais a áirithiú agus chuir sí i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh fillteacha éifeachtach agus go ndéanfar comhaontuithe um athligean isteach a chur chun feidhme ina n-iomláine.
Dúirt cinn stáit agus rialtais an Aontais go leanfaidh an tAontas den ionsaí hibrideach leanúnach atá á eagrú ag réimeas na Bealarúise a chomhrac, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha breise a ghlacadh i gcoinne daoine agus eintitis dhlítheanacha.
-
2021
7 Deireadh FómhairCárta Gorm an AE: rialacha nua glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle an treoir maidir leis an gcárta gorm. Leis na rialacha nua, a chuirtear in ionad na rialacha atá ann cheana, déanfar comhchuibhiú breise ar na coinníollacha iontrála agus cónaithe d’oibrithe ardcháilithe as tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus méadófar ar a tharraingtí atá cárta gorm an Aontais.
Is é is aidhm don scéim nua oibrithe ardcháilithe a mhealladh agus a choinneáil, go háirithe in earnálacha ina bhfuil ganntanas scileanna.
Déanann an córas um ligean isteach uile-Aontais seo:
- critéir a bhunú atá níos cuimsithí
- na nósanna imeachta a shimpliú
- an tsoghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú
- athaontú teaghlaigh a éascú
- leibhéal an-ard rochtana ar an margadh saothair a dheonú
Cárta Gorm AE: tallann a mhealladh (Grafaic faisnéise)Cárta Gorm AE: tallann a mhealladh (Grafaic faisnéise)
-
2021
31 LúnasaRáiteas maidir leis an Afganastáin glactha ag an gComhairle
Phléigh na hairí gnóthaí baile a bhfuil ag titim amach san Afganastáin agus, go sonrach, na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann i réimsí na cosanta idirnáisiúnta, na himirce agus na slándála agus ghlac siad ráiteas maidir leis an ábhar sin.
Leag siad béim air gur gá leanúint den chomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le cobhsú an réigiúin agus a chinntiú go mbainfidh cabhair dhaonnúil daoine leochaileacha amach. Chuir siad in iúl freisin gur gá leanúint den chomhar chun an imirce neamhdhleathach as an réigiún a chosc agus, chomh maith leis sin, chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint go héifeachtach agus teacht isteach neamhúdaraithe a chosc.
-
2021
29 MeitheamhGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann: comhaontú sealadach bainte amach
Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach faoi rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.
Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe feabhas a chur ar chur i bhfeidhm an bheartais tearmainn laistigh den Aontas, trí ghníomhaireacht lánfheidhme a dhéanamh den Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) atá ann faoi láthair. Beidh an ghníomhaireacht sin freagrach as feidhmiú an chomhchórais Eorpaigh tearmainn a fheabhsú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cúnamh feabhsaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit
- rannchuidiú le níos mó cóineasaithe maidir le measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta
-
2021
25 MeitheamhStaid na himirce feadh na mbealaí éagsúla pléite ag an gComhairle Eorpach
Chomhaontaigh ceannairí an Aontais go dtreiseofar na comhpháirtíochtaí comhthairbheacha agus an comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais mar chuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais chun an bás a sheachaint agus an brú a bhíonn ar theorainneacha na hEorpa a laghdú.
Maidir leis an gcur chuige comhchoiteann sin, ba cheart aghaidh a thabhairt leis ar na bealaí imirce ar fad agus:
- beidh sé pragmatach, solúbtha, saincheaptha
- bainfear úsáid, mar Fhoireann na hEorpa, as gach ionstraim agus gach dreasacht dá bhfuil ar fáil
- beifear ag obair i ndlúthchomhar le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM)
D'iarr cinn stáit nó rialtais an Aontais ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an Ardionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit, an méid seo a leanas a dhéanamh:
- gníomhaíochtaí nithiúla a threisiú láithreach i gcomhar leis na tíortha tosaíochta tionscnaimh agus idirthurais
- pleananna gníomhaíochta a chur ar aghaidh i bhfómhar na bliana 2021 le haghaidh na dtíortha tosaíochta tionscnaimh agus idirthurais
Cháin an Chomhairle Eorpach aon iarracht dá ndéanann tríú tíortha imircigh a dhúshaothrú chun críoch polaitiúil, agus dhiúltaigh sí d'iarrachtaí mar sin.
-
2021
17 BealtaineCárta gorm an AE: comhaontú sealadach bainte amach
Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le dréacht-treoir lena mbunaítear na coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh ardcháilithe as tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus atá ag teacht chun cónaí agus obair a dhéanamh san Aontas.
Is é is aidhm don treoir oibrithe ardcháilithe a mhealladh agus a choinneáil, go háirithe in earnálacha ina bhfuil ganntanas scileanna. Déanfar an méid seo a leanas leis na rialacha nua:
- critéir iontrála níos cuimsithí a bhunú
- na nósanna imeachta a shimpliú
- an tsoghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú
- athaontú teaghlaigh a éascú
- ardleibhéal rochtana ar an margadh saothair a dheonú
-
2020
17 NollaigBuiséad fadtéarmach an Aontais, 2021-2027: tacaíocht threisithe don imirce
Tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle an rialachán lena leagtar síos creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Aontais do 2021-2027. Déantar foráil sa rialachán do bhuiséad fadtéarmach €1 074.3 billiún do AE27.
€22.7 billiún a bheidh le caitheamh i réimsí na himirce agus an bhainistithe teorainneacha sna seacht mbliana amach romhainn. Rinneadh an tacaíocht don imirce agus don bhainistiú teorainneacha a threisiú go mór, agus maoiniú do suas le 10 000 garda teorann a bheidh ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta faoi 2027 san áireamh inti.
-
2020
14 NollaigComhshocrú imirce agus tearmainn pléite ag an gComhairle
An 23 Meán Fómhair 2020, thíolaic an Coimisiún Eorpach comhshocrú nua maidir le himirce agus tearmann mar aon le cúig thogra reachtacha nua chun rialacha an Aontais maidir le tearmann a athchóiriú.
Phléigh airí an Aontais na príomhghnéithe atá sa chomhshocrú sin, lena n-áirítear an ghné sheachtrach, an chéim réamhiontrála atá beartaithe, an sásra dlúthpháirtíochta, an imirce inmheánach agus an bainistiú tearmainn, modhanna éagsúla chun filleadh a fheabhsú, ról na ngníomhaireachtaí, bealaí dlíthiúla chun teacht isteach san Eoraip agus an lánpháirtiú.
-
2020
13 MártaA bhfuil ag tarlú ag teorainneacha seachtracha an Aontais pléite ag an gComhairle
Chuir na Ballstáit sin is mó atá siar leis an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais ar an eolas faoin gcor is déanaí dá mbaineann lena bhfuil ag tarlú ag teorainneacha seachtracha an Aontais leis an Tuirc. Ina theannta sin, rinne na hairí measúnú ar an gcaoi a bhfuil na bearta a luadh sa ráiteas a thug na hairí gnóthaí baile ar an 4 Márta á gcur chun feidhme, lena n-áirítear imscaradh mhear-idirghabháil teorann Frontex agus cúnamh teicniúil breise.
-
2020
9 MártaCruinniú idir ceannairí an Aontais agus na Tuirce
Cruinniú sa Bhruiséil idir an tUachtarán Charles Michel agus an tUachtarán Ursula von der Leyen agus Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan. Phléigh na ceannairí an caidreamh déthaobhach, cur chun feidhme an ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc maidir leis an imirce, cúrsaí slándála agus cobhsaíochta sa réigiún, agus an ghéarchéim sa tSiria.
Céim thábhachtach ar an gconair cheart é cruinniú an lae inniu leis an Uachtarán Erdoğan. Ní mór don Tuirc agus don Aontas araon dul i mbun oibre chun an ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ón Tuirc maidir leis an imirce a chur chun feidhme chun gur féidir an teannas a bhaint as an staid reatha. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí -
2020
6 MártaRáiteas maidir lena bhfuil ag titim amach ag teorainneacha seachtracha an Aontais leis an Tuirc glactha ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha
Aithníonn an Chomhairle ualach méadaitheach na himirce ar chríoch na Tuirce, mar aon leis na rioscaí a ghabhann leis sin, agus na hiarrachtaí móra atá déanta aici chun 3,7 milliún imirceach agus dídeanach a óstáil. Athdhearbhaíonn na hairí dlúthpháirtíocht iomlán an Aontais leis an nGréig, a bhfuil staid nach bhfacthas a leithéid riamh os a comhair, leis an mBulgáir, leis an gCipir agus le Ballstáit eile agus iad ag féachaint le teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú
-
2020
4 MártaRáiteas glactha ag an gComhairle faoina bhfuil ag tarlú ag teorainneacha seachtracha an Aontais
Phléigh na hairí gnóthaí baile a bhfuil ag tarlú ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus chuir siad in iúl a ndlúthpháirtíocht leis an nGréig, leis an mBulgáir, leis an gCipir agus le Ballstáit eile darbh ionann dálaí, lena n-áirítear iarrachtaí chun teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú. Ina theannta sin, dhearbhaigh siad a dtiomantas an tacaíocht a thugann siad do limistéir atá faoi bhrú a neartú, lena n-áirítear trí mhear-idirghabháil teorann Frontex agus trí chúnamh teicniúil breise a chur ar fáil.
-
2019
4 NollaigA bhfuil i ndán do bheartas imirce agus tearmainn an Aontais Eorpaigh pléite ag an gComhairle
Phléighairí gnóthaí baile an Aontais a bhfuil i ndán do bheartas imirce agus tearmainn an Aontais, ar bhonn tuarascáil a d'ullmhaigh Uachtaránacht na Fionlainne. Le linn na díospóireachta, ba dhíol sásaimh do na hairí go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún comhaontú nua a thíolacadh maidir le himirce agus tearmann. Dhaingnigh siad go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach i leith na himirce, le cur chuige uile-rialtais a chlúdaíonn na bealaí uile imirce.
-
2019
8 SamhainRialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle rialachán athbhreithnithe maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Tá an ghníomhaireacht sin á neartú ó thaobh foirne agus trealamh teicniúil de. Tá sainordú níos leithne á thabhairt di chomh maith le tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, go háirithe maidir le rialú teorann, filleadh agus comhar le tríú tíortha.
-
2019
8 Deireadh FómhairStaid na himeartha maidir leis an imirce pléite ag an gComhairle
Phléigh na hairí gnóthaí baile staid na himeartha maidir leis an imirce. Rinne siad athbhreithniú ar staid na himirce san Aontas ar fud na mbealaí uile, agus béim ar leith á leagan ar an méadú ar líon na n-imirceach a tháinig isteach sa Mheánmhuir Thoir. Rinne siad a marana chomh maith ar an dearbhú is déanaí idir an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus Málta maidir le socruithe sealadacha do dhíbhordáil.
-
2019
26 Meán FómhairSíneadh ama curtha le sainordú Oibríocht Sophia go dtí an 31 Márta 2020
Chuir an Chomhairle síneadh le sainordú EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA go dtí an 31 Márta 2020.
Cuirfear imscaradh sócmhainní muirí na hoibríochta ar fionraí go sealadach le linn do Bhallstáit an Aontais leanúint dá gcuid oibre sna fóraim iomchuí le teacht ar réiteach ar an díbhordáil, mar chuid den obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2018.
-
2019
20 MeitheamhBeartas imirce sa chlár oibre straitéiseach, 2019-2024
D'iarr ceannairí an Aontais go ndéanfaí beartas imirce cuimsitheach lánfheidhmiúil a fhorbairt a thuilleadh i gclár oibre straitéiseach an Aontais do 2019-2024.
"Leanfaimid orainn agus cuirfimid leis an gcomhar leis na tíortha tionscnaimh agus idirthurais chun an imirce neamhdhleathach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus chun fillteacha éifeachtacha a áirithiú. Ó thaobh na gné inmheánaí de, ní mór dúinn a bheith ar aon intinn faoi cad is beartas imirce agus tearmainn éifeachtach ann. Is gá teacht ar chomhthoil maidir le Rialachán Bhaile Átha Cliath d'fhonn é a athchóiriú bunaithe ar chothromaíocht idir an fhreagracht agus an dlúthpháirtíocht, agus iad siúd a ndearnadh iad a dhíbhordáil i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála á gcur san áireamh." Clár Oibre Straitéiseach do 2019-2024 -
2019
14 MeitheamhOifigigh idirchaidrimh inimirce: Rialacha nua glactha ag an gComhairle chun comhordú a fheabhsú
Tá rialachán glactha ag an gComhairle chun feabhas a chur ar fheidhmiú an líonra Eorpaigh d'oifigigh idirchaidrimh inimirce. Leis na rialacha nua, méadófar comhar agus comhordú idir oifigigh idirchaidrimh a rinne na Ballstáit nó an tAontas a imscaradh i dtríú tíortha chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann leis an inimirce.
-
2019
7 MeitheamhSeasamh caibidlíochta páirteach comhaontaithe ag an gComhairle ar an treoir um fhilleadh
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta páirteach maidir leis an treoir athbhreithnithe um fhilleadh. Féachtar, leis na rialacha nua, le ráta na n-imirceach neamhrialta a fhilleadh go héifeachtach a mhéadú. Cumhdaítear leis an seasamh sin gach gné den athbhreithniú atá beartaithe seachas na forálacha a bhaineann leis an nós imeachta teorann maidir le filleadh.
-
2019
7 MeitheamhBuiséad an Aontais Eorpaigh: Seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le cistiú do bheartais imirce, teorainneacha agus slándála
Tá a raon tacaíochta á mhéadú ag an Aontas Eorpach do bhearta i dtaca le himirce, bainistiú teorainneacha agus slándáil chun cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin atá ag dul i méid sna réimsí sin. Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach maidir le trí thogra gnóthaí baile earnálacha i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027.
-
2019
6 MeitheamhNuashonrú déanta ag an Aontas ar rialacha maidir le víosaí chun an imirce neamhdhleathach a chomhrac
Ghlac an tAontas leasuithe ar an rialachán maidir le cód víosaí rud a fhágann go mbeidh níos mó uirlisí ar fáil chun freagairt ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce neamhdhleathach.
-
2019
1 AibreánAn Garda Teorann agus Cósta Eorpach: Comhaontú faoi shainordú níos láidre deimhnithe ag an gComhairle
Thar cheann na Comhairle, dheimhnigh ambasadóirí an Aontais an comhaontú neamhfhoirmiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus Uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle air i dtaca le rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na rialacha nua a ghlacadh go foirmiúil anois.
-
2019
29 MártaSíneadh ama curtha le sainordú Oibríocht Sophia go dtí an 30 Meán Fómhair 2019
Chuir an Chomhairle síneadh le sainordú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir Láir-Theas (EUNAVFOR MED Oibríocht Sophia) go dtí an 30 Meán Fómhair 2019.
Tugadh treoir do cheannasaí na hoibríochta imscaradh sócmhainní muirí na hoibríochta a chur ar fionraí go sealadach go deireadh an tsínidh seo ar chúiseanna oibríochtúla. Leanfaidh Ballstáit an Aontais d'obair a dhéanamh sna fóraim iomchuí le teacht ar réiteach ar dhíbhordáil mar chuid den obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2018.
-
2019
20 FeabhraAn Garda Teorann agus Cósta Eorpach: Seasamh caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle
Chomhaontaigh ambasadóirí an Aontais seasamh caibidlíochta na Comhairle inniu i dtaca le rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. Ar bhonn an tsainordaithe sin, cuirfidh Uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) á neartú ó thaobh líon foirne agus trealamh teicniúil de. Tá sainordú níos leithne á thabhairt di chomh maith le tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le cosaint teorainneacha, filleadh agus comhar le tríú tíortha.
-
2019
20 FeabhraComhaontú maidir le hathruithe ar an gcód víosaí deimhnithe ag an gComhairle
Dheimhnigh ambasadóirí an Aontais inniu thar ceann na Comhairle an comhaontú neamhfhoirmiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus Uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle air maidir leis an togra lena leasaítear an cód víosaí.
Feabhsóidh na rialacha nua dálaí na dtaistealaithe dlisteanacha agus méadóidh siad líon na n-uirlisí atá ar fáil chun freagairt ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce neamhdhleathach.
-
2019
18 FeabhraOifigigh idirchaidrimh inimirce: comhaontú sealadach leis an bParlaimint bainte amach
Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú neamhfhoirmiúil maidir le rialacha nua chun an líonra Eorpach d’oifigigh idirchaidrimh inimirce a neartú. Déanann na Ballstáit nó an tAontas na hoifigigh seo a imscaradh go tríú tíortha chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann leis an inimirce.
-
2018
21 NollaigOibríocht SOPHIA: síneadh ama curtha lena sainordú go dtí an 31 Márta 2019
Chuir an Chomhairle síneadh le sainordú EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA go dtí an 31 Márta 2019. Is é is aidhm don oibríocht samhail ghnó na smuigléirí imirceach agus na ngáinneálaithe ar dhaoine sa Mheánmhuir Láir-Theas a shuaitheadh.
-
2018
13 NollaigBreithniú déanta ag ceannairí an Aontais ar an imirce
Phléigh ceannairí an Aontais saincheisteanna imirce ag cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag. D'iarr na ceannairí go ndéanfaí beartas seachtrach imirce an Aontais a fhorbairt a thuilleadh agus a chur chun feidhme.
Maidir le beartais inmheánacha an Aontais, d'iarr na ceannairí ar na comhreachtóirí an chaibidlíocht maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a thabhairt chun críche go gasta.
Mhol siad freisin go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun an chaibidlíocht maidir leis an nGníomhaireacht Tearmainn, an Treoir um Fhilleadh agus maidir leis an athchóiriú ar chóras tearmainn an Aontais a thabhairt chun críche.
-
2018
6 NollaigAn Garda Teorann agus Cósta Eorpach: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta páirteach
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach i ndáil le togra maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, lena gcumhdaítear na forálacha a bhaineann le filleadh agus comhar le tríú tíortha.
Beidh Frontex, leis na rialacha atá á mbeartú, in ann
- tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh
- an comhar a dhéanann sé le tríú tíortha, nach tíortha comharsanachta iad, a neartú
-
2018
6 NollaigBearta nithiúla comhaontaithe ag an gComhairle chun smuigleáil imirceach a chomhrac
Chomhaontaigh an Chomhairle bearta nithiúla chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne líonraí smuigleála imirceach. Tagann sé sin mar thoradh ar iarraidh a rinne ceannairí an Aontais ag an gcruinniú a bhí acu i mí Dheireadh Fómhair.
Tarraingíonn na gníomhaíochtaí nithiúla ar an méid seo a leanas:
- cur chuige idirghníomhaireachta feabhsaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon
- an leas is fearr a bhaint as sineirgí idir na huirlisí oibríochtúla atá ar fáil
- an úsáid a bhaintear as sócmhainní seachtracha an Aontais a uasmhéadú
-
2018
18 Deireadh FómhairSaincheist na himirce pléite ag ceannairí an Aontais
D'iarr na ceannairí go gcuirfí borradh faoin gcomhrac i gcoinne smuigléirí imirceach. D'iarr siad ar an gComhairle tacar beart a cheapadh chun na gcríoch sin faoi dheireadh mhí na Nollag.
Dúirt na ceannairí chomh maith gur gá níos mó a dhéanamh chun cosc a chur leis an imirce neamhdhleathach. D'iarr siad go mbeadh comhar níos dlúithe le tíortha tionscnaimh agus idirthurais
Ina theannta sin, d'iarr na ceannairí ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle scrúdú a dhéanamh, de bhun tosaíochta, ar na tograí is déanaí ón gCoimisiún maidir le himirce agus tearmann.
-
2018
12 Deireadh FómhairAn Garda Teorann agus Cósta Eorpach pléite ag an gComhairle
Phléigh an Chomhairle togra ón gCoimisiún maidir le sainordú na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a leathnú agus a foireann a mhéadú go 10 000 fostaí faoi 2020. Chuir na hairí gnóthaí baile in iúl gur mhian leo sainordú na gníomhaireachta a neartú, go háirithe maidir le fillteacha agus comhar le tríú tíortha. Ina theannta sin, bhí malartú tuairimí acu maidir le méid, comhdhéanamh, cúraimí agus cumhachtaí chór seasta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, agus maidir leis an tréimhse is gá chun an cór a bhunú ina iomláine.
-
2018
19 Meán FómhairCeannairí an Aontais tagtha ar chomhaontú maidir le comhar le tríú tíortha a neartú
Bhuail na cinn stáit nó rialtais le chéile le haghaidh dinnéar neamhfhoirmiúil oibre faoi chúrsaí imirce in Salzburg. Chomhaontaigh siad an comhar a neartú le tríú tíortha, lena n-áirítear an Éigipt. Tá Donald Tusk le bualadh leis an Uachtarán al-Sisi i mí Mheán Fómhair chun an comhar a fhorbairt. Sa chomhthéacs sin, chomhaontaigh na ceannairí cruinniú mullaigh a eagrú le Léig na Stát Arabach i mí Feabhra 2019 chomh maith.
-
2018
29 MeitheamhNa Ballstáit tagtha ar chomhaontú faoi mhaoiniú nua do shaoráid dídeanaithe sa Tuirc
Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú faoi cé mar is féidir €3 bhilliún bhreise a shlógadh do shaoráid dídeanaithe an Aontais sa Tuirc chun tacú le dídeanaithe as an tSiria:
- Tiocfaidh €2 bhilliún den mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais
- Tabharfaidh gach Ballstát a sciar féin den €1 bhilliún de réir a sciar d'ollioncam náisiúnta an Aontais
-
2018
28 MeitheamhTá ceannairí na mBallstát tagtha ar chomhaontú faoi bhearta nua maidir leis an gcomhrac i gcoinne smuigléirí imirceach agus d'fhonn an imirce neamhdhleathach a laghdú
Ag teacht le chéile dóibh ag cruinniú mullaigh dhá lá sa Bhruiséil, tháinig ceannairí na mBallstát ar chomhaontú faoi bhearta chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne smuigléirí imirceach agus chun an imirce neamhdhleathach trí na bealaí imirce uile a laghdú a thuilleadh.
Léirigh na ceannairí tacaíocht do choincheap na n-ardán réigiúnach díbhordála do dhaoine a tharrtháiltear ar muir trí oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a fhorbairt.
-
2018
14 MeitheamhSmachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar sheisear, idir smuigléirí agus gháinneálaithe ar dhaoine, atá ag oibriú sa Libia
Thrasuigh an Chomhairle i ndlí an Aontais na smachtbhannaí an 7 Meitheamh ó na Náisiúin Aontaithe a bhí dírithe ar sheisear, idir smuigléirí agus gháinneálaithe ar dhaoine, atá ag oibriú sa Libia. Seo é an chéad uair a fhorchuirfidh na Náisiúin Aontaithe smachtbhannaí ar gháinneálaithe ar dhaoine.
-
2018
5 MeitheamhPlé déanta ag an gComhairle ar cheisteanna imirce agus ar an mbealach chun cinn
Phléigh na hairí gnóthaí baile an staid mar atá agus an bealach chun cinn i gcás ceisteanna éagsúla imirce. Thug siad a meas ar an gcaoi leis an obair leanúnach i réimsí éagsúla a neartú, lena n-áirítear:
- tacaíocht do ghníomhaireachtaí an Aontais
- urraim leanúnach don ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc
- soláthar dóthanach cistiúcháin do Chiste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh don Afraic
- tacaíocht do chomhpháirtithe feadh na mBalcán Thiar
-
2018
27 Feabhra€3.7 billiún breise formheasta ag an gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna imirce
Tá cead tugtha ag an gComhairle don Bhanc Eorpach Infheistíochta níos mó iasachtaithe a dhéanamh ar thionscadail lasmuigh den Aontas lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna imirce. Tá €3.7 billiún curtha in áirithe do thionscadail sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha chun tabhairt faoi bhunchúiseanna na himirce.
-
2017
14-15 NollaigAthbhreithniú á dhéanamh ag ceannairí an Aontais ar bheartas imirce an Aontais
Bhí díospóireacht ag an gComhairle Eorpach faoin ngné sheachtrach agus faoin ngné inmheánach a bhain le beartas imirce an Aontais. Rinne siad an méid a d'oibrigh agus an méid nár oibrigh le dhá bhliain anuas a mheas, agus phléigh siad cé mar is féidir an beartas a neartú.
Dúirt ceannairí an Aontais go bhféachfaidís le teacht ar chomhaontú maidir leis an athchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath faoi mhí an Mheithimh 2018. Bhí an díospóireacht bunaithe ar nóta a chuir an tUachtarán Tusk timpeall roimh an gcruinniú mullaigh.
-
2017
29 SamhainCoinníollacha glactha d'iarrthóirí tearmainn: an Chomhairle réidh le dul i mbun caibidlíochta
Chomhaontaigh ambasadóirí an Aontais sainordú le haghaidh na caibidlíochta faoi na dréachtrialacha maidir leis na coinníollacha is gá d'iarrthóirí tearmainn a chomhlíonadh nuair a dhéanann siad iarratas ar thearmann agus maidir le dálaí maireachtála níos fearr i gcomhair iarrthóirí tearmainn ar fud an Aontais. Cuirfidh an Uachtaránacht tús anois leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
-
2017
20 SamhainCóras dul isteach/imeachta glactha
Ghlac an Chomhairle an rialachán maidir le córas dul isteach/imeachta agus an rialachán lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen maidir leis an gcóras dul isteach/imeachta.
Is leis an gcóras sin a chlárófar faisnéis ar náisiúnaigh tríú tír, ag trasnú teorainneacha seachtracha limistéar Schengen dóibh, maidir lena dteacht isteach, imeacht agus cead isteach a dhiúltú.
-
2017
15 SamhainCreat an Aontais maidir le hathlonnú: an Chomhairle le dul i mbun caibidlíochta
Tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú faoi shainordú le haghaidh caibidlíocht maidir le rialachán lena mbunófar creat de chuid an Aontais maidir le hathlonnú d'fhonn iarrthóirí tearmainn a ligean isteach.
Leis an dréachtrialachán, féachtar le:- bealaí dlíthiúla agus sábháilte chuig an Aontas a chur ar fáil
- rialacha coiteanna a chur ar fáil maidir le hathlonnú agus maidir le ligean isteach ar fhoras daonnúil
- cuidiú le brú a laghdú i dtíortha nach baill den Aontas iad ina bhfuil líon mór iarrthóirí tearmainn a easáitíodh
-
2017
19 Deireadh FómhairNa chéad chéimeanna eile chun bealach na Meánmhara Láir a dhúnadh comhaontaithe ag ceannairí an Aontais
D'aontaigh ceannairí an Aontais tacaíocht níos tréine a thabhairt don obair atá ar siúl ag an Iodáil leis an Libia, agus cistiú leordhóthanach a thabhairt do thionscadail san Afraic Thuaidh a bhaineann le cúrsaí imirce. "Beidh toradh nithiúil le feiceáil againn, tá súil agam, as seo go ceann roinnt seachtainí", a dúirt an tUachtarán Tusk tar éis an chruinnithe.
Gheall siad freisin go leanfaidís leis an bplé faoin athchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath, ag an gcruinniú mullaigh a bheidh acu i mí na Nollag, d'fhonn teacht ar chomhaontú sa chéad leath de 2018.
-
2017
25 IúilEUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA: síneadh ama curtha lena sainordú go dtí an 31 Nollaig 2018
Chuir an Chomhairle síneadh le sainordú EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA go dtí an 31 Nollaig 2018. Leasaigh an Chomhairle sainordú na hoibríochta mar seo a leanas freisin le go ndéanfar:
- sásra faireacháin ar oiliúnaithe a chur ar bun chun éifeachtúlacht fhadtréimhseach na hoiliúna a chuirtear ar Gharda Cósta na Libia a áirithiú
- gníomhaíochtaí nua faireachais a chur i gcrích agus faisnéis a bhailiú faoin ngáinneáil aindleathach a dhéantar ar onnmhairí ola ón Libia
- na féidearthachtaí a fheabhsú i dtaca le faisnéis faoin ngáinneáil ar dhaoine a chomhroinnt le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na mBallstát, FRONTEX agus EUROPOL
-
2017
30 MeitheamhCóras dul isteach/imeachta: Dhearbhaigh an Chomhairle gur thángthas ar chomhaontú maidir leis na príomhfhorálacha polaitiúla
Dhaingnigh na hambasadóirí chun an Aontais an comhaontú idir Uachtaránacht Mhálta agus Parlaimint na hEorpa ar thángthas air ar an 29 Meitheamh maidir leis na saincheisteanna polaitiúla faoi thogra le haghaidh córas dul isteach/imeachta agus togra lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen maidir leis an gcóras dul isteach/imeachta.
Réiteoidh sé sin an bealach chun teacht ar chomhaontú foriomlán a luaithe a bheidh na saincheisteanna teicniúla atá fós ann réitithe.
Is leis an gcóras sin a chlárófar faisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír, ag trasnú teorainneacha seachtracha limistéar Schengen dóibh, maidir le teacht isteach, imeacht agus cead isteach a dhiúltú.
-
2017
29 MeitheamhGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann: comhaontú polaitiúil bainte amach ag Uachtaránacht Mhálta agus Parlaimint na hEorpa
Tháinig Uachtaránacht Mhálta agus ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú leathan polaitiúil ad referendum ar gach ceann den 12 chaibidil atá sa rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.
Beidh an comhaontú faoi réir fhormhuiniú Coreper go luath i ndiaidh tuilleadh oibre ar na haithrisí. Ina theannta sin, cuirtear as an áireamh sa chomhaontú codanna áirithe den téacs a bhaineann le tograí reachtacha eile atá sa phacáiste maidir leis an athbhreithniú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET), ar tograí iad nár críochnaíodh go fóill.
-
2017
23 MeitheamhBealach na Meánmhara Láir: iarrtha ag ceannairí an Aontais go ndéanfaí gníomhaíocht bhreise chun srian a chur le sreabhadh imirce
D'iarr na ceannairí go ndéanfaí gníomhaíocht bhreise chun srian a chur le sreabhadh na n-imirceach ón Libia chuig an Iodáil feadh bhealach na Meánmhara Láir. Dhírigh siad ar an méid seo a leanas go háirithe:
- breis oiliúna agus trealaimh a sholáthar do ghardaí cósta na Libia
- comhar níos dlúithe le tíortha tionscnaimh agus idirthurais
- tuilleadh iarrachtaí chun líon na ndaoine a fhilltear a mhéadú
Dúirt siad nár mhór comhaontuithe um athligean isteach le tíortha nach baill den Aontas iad a bhunú go práinneach. D'athdhearbhaigh ceannairí an Aontais freisin gur gá athchóiriú a dhéanamh ar an gcomhchóras tearmainn.
-
2017
8 MeitheamhConclúidí glactha ag an gComhairle maidir le himircigh ar leanaí iad
Ghlac na hairí conclúidí ón gComhairle chun a athdhearbhú go bhfuil an ceart cosanta ag imircigh ar leanaí iad, i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an linbh.
In 2015 agus 2016, ba leanaí iad 30 % de na hiarrthóirí tearmainn san Aontas, agus an-chuid acu ag taisteal gan aon duine dá muintir leo.
-
2017
11 BealtaineLimistéar Schengen: Tá molta ag an gComhairle go gcuirfí síneadh leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha
Cheadaigh an Chomhairle go gcuirfí síneadh sealadach le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha faoi dhálaí eisceachtúla. Féadfaidh an Ostair, an Ghearmáin, an Danmhairg, an tSualainn agus an Iorua síneadh a chur le rialuithe sealadacha comhréireacha teorann feadh stráicí áirithe dá dteorainneacha go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí.
-
2017
7 FeabhraLimistéar Schengen: Tá molta ag an gComhairle go gcuirfí síneadh leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha
Ghlac an Chomhairle moladh go gcuirfí síneadh le rialuithe sealadacha ag na teorainneacha inmheánacha faoi dhálaí eisceachtúla. Ba cheart don Ostair, don Ghearmáin, don Danmhairg, don tSualainn agus don Iorua síneadh a chur le rialuithe sealadacha comhréireacha teorann feadh stráicí áirithe dá dteorainneacha go ceann tréimhse nach faide ná trí mhí.
-
2017
3 FeabhraCeannairí an Aontais tagtha ar chomhaontú dlús a chur leis an gcomhar leis an Libia chun srian a chur leis an sreabhadh imirceach
Ag teacht le chéile dóibh ag cruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil, ghlac ceannairí an Aontais Dearbhú Mhálta, lena ndírítear ar bhearta chun srian a chur ar an sreabhadh imirceach feadh bhealach na Meánmhara Láir agus dul i ngleic le samhail ghnó na smuigléirí daoine. Chomhaontaigh na 28 gceann stáit nó rialtais go méadófaí an comhar leis an Libia, go háirithe, ar aisti a d'fhág 90 % de na himircigh in 2016.
-
2016
7 NollaigDíorma mearfhreagartha seolta ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta
Tá an díorma mearfhreagartha comhdhéanta de 1 500 oifigeach ó Bhallstáit an Aontais agus ó thíortha atá comhlachaithe le Schengen. I ngéarchéim, beidh na hoifigigh sin ar fáil láithreach don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a mbeidh ar a chumas iad a chur i mbun gnímh laistigh de chúig lá oibre.
-
2016
7 NollaigComhaontú maidir le seiceálacha córasacha ag teorainneacha seachtracha
D'fhormheas Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) téacs comhréitigh a bhíothas tar éis a chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le leasú ar Chód Teorainneacha Schengen chun seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha a athneartú ag na teorainneacha seachtracha.
-
2016
13 Deireadh FómhairAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Phléigh na hairí na heasnaimh i gcur chun feidhme na mbeart éagsúil imirce a glacadh go dtí seo. Gheall siad go háirithe go méadófaí líon na saineolaithe a chuirfeadh na Ballstáit ar fáil do na gníomhaireachtaí (go háirithe EASO).
Pléadh sa Chomhairle freisin an t-athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn inar fhormhuinigh na hairí an cur chuige ar thrí bhealach a mhol an Uachtaránacht.
-
2016
6 Deireadh FómhairSeoladh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta
Seoladh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta go hoifigiúil ar an 6 Deireadh Fómhair 2016. Tionóladh an seoladh ag Seicphointe Teorann Kapitan Andreevo ag teorainn sheachtrach na Bulgáire leis an Tuirc.
"Tá staid nua á cruthú againn ag ár dteorainneacha seachtracha. Is toradh inláimhsithe é seo ar an ngealltanas comhpháirteach a comhaontaíodh i dTreochlár na Bratasláive, mar aon le léiriú praiticiúil ar an aontacht i measc na mBallstát, a dúirt Robert Fico, Príomh-Aire na Slóvaice agus sealbhóir Uachtaránacht rothlach na Comhairle. "Cuideoidh sé linn filleadh ar phrionsabail Schengen," a dúirt sé freisin.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta dlúthfhaireachán ar theorainneacha seachtracha an Aontais agus oibreoidh sí i gcomhar leis na Ballstáit chun aon bhagairtí slándála a d'fhéadfadh a bheith ann ar theorainneacha seachtracha an Aontais a aithint go gasta agus dul i ngleic leo.
-
2016
14 Meán FómhairAn Garda Teorann agus Cósta Eorpach: formheas deiridh
Thug an Chomhairle an formheas deiridh uaithi don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach. Is é an príomhról atá aige cabhrú le bainistiú comhtháite teorainneacha a chur ar fáil ag na teorannacha seachtracha. Áiritheoidh sé go ndéanfar na sreabha imirce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach agus go mbeidh leibhéal ard slándála ar fáil don Aontas.
-
2016
30 LúnasaEUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA: údarú chun tosú ar chúraim bhreise tacaíochta
D'údaraigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA chun tosú ar dhá chúram breise tacaíochta:
- oiliúint a chur ar gharda cósta agus ar chabhlach na Libia
- rannchuidiú le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia
-
2016
18 IúilEUCAP Sahel Niger – síneadh curtha leis an misean agus an sainordú leasaithe
Chuir an Chomhairle síneadh le sainordú EUCAP Sahel Niger go dtí an 15 Iúil 2018. Leasaigh sí sainordú an mhisin freisin chun cabhrú le húdaráis na Nigéire agus beartais, teicnící agus nósanna imeachta á bhforbairt acu chun an imirce neamhrialta a rialú ar bhealach níos fearr.
-
2016
13 IúilTograí ón gCoimisiún Eorpach – an Comhchóras Eorpach Tearmainn
Thíolaic an Coimisiún Eorpach an dara sraith de thograí chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a athchóiriú agus togra chun creat comhionann de chuid an Aontais maidir le hathlonnú a chruthú.
-
2016
22 MeitheamhGarda teorann agus cósta Eorpach: Tá daingnithe ag an gComhairle gur thángthas ar chomhaontú
Dhaingnigh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) an téacs comhréitigh a comhaontaíodh le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an rialachán atá molta le haghaidh garda teorann agus cósta Eorpach. Is éard a bheidh sa gharda teorann agus cósta Eorpach gníomhaireacht Eorpach (gníomhaireacht Frontex mar atá faoi láthair ach cúraimí níos fairsinge aici) mar aon le húdaráis náisiúnta na dtíortha Schengen ar a bhfuil an fhreagracht as bainistiú teorainneacha.
-
2016
20 MeitheamhEUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA: síneadh curtha leis an sainordú
Chuir an Chomhairle síneadh bliana le sainordú EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA go dtí an 27 Iúil 2017. Chuir an Chomhairle le sainordú na hoibríochta freisin trí dhá chúram tacaíochta a chur uirthi:
- oiliúint a chur ar ghardaí cósta agus ar chabhlach na Libia
- rannchuidiú le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia
-
2016
10 MeitheamhAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Phléigh na hairí an staid mar atá faoi láthair agus dhírigh siad go háirithe ar chur chun feidhme an ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc dar dáta an 18 Márta agus ar na sreafaí imirce sa Mheánmhuir Láir. D'athdhearbhaigh siad gur cheart dlús a chur lena líon siúd a chuirtear ar ais chuig an Tuirc as an nGréig. Iarradh ar na Ballstáit rannpháirteacha freisin luathú le hathlonnú na ndídeanaithe Siriacha ón Tuirc agus le hathshocrú na n-iarrthóirí tearmainn ón nGréig agus ón Iodáil.
Ghlac an Chomhairle cinneadh arb é is aidhm dó oibleagáidí na Sualainne maidir le hathshocrú daoine ón Iodáil agus ón nGréig a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chur ar fionraí ar feadh bliana. Ghlac sí conclúidí maidir leis an bhfilleadh agus leis an athligean isteach freisin.
-
2016
7 MeitheamhTeachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach – creat comhpháirtíochta le tríú tíortha
Thíolaic an Coimisiún Eorpach teachtaireacht le haghaidh creat comhpháirtíochta le tríú tíortha.
Ina theannta sin, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh treoir maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh ó thríú tíortha chun críocha fostaíochta ardoilte.
-
2016
27 BealtaineCruinniú mullaigh G7
D'iarr G7 go ngníomhófaí ar bhonn domhanda i bhfreagairt ar ghéarchéim na himirce agus na ndídeanaithe. Gheall na ceannairí go méadóidís an cúnamh domhanda le go bhféadfaí riachtanais na ndídeanaithe agus na bpobal óstach a riar. D'iarr siad ar institiúidí airgeadais agus ar dheontóirí déthaobhacha cur go mór lena gcúnamh. Shocraigh siad freisin go ndéanfaidís bealaí dleathacha don imirce a fheabhsú agus mhol siad go gcuirfí scéimeanna athlonnaithe ar bun.
-
2016
23 BealtaineAn Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Phléigh na hairí gnéithe seachtracha na himirce. Rinne siad athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta Vaileite agus ar an ráiteas ón Aontas agus ón Tuirc.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA, lena gcuirtear síneadh bliana le sainordú na hoibríochta agus lena gcuirtear dhá chúram tacaíochta bhreise leis an oibríocht.
-
2016
20 BealtaineAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Rinne na hairí tuairimí a mhalartú maidir leis an staid mar atá faoi láthair. Dhírigh siad go háirithe ar chur chun feidhme an ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc dar dáta an 18 Márta agus ar na sreabha imirce sa Mheánmhuir Láir.
Iarradh ar na stáit rannpháirteacha dlús a chur le hathlonnú dhídeanaithe na Siria ón Tuirc agus le hathshocrú na n-iarrthóirí tearmainn ón nGréig agus ón Iodáil, i gcomhréir leis na cinntí atá ann cheana.
-
2016
12 BealtaineRialuithe Schengen ag teorainneacha inmheánacha – moladh glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme ina leagtar amach moladh lena gceadaítear go leanfaí de rialuithe sealadacha a fheidhmiú ag na teorainneacha inmheánacha faoi dhálaí eisceachtúla. Ba cheart don Ostair, don Ghearmáin, don Danmhairg, don tSualainn agus don Iorua rialuithe sealadacha comhréireacha teorann a choimeád feadh stráicí áirithe dá dteorainneacha ar feadh uastréimhse sé mhí.
-
2016
12 BealtaineAn Chomhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le forbairt
Dhírigh na hairí ar chur chun feidhme phlean gníomhaíochta Vaileite agus Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic. D'athbhreithnigh siad an dul chun cinn atá déanta freisin maidir le hidirphlé ardleibhéil le tíortha comhpháirtíochta.
Phléigh an Chomhairle cé mar is fearr tacú le daoine easáitithe agus le dídeanaithe le linn géarchéimeanna fadtréimhseacha.
-
2016
4 BealtaineTograí ón gCoimisiún Eorpach – an Comhchóras Eorpach Tearmainn
Chuir an Coimisiún Eorpach sraith tograí i láthair chun athchóiriú a dhéanamh ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn.
Chuir an Coimisiún togra i láthair freisin le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena leagtar amach moladh chun go leanfar le rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha i gcúinsí eisceachtúla.
-
2016
21 AibreánAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Scrúdaigh na hairí gnóthaí baile an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeart atá ann cheana. D'athdhearbhaigh siad gur gá luathú le cur chun feidhme an ráitis ón Aontas agus ón Tuirc, dar dáta an 18 Márta 2016.
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh ar an dréachtrialachán maidir le Garda Teorann Eorpach.
-
2016
18 AibreánAn Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Phléigh na hairí na gnéithe seachtracha a bhaineann leis an imirce. Rinne siad measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na bearta atá sa ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc a chur chun feidhme agus d'athbhreithnigh siad na tionscnaimh atá ar bun maidir le bealach na Meánmhara Láir. Leag siad béim freisin ar na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh sa chomhrac in aghaidh gáinneálaithe agus smuigléirí agus ar an tacaíocht a thugann an tAontas don Afraic.
-
2016
6 AibreánGarda teorann Eorpach – an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta
Chomhaontaigh Coiste na mBuanionadaithe seasamh caibidlíochta na Comhairle i dtaobh an rialacháin atá beartaithe maidir le Garda Teorann Eorpach. A luaithe a bheidh a seasamh glactha ag Parlaimint na hEorpa, cuirfidh an Uachtaránacht tús leis an gcaibidlíocht arb é is aidhm di teacht ar chomhaontú polaitiúil faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2016.
Tá sé mar phríomhaidhm leis an nGarda Teorann Eorpach bainistiú comhtháite teorann san Eoraip a áirithiú agus a chur chun feidhme ag teorainneacha seachtracha an Aontais, mar fhreagracht chomhroinnte. Is éard a bheadh ansin Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus údaráis náisiúnta a bheadh freagrach as bainistiú teorann.
-
2016
21 MártaTogra ón gCoimisiún Eorpach – athlonnú ón Tuirc
Ag eascairt as an ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc ar an 18 Márta, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh leasú a dhéanamh ar an gcinneadh ón gComhairle maidir le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a athshocrú ón Iodáil agus ón nGréig. Leis an togra seo, bheadh 54 000 áit, nár leithdháileadh go fóill, ar fáil chun daoine ón tSiria a athlonnú ón Tuirc go dtí an tAontas Eorpach.
-
2016
18 MártaAn Chomhairle Eorpach
Rinne an Chomhairle Eorpach tuilleadh plé ar an straitéis chuimsitheach atá aici maidir le dul i ngleic le géarchéim na himirce.
Ag an gcruinniú a bhí acu ar an 18 Márta, tháinig ceannairí an Aontais agus na Tuirce ar chomhaontú lena ndírítear ar stop a chur le sreabhadh neamhrialta imirceach chun na hEorpa tríd an Tuirc, samhail ghnó na smuigléirí a smiotadh agus an dara rogha a thabhairt d'imircigh seachas ar a mbeatha a chur i nguais.
-
2016
16 MártaMaoiniú formheasta ag an gComhairle don chúnamh éigeandála laistigh den Aontas
Ghlac an Chomhairle an dréachtbhuiséad leasaitheach a mhol an Coimisiún ar an 9 Márta 2016. Chomhaontaigh sí go gcuirfeadh sí €100 milliún i ngealltanais agus €80.2 milliún in íocaíochtaí ar fáil as buiséad an Aontais do 2016 chun tacaíocht a thabhairt don Ghréig agus do Bhallstáit eile atá ag streachailt go mór mar gheall ar ghéarchéim na ndídeanaithe.
Is gá anois do Pharlaimint na hEorpa an dréachtbhuiséad leasaitheach a fhormheas.
-
2016
15 MártaIonstraim glactha ag an gComhairle le haghaidh cúnamh éigeandála laistigh den Aontas
Ar an 15 Márta, ghlac an Chomhairle rialachán lena gcuirfear ar chumas an Aontais cabhrú leis an nGréig agus le Ballstáit eile lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an gcruachás daonnúil atá mar thoradh ar ghéarchéim na himirce. Is é is aidhm don chúnamh daonnúil seo ón Aontas, bia, dídean, uisce, cógais leighis agus earraí bunriachtanacha eile a chur ar fáil do na dídeanaithe.
-
2016
10 MártaAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Phléigh na hairí an staid reatha agus cur chun feidhme an ráitis a chomhaontaigh ceannairí an Aontais Eorpaigh ar an 7 Márta. Chuir an Uachtaránacht ar an eolas iad freisin i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta leis an Rialachán lena mbunaítear Garda Teorann agus Cósta Eorpach.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le smuigleáil imirceach. Ina theannta sin, ghlac sí cinneadh cur chun feidhme maidir leis an bhfionraí sealadach i ndáil le hathshocrú 30% de na hiarrthóirí a leithdháileadh ar an Ostair faoi Chinneadh 2015/1601.
-
2016
9 MártaAn Chomhairle tagtha ar chomhaontú faoi ionstraim le haghaidh cúnamh éigeandála laistigh den Aontas
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi shásra tacaíochta éigeandála i ndáil leis an ngéarchéim laistigh den Aontas. Dá bhíthin sin, beidh an tAontas in ann cabhrú leis an nGréig agus le Ballstáit eile atá buailte le go bhféadfaidh siad an cruachás daonnúil a d'eascair as géarchéim na himirce a riar. Is é atá mar aidhm leis an gcúnamh daonnúil seo ón Aontas, bia, dídean, uisce, cógais leighis agus earraí bunriachtanacha eile a chur ar fáil do na dídeanaithe.
Cuirfear an togra faoi bhráid na Comhairle Gnóthaí Ginearálta ar an 15 Márta lena ghlacadh go foirmiúil.
-
2016
7 MártaCruinniú idir cinn stáit nó rialtais an Aontais Eorpaigh agus an Tuirc
Bhí cruinniú ag ceannairí an Aontais leis an Tuirc chun treisiú leis an gcomhar i ndáil le géarchéim na himirce. Theastaigh uathu go gcuirfí an plean gníomhaíochta idir an tAontas agus an Tuirc go hiomlán chun feidhme láithreach agus go laghdófaí líon na ndaoine a bhí ag teacht go neamhdhleathach ón Tuirc chun na Gréige.
Phléigh siad roinnt moltaí nua le dul i ngleic leis an ngéarchéim freisin. Cuireadh de chúram ar an Uachtarán Tusk na mionsonraí a oibriú amach roimh an chéad Chomhairle Eorpach eile.
-
2016
2 MártaTogra ón gCoimisiún Eorpach – ionstraim le haghaidh cúnamh éigeandála laistigh den Aontas
Thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena gcruthaítear ionstraim le haghaidh cúnamh éigeandála laistigh den Aontas. D'fhéadfaí, leis sin, cabhair dhaonnúil a chur ar fáil mar fhreagairt do ghéarchéimeanna móra a bheadh ag luí ar na Ballstáit, lena n-áirítear géarchéim reatha na himirce.
-
2016
25 FeabhraAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Phléigh na hairí staid reatha na himirce agus d'athdhearbhaigh siad an gá atá le comhréiteach coiteann Eorpach. Dhírigh siad ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na mbeart atá ann cheana agus ar an gcomhar leis an Tuirc agus ar bhealach na mBalcán Thiar.
Bhreathnaigh an Chomhairle ar an obair atá déanta ar an togra maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach freisin.
-
2016
18 FeabhraAn Chomhairle Eorpach
Ghlac ceannairí an Aontais conclúidí maidir le géarchéim na himirce. Dhírigh siad ar an ngá atá le teacht ar chomhthoil ag an leibhéal Eorpach maidir leis an imirce agus maidir le cur chun feidhme na gcinntí a glacadh cheana. Chuir siad i dtreis go gcaithfí dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:
- An plean gníomhaíochta idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc a chur chun feidhme
- cúnamh daonnúil a chur ar fáil do dhídeanaithe, lena n-áirítear sna Balcáin Thiar
- a áirithiú go bhfeidhmeoidh na teophointí mar is ceart
- cinntí maidir le hathshocrú, filleadh agus athligean isteach a chur chun feidhme
- bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú
- gnáthfheidhmiú limistéar Schengen a athshlánú
-
2016
12 FeabhraMeastóireacht ar acquis Schengen na Gréige – moladh glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle moladh maidir le heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh nuair a bhí cur i bhfeidhm na Gréige i ndáil le acquis Schengen, a mhéid a bhain le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, á mheas. Iarrtar ar an nGréig, dá bhíthin sin, gníomhaíocht feabhais a ghlacadh le friotháil ar na heasnaimh sin.
- Moladh maidir le dul i ngleic leis na heasnaimh thromchúiseacha a sainaithníodh sa mheastóireacht a rinneadh in 2015 ar chur i bhfeidhm acquis Schengen i dtaca leis an mbainistiú atá á dhéanamh ag an nGréig ar na teorainneacha seachtracha
- Meastóireacht ar an nGréig maidir le Schengen: Moladh glactha ag an gComhairle chun dul i ngleic leis na heasnaimh ag na teorainneacha seachtracha
-
2016
4 FeabhraAg tacú leis an tSiria agus leis an réigiún – níos mó ná €3 bhilliún geallta ag an Aontas
D'fhógair Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk, ag comhdháil ceannairí domhanda a tionóladh i Londain, go gcuirfeadh an tAontas €3 bhilliún ar fáil chun cabhrú le muintir na Siria in 2016. Áirítear leis sin daoine sa tSiria féin chomh maith le dídeanaithe agus na comhphobail atá á n-óstáil i dtíortha na comharsanachta.
-
2016
3 FeabhraSaoráid dídeanaithe don Tuirc: comhaontú maidir le mionsonraí an mhaoinithe
Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú faoi cé mar is féidir saoráid dídeanaithe €3 bhilliún an Aontais don Tuirc a shlógadh. Leis sin, beidh an tAontas in ann cúnamh daonnúil breise a thabhairt do dhídeanaithe sa Tuirc agus dá bpobail óstacha.
-
2016
18 EanáirAn Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Chinn an Chomhairle go raibh gach ceann de na coinníollacha comhlíonta a cheadódh do EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA ar an mórmhuir Rún 2240 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Leis an rún sin, treisítear le húdarás oibríocht Sophia bearta a ghlacadh i gcoinne smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine ó chríoch na Libia agus amach óna cósta, faoi chéim 2 den oibríocht (mórmhuir). Cuireadh tús le céim 2 ar an 7 Deireadh Fómhair 2015.
- Cinneadh ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 20 Eanáir 2016 maidir le Rún 2240 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme
- Rún 2240 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe á ghlacadh
Phléigh na hairí seasamh an Aontais freisin faoi thuairim chomhdháil dheontóirí na Siria a bheidh ar siúl i Londain ar an 4 Feabhra 2016. Is é is aidhm don Chomhdháil sin aghaidh a thabhairt ar riachtanais fhadtéarmacha eacnamaíocha na ndídeanaithe sa réigiún agus méadú a dhéanamh ar an gcistiú atá ar fáil do na tíortha is mó atá ag fulaingt.
-
2015
17 NollaigAn Chomhairle Eorpach
Rinne an Chomhairle Eorpach cur chun feidhme na gcinntí a glacadh ag cruinnithe roimhe seo a mheá agus chomhaontaigh sí faoi dhlús a chur le gníomhartha i dtaca leis na nithe seo a leanas:
- oibriú na dteophointí
- cur chun feidhme an fhillidh agus na gcinntí maidir leis an athshocrú
- rialú ar theorainneacha seachtracha an Aontais
- comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais
D'iarr ceannairí an Aontais ar an gComhairle freisin scrúdú a dhéanamh láithreach ar an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú, ar togra é a eisíodh ar an 15 Nollaig.
-
2015
15 NollaigPacáiste tograí ón gCoimisiún Eorpach
Ar mhaithe leis an gclár oibre Eorpach maidir le himirce, mhol an Coimisiún Eorpach pacáiste tograí lena ndírítear ar theorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú agus ar an imirce a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí.
Thíolaic an Coimisiún an méid seo a leanas maille leis:
- Moladh le haghaidh scéim dhaonnúil dheonach don ligean isteach, i gcomhar leis an Tuirc, do dhídeanaithe ón tSiria (an Coimisiún Eorpach – preaseisiúint)
- Togra le haghaidh na hoibleagáidí atá ar an tSualainn faoi shásra an Aontais um athshocrú a chur ar fionraí go sealadach (an Coimisiún Eorpach – preaseisiúint)
-
2015
3 NollaigAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Thug na hairí dlí agus cirt dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le comhar breithiúnach agus leis an gcomhrac i gcoinne na seineafóibe.
Bhí plé ag na hairí gnóthaí baile maidir le cur chun feidhme na mbeart a comhaontaíodh roimhe sin agus maidir leis na gníomhaíochtaí atá de dhíth chun limistéar Schengen a neartú.
-
2015
29 SamhainCruinniú idir cinn stáit nó rialtais an Aontais Eorpaigh agus an Tuirc
Ghlac an tAontas Eorpach agus an Tuirc Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta d'fhonn dul i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe, arb iad na cúinsí sa tSiria is cúis léi.
Dlúthóidh an tAontas Eorpach gona Bhallstáit lena rannpháirtíocht pholaitiúil agus airgeadais d'fhonn srian a chur leis an sreabhadh imirce isteach san Aontas ón Tuirc. Gabhann an tAontas air féin €3 bhilliún d'acmhainní breise a chur ar fáil, ar an gcéad ásc, chun cuidiú leis an Tuirc staid na ndídeanaithe ón tSiria atá sa tír faoi láthair a fheabhsú.
Cuimsítear comhar breise sa Phlean Gníomhaíochta freisin i ndáil le himircigh nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.
De bhreis air sin, cuirfear an comhaontú um athligean isteach idir an tAontas agus an Tuirc chun feidhme ina iomláine ó Mheitheamh 2016 ar aghaidh. Tá sé i gceist acu freisin próiseas an léirscaoilte víosaí a thabhairt chun críche do shaoránaigh na Tuirce i limistéar Schengen faoi mhí Dheireadh Fómhair 2016.
-
2015
23 SamhainAn Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Bhí imeascadh na n-imirceach mar théama coiteann fite fuaite trí phlé uile cheithre sheisiún na Comhairle. Dhírigh siad go háirithe ar an méid seo a leanas:
- An ról atá ag an mbeartas don óige agus ag an obair don óige ó thaobh na himirce de
- straitéisí oideachais agus oiliúna chun imircigh nuathagtha agus daoine de bhunadh imirceach a imeascadh
- An ról atá ag an idirphlé idirchultúrtha ó thaobh feabhas a chur ar an tuiscint fhrithpháirteach idir na himircigh agus na tíortha aíochta
- acmhainneacht oideachasúil an spóirt ó thaobh cabhrú le daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear imircigh
-
2015
16 SamhainAn Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Dhírigh na hairí ar an obair leantach a thig as an gcomhdháil ardleibhéil maidir le bealach na mBalcán Thiar (8 Deireadh Fómhair) agus an cruinniú mullaigh i Vaileite maidir leis an imirce (11-12 Samhain). Ba dhíol sásaimh dóibh an plé le comhpháirtithe na hAfraice i Vaileite. Maidir le bealach na mBalcán Thiar agus an oirthir, bhreathnaigh siad ar an gcomhar leis an Tuirc, an Liobáin agus an Iordáin.
-
2015
12 SamhainCruinniú Mullaigh Vaileite maidir leis an imirce
Tháinig cinn stáit nó rialtais an Aontais Eorpaigh le chéile lena gcomhghleacaithe ó thíortha san Afraic le plé a dhéanamh ar an imirce. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta lena leagtar béim ar chúig réimse tosaíochta:
- aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach
- feabhas a chur ar an obair maidir le bealaí dlíthiúla imirce a chur chun cinn agus a eagrú
- cosaint na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn a fheabhsú
- dul i ngleic le dúshaothrú agus gáinneáil ar imircigh
- an comhar maidir le filleadh agus athligean isteach a fheabhsú
-
2015
12 SamhainCruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais
Phléigh ceannairí an Aontais an méid is déanaí a thit amach maidir le géarchéim na himirce agus conas dlús a chur le cur chun feidhme na mbeart a comhaontaíodh i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair. Dhírigh siad go háirithe sa phlé a bhí acu ar an gcomhar leis an Tuirc.
Chuir an tUachtarán Tusk in iúl an athuair gur gá don Aontas smacht a athghabháil ar a chuid teorainneacha seachtracha agus bogadh ar aghaidh le himircigh a chlárú.
-
2015
9 SamhainAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Ghlac na hairí conclúidí lena sainítear bearta breise chun dul i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe agus na himirce. Díríonn siad seo ar an méid seo a leanas:
- dlús a chur leis an bpróiseas leantach i ndáil le hathshocrú
- teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú
- gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine a chomhrac
- feabhas a chur ar dhaoine a fhilleadh agus a athligean isteach
Thacaigh an Chomhairle le cinneadh na hUachtaránachta an fhreagairt chomhtháite pholaitiúil do ghéarchéim a uasghrádú go dtí mód an ghníomhachtaithe iomláin.
-
2015
30 Deireadh FómhairDlús curtha ag Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh le comhroinnt na faisnéise trí fhreagairt chomhtháite pholaitiúil do ghéarchéim (IPCR) a chur i ngníomh
Bheartaigh Uachtaránacht Lucsamburg go gcuirfí tús leis na socruithe i leith freagairt chomhtháite do ghéarchéim pholaitiúil (IPCR)ar mhód 'comhroinnt faisnéise'. Iarrtar ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais faisnéis nuashonraithe maidir leis an staid mar atá ar an láthair a roinnt ar bhonn leanúnach trí ardán gréasáin comhchoitianta. Tabharfaidh an Coimisiún agus SEGS anailís rialta chomhtháite uathu faoin bhfaisnéis a chuirtear ar fáil.
Tá sé mar aidhm léi faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an tsreafa imirce, tacú le cinnteoireacht agus na bearta a comhaontaíodh a chur chun feidhme ar shlí níos fearr.
-
2015
26 Deireadh FómhairAn Chomhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le forbairt
Bhí díospóireacht chuimsitheach faoin imirce ag airí an Aontais, inar díríodh ar an gcomhar don fhorbairt. Chomhaontaigh siad le tríú tíortha maidir le comhar a neartú d'fhonn dul i ngleic leis na dúshláin is mó atá roimh an Eoraip gona tíortha comhpháirtíochta faoi láthair.
-
2015
25 Deireadh FómhairCruinniú maidir le bealach imirce na mBalcán Thiar
Tháinig na ceannairí a raibh ionadaíocht á déanamh acu ar an Albáin, an Ostair, an Bulgáir, an Chróit, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Rómáin, an tSeirbia agus an tSlóivéin ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta 17 bpointe chun an comhar idir na tíortha atá sínte le bealach imirce na mBalcán Thiar a fheabhsú d'fhonn dul i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe sa réigiún sin.
-
2015
15 Deireadh FómhairAn Chomhairle Eorpach
Tháinig Ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir le liosta tosaíochtaí:
- an comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais: ba dhíol sásaimh dóibh an comhaontú faoi phlean comhpháirteach gníomhaíochta idir an tAontas agus an Tuirc agus chomhaontaigh siad faoi bhearta nithiúla oibríochta a réadú ag an gCruinniú Mullaigh i Vaileite atá ag teacht
- teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú: le córas comhtháite um bainistiú teorainneacha lena rachfar níos faide ná sainordú Frontex agus na céadta breise garda teorann a chur chuig limistéir na dteophointí sa Ghréig agus san Iodáil chun iad a dhéanamh slán
- daoine a fhilleadh agus a athligean isteach: an cur chun feidhme faoin reachtaíocht mar atá a fheabhsú agus cur le ról Frontex
-
2015
12 Deireadh FómhairAn Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais na gnéithe seachtracha a bhaineann leis an imirce. Ghlac an Chomhairle conclúidí chun cur leis an bplé a bhí ag an gComhairle Eorpach ag an gcruinniú a bhí aici ar an 15 Deireadh Fómhair.
-
2015
9 Deireadh FómhairAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Phléigh an Chomhairle an bainistiú a dhéanfar ar theorainneacha seachtracha an Aontais amach anseo, agus ghlac sí conclúidí maidir le todhchaí an bheartais um fhilleadh.
-
2015
8 Deireadh FómhairComhdháil maidir le bealach Oirthear na Meánmhara agus na mBalcán Thiar
Bhuail na hairí gnóthaí baile agus gnóthaí eachtracha lena gcomh-airí ón Tuirc, ón Liobáin, ón Iordáin, agus ó na Balcáin Thiar. Bhí na tíortha comhlachaithe, an Eilvéis, an Iorua, Lichtinstéin agus an Íoslainn i láthair freisin.
Díríodh freisin ar theagmháil níos fearr a chothú idir na comhpháirtithe uile, ionas go gcuirfear leis an dlúthpháirtíocht agus go gcinnteofar go ndéanfar sreabhadh na ndídeanaithe agus an sreabhadh imirce a bhainistiú ar bhealach ordúil. Ghlac sí dearbhú.
-
2015
28 Meán FómhairEUNAVFOR MED: thángthas ar chomhaontú maidir le tús a chur leis an gcéim ghníomhach den oibríocht
Chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála go dtosófaí ar an gcéad chuid de chéim 2 den oibríocht i gcoinne smuigléirí daoine ón 7 Deireadh Fómhair 2015. A bhuí leis sin, beifear in ann dul ar bord, cuardach a dhéanamh, urghabháil agus atreorú ar mórmhuir ar shoithí amhrasacha, de réir an dlí idirnáisiúnta.
Chomhaontaigh siad freisin "Sophia" a thabhairt feasta ar an oibríocht, as an leanbh a rugadh ar bord long a bhí páirteach san oibríocht.
-
2015
23 Meán FómhairCruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais
Chomhaontaigh ceannairí an Aontais sraith tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta:
- aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha na ndídeanaithe trí chúnamh a thabhairt do UNHCR, don Chlár Domhanda Bia, don Liobáin, don Iordáin, don Tuirc agus do thíortha eile
- cabhrú le tíortha na mBalcán Thiar agus iad ag dul i ngleic le sreabhadh na ndídeanaithe
- aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta san Afraic
- dul i ngleic leis an staid mar atá ag teorainneacha seachtracha an Aontais
- tacú leis na Ballstáit túslíne trí theophointí a bhunú agus trí athshocrú agus filleadh a áirithiú
Phléigh siad freisin an chaoi chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin fhadtéarmacha a bhaineann leis an imirce agus d'iarr siad go ndéanfaí iarrachtaí athnuaite taidhleoireachta maidir leis an tSiria agus leis an Libia.
-
2015
22 Meán FómhairAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile maidir leis an imirce
Ghlac an Chomhairle cinneadh lena mbunaítear sásra sealadach eisceachtúil i ndáil le hathshocrú daoine ón Iodáil agus ón nGréig go dtí Ballstáit eile. Beidh feidhm ag an sásra sin maidir le 120 000 duine ar léir go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.
-
2015
14 Meán FómhairAn Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile maidir leis an imirce
Ghlac an Chomhairle an cinneadh críochnaitheach lena mbunaítear sásra sealadach eisceachtúil i ndáil le hathshocrú daoine ón Iodáil agus ón nGréig go dtí Ballstáit eile. Beidh feidhm ag an sásra sin maidir le 40 000 duine ar léir go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.
Dhréachtaigh an Uachtaránacht sraith de chonclúidí lena gcuirtear bearta i láthair chun dul i ngleic le géarchéim na himirce.
-
2015
14 Meán FómhairEUNAVFOR MED: Measúnú dearfach glactha ag an gComhairle faoi na dálaí chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chuid de chéim 2 (an mhórmhuir)
Ghlac an Chomhairle measúnú dearfach, agus chomhaontaigh sí gur comhlíonadh na coinníollacha chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chuid de chéim 2. Bhí an measúnú sin mar chuid de na céimeanna foirmiúla a cheanglaítear a dhéanamh sa phróiseas chun an oibríocht a thabhairt ar aghaidh go dtí céim 2 ar an mórmhuir.
-
2015
9 Meán FómhairDara pacáiste tograí an Choimisiúin Eorpaigh
Ar mhaithe leis an gclár oibre Eorpach maidir leis an imirce a cuireadh i láthair i mí Bhealtaine a chur i ngníomh, mhol an Coimisiún Eorpach an dara pacáiste tograí chun dul i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe:
- togra le haghaidh athshocrú éigeandála do 120,000 duine ar léir go bhfuil cosaint idirnáisiúnta ó na tíortha túslíne de dhíth orthu
- sásra buan i ndáil le hathshocrú do gach Ballstát
- liosta coiteann Eorpach de na tíortha sábháilte tionscnaimh
- beartas um fhilleadh níos éifeachtaí
- treoir maidir le rialacha soláthair phoiblí do bhearta tacaíochta do dhídeanaithe
- bearta chun aghaidh a thabhairt ar an ngné sheachtrach a bhaineann le géarchéim na ndídeanaithe
- ciste iontaobhais don Afraic
-
2015
20 IúilCruinniú de chuid na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Tháinig na hairí gnóthaí baile ar chomhaontú faoi rannchuidiú gach Ballstáit maidir le daoine ar léir cosaint idirnáisiúnta a bheith de dhíth orthu, suas le 54 760duine, a athshocrú agus a athlonnú.
Ina theannta sin, ghlac siad conclúidí maidir le tríú tíortha áirithe a ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh.
-
2015
26 MeitheamhAn Chomhairle Eorpach
Bunaithe ar chlár oibre an Choimisiúin agus ar an bplé a rinneadh sa Chomhairle, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir le bearta san réimsí seo a leanas:
- athshocrú agus athlonnú
- daoine a fhilleadh agus a athligean isteach
- comhar le tríú tíortha
-
2015
22 MeitheamhEUNAVFOR MED: tús a chur leis an oibríocht
Sheol an Chomhairle EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA .i. oibríocht chabhlaigh i gcoinne smuigléirí agus gáinneálaithe ar dhaoine i réigiún na Meánmhara. Cuirfear an misean i gcrích go seicheamhach, díreofar sa chéad chéim ar faireachán agus measúnú a dhéanamh ar líonraí smuigleála agus gáinneála ar dhaoine.
-
2015
16 MeitheamhCeapadh Pierre Vimont mar thoscaire pearsanta do Chomhdháil Vaileite
Cheap Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk, an tAmbasadóir Pierre Vimont le bheith i gceannas ar an ullmhúchán do Chomhdháil Vaileite idir an tAontas Eorpach agus tíortha na hAfraice.
-
2015
16 MeitheamhCruinniú de chuid na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle i mí an Mheithimh, phléigh airí gnóthaí baile an Aontais na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an gclár oibre Eorpach maidir leis an imirce a mhol an Coimisiún Eorpach mar aon leis an bpacáiste chun an clár oibre sin a chur chun feidhme.
Ba dhíol sásaimh d'fhormhór na dtoscaireachtaí cineál cuimsitheach agus cothrománach an chláir oibre, chomh maith leis an meascán de ghníomhaíochtaí láithreacha atá ann chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna atá ann faoi láthair agus na bearta fadtéarmacha sin atá beartaithe lena mbunófar, mar a mheastar, fíorbheartas Eorpach maidir le himirce.
-
2015
27 BealtaineAn chéad phacáiste tograí ón gCoimisiún Eorpach
Thíolaic an Coimisiún Eorpach an chéad phacáiste de bhearta maidir le dul i ngleic le géarchéim na himirce, ag eascairt as an gclár oibre Eorpach maidir leis an imirce, a cuireadh i láthair coicís roimhe sin:
- togra le haghaidh 40 000 duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, a athshocrú ar bhonn éigeandála, ón Iodáil agus ón Ghréig go dtí Ballstáit eile
- moladh lena n-iarrtar ar na Ballstáit 20 000 duine, a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus nach as an Aontas iad, a athlonnú
- plean gníomhaíochta de chuid an Aontais i gcoinne smuigleáil imirceach
- treoirlínte faoi thógáil méarlorg
- comhairliúchán poiblí faoina bhfuil i ndán don treoir maidir leis an gcárta gorm
-
2015
26 BealtaineAn Chomhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le forbairt
Ag eascairt as an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach ar an 23 Aibreán, d'athdhearbhaigh an Chomhairle an gá atá leis an obair ar na naisc idir an imirce agus an fhorbairt a fheabhsú. D'iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach agus ar SEGS oibriú ar bhearta nithiúla.
-
2015
18 BealtaineEUNAVFOR MED: an oibríocht a chur ar bun
Ag eascairt as treoracha ón gComhairle Eorpach, d'aontaigh an Chomhairle oibríocht mhíleata de chuid an Aontais a chur ar bun i.e. EUNAVFOR MED, chun samhail ghnó na smuigléirí agus na ngáinneálaithe ar dhaoine i réigiún na Meánmhara a smiotadh.
-
2015
13 BealtaineMisean sibhialtach EUCAP Sahel Niger a threisiú
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú chun raon feidhme an mhisin shibhialtaigh de chuid an Aontais sa Nigéir a threisiú chun tacú le húdaráis na Nigéire ar mhaithe leis an imirce neamhrialta a chosc agus na coireanna a bhaineann leis an méid sin a chomhrac.
-
2015
13 BealtaineClár oibre na hEorpa maidir leis an imirce
Ar an 13 Bealtaine 2015, ghlac an Coimisiún Eorpach clár oibre Eorpach maidir leis an imirce. Leagadh béim ann ar an ngá atá leis an imirce a bhainistiú níos fearr agus cuireadh i bhfios go láidir ann gur freagracht chomhroinnte atá ann.
Cumhdaíonn an clár oibre gach gné den bhainistiú imirce agus breathnaíonn sé freisin ar bhealach iomlán comhtháite ar na gnéithe inmheánacha agus seachtracha a bhaineann leis an imirce.
Sainaithníonn sé gníomhaíochtaí agus bearta nithiúla sna ceithre réimse a leanas:
- laghdú a dhéanamh ar na dreasachtaí don imirce neamhrialta
- daoine a shábháil agus na teorainneacha seachtracha a dhaingniú
- beartas láidir maidir le tearmann
- beartas nua maidir le himirce dhlíthiúil
-
2015
23 AibreánCruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach
Tar éis na n-imeachtaí tubaisteacha a tharla sa Mheánmhuir i mí Aibreáin 2015, shocraigh cinn stáit nó rialtais an Aontais Eorpaigh gach iarracht a dhéanamh chun nach bhfaigheadh níos mó daoine bás ar muir agus chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce. Chinn siad a n-aird a dhíriú ar cheithre phríomhréimse:
- an láithreacht ar muir a threisiú
- lucht gáinneála a chomhrac
- cosc a chur ar shreabhadh imirce neamhdhleathach
- an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht inmheánach a neartú
Leag ceannairí an Aontais béim ar an ról lárnach a bheadh ag an teachtaireacht nua ón gCoimisiún maidir leis an gclár oibre Eorpach maidir leis an imirce agus d'iarr siad an cruinniú mullaigh i Vaileite a eagrú chun plé a dhéanamh ar na saincheisteanna imirce le tíortha na hAfraice agus tíortha lárnacha eile.
D'iarr siad freisin go neartófaí oibríochtaí Triton agus Poseidon go pras, trína gcuid acmhainní airgeadais le haghaidh 2015 agus 2016 a mhéadú faoi thrí, ar a laghad.
An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Nollaig 2025